Cuid de na cuntais air shílfeadh duine gur mó d’fhinnscéal ná de stair iad. Scríobh Máirín Ní Mhuiríosa tuairisc fhada mheáite (Feasta, Márta-Aibreán 1969). Tá sé bunaithe den chuid is mó de ar chuntas a scríobh sé féin agus ar litreacha William Smith O’Brien, Eoghain Uí Chomhraí is daoine eile. Ach fós, in ainneoin a díchill, tá dabht agus doiléire ag baint le codanna dá shaol.

I Móin Fhríle in aice Inis Díomáin a rugadh é ar 28 Lúnasa 1828. Uilliam ab ainm dá athair. Phós seisean Máire Nic Ionnrachtaigh, baintreach. Bhí sise ar scoil ar an Mór-Roinn agus bhí airgead agus talamh ag a muintir. D’fhoghlaim sí Gaeilge. Fuair Uilliam post mar ghníomhaire ar eastát mhuintir Stackpoole i Móin Riail. Rugadh seisear clainne dóibh. Ba é Brian an cúigiú duine. Tá eolas ar a mhuintir i Móin Riail, Inis Díomáin, ag Pat O’Looney in The O’Looneys of North-West Clare, 1999. Deirtear gur chaith sé tamall i modhscoil thalmhaíochta i gCathair Seirgín. Ní fios conas a chuir sé eolas ar litríocht na Gaeilge. Tá a fhocal féin againn air gur ghlac sé páirt in Éirí Amach 1848 i mBaile an Gharraí. D’éirigh leis éalú go Meiriceá. Nuair a d’fhill sé i ndiaidh tamaillín fuair sé post sa Chlár ag déileáil le cúrsaí talmhaíochta.

Ó 1857 amach bhí sé ag cóipeáil lámhscríbhinní do William Smith O’Brien. Leath na lámhscríbhinní a d’fhág an Brianach le huacht ag an Acadamh Ríoga ba é Brian a scríobh iad. Deirtear go raibh sé sa Bhruiséal i gcomhluadar an Bhrianaigh ag scrúdú lámhscríbhinní ansin ach níl aon fhianaise air. Sórt pátrúin aige an tÉireannach Óg agus chum sé caointe ar bhás a mhná Lucy agus ar bhás an Bhrianaigh féin. Agus ba é an Brianach a chuir in aithne é don Major Armstrong McDonnell. In 1863 foilsíodh go príobháideach A collection of Poems written on different occasions by the Clare bards in honour of the McDonnells of Kilkee and Killone. Brian a bhailigh na dánta agus a chuir eagar orthu.

Chuaigh sé chun cónaithe i gCromghlinn, Baile Átha Cliath, tuairim 1870. I Meitheamh 1877 phós sé Siobhán Nic Cuirtín: ‘Brian O’Looney (1828-1901) married Susan Curtin, daughter of James Curtin of Tullavroe in the parish of Rath’. Mhaígh Brian gurbh í a bhean ceann fine na gCruitíneach (litir i gcló ag Ní Mhuiríosa). Deirtear san aiste ‘Risteárd Ó Glaisne ag comhrá le Liam Ó Luanaigh’ (Inniu 18 Bealtaine 1972) nach raibh focal Gaeilge aici.

Bhí aithne agus meas ag Eoghan Ó Comhraí ar a chomh-Chláiríneach chomh fada siar le 1851. Fuair sé bás in 1862 agus níor ceapadh éinne i gcomharbacht air gur socraíodh ar Bhrian a cheapadh ina léachtóir le Gaeilge agus le litríocht na Gaeilge i Samhain 1873. I ndiaidh tamaill tugadh teideal ollaimh dó. Ó 1871 bhí sé ina bhall den Acadamh Ríoga agus is léir gurbh aitheanta don saol é mar scoláire. Ach níorbh ionann agus formhór mór ollúna na hOllscoile Caitlicí, níor ceapadh é nuair a rinne Ollscoil Ríoga na hÉireann (Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath) di in 1883. Ní luaitear a ainm ach ar éigean i stair scríofa na n-institiúidí sin. Rinne na húdaráis iarracht uair amháin réim chúraimí a phoist a chúngú. Tá cúpla alt ag O'Looney i dtaobh na trioblóide a lean ceapachán Bhriain mar léachtóir le Gaeilge agus le litríocht na Gaeilge san Ollscoil Chaitliceach um Shamhain 1873. Níor daingníodh an ceapachán. Theastaigh ó Sheansailéir na hOllscoile, an Cairdinéal Pól Ó Cuilinn, gurbh é mac a leasdeirféar, Patrick Moran (a coisreacadh ina easpag ar Osraí in 1873) a cheapfaí, más fíor. Ag cruinniú ar 15 Feabhra 1874, a raibh Ó Cuilinn ina chathaoirleach air, fritheadh gur chuir rúnaí an Bhoird, an tEaspag Seán Mac an Mhíleadh, an focal ‘temporary’ le teideal an phoist sna míontuairiscí agus gur laghdaíodh an tuarastal. Ba é toradh an chruinnithe gur daingníodh ceapachán Bhriain mar ‘Professor of Irish Language, Literature, and Archaeology’.

Tá an nóta seo curtha ag T. S. Wheeler lena chuntas ar William Kirby Sullivan in Studies, Márta 1945: ‘O’Looney (1827-1901) was O’Curry’s successor at the Catholic University. He was brought to the front by Sullivan. Professor Dillon [Tomás Diolún B2] states that, when first O’Looney went to Dublin, he was quite unversed in the ways of city life and had frequently to be rescued from embarrassing situations by Sullivan. One such predicament occurred when O’Looney blew out the gas and was nearly poisoned. The story of the dispute about the Táin Bó Cuailgne is given in the Minutes of the Proceedings of the Royal Irish Academy for April 14, 1879 and March 16, 1880’. Bhí sé i gceist go gcuirfeadh sé féin agus an Súilleabhánach eagrán den Táin ar fáil. In The Royal Irish Academy: a bicentennial history 1785-1985, 1985, in eagar ag T. Ó Raifeartaigh, tá míniú R.B. McDowell ar an scéal beagán doiléir. Chinn an tAcadamh in 1873 gur faoi choimirce Sullivan a thabharfaí an saothar amach. B’fhéidir gur tuigeadh don Acadamh go mbeadh baint ag Ó Luanaigh leis. Dúirt Sullivan leo in 1879 gur thuig seisean gurbh é an t-aon ghnó amháin a bhí le déanamh aige féin ná cúram na clódóireachta agus an fhoilsithe agus mhol sé don Acadamh teagmháil le Brian. ‘The latter for some obscure reason refused to discuss matters with the committee, which in the end decided to give up the scheme.

B’é Brian a bhí sa chathaoir ar 29 Nollaig 1876 nuair a bunaíodh Cumann Buanchoimeádta na Gaeilge go foirmiúil. Léiriú é ar an tábhacht a síleadh a bhí lena ainm. In The Other Clare: annual journal of The Shannon Archaeological and Historical Society, 2002 (‘Na Consaidínigh: Grafnóirí na hInse sa 19ú haois’) déanann Eilís Ní Dheá trácht ar an gcaidreamh a bhí ag Brian le Domhnall Mac Consaidín. Deir sí: ‘Más fíor don Luanach, ba é a sheanchara, Dónall Mac Consaidín, a spreag é chun páirt nach beag a ghlacadh i gCumann Buanchoimeádta na Gaeilge ...’. I bhfad roimhe sin bhí sé ina bhall den Chumann Oisíneach. Gheofar tuiscint ar an tábhacht a bhain leis i gCumann Buan-Choimeádta na Gaeilge in Cumann Buan-Choimeádta na Gaeilge: tús an athréimnithe, 2001 le Máirtín Ó Murchú.

Foilsíodh a shaothar scolártha in Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann. An rud is troime d’fhág a lorg ar litríocht na hÉireann an t-eagrán de dhán Mhichíl Coimín Laoi Oisín i dTír na nÓg (Transactions of the Ossianic Society 1859). Aistriúchán Bhriain a spreag William Butler Yeats chun The Wanderings of Oisin a scríobh.

D’éag Brian Ó Luanaigh ar 3 Nollaig 1901. Mhaigh Brian i nDaonaireamh 1901 go raibh Gaeilge ag gach duine sa chlann agus ag an gcailín freastail, cé gur dhearbhaigh a gharmhac, Liam Ó Luanaigh nach raibh sí ag a sheanmháthair. D’éag a bhaintreach Susan O’Looney 10 Samhain 1910 ,‘late of Grove Villa (House)’. Níorbh fhiú a heastát ach £89.13.4. Deonaíodh probháid a huachta do Patrick Curtin, dochtúir leighis. I gCroimghlinn agus ar an gCuarbhóthar Theas a bhí na seoltaí a luadh leis-sean ach arís níorbh fhéidir teacht suas leis i nDaonáireamh 1911. B’fhéidir gur seomraí freastail a bhí aige sna tithe sin.

In All in the Blood: a Memoir by Geraldine Plunkett Dillon, 2006, edited by Honor Ó Brolcháin, tá an abairt seo ar lch 17: ‘He [George Noble Plunkett B7] discovered, at this time [ag pointe éigin idir 1876 agus 1883], that since the death of Eugene O’Curry… the Catholic University had stopped functioning and O’Curry’s assistant, Brian O’Looney, was destitute. He gave him an annuity from his own income of £100 a year until O’Looney died …’.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú