Níl amhras ach go raibh sé ar dhuine de na hÉireannaigh ba mhó a rinne dícheall ar son stair, seandálaíocht, lámhscríbhinní agus ceol na hÉireann. Ceannródaí ildánach ba ea é. I dtaobh Ancient Music of Ireland, 1855 le Petrie dúirt Donal O’Sullivan: ‘Petrie combined knowledge and enthusiasm in full measure, and on this book he should be rated as great a nation-builder in the cultural sphere as was O’Connell in the sphere of politics’ (Irish Folk Music and Song, 1952). Agus féach gur thug an tAthair Pádraig Mac Suibhne an stádas céanna sin dó i dteideal A Group of Nation-builders: O’Donovan—O’Curry—Petrie, 1913. Scríobh William StokesLife and labours in Art and Archaeology of George Petrie, 1868. Thug Myles Dillon léacht in Acadamh Ríoga na hÉireann ar 24 Eanáir 1966 (i gcló in Studies, fómhar 1967). Tá léacht a thug Michael Cox ar 24 Eanáir 1913 i gcló in The Irish Monthly, Bealtaine 1913 agus is fiú féachaint ar aistí agus tuairiscí in Journal of the Irish Folk Song Society: ‘George Petrie’ le H.C. Colles in iml. a V; tuairisc ar léacht le A.P. Graves (iml. XI); ‘Some reminiscences of a Collector of Irish Folk Music’ le P. W. Joyce (iml. XI). Ní cheileann Breandán Breathnachin Ceol agus Rince na hÉireann, 1989 na lochtanna atá ar a shaothar ceoil: an chinsireacht a rinne sé; an fhaillí a thug sé i dtéacsanna Gaeilge; nár chuir sé an ceol amach díreach mar a chuala sé é ag muintir na tuaithe agus an róbhéim ar thionlacan pianó; agus lochtanna eile.

I mBaile Átha Cliath a rugadh é ar 1 Eanáir 1790. Ba é an t-aon duine clainne é ag James Petrie, portráidí aitheanta a rugadh i mBaile Átha Cliath (Strickland) ach arbh Albanach a athair, agus ag Elizabeth Simpson (d’éag 1793), iníon Albanaigh. Bhí mac amháin acu a cailleadh go hóg agus triúr iníonacha. Pósadh James agus Wilhelmina Bate in 1808 (Séamus Ó Casaide in Irish Book Lover, Bealtaine-Meitheamh 1936). Cuireadh oideachas ar George i scoil cháiliúil Samuel Whyte agus i scoil ealaíne Chumann Bhaile Átha Cliath (a dtabharfaí an RDS air ar ball). Ó 1808 anuas go 1830 bhí sé ag saothrú a bheatha agus ag tabhú clú dó féin mar ealaíontóir leis na léaráidí iomadúla a rinne sé de radhairc tíre agus d’iarsmaí na seanailtireachta. Deir Norman Moore in Dictionary of National Biography: ‘Nearly all these illustrations deserve careful study, and have much artistic merit as well as absolute antiquarian merit.’ An obair seo, agus go háirithe a chuairt ar Chluain Mhac Nóis in 1820, a spreag mórdhúil ann i stair agus i seandálaíocht, agus thug sé leis isteach sna disciplíní sin an cruinneas a ghabhann le ceird an línitheora.

In 1829 toghadh é ina bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann. Ba é a d’aimsigh lámhscríbhinn átagrafaithe Annála Ríoghachta Éireann i leabharlann Austin Cooper (1759-1830) gur cheannaigh ar £50 é don Acadamh. Bhí Myles Dillon ina uachtarán ar an Acadamh i 1966 nuair a dúirt sé: ‘He was also the man who built up our great collection of manuscripts: the O’Gorman MSS., the Hodges and Smith MSS., and the collection of Sir William Betham, were all secured through his agency.’ Ba é a d’fhéach freisin le cuid de na seoda is luachmhaire a fháil don institiúid sin: Crois Chonga, an Domhnach Airgid agus bailiúchán Dásoin. Timpeall 1,300 seaniarsma a bhí ina bhailiúchán príobháideach féin. Dúirt an Diolúnach: ‘He is indeed the real founder of the Academy’s collection now housed in the National Museum.’ Tugann G.F. Mitchell cuntas in The Royal Irish Academy: a bicentennial history..., 1985 (T. Ó Raifeartaigh, eagarthóir) ar an gcaoi a ndearna sé an bailiúchán ollmhór sin agus deir ann: ‘Perhaps when building up the collection Petrie regarded it as a type of life insurance policy, as the capital sum realised after his death would make provision for his daughters.’

Bhí fonn air riamh a eolas ar ealaín agus chultúr na hÉireann a roinnt ar an ngnáthphobal. Bhí baint aige leis an Dublin Penny Journal 1832-33 agus scríobh go leor aistí ann agus ba é a bhí ina eagarthóir ar an Irish Penny Journal in 1842. Tá cuntas ar na páipéir sin agus ar pháirt Petrie iontu ag James Hayes, Inis, in Irish Book Lover, Bealtaine 1911 (‘Old Popular Pennyworths’). Tá léiriú eile le fáil ar a mheon i leith an chineáil seo oideachais san eachtra a tharla in 1859 le linn dó a bheith ina uachtarán ar an Acadamh Ibeirneach. D’fhonn oideachas a chur ar fáil don ghnáthphobal d’fhéach sé chuige go ligfí daoine isteach san oíche ar phingin. Tharla daoine acmhainneacha ag breith ar an bhfaill seo chuir an tAcadamh an socrú ar ceal agus d’éirigh Petrie as a phost ann.

Ar feadh 1833-46 bhí sé ag obair sa tSuirbhéireacht Ordanáis, é i gceannas ar roinn na topagrafaíochta ann. Ba gheall le ceanncheathrúna ag an roinn sin an parlús cúil ina theach ag 21 Sráid Mhór Shéarlais. Tá fianaise ar a chaidreamh le Seán Ó Donnabháin i rith na tréimhse sin curtha inár láthair ag Art Ó Maolfabhail in Proceedings of the Royal Irish Academy . . . Vol. 91 No. 4, 1991 (‘Éadbhard Ó Raghallaigh, Seán Ó Donnabháin agus an tSuirbhéireacht Ordanáis 1830-4’). An raibh Gaeilge aige ? Deir Ó Casaide gurbh é Denis Taaffe, dá mb’fhíor do Sheán Ó Donnabháin, a mhúin Gaeilge dó (Irish Book Lover, Eanáir-Feabhra 1929). Ach deirtear freisin gurbh é William Haliday a bhí ag múineadh Gaeilge dó mar mhalairt ar cheachtanna líníochta. Bhí sé an-mhór leis an Donnabhánach agus níl amhras ach nárbh fhéidir dó tabhairt faoi chuid mhór den obair a rinne sé gan a chabhairsean maidir le Gaeilge agus eolas ar lámhscríbhinní. Bhí rud le foghlaim ó Phetrie mar mhalairt agus thug an Donnabhánach air ‘the most distinguished antiquary in Ireland, from whom he first acquired whatever skill he possesses in distinguishing History from Fable.’ Petrie a dhear an cló Gaelach le haghaidh Annála Ríoghachta Éireann in eagar ag Ó Donnabháin (‘The Irish type for the Annals was cast from designs drawn by George Petrie’ —Irish Book Lover, Eanáir 1940). Cara mór aige freisin ba ea Eoghan Ó Comhraí agus thugadh seisean cúnamh dó chun focail na n-amhrán Gaeilge a bhreacadh agus chun nótaí a scríobh.

Thar aon saothar eile ba é The Ecclesiastical Architecture of Ireland, 1845 a dheimhnigh ionad buan dó i measc scoláirí agus staraithe. Chuir an taighde sin deireadh leis an rámhaillí a bhí ar siúl ag leithéidí Vallancey agus Betham i dtaobh chloigthithe na hÉireann. Ba é a dhear an túr cruinn ag uaigh Dhomhnaill Uí Chonaill. Bhí aiste scríofa ag Petrie ar na cloigthithe in 1833 a ghnóthaigh bonn óir an Acadaimh dó, rud a thug ar Betham éirí as ballraíocht. Tugadh an dara bonn óir dó i ngeall ar aiste ar Theamhair (1839). Cibé áit a dtéadh sé níor leis ab fhaillí é gan gach inscríbhinn ar leac a tharraingt go cruinn. Faoin am a fuair sé bás meastar nach raibh aon rian fágtha de leath dá bhfuil aige in Christian Inscriptions in the Irish Language, 1872, in eagar ag Margaret Stokes.

Veidhleadóir maith é agus is dóigh gubh é bailiú an cheoil an obair b’ansa lena chroí. Thosaigh sé air go hóg agus nuair a bhí sé 17 bliain thug sé foinn do Thomas Moore. Ba é ba mhó a spreag Bunting chun leanúint air ag foilsiú na seanfhonn. Thairg sé a bhailiúchán féin dó ach go ndéanfadh an seanbhailitheoir sin a admháil, rud nach raibh Bunting sásta a dhéanamh. Petrie a scríobh an cuntas ar an gcláirseach in Ancient Music of Ireland, 1840 le Bunting. Bunaíodh an Society for the Publication of Irish Melodies in 1851 agus Petrie ina uachtarán air. Ba iadsan a d’fhoilsigh a chéad chnuasach, Ancient Music of Ireland, 1855. Is ann a chonacthas ‘The Londonderry Air’ den chéad uair. Idir bliain a bháis agus 1882 foilsíodh ceithre himleabhar eile de na foinn agus chuir Sir Charles Stanford eagar ar an iomlán in The Complete Collection of Irish Music as noted by George Petrie, 1905. Sampla d’ildánacht Phetrie gurbh é a scríobh focail an dá amhrán ‘The Yellow Boreen’ agus ‘The Snowy-breasted Pearl’.

Phós sé Eliza Mills in 1819 agus bhí ceathrar iníonacha acu. D’éag sé ar 17 Eanáir 1866 agus cuireadh é i nGlas Naíon. Ní léir go raibh aon naimhde aige, má fhágaimid Betham as an gcuntas. An chuirtéis ceann de na fáthanna: ‘Petrie was noted in his lifetime and indeed loved for his exquisite courtesy of manner and behaviour; and it was this perhaps as much as his devoted scholarship which made him acknowledge with scrupulous care, and with detailed note of the circumstances, anyone, gentle or simple, who had contributed in any way to his collection. Many of his contributors were in a very lowly way of life, street ballad singers, pipers, fiddlers, wandering musicians and blind minstrels, women as well as men, but they all receive their own due meed of recognition and thanks’ (Béaloideas, 1962 lch 89).

D’fhoilsigh Crawford Municipal Art Gallery, Corcaigh George Petrie (1790-1866): The Rediscovery of Ireland’s Past, 2004. Joep Leerssen a scríobh an réamhrá agus tá aiste le Tom Dunne ann. Is léir gurb é Peter Murray a scríobh bunús a bhfuil de phrós ann. Le léaráidí agus le saothar ársaíochta a bhaineann sé agus is beag atá ann faoin gceol a bhailigh sé. Tá cur síos déanta air sna cuntais seo a leanas freisin: Proceedings of the Royal Irish Academy 72, Roinn C, uimh 6–9; ‘Aspects of George Petrie: George Petrie 1789–1866: a reassesment’ le J. Raftery; ‘George Petrie and the collecting of Irish manuscripts’ le David Greene: ‘George Petrie and a century of Irish numismatics’ le M. Dolley; ‘George Petrie’s contribution to Irish music’ le Aloys Fleischmann. San imleabhar céanna a foilsíodh den chéad uair an aiste lenar bhain sé bonn óir in 1834. ‘An Essay on military architecture in Ireland previous to the English invasion’.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú