Tá cuntas gairid ar shaol an scoláire Fhroinsiasaigh seo ag Tadhg Foley agus Fiona Bateman in From Queen’s College to National University . . ., 1999 in eagar ag Tadhg Foley agus gheofar liosta a scríbhinní in Dún Mhuire Killiney 1945-95: Léann agus Seanchas, 1995 in eagar ag Benignus Millett agus Anthony Lynch. I gConga, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é ar 4 Samhain 1895. Ba iad Diarmaid Ó Briain agus Catherine Moran a thuismitheoirí agus Tomás a baisteadh air. Tar éis bunoideachais i g cuireadh meánoideachas air i gColáiste na bhFroinsiasach i Muilte Farannáin, Co. na hIarmhí, agus chuaigh isteach in Ord San Froinsias ar 16 Meán Fómhair 1916. Rinne sé staidéar sa Gregorianum sa Róimh agus ghnóthaigh dochtúireacht le diagacht. Oirníodh é ar 3 Iúil 1927. Lean sé den staidéar sa Lováin agus fuair an chéim LicScHist; Naomh Bríd ba ábhar dá thráchtas. Chaith sé tamall i gColáiste Naomh Antaine i nGaillimh ag múineadh fealsúnachta agus stair na bhFroinsiasach sular ceapadh é ina Ollamh le Fealsúnacht i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe i 1937. Le léann na Gaeilge, le luathstair na heaglaise in Éirinn agus le stair na bhFroinnsiasach a bhaineann an chuid is mó dá shaothar foilsithe agus ní leis an bhfealsúnacht. Dhealródh sé gur bheag ar fad a scríobh sé i nGaeilge seachas cúpla alt in Comhar. Deir Benignus Millet sa réamhrá le Dún Mhuire, Killiney 1945-95: Léann agus Seanchas: ‘Father Ó Briain’s interest in Irish history went beyond his specialised studies at Louvain University. To him should be given the credit for the founding of Dún Mhuire, for, after many attempts, he succeeded in persuading his superiors to establish a research centre’. D’éag sé ar 24 Eanáir 1957.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú