Bhí sé ina uachtarán ar an gCumann Oisíneach. Ag Richard Davis atá an bheathaisnéis is iomláine agus is deireanaí, Revolutionary Imperialist: William Smith O’Brien, 1803-1864, 1998. An fear céanna a chuir eagar ar William Smith O’Brien—Ireland—1848—Tasmania, 1989, ina bhfuil nóta ag Seán Ó Lúing ar ‘William Smith O’Brien and the Irish Language’, agus ar ‘To solitude confined’: the Tasmanian Journal of William Smith O’Brien, 1849-1853, 1995. Tá leabharliosta cuimsitheach aige sa bheathaisnéis. Ag Liam Mac Peaircín tá an aiste ‘William Smith O’ Brien, an Scoláire Gaeilge’ in North Munster Antiquarian Journal, 42, 2002.

Sa dialann úd faoi 17 Deireadh Fómhair 1852 scríobh an Brianach: ‘This is my birthday. Today I am 49 years of age. Thus I have reached the confines of old age . . ..’ Faoin am a rugadh é in 1803, bhí Brianaigh Dhroim Eolaing ar an gcraobh ba chumhachtaí de Bhrianaigh Thuamhumhan. Ba é William an tríú leanbh agus an dara mac den naonúr leanaí a saolaíodh—agus a mhair—do Sir Edward O’Brien, Droim Eolaing, agus dá bhean Charlotte Smith, iníon le William Smith (d’éag 1809), aturnae saibhir in Inis, Co. an Chláir. Bhí eastát Charraig Maothal, 5,000 acra, ceannaithe ag Smith i 1774 agus bhí sé i gceist ón uair a rinneadh an cleamhnas go dtiocfadh sé le hoidhreacht chuig William. Bhí Charlotte coimeátach agus frith-Chaitliceach ach fear liobrálach ba ea Sir Edward. Tar éis do William a bheith ar scoil ullmhúcháin in Willing, Kent, in Harrow agus i scoileanna eile bhain sé céim B.A. amach in Cambridge in 1826. Rinne sé staidéar ar dhlí ach níor chleacht an cheird sin. Ón uair a toghadh é ina bhall parlaiminte d’Inis in 1828 anuas go 1843 b’fhéidir a rá go mba pholaiteoir neamhspleách é. Ba mhian leis go n-éireodh le hÉirinn bualadh chun cinn de thoradh chothrom na Féinne a fháil sa phairtnéireacht leis an mBreatain. Bhí sé ar son a gcearta a thabhairt do Chaitlicigh agus bhí ina bhall den Chumann Caitliceach ach throid sé comhrac aonair le Tom Steele, crann taca Uí Chonaill, uair. Ar 19 Meán Fómhair 1832 phós sé Lucy Gabbett agus rugadh ochtar leanaí dóibh; roimhe sin rugadh iníon agus mac dó féin agus Mary Anne Wilton (tá cuntas orthu in The Other Clare, 1996 ag Hugh W.L. Weir). Chaill sé cibé muinín a bhí aige i riail na Breataine faoi Acht na hAontachta agus chuaigh isteach i ngluaiseacht Reipéil 23 Deireadh Fómhair 1843. Íobairt phearsanta ba ea an t-iompú sa mhéid gurbh é airgead a mháthar a chuir ar a chumas a bheith sa pholaitíocht. Faoi 1846 bhí sé níos gaire do na hÉireannaigh Óga agus bhí ar son an oideachais neamhsheictigh agus na gcoláistí ollscoile nua a raibh Ó Conaill ina n-aghaidh. In 1848 ní raibh sé báúil le tuairimí John Mitchel, James Fintan Lalor agus Thomas Francis Meagher agus bhí sé in aghaidh éirí amach a bheith ann. Ach toisc go raibh sé ina cheann ar an Irish Confederation a bunaíodh in 1847 agus gur chuir an rialtas an eagraíocht sin faoi bhac, agus toisc, b’fhéidir, a dhonacht a bhí an gorta ag an am, shíl sé nach raibh an dara rogha aige ach dul i gceannas an éirí amach i dTiobraid Árann i mí Iúil 1848. Daoradh chun báis é ach malartaíodh sin ar ionnarbadh go dtí an Tasmáin. Scaoileadh saor é in 1854 agus d’fhill sé abhaile in 1856. Rinne sé cuid mhaith taistil san Eoraip agus i Meiriceá agus, cé nár ghlac sé aon pháirt sa pholaitíocht, níor leasc leis a chuid tuairimí a chur os ard. Bhí sé go mór in aghaidh aon chumainn rúnda ar nós na bhFíníní. D’éag a bhean 13 Meitheamh 1861; pósadh sona ba ea é in ainneoin go raibh Lucy, ar nós a mháthar, in aghaidh an náisiúnachais.

D’éirigh sé searbh nuair a bhain iontaobhaithe Charraig Maothail an t-eastát sin de in 1862 le tabhairt dá mhac Edward. D’fhág sé Éire i mBealtaine 1864 le tamall a chaitheamh sa Bhreatain Bheag. Bhí a iníon Charlotte in éineacht leis nuair a d’éag sé in Bangor ar 18 Meitheamh (deir Davis go bhfuil 16 Meitheamh botúnach in ainneoin gur cuid de ‘Bloomsday’ James Joyce é!). Cé gur sochraid phríobháideach a theastaigh óna mhac, lean 20,000 an cónra go dtí Stáisiún Dhroichead an Rí. Cuireadh é i reilig Ráth Rónáin in aice le Carraig Maothail. Rinne Thomas Farrell dealbh mharmair agus cuireadh suas i Sráid Uí Chonaill í in 1870.

Deir Richard Davis ina bheathaisnéis: ‘His policies, shared with others, encouraged an Irish-Ireland philosophy, an Irish language revival, the development of Irish manufactures, and Irish cultural promotion through libraries, museums and mechanics’ institutes.’

Tuairiscíodh in The Nation 3 Lúnasa 1844 gur cháin sé an rialtas go géar i dtaobh a neamhaird ar an nGaeilge agus gur mhol go mbeadh foilseacháin Sheáin Mhic Héil ar fáil i seomraí léitheoireachta Reipéil; bhí ar intinn aige féin Gaeilge a fhoghlaim. In Limerick Chronicle 24 Lúnasa dúradh go raibh tosaithe aige ar í a fhoghlaim. Ar 13 Feabhra 1845 scríobh Seán Ó Donnabháin chuig John Windele: ‘We have opened an Irish class in the Royal Irish Academy, without the FULL consist [sic] of the Council, but I fear they will dissolve it, as the students are principally radicals and papists. We have W. Smith O’Brien, Esq., M.P ., Mr Hudson, Dr Kane, T. Davis, Editor of the Nation, &c &c, twenty one in all’ (i gcló ag Pádraig de Brún in Éigse Iml. XVII, Cuid II, 1977-79).

Is dóigh gur chuir géarchéim na hÉireann idir 1846 agus 1849 isteach ar an bhfoghlaim. Ach fiú agus é ar deoraíocht sa Tasmáin scríobh sé chuig Kevin Izod O’Doherty (1823-1905) in 1849: ‘I feel as much desire to acquire the old language of our dear Fatherland as if I were going home tomorrow’, agus is le línte tosaigh ‘Bánchnoic Éireann Óighe’ a chuir sé tús leis an litir (Seán Ó Lúing). B’fhéidir gurbh iad a theagasc agus a shampla a thug ar The Nation, a raibh A.M. Sullivan ina eagarthóir air um an dtaca seo, tús a chur le roinn na Gaeilge sa pháipéar 20 Márta 1858 agus is ann is túisce a foilsíodh Easy LessonsUilleog de Búrca. Chuir an Súilleabhánach imní Uí Bhriain i dtaobh bhás na teanga, agus a iarracht ar í a fhoghlaim in ainneoin a aoise, i gcomórtas le naimhdeas na scoileanna náisiúnta. Timpeall an ama seo gheall sé d’Institiúid na Meicneoirí léacht a thabhairt i nGaeilge dá mbaill chomh luath is a bheadh líofacht bainte amach aige inti. In Eanáir 1864 chuir sé litir oscailte chuig uachtarán an CYMS ag impí ar an eagraíocht sin, d’fhonn náisiúntacht na hÉireann a láidriú, éirí as a bheith neamhairdiúil ar theanga agus litríocht na Gaeilge .

Mhaígh sé go bhféadfadh sé an Ghaeilge a léamh gan dua. Chuir sé tábhacht mhór le caomhnú na lámhscríbhinní agus rinne sé féin bailiúchán de 43 lámhscríbhinn a d’fhág sé le huacht ag Acadamh Ríoga na hÉireann. D’fhostaigh sé Brian Ó Luanaigh mar scríobhaí in 1857.

Tá cuntas ag Ignatius Murphy in Irisleabhar Seandálaíochta Tuadh-Mhumhan 1973-74 (‘William Smith O’Brien and the Teaching of Irish in West Clare’) ar an gcaoi ar chabhraigh sé leis an Athair Micheál Ó Míocháin chun staidéar na Gaeilge a thosú sna scoileanna ina pharóiste (Maigh Fhearta agus Cill Bhaile Uí Eoghain). Chuir an sagart litir i gcló ina thaobh in Munster News 25 Deireadh Fómhair 1862: ‘I have seven schools in connexion with the National Board of Education. In these schools, about two years ago, William Smith O’Brien, Esq., got up, under his own special patronage, Irish classes for the advancement of the old tongue. We all speak Irish as our mother tongue in this parish; this coupled with the fact that the English is well taught in the schools (and, therefore, the pupils know grammar well), induced Mr O’Brien to think that he would have some good Irish scholars very soon in the parish, and I, of course, will, heart and soul, cooperate with this illustrious, noble person, whose heart is as Irish as his ancient and royal name. He has sent me from time to time very many books as premiums for the pupils who are most zealous in their study of their native tongue. My dear departed friend, Eugene O’Curry [Ó Comhraí q.v.], was delighted at this plan of ours to make the Irish a regular grammatical study amongst pupils who speak the Irish language well, and he sent me some elementary books to further the good work.’ Chuaigh an Brianach ann chun an obair a bhreathnú Lúnasa 1863 agus bhí cuairt eile beartaithe aige.

Bhí a iníon Charlotte Grace bainteach le Conradh na Gaeilge agus bhí beirt dá ghar-chlann, Neilí Ní Bhriain agus Stephen Gwynn, go hard i measc cheannasaithe na gluaiseachta sin. Garnia do Stephen an t-ollamh sinsearach i Scoil an Léinn Cheiltigh, Fergus Kelly.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú