Ball díograiseach de Chonradh na Gaeilge ba ea é go dtí gur thosaigh an cath i dtaobh na Gaeilge i máithreánach Ollscoil na hÉireann. Ba é an t-aon bhall den Choiste Gnó é a toghadh ina fheisire Réamonnach.

Rugadh é ar 13 Feabhra 1864 le linn dá athair, an tUrramach John Gwynn, a bheith i gceannas ar Choláiste Naomh Columba, Ráth Fearnáin. Ba í Lucy Josephine O'Brien, iníon le William Smith O'Brien, a mháthair. Ba é Stephen an duine ba shine den deichniúr clainne, ochtar mac agus beirt iníonacha. Bheadh John Gwynn ina ollamh le diagacht i gColáiste na Trionóide ar ball ach ó 1864 amach bhí post aige i Ráth Mealtain, Dún na nGall, agus is ann a chaith Stephen a óige. In Experiences of a literary man, 1926 dúirt sé: 'My life has been spent in an effort to understand and interpret Ireland and that corner of Donegal is the key to all my studies'. Thug scoláireachtaí go Coláiste Naomh Columba é agus go Coláiste Brasenose, Oxford. Bhí poist mar mhúinteoir aige sa Fhrainc agus i Sasana agus timpeall 1895 bhí sé ina fho-Bhardach i gColáiste Naomh Columba. Faoi 1896 bhí sé ag tuilleamh a bheatha mar scríbhneoir agus mar iriseoir. Is i Londain a chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge agus bhí Pádraic Ó Conaire ar dhuine dá mhúinteoirí. Bhí sé ina rúnaí ann ag an Irish Literary Society. É a bheith go mór in aghaidh pháirt na Breataine i gCogadh na mBórach a d'iompaigh ina náisiúnaí Éireannach é, deirtear, agus a thug air filleadh ar Éirinn. Ba é Cogadh na mBórach a spreag a dhán ' A Song of Defeat'.

Ag Ardfheis 1905 bhí sé féin agus a bhean ina n-ionadaithe thar ceann chraobhacha Dhún na nGall agus toghadh ina bhall den Choiste Gnó é. I mBaile Átha Cliath bhí baint aige leis an gCraobh i gCluain Tarbh. Bhí sé ar dhuine d'ionadaithe Uladh a chruinnigh le chéile in Óstán de Barra chun Dáil Uladh a bhunú (An Claidheamh Soluis 2 Meán Fómhair 1905). Toghadh arís é ar an gCoiste Gnó i 1906. Toghadh é ina fheisire thar ceann na Gaillimhe níos deireanaí an bhliain sin. Bhíothas ag gearán nár bhain sé úsáid as an nGaeilge sa todhchánaíocht ach d'fhreagair sé (17 Samhain 1906): 'Tá mé cloíte cráite leis an méid Gaeilge atá ráite agam le coicíos'. Bhí sé le seasamh sa Chlár i 1901 ach ba é breithiúnas na gCláiríneach, más fíor: 'Too cultured for Clare'. Toghadh é ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha arís é i 1907. Thar ceann Londan a bhí sé ann an babhta seo. Bhí sé ar dhuine de chisteoirí an choiste a bhunaigh an Conradh i 1908 chun troid in aghaidh na heitinne in iarthar na Gaillimhe.

Bhí sé ina chogadh faoin nGaeilge in Ollscoil na hÉireann an bhliain dár gcionn agus d'áirigh Pádraic Mac Piarais Gwynn mar dhuine de na gaeilgeoirí i Seanad nuacheaptha na hOllscoile. Ach ní raibh sé in ann réiteach le polasaí an Chonartha, ‘When that body decided to rely on compulsion rather than persuasion it took the wrong road if its object was to endear the Irish language to all Ireland and to induce all Irishmen to cherish it as part of the common national heritage. As a result Ulstermen have a perfect right to say that if they accepted Home Rule, one of the first steps of an Irish government, formed under the present auspices, would be to demand a knowledge of Gaelic as the necessary qualification for holding any public office’ (Irish books and Irish people, c.1919). Bhí sé ina bhall den choiste a scríobh bunreacht na hollscoile nua agus ina bhall de bhord stiúrtha Choláiste Ollscoile na Gaillimhe. Ag mórchomhdháil den Pháirtí Éireannach 10 Feabhra 1909 pléadh an rún ‘That this Convention approves of the inclusion of the Irish language amongst the compulsory subjects for matriculation at the National University of Ireland’. John Pius Boland a mhol agus Tomás Ó Domhnaill a chuidigh leis. John Dillon a labhair ina aghaidh. ‘Stephen Gwynn, M.P., seconded John Dillon in a speech in the best taste-he himself had learned Irish late in life.... The vote was taken by a show of hands. It was estimated to be about three to one in favour of my resolution, and it settled the question conclusively in the country in view of the representative nature of the National Convention’ (John Boland, Irishman’s diary: a day in the life of an Irish M.P.).

Is dóigh gurbh é an t-aon iarbhall den Choiste Gnó é a chuaigh isteach in Arm na Breataine i 1914. In ainneoin go raibh 50 bliain d’aois aige is mar shaighdiúr singil a liostáil sé i reisimint na Leinsters. Bhí sé ina oifigeach sna Connaught Rangers ina dhiaidh sin agus sholáthraigh sé ‘Clare’s Brigade’ mar amhrán máirseála dóibh in áit ‘It’s a long way to Tipperary’. Bronnadh an Legion d’honneur air toisc na seirbhíse a thug sé sa Fhrainc. Bhí sé ina bhall den Chomhdháil Éireannach a chuir an rialtas ar bun i 1917. Bhí sé ag scríobh faoi chúrsaí na hÉireann san Observer i rith na tréimhse 1918-23 agus is mar gheall ar an easpa bá a bhí aige le cúis na bPoblachtach sna hailt sin is ea a séideadh a theach san aer le mianach talún in Eanáir 1923. D’aistrigh sé go Londain agus níor fhill chun cónaithe go dtí 1944.

Ball de Eaglais na hÉireann ba ea é. Sagart san eaglais sin ba ea duine i ngach glún ó chéadchuir muintir Gwynn fúthu i gCúige Uladh tuairim 1660. Phós Stephen a chol ceathar Mary Louise Gwynn in 1889. D’iompaigh sise ina Caitliceach Rómhánach i 1902 agus d’iompaigh an seisear leanaí in éineacht léi. Nuair a thug an Church of Ireland Gazette fogha faoin gConradh i 1905 á rá nár le leas na bProtastúnach é, ba é Stephen a d’áitigh ar an gCraoibhín cruinniú a ghairm i mí Dheireadh Fómhair chun an téama ‘Protestant attitudes to the Gaelic League’ a phlé.

Mic leis ba ea: na staraithe Aubrey, an tIosánach (17 Feabhra 1892–20 Bealtaine 1983), agus Denis Rolleston (6 Márta 1893–12 Aibreán 1971), a bhí ina dhalta i Scoil Éanna; Edward Lucius (20 Samhain 1890–1919), scoláire Ceilteach a chuir eagar ar The Sack of the Hostel of Dá Dearga; deartháir leis ba ea Edward John (1 Aibreán 1868–10 Feabhra 1941) a bhí ina Phropast ar Choláiste na Tríonóide. Bhí seisean ar dhuine de na scoláirí Ceilteacha ar ionsaigh an Craoibhín é ina dhráma Pléascadh na Bulgóide mar gheall ar a neamhshuim sa teanga bheo. Garnia do Stephen an tOllamh Fergus Kelly. Col ceathar leis Neilí Ní Bhriain. Bhain mórchuid dá mhuintir clú amach mar údair agus mar fhir spóirt agus gheofar cuntas ar a ngníomhartha in Burke’s Irish family records. Cuireann sé lena suimiúlacht gurbh iad sliocht an Éireannaigh Óig William Smith O’Brien iad go léir.

Scríobh Stephen Gwynn seachtó leabhar: filíocht, beathaisnéisí, úrscéalta, léirmheastóireacht. Is dóigh gurbh iad na teidil ba mhó cáil Masters of English literature, 1904 a bhí á úsáid mar théacsleabhar ollscoile ar feadh i bhfad, agus Highways and byways in Donegal and Antrim. In The Nationist 28 Meán Fómhair 1905 scríobh P.J. McCall san aiste ‘A plea for the patriotic ballad’: ‘We have no Gaelic tradition that I am aware of, to fall back on for guidance in the matter. Mr Stephen Gwynn did recover in the summer of last year a fine narrative poem of the early heroic period from an old man, James Kelly, living in a poor cabin on the back side of Cark mountain in Donegal; but such finds, I fancy, are as rare as gold-crocks in Ireland.’ D’éag sé 11 Meitheamh 1950. Bhí dochtúireachtaí oinigh faighte aige ó Ollscoil na hÉireann agus ó Choláiste na Tríonóide. Bhronn an Irish Academy of LettersBonn Gregory air i 1950. Shíl an Dictionary of National Biography gurbh fhiú é iontráil a bheith aige agus ba é Oliver St John Gogarty a scríobh. Ní gnách le staraithe an Chonartha, áfach, aird a thabhairt ar a ról sa ghluaiseacht.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú