I Leemount, Passage, Cathair Chorcaí, ar 8 Meitheamh 1882, a rugadh é. Thomas Tobin, garraíodóir, a athair arbh as an gCill, ceantar breac-Ghaeltachta láimh le Bun Abha i bPort Láirge, dó. Leag sé amach roinnt mhaith gairdíní do dhaoine saibhre agus do chlochair ar an taobh thiar de Chuan Chorcaí. Hannah Murphy a mháthair. Ba sheanaint í don Ghabha Gaelach (Micheál Ó Murchú) agus dúirt seisean linn gurbh ó Churrach Aille i bhFearann, leathshlí idir Corcaigh agus Maigh Chromtha, di. Gabha ba ea a hathair. Deir Muiris Ó Droighneáin (Taighde i gcomhair stair litridheacht na nua-Ghaeilge) gur thug Seán leis eolas ar chanúint Ghaeilge na háite sin uaithi. Bhí beirt deartháireacha agus deirfiúr amháin aige.

Bhí sé ina mhonatóir ar feadh cúpla bliain sa bhunscoil. Ní foláir nó rinne sé scrúdú Máithreánach na sean-Ollscoile Ríoga mar bronnadh céim MA air in 1931 de thoradh tráchtais a scríobh sé ar “Béarlagar na Saor”.

I gcaint raidió a chraol sé ar 6 Meitheamh 1955 thug sé eolas faoin gcleachtadh a bhí aige ar an teanga agus faoin gcaoi a ndeachaigh sé le hobair Chonradh na Gaeilge. Ceapadh Pádraig Ó Sé na Léime mar thimire agus mar rúnaí do choiste ceantair Chorcaí i 1904. Chuir Seán aithne air sa phost sin. “Théinn ina theanta ar ócáidí feise ar fud Uí Macoille agus Cineál Aodha. Post mar chléireach i dtigh stóir a bhí agam féin ar feadh sé bliana roimhe sin agus ardtaithí ar gach saghas Gaelainne agam ó cheann ceann na seachtaine, mar Gaeilgeoirí ó dhúchas ba ea na carraeirí a bhíodh chugam go minic sa ló le hualaí, agus toisc ná labhraínn ach Gaelainn leo do chloisinn caint Mhúscraí agus Uíbh Ráthach agus caint mar na gConnachtach uathu”. Bhí tosaithe aige ar léamh na Gaeilge as a stuaim féin. Luann sé go háirithe “Miscellany Gaeilge an Dálaigh”. Mhínigh sé do Phádraig Ó Sé go raibh taithí aige ar an múinteoireacht agus gur mhaith leis iompú amach ina mhúinteoir taistil ar a nós féin.

Ag obair faoi Dhonncha Ó Laoghaire, timire Thuamhumhan, a fuair sé a chéad phost i dtosach 1905. “Ar chomhairle agus faoi stiúrú Dhonncha do cheannaíos rothar a raibh meáchan leathchéad ann, sin cloch go leith níos troime ná gnáthrothar an lae inniu! – agus gan aon trácht ar an rud is saor-roth ann”. Mhúin Donncha an rothaíocht dó ar an mbóthar idir Inis agus Cuinche. “Tar éis titim nó dhó agus scríobadh lámh chuir sé in airde don tríú huair ar an rothar mé agus thiomáineas liom gur chuireas dhá mhíle slí dhíom. Eascainí lucht asal agus capall a leag ansan mé, dar liom. Bhíomar sa tslí ar a chéile, gan taithí agamsa ar an mbóithreoireacht ná taithí acusan ar lucht rothair”.

I gceantar Gaeltachta Lios Uí Chathasaigh a bhí sé ag múineadh i dtosach. “B’é Seosamh Ó Conchúir a bhí mar rúnaí do Chonradh na Gaeilge sa taobh sin agus cad é mar leathadh súl a tháinig ormsa an chéad oíche dár sheol sé go dtí seomra na scoile mé. Níorbh aon tseomra scoile é ach cró agus stábla. Bhí ba agus capaill ann agus thall sa chúinne bhí miúil mhaith mhór ar a mbíodh fonn spriúchta agus speachaíle gach ré sholais. Thuas an staighre os cionn an stábla ar lochta breá glan fairsing faoi sholas glé dhá lampa sea bhíodh an ceacht agus an amhránaíocht againn – agus speachaíl mhiúil an doichill thíos mar thionlacan againn ... Níor ghá aon chomhrá béil a mhúineadh dhóibh mar bhí sin acu féin ó dhúchas. Scríobhadh an Conchúireach amhrán ar an gclár dubh agus shuímís go léir idir scoláirí agus mhúinteoirí ar urlár an lochta agus bhainimís dúiseacht as ‘Jimmy mo mhíle Stór’ agus as ‘Bean dubh an ghleanna’. Rud nua ar fad i saol na hÉireann b’ea scoil oíche Chonradh na Gaeilge”.

I mBealtaine 1905 aistríodh é siar go Corca Baiscinn agus bhíodh sé ag obair sa cheantar idir Dún Beag agus Ceann Léime. “Is minic a stad neart na gaoithe mé agus go mbíodh orm siúl agus m’ualach de rothar a shá romham. Is minic a bhíos trí huaire a’ chloig d’iarraidh an 15 míle úd ó Chill Chaoi go Cill Bheathach a chur díom i gcoinne na stoirme mar bhíodh séideán buan ón muir agus aneas ó inbhear na Sionna”. Thugadh sé cuairt ar Chuaisín trí mhíle lastuaidh de Chill Chaoi. Scríobh sé síos ó sheanchaí san áit, Pádraig Ó Briain, “Laoi na Páise” agus chuir an Seabhac i gcló é in An Seanchaí Muimhneach. Fuair sé taithí ar an scríbhneoireacht trí bheith ag scríobh síos ábhair. “Bhí duine dúthrachtach, Séamus Mór Ó Gríofa, i gCill Chaoi agus sheoladh sé faoi dhéin na seanchaithe mé, tar éis an tslí a réiteach ar dtús dom mar bhí cuid acu leath-dhoicheallach nó ró-chosantach faoina gcuid féin den seanchas”. Foilsíodh cuid de na hamhráin a bhailigh sé sa Clare Champion i 1906.

Bhí scoil shamhraidh aige i gCorca Mrua i 1910 agus 1911. “Scríobh Neilí Ní Bhriain chugam a rá go dtiocfadh sí chun na scoile an tarna bliain. Tháinig, leis, agus do bheir sí gasra carad léi. Sé dúirt sí liom go mba mhaith léi Coláiste Gaeilge bheith in áit éigin i dTuamhain, fé mar a bhí sna Déisibh agus i gConnachta. Tar éis cuardaigh dom dob é mo chomhairlese dhi seanstáisiún na ngardaí mara ar Charraig a’ Chabhaltaigh a cheannach. B’fhada ar fad an cúrsa ceannaigh é ach sa deireadh do hosclaíodh Coláiste Comhraí ansiúd”. Bhí Coláiste Samhraidh aige i gCiarraí Luachra i 1918.

Seán a d’eagraigh Oireachtas 1914 i gCill Airne. Timpeall an ama chéanna a casadh a bhean Siobhán Ní Shúilleabháin air. B’as Maolas i bParóiste na Tuaithe i gCiarraí di agus iníon le feirmeoir caorach í. Breac-chainteoir dúchais í, deir a mac Tomás. Deir sé gur chainteoir an-mhaith an deirfiúr ba shine.

Deir Peadar Ó hAnnracháin in Fe Bhrat an Chonnartha go raibh sé ag múineadh na teanga tamaill i gCiarraí, i Maigh Chromtha, i mBaile an Chullaigh, in Eochaill.

Bhí sé ina bhainisteoir ar An Lóchrann fad a bhí an iris á clóbhualadh i gCorcaigh (1916–1921). Dhóigh na Dúchrónaigh oifig na hirise uair agus bhatráil siad Seán, rud a d’fhág ábhar neirbhíseach é ina dhiaidh sin. Deirtear go raibh sé ina oifigeach eolais ag Tomás Mac Curtáin fad a bhí sé ina mhúinteoir taistil. Chuir an Cogadh Cathartha isteach go mór air. Níor ghlac sé aon taobh ann.

Bhí sé ina thuairisceoir ar imeachtaí na hÉireann don Irish-American agus don Irish World (1912–1916). Ó 1918 go 1922 bhíodh alt aige go laethúil san Examiner. Thug sé iarracht ar iris nua An Lasair a bhunú i 1919 chun an bhearna a d’fhág bás Irisleabhar na Gaedhilge a líonadh.

Ó 1920 amach bhí post múinteora aige i Scoil Thráchtála Chorcaí.

Bhí dúil riamh aige i gceart na Gaeilge. Shíl go leor beagán den phiúratánach a bheith ann. Dúirt a mhac Tomás le húdair an chuntais seo go raibh sé greamaithe sa saol mar a bhí agus an impireacht ina buaic agus an Eaglais Chaitliceach ina buaic; ar shlite go raibh sé ró-bheacht i dtaobh Ghaeilge na Mumhan; nár ghabh a shuim sna canúintí eile rófhada. ‘An Leon Mór’ a thugadh sé ar an Athair Peadar. Ach dúirt Tomás freisin go raibh “meon chun tosaigh ar a linn aige maidir le litriú agus tuairim éigin de chaighdeán ann”.

Bhí seachtar clainne aige: ceathrar mac, triúr iníonacha. Tógadh le Gaeilge iad i gceartlár na cathrach. Tomás Tóibín, file, agus Niall Tóibín, aisteoir, beirt díobh.

D’éag sé 11 Samhain 1971.

Tá an méid seo le rá ag Peadar Ó hAnnracháin faoi in Fé bhrat an Chonnartha: “Cá hionadh má deirim gurb é Seán Tóibín an Corcaíoch is cliste i gcúrsaí Gaeilge a tógadh sa chathair sin an fhaid a bhí aon bhaint agam leis an gConradh”. Bhí an méid seo ina thaobh i dTuarascáil san Irish Times ar 17 Samhain 1971: “Ní raibh a shárú de mháistir Gaeilge ann: le beaichte, le gontacht, le ciall do rith agus rithim chainte, le héisteacht fhriotail, le séimhe, le neart. Ba aistritheoir den scoth é, arae bhí tuiscint aige do dhlúth agus inneach teanga nach mbíonn ag mórán”.

Ar na leabhair a scríobh sé tá an méid seo a leanas: Luibh-eolas (1918); Múin mar seo! (1922); Irish for all (1922); Ursa an anama (1923); Tíreolaí tosaigh (1930); Iain Álainn (aistrithe ó John Splendid Neil Munro) (1931); Tíreolaí ar Éirinn (1934); Muintir Inis Anaithe (aistriúchán ar Children of Tempest Neil Munro) (1934); Tonn Clíodna (1936 – dráma do pháistí bunaithe ar na tableaux Gaelacha i gColáiste Uí Chomhraí); Lincoln (aistriúchán ar Abraham LincolnJohn Drinkwater) (1944); Blátha an bhóithrín (1955); Adré na coille (aistriúchán ar Audrey le Mary Johnston) (1956); Oileán an anró (1958); Ag baint lae as (aistriúchán ar The Passing Day le George Shiels); Troscán na mbánta (an dara cló 1973); Cúig cúigí Éireann: tíreolas dúchais na Gaeilge (1963). Ag Oireachtas 1912 bronnadh an dara duais don ghearrscéal air. Aistriúchán a rinne sé ar dhráma Dhónaill Uí Chorcora (“Ó Failbhe Mór” a foilsíodh in An Lóchrann) a d’fhág gur roinneadh an duais d’aistriúchán ar dhráma ó theanga iasachta idir é féin agus Séamas MacCormaic. Bhuaigh sé duais d’úrscéal stairiúil i 1919 agus an bhliain dár gcionn bhuaigh sé an chéad agus an dara duais ar dhráma gearr a thiontó ó theanga eile. I 1921 fuair sé an chéad duais do dhráma úrnua. Ba mhinic é ag scríobh sna hirisí éagsúla, in Scéala Éireann, agus ag craoladh faoi na hainmneacha cleite “Lugh Mac Céin” agus “Simeon Mac Stairn”.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú