MAC COLUIM, Fionán (1875–1966)

Rugadh é ar 28 Lúnasa 1875, de réir an teastais breithe. Florence Augustus na hainmneacha a baisteadh ar Fhionán ar 3 Meán Fómhair 1875. McCallam an chaoi a litrítear an sloinne. Uimhir a 1 Sráid na hEaglaise, Baile Monaidh, Co. Aontroma an seoladh a bhí ag a mhuintir ag am a bhreithe agus ceannaí [‘merchant’] an cur síos atá ar shlí bheatha an athar. B’as an mbaile sin dá athair Daniel McCallum. B’í Mairéad (May) Nic Cárthaigh a mháthair. Ciarraíoch í a bhí ag múineadh scoile i gContae Aontroma. In 1879, d’aistrigh an chlann go Cill Chainnigh agus as sin go Corcaigh. Cailleadh an mháthair agus bhí seisear leanaí ina diaidh. Seoladh Fionán siar go dtí a uncail, Fionán Ó Loinsigh, i gCill Mhic Iarainn in aice Chathair Saidhbhín. Múinteoir ba ea an Loinseach seo agus spéis neamhchoitianta aige sa Ghaeilge. Ba é athair Fhionáin Uí Loinsigh T.D. agus an Athar Seán Ó Loinsigh é agus uncail Chormaic Uí Chadhlaigh.

I ndiaidh meánoideachais sa Mhainistir Thuaidh i gCorcaigh, fuair Fionán post cléireachais in uachtarlann mhuintir Dowdall. Fuair sé post ansin in Oifig Chláraithe Chiste na Breataine. Nuair a bhí sé 21 bliana d’aois, ceapadh ina chléireach sóisearach in Oifig na hIndia i Londain é. Ba ghairid go raibh sé ina bhall de Chumann Lúthchleas Gael, den Irish Literary Society agus den Amnesty Association of Great Britain. Bhí baint aige le bunú cumainn iomána, The Exiles of Erin Club. Bhí páirt mhór aige in eagrú na gcomórtas lúthchleas in Stamford Hill in 1896. Tar éis dul i gcomhairle leis an Dochtúir Marcas Ó Roighin, d’iarr Fionán ar Phroinsias Ó Fathaigh agus ar an Dochtúir Seán Mac Énrí cabhrú leis chun ranganna Gaeilge a chur ar siúl. As an ngluaiseacht a bhunaigh siad a d’fhás Conradh na Gaeilge i Londain. Ceapadh Fionán ina rúnaí agus d’fhreastail sé ar an gcéad Oireachtas. Dúirt sé féin ‘Tré bhaint a bheith agam leis an IRB bhí orm glacadh le cúramaí a chuireadh an ceannurradh, Dr Mark Ryan, orm ó am go ham idir Amnesty Association, Young Ireland Society, Rúnaidheacht Fleadh don ’98 Centenary.... Chuir Scotland Yard cunntas ar mo chuid “dangerous activities” go dtí an India Office agus tugadh le tuisgint dom nárbh é mo leas iad maidir le dul ar aghaidh san seirbhís acu’ (cáipéis i seilbh Bhreandáin Bhreathnaigh).

In 1902, cheap an Conradh mar Ard-Timire i gCúige Mumhan é. Luigh sé isteach chun na hoibre láithreach, ag eagrú craobhacha, ag taisteal an chúige agus ag bailiú béaloidis agus seanamhrán. Ba é an chéad duine é a chuir ‘Cáit Ní Dhuibhir’ i gcló in Bolg an tsoláthair (1904). D’fhoilsigh sé cnuasaigh de na hamhráin agus go leor díobh freisin in An Lóchrann, iris a raibh baint mhór aige leis ó 1907 go 1927. Leabhair eile leis agus leabhair a bhfuil a ainm luaite leo is ea: Sean-amhráin na Mumhan cuid a haon [g.d]; Bolg an tsoláthair (1904); Smóilín na rann (1908); Caismirt na gcearc: (1910); Duanaireacht do leanbhaibh (1914); Cosa buidhe arda cuid a haon (1922) in eagar ag Fionán Mac Coluim agus Pádraig Pléimionn; Cosa buidhe arda cuid a dó (1923); Amhráin na nGleann, cuid a haon (1939); Laethanta geala: cunntaisí cinn lae do scríobh beirt chailíní scoile [i.e. M. Ní Shéagha agus Brighid Ní Shíothcháin] [g.d.]; Amhráin ó Mhuscraighe: Próinséas Ó Ceallaigh do bhailigh, [g.d.], in eagar ag Fionán Mac Coluim.

Tharla ganntanas airgid bheith ag cur as don Chonradh d’imigh Fionán agus an tAthair Micheál Ó Flanagáin go dtí na Stáit Aontaithe in 1910 an sagart ag tabhairt léachtaí agus Fionán i bhfeighil taispeántais d’earraí de dhéantús na hÉireann. D’fhill siad i lár 1912 agus £3,000 bailithe acu. Ainmníodh Fionán mar ionadaí an Chonartha sna Stáit agus faoi dheireadh 1912 bhí sé thall arís ag eagrú feiseanna, siamsaí agus taispeántaisí sna cathracha. Ag feis mhór amháin i mBostún bhí 2,500 i láthair. D’fhill sé ar na Stáit arís in 1914 in éineacht le Neilí Ní Bhriain agus taispeántas d’ealaíona na hÉireann á thabhairt timpeall acu.

Bhí Fionán ar ais in Éirinn i dtús 1916 agus scéim nua don Ghaeltacht leagtha amach aige. Ghlac an Coiste Gnó leis an scéim agus cuireadh i bhfeidhm i gCiarraí é. An rud a bhí i gceist go mbeadh sé pharóiste faoi chúram Fhionáin agus é de dhualgas air scéimeanna a fhorbairt chun an Ghaeilge a thabhairt chun cinn i ngnáthshaol na ndaoine. Ceapadh mar Rúnaí Dúiche i gCiarraí é in 1920. Chuir na Dúchrónaigh a theach trí thine an bhliain sin agus chaill sé a raibh aige de leabhair agus de lámhscríbhinní.

Ó 1916 ar aghaidh, bhí meath ag teacht ar scéim na dtimirí agus in 1921 mhol coimisiún don Chonradh éirí as scéim na rúnaithe dúiche. Fágadh Fionán gan phost tar éis a raibh ar siúl aige le fiche blíain. D’iarr sé ar an gConradh pinsean a thabhairt dó. Thug siad £100 dó don bhliain 1921–1922 agus é de chúram air bheith ag bailiú seanamhrán. Ach ansin ceapadh é ina chigire ar na ranganna Gaeilge a bhí ar siúl ag na Coistí Gairmoideachais. Ní raibh sé i ndán dó post buan a fháil. Bhí sé anois ró-aosta.

In 1926, casadh Pádraig Mac Mánais air agus é ar chuairt abhaile ón Airgintín. Thug sé £100 d’Fhionán chun cabhrú le bailiú an bhéaloidis. Le Séamus Ó Duilearga, Dubhghlas de hÍde, An Seabhac, agus daoine eile bhunaigh sé an Cumann le Béaloideas Éireann. Bhí sé ina bhall den Chumann sin agus de Choimisiún Béaloideasa Éireann go dtí lá a bháis. Sna 1920idí freisin bhunaigh sé Trúpa Feise Chiarraí a théadh ó bhaile go baile ag cur coirmeacha ceoil ar siúl. Bhí an-bhaint aige leis an gClaisceadal in 1939 agus arís nuair a athbhunaíodh é in 1950. D’ullmhaigh sé breis is 50 clár raidió do Chiarán Mac Mathúna i dtaobh na n-amhrán a shlánaigh sé.

Nuair a bhí air éirí as an obair chigireachta agus é 70 bliain d’aois, ceapadh mar chomhairleoir ceoil don Aire Oideachais é. Lean an post sin go dtí gur cailleadh é ar 16 Nollaig 1966. Tríocha bliain roimhe sin phós sé Máirín Nic Craith i gCorcaigh. Rugadh mac amháin dóibh.

Is fiú a thabhairt chun cuimhne rud a dúirt The Irish Book Lover in 1957 nuair a bhí a chairde ag bronnadh comhartha measa air, nach ndéanfaí dearmad ar ainm Fhionáin Mhic Choluim fad a bheadh meas ar cheol agus amhráin na nGael.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú