ainm.ie focal.ie logainm.ie dúchas.ie gaois.ie scéalta nua/news · FIONTAR
printéir priontáil scáileán ar ais chuig leagan don scáileán printéir leagan furasta le priontáil DE PAOR, Proinsias (18791955)

Sheinneadh sé an phíb mhór agus bhain sé cáil amach mar phíobaire Chonradh na Gaeilge i Londain. Chuir sé leis an gcáil sin in Acaill. Tá cuid mhaith tagairtí dó ag Íosold Ní Dheirg in Emily M. Weddall, bunaitheoir Scoil Acla, 1955. In Plymouth, Sasana, a rugadh é (Francis Hugh Power) 27 Lúnasa 1879. Ba é an duine ba shine de naonúr é. B’as an Gleann Garbh, Co. Chorcaí, dá athair William Power, ar chaptaen loinge é sula bhfuair sé post mar oifigeach custaim. Ba ghaol gairid dó sin an file T. D. Sullivan (1827-1914) agus chuireadh an Paorach féin armas Uí Shúilleabháin Béarra ina chaipín píobaire. B’fhéidir gurbh as Albain don mháthair, Julia Marian Walker. Dealraíonn sé go raibh an teaghlach go maith as: bhí máistreás tí acu agus is chuig scoil ‘phoiblí’ a cuireadh Proinsias. Sa scoil sin, ar choláiste Francach é, a chuir sé spéis sa Ghaeilge ar dtús; luigh a shúil ann ar Grammaire Irlandaise, leabhar a clóbhuaileadh, más fíor, ar phreas a bhí ag coilíneacht Edward Nangle in Acaill. Chaith sé tamall ag dul le sagartacht i gColáiste na nÍosánach in Valladolid. Bhí Spáinnis agus Fraincis agus teangacha eile aige.

Is iad na tagairtí is luaithe dó sna hirisí Gaeilge é a bheith ag seinm ar an bpíb ag scoraíocht in Kent ar 20 Aibreán 1904—‘Mr Power’s warpipes woke up Kent’ (An Claidheamh Soluis 7 Bealtaine 1904). Chuir sé síntiús chuig Scoil Tamhain níos deireanaí an bhliain sin (idem 3 Nollaig 1904). I 1905 bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann na bPíobairí i Londain agus ina rúnaí acu. 60 Selwyn Road, Upton Manor, Sussex, a sheoladh ag an am. Cheap Giolla Bhríde Ó Catháin, Conraitheoir i Londain, an dán ‘An Paorach aerach áluinn Ó’ ina onóir. Sheinneadh sé ceol lena bhanna féin nó ina aonar ag ceolchoirmeacha na Féile Pádraig agus na Samhna. Bhí post aige i mBord Scoileanna Londan (The Irish Peasant 20 Aibreán 1907) agus is sa chathair sin a d’fhoghlaim sé Gaeilge agus an phíb mhór. Sa chaibidil ‘Ar bhóithrín na smaointe’ in Seilg i measg na nAlp, 1917 ba chuimhin le Micheál Breathnach é: ‘Tá an Paorach faoina chulaidh ghaisce ag síorshéideadh na bpíob i dtosach an tsluaigh. Nach breá mórdhána an fhuaim a chuireas sé le Ó Domhnaill Abú’. In Inis Fáil, Aibreán 1906 tá an cur síos seo ar cheolchoirm Lá ’le Pádraig sa Covent Garden Opera House: ‘The pipes too, as An Paorach and his kilted bodyguard played them, were magical in the way they filled the audience with a desire for more. At the end of the evening concert the pipers set off down the Strand and Fleet Street like so many Orpheuses, drawing thousands after them to the tune of “The Peeler and the Goat” and “The Wearing of the Green” as far as Ludgate Circus’ (i gcló ag Íosold Ní Dheirg). Bhí baint aige go háirithe le Craobh Forest Gate agus thuairiscigh Sinn Féin 29 Feabhra 1908 i dtaobh na craoibhe sin: ‘The glory has departed. Seán Ó Catháin is here no longer nor Fionán Mac Coluim. Marbhán [Seán Ó Ciarghusa] is north and the Paorach south from us’.

Is le linn dó a bheith ag Oireachtas 1906 a fostaíodh é mar mhúinteoir taistil faoin timire Séamus Ó hEocha agus thosaigh sé ag obair i ngeimhreadh na bliana sin. Thug Ó hEocha é go dtí an tAonach, An Port Rua, Eochaill, Tuaim Uí Mheára, agus Béal Átha Gabhann (An Claidheamh Soluis 10 Samhain 1906). Chaitheadh sé filleadh beag. Bhí litir faoin gceannteideal ‘The National costume’ aige in An Claidheamh Soluis 14 Meán Fómhair 1907. ‘A meeting of Cumann Filleadh Bheag na hÉireann [was] held at An Proinnteach, 4 Johnson’s Court, on Friday 18th. Principal object to popularise the wearing of the kilt as a national costume. . . . A telegram was received from An Paorach wishing to have his name inscribed on the list of members’ (Sinn Féin 26 Deireadh Fómhair 1907). ‘In Aonach Urmhumhan neighbourhood An Paorach, who is as famous for his music as he is for teaching, has brought whole hosts into the movement’ (An Claidheamh Soluis 15 Bealtaine 1909). Bhíodh air freastal ar leathdhosaen craobh agus deich gcinn de scoileanna náisiúnta agus bhí taisteal 163 míle sa tseachtain i gceist (idem 5 Feabhra 1910).

Tuairiscíodh sa pháipéar sin 6 Lúnasa 1910 go raibh faoi éirí as an bpost i dTiobraid Árann agus cáiliú mar mhúinteoir náisiúnta i gColáiste De La Salle i bPort Láirge. Dar leis gurbh fhóintí go mór a bheith ag múineadh na teanga do leanaí óga. Ag an am sin bhí sé ina chomhrúnaí oinigh ar Choiste Ceantair Thiobraid Árann Thuaidh den Chonradh (Sinn Féin 17 Meán Fómhair 1910). Bhí alt i gcló aige in Irisleabhar De la Salle le linn dó a bheith sa choláiste.

Mar mhúinteoir taistil arís a bhí sé ag obair in Acaill agus, go dtí go bhfuair sé post múinteora in Acaill Bheag i 1913, ba í Eimhear Weddall a d’íocadh an chuid is mó dá thuarastal. Bhí baint aige le Scoil Acla ó thús. Bhí an scoil le dúnadh ar 10 Lúnasa ach ní imeodh na mic léinn—d’fhan siad go deireadh na míosa. ‘An Paorach’s beautiful voice was beginning to sound like a foghorn, and small wonder, for, besides acting as our Ard-Ollamh he taught singing and dancing in the school and piping in the village and, needless to say, he was the life and soul of our wonderful school céilithe and of the village and countryside as well and we well know he had hardly one good rest for many years’ (Sinn Féin 14 Meán Fómhair 1912). Deir Íosold Ní Dheirg faoin gcéad scoil sin: ‘Agus fearacht Scoil 1911, bhí neart spóirt ag muintir na scoile agus ag muintir na háite araon. Thagadh An Paorach aniar an bóthar thart ar a hocht sa tráthnóna, na píoba á seinm aige agus slua de mhuintir na háite ina dhiaidh. An filleadh beag a chaitheadh An Paorach i gcónaí agus chaitheadh sé seoda airgid “Gaelacha” chomh maith. Bhíodh gach éinne i láthair ag na céilithe. I ndiaidh an damhsa chasadh An Paorach agus Pádraig Ó Broin amhráin, sheinneadh An Paorach ar an bhfidil chomh maith...’. Bhí bád aige an bhliain dár gcionn agus bhaineadh cuairteoirí úsáid as. Le mairnéalacht a chuaigh a shinsir agus bhí dúil mhór aige sa bhádóireacht. Rinne sé currach dó féin agus théadh sé ag seoltóireacht ina luamh timpeall Chuan Mó. Bhí aistí aige faoi ghnéithe de shaol na n-oileán ar chósta Mhaigh Eo in An tEaglaiseach Gaelach Márta 1920 go Meitheamh 1921.

Tá an cur síos seo air in An Claidheamh Soluis 20 Nollaig 1913: ‘Agus sin é An Paorach leis an scian mhór airgid. Cloisfidh tú é ag píobaireacht anocht ag an gcéilí. Casann sé an fhidil go han-mhaith freisin. Dar ndóigh, creideann seandaoine an bhaile go bhfuil draíocht éigin ag baint leis. Deir siad go dtig leis chuile rud a dhéanamh’. Bliain ina dhiaidh sin bhí múinteoirí in Acaill ag tionscnamh achainí in aghaidh mhúineadh na Gaeilge (idem 5 Nollaig 1914). Ach tuairiscíodh san iris sin 26 Meitheamh 1915 go rabhthas ag bailiú airgid chun teach cónaithe, leabharlann agus seomra le haghaidh cluichí a thógáil. ‘An Paorach is a twentieth century representative of the philosophic Gaels of our early history who loved to found schools on distant lonely islands. Like them he left “civilisation” and “comfort” behind and turned his face to the west. Like them, he is philosophic in his love of an t-uaigneas and he is like them also in persistent effort. His school, of course, is not a monastery, but a simple national school on Acaill Beag, a small island close to Oileán Acla. An Paorach himself is not a hermit. Frequently when the school day is over he takes his pipes and sends the strains of martial music through the hollows and among the rocks of his little Gaeltacht. He has taught his pupils how to entertain themselves, and native culture is spreading in many ways from the little school room...’. Bhí ardmheas mar mhúinteoir air in Acaill Bheag. Deir Íosold Ní Dheirg: ‘Tar éis dó dhá bhliain a chaitheamh sa phost, chruthaigh sé chomh maith sin gur chinn a chairde ar theach a thógáil dó mar chomhartha measa. Ní raibh d’áitreabh aige an t-am sin ach seomra i dteach beag san oileán. Nuair a chuathas i gcomhairle leis faoin bplean, dúirt sé nár spéis leis a leithéid mura mbeadh seomra ann a bhféadfadh muintir an oileáin pé leas ba mhian leo a bhaint as. Ba leor sin; chuathas chun oibre, nó ba chirte a rá go ndeachaigh Mrs Weddall agus a cairde chun oibre ag bailiú airgid don teach. Ba ise rúnaí Choiste an Tí mar a tugadh air agus thoiligh An Craoibhín [Dubhghlas de hÍde] feidhmiú mar Chathaoirleach’. I measc na ndaoine a thug síntiúis bhí Lord Aberdeen, Wilfrid Scawen Blunt, Claude Chavasse , Seán Mac Éinrigh , An tAthair Mathúin Ó Riain , Sadhbh agus Mairéad Trinseach, Ella Young , Arthur Brandreth . . . ; deir Íosold Ní Dheirg gur geall le Who’s Who na linne an liosta a foilsíodh in Mayo News.

I mí na Samhna 1915 bunaíodh craobh de Chonradh na Gaeilge in Acaill Bheag. Níor cuireadh ainm leis an tuairisc seo in An Claidheamh Soluis 12 Nollaig 1915: ‘Bhí scoil oíche ann faoin mBord Náisiúnta agus ba mhaith an scoil í. Tugadh na táillí ab airde don oide agus an marc “very good”. Bhí chuile dhuine ag dúil leis an scoil an geimhreadh seo ach ní mar a shíltear bítear. Dhiúltaigh an bainisteoir urramach teach na scoile do thabhairt dúinn agus anois bímid gach oíche i dtigh úr An Phaoraigh. Múintear léitheoireacht, scríbhneoireacht, stair na hÉireann agus ceol. Anois agus arís bíonn damhsa againn. Ba mhór an gar dúinn teach na scoile a bheith againn agus rinneadh éagóir nuair a diúltaíodh dúinn. Teastaíonn léann uainn chomh maith le cách. Tá an clár dátheangach sa scoil náisiúnta sa deireadh thiar thall. Tá sé molta ag na cigirí agus ag an mBord le bliain nó níos mó. Bhí an t-oide sásta leis ach ní raibh daoine eile amhlaidh. Ba chóir an clár dátheangach céanna a bheith i ngach scoil in Acaill agus ba chóir an teagasc Críostaí a mhúineadh as Gaeilge, rud nach ndeintear in aon scoil’. In An Claidheamh Soluis 11 Márta 1916 tuairiscíodh go raibh Cumann Múinteoirí Naisiúnta Acla ag bagairt é a ruaigeadh as an gcumann sin. ‘His offence is that he is a manly Irish teacher’ an t-eireaball a chuir an t-eagarthóir leis an mír nuachta sin. D’éirigh idir é agus an sagart paróiste. Tá cuntas ag Darrell Figgis i dtaobh an aighnis in New Ireland 22 Eanáir 1916 agus tá comhfhreagras in The Connaught Telegraph 19 Feabhra 1916 et seq. B’éigean dó Acaill Bheag a fhágáil. Dúirt Seán Seóighe, múinteoir taistil i Maigh Eo, ag Ard-Fheis an Chonartha i 1917: ‘Ní thugtar aon seanmóir Gaeilge in aon teach pobail in Acaill agus ní mhúintear an Teagasc Críostaí in aon scoil ann, ach amháin i scoil an Phaoraigh’ (i gcló ag Proinsias Mac Aonghusa in Conradh na Gaeilge 1893-1993 : stair sheanchais, 1993). Bhain Scoil Acaill Bhig trí dhuais i roinn na scoileanna ag Feis Mhaigh Eo i gCathair na Mart i 1917. Go ndeachaigh an Paorach go hAcaill Bheag ba ar éigean aon duine faoi bhun tríocha a raibh Gaeilge aige. Chomh deireanach le 20 Eanáir 1917 bhí An Claidheamh Soluis ag tuairisciú go raibh gach buachaill agus cailín in Acaill in ann an iris sin a léamh de bharr iarrachtaí an Phaoraigh. Mhaígh siad nach labhraíodh sé aon Bhéarla lasmuigh dá uaireanta oibre.

Fuair sé post i gCoill Mhór ar an mórthír agus chuaigh chun cónaithe i mBaile Uí Fhiacháin. Phós sé Máire Tighe, múinteoir ó Cheathrú Bhán, Achadh Mór, 4 Aibreán 1923. Rugadh beirt iníonacha dóibh. D’fhág sé Baile Uí Fhiacháin i 1945 agus chaith sé deich mbliana ag múineadh i gColáiste Iognáid i nGaillimh. Anois is arís bhíodh éileamh air mar fhear teanga sna cúirteanna nuair is le mairnéalaigh ón Mór-Roinn nó a leithéidí a bhain na cásanna. D’éag sé 20 Bealtaine 1955. ‘Naomh Breandán’, Bóthar an Chaisleáin Nua, Gaillimh, a sheoladh ag an am (Inniu 7 Meitheamh 1955). Scríobh ‘L.Mac C.’ (Liam Mac Coisteala) aiste fhada faoi in Scéala Éireann 3 Meitheamh 1955 agus dúirt: ‘Bhí sé gníomhach i ngnóthaí na nÓglach agus go hard i gcomhairlí Arm na Poblachta in iarthar Mhaigh Eo’. Bhí a mhuintir cinnte de go raibh sé ina bhall de Bhráithreachas na Poblachta.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

© Bunsonraí na mbeathaisnéisí: Cló Iar-Chonnacht (2014) · © An cóiriú leictreonach seo: Fiontar (2014) · Teagmháil: ainm@dcu.ie · facebook · twitter
Foirm aiseolais | Cartlann scéalta nuachta