Bhí sé ar na daoine ab ildánaí i stair na hathbheochana: údar an dá leabhar is mó a raibh éileamh ag an bpobal orthu, múinteoir, riarthóir poiblí, béaloideasóir, scoláire, ceoltóir, fear gnó, díograiseoir, fear troda agus fear na síochána. I mBaile an Ghóilín, trí mhíle siar ón Daingean i gContae Chiarraí agus cois na farraige a rugadh Pádraig ar 10 Márta 1883. Maor géim ag an Tiarna Fionntrá ba ea a athair, Patrick Sugrue (d’éag Eanáir, 1931), agus ba í Ellen Cleary a mháthair. Is mar seo a bhí an teaghlach i nDaonáireamh 1901 in Burnham EastBaile an Ghóilín: Patrick Sugrue (47), maor seilge; Ellen (40), a bhean; Patrick (18), maor seilge. Bhí Gaeilge acusan. Bhí ann freisin Kate (15), cailín aimsire, John (13), dalta scoile; Denis (11); Maurice (7); Ellen ( 5); Edward (3); Michael (naoi mí). Naonúr a rugadh dóibh ach faoi 1911 ní raibh beo ach seachtar. I nDaonáireamh 1911 is iad a bhí sa teach: Patrick (60) agus Ellen (52), iad pósta le 29 bliain; John (23), siúinéir; Denis (21), ‘undergamekeeper’; Nellie Angela (15), dalta scoile; Edward (13); Michael (10). Bhí Gaeilge agus Béarla acu go léir. B’fhéidir a rá gur cheantar breac-Ghaeltachta ba ea Baile an Ghóilín agus gur ‘breac-chainteoir’ é Pádraig.

D’fhreastail sé ar bhunscoil na mBráithre sa Daingean go raibh sé 16 bliana d’aois. Béarla ar fad a bhí ann lena linn ach dúirt sé féin le Muiris Ó Droighneáin: ‘Ní foláir go dtuigimís an Ghaeilge go maith, ámh, mar is cuimhin liom go mbaininn taithneamh mór as an scéalaíocht a bhíodh ar siúl ag na seandaoine le linn tórraimh nó ócáide dá shaghas’ (Taighde i gcomhair stair litridheachta na nua-Ghaedhilge ó 1882 anuas, 1936). In alt a scríobh sé in Capuchin Annual 1937, ‘Cuimhne is Comparáid’, tráchtann sé ar an nGaeilge agus an Béarla a bheith measctha le chéile i gcúrsaí an lae.

D’fhoghlaim sé léamh agus scríobh na Gaeilge as leabhair Uí Ghramhnaigh agus ó mháistir scoile sa chomharsanacht agus chuir sé rang Gaeilge ar bun tuairim 1903 i dteach Mháire Hussey ar an gCuas Mór agus é d’aidhm aige léamh agus scríobh na Gaeilge a mhúineadh do chomharsana ar Ghaeilgeoirí iad. Bhí an chéad rud i gcló aige in Banba, Bealtaine 1902, aiste ar Stad na nGaeilgeoirí ar Shráid Fhreidric Thuaidh i mBaile Átha Cliath.

Casadh Tomás Bán Ó Concheanainn air sa Daingean in 1905. Labhair Tomás le Fionán Mac Coluim agus earcaíodh é mar mhúinteoir taistil. Deir Peadar Ó hAnnracháin: ‘Thuig seisean [Fionán] cad é an saghas ceart d’Uibh Ráthach. Níor mhór dó Gaeilge a bheith ar fheabhas aige, agus ceol agus amhránaíocht chomh maith leo féin, mar bhíodar go diail chun ceoil agus thar barr chun na n-amhrán’ (Fé bhrat an Chonnartha, 1944). ‘Riamh ina dhiaidh sin ní raibh gné ar bith d’obair na Gaeilge nach raibh a lámh inti go lánghníomhach’, a dúirt Aindrias Ó Muimhneacháin in Feasta , Márta 1983. Tuairiscíodh in An Claidheamh Soluis 15 Meán Fómhair 1906 gur éirigh leis i scrúduithe Choláiste na Mumhan. Is faoina stiúir a bhuaigh Craobh Uíbh Ráthach Sciath an Oireachtais sna blianta 1906 agus 1907. ‘Cé go mbíodh timireacht ar siúl aige ní raibh sé i mbun timireachta dáiríre go dtí mí na Márta 1908, agus is i ndúthaigh Déiseach a thosaigh sé. Ní rófhada a d’fhan sé leis an timireacht mar d’fhill sé ar an mhúinteoireacht arís’ (Na timirí i ré tosaigh an Chonartha 1893-1927, 1990 le Donncha Ó Súilleabháin). Faoi 1910 bhí sé ag múineadh i gCill Dara (An Claidheamh Soluis 1 Deireadh Fómhair 1910). Anuas go dtí 1922 bhí sé ag obair mar mhúinteoir agus mar thimire i gContae Chiarraí, i gceantar Mhainistir Fhear Maí, agus sna Déise. Dar le hAindrias Ó Muimhneacháin gurbh í an mhúinteoireacht a rogha oibre.

A thapúlacht a ghluaiseadh sé i mbun gnó mar mhúinteoir taistil a thuill an t-ainm ‘An Seabhac’ dó, dá mb’fhíor don Mhuimhneachánach. Ach ba é tuairim Risteáird Uí Ghlaisne gurbh ainm cleite é, ainm a roghnaigh sé dó féin i gcomhair chomórtais an Oireachtais: ‘Agus níl aon ainm cleite a sheas chomh fada ná chomh buacach le ainm cleite Phádraig Uí Shiochfhradha—“An Seabhac”. Go deireadh a shaoil ba mhinice a thráchtfaí airsean i ngach treo baill mar “An Seabhac” ná mar Phádraig Ó Siochfhradha’ (Scríbhneoirí na Nua-Ré 1. . ., 1974). Is cosúil go raibh an obair a dhéanadh sé in Uíbh Ráthach ag cur isteach ar a shláinte. ‘Cheap a lán go raibh a ré caite mar chuaigh sé as go mór. Na bóithre fada agus troscadh fada go minic, is dócha, agus an dúthracht chun saothair, gan sos, gan stad, is beag nár mharaíodar é. D’fhág Uíbh Ráthach gona dhrochbhóithre a rian air, ach d’fhág seisean gona chuid eolais a rian ar mhuintir Uíbh Ráthaigh’ (Peadar Ó hAnnracháin in Fé Bhrat an Chonnartha).

Ó 1908 amach bhí sé in eagarthóir ar An Lóchrann (1907-1913). Iris dhátheangach ba ea í ach d’fhéach sé chuige gur Ghaeilge amháin a bheadh i gcló inti. ‘Ní raibh de chló Gaeilge san oifig úd ach an méid díreach a líonfadh taobh amháin den pháipéar. Chaití an taobh san a bhualadh faoi chló agus na litreacha ar fad a scaipeadh arís agus cromadh ansan ar an dara taobh a chur le céile’ (Triocha-céad Chorca Dhuibhne ). San iris sin a d’fhoilsítí an béaloideas agus an dinnseanchas a bhí bailithe aige. ‘. . . an páipéar Gaeilge dob fhearr agus ba shuimiúla a foilsíodh riamh, dom thuairim-se. . .’, a dúirt Séamus Ó Duilearga faoin iris. Lean an chéad sraith ar aghaidh go hAibreán 1913.

Bhí baint aige le bunú Choláiste an Daingin in 1908 agus bhí sé ag múineadh ann (An Claidheamh Soluis 18 Bealtaine 1912). Bhí sé ina ionadaí thar a cheann ag Comhdháil Choláistí Gaeilge na hÉireann in 1913 (idem 19 Aibreáin 1913). Bhí sé ina ollamh ann go dtí tuairim 1921. San iontráil in Celtic Who’s Who ainmníonn sé an Coláiste agus Conradh na Gaeilge mar na clubanna a raibh sé ina bhall díobh!

Ó 1910 ar aghaidh bhí sé éirithe as fostaíocht an Chonartha agus bhí ina bhall dá Choiste Gnó go minic. Ghlac Ard-Fheis 1911 le rún a mhol sé féin agus Cormac Ó Cadhlaigh: ‘Is mithid do lucht an mheánoideachais athrú a chur ar an gcóras múinte sna meánscoileanna i dtreo go múinfí an Ghaeilge mar bheo-theanga’ (Cath na Gaeilge sa chóras oideachais le Donncha Ó Súilleabháin). D’éirigh sé as an gCoiste Gnó i bFeabhra 1916. Tuairimíonn Donncha Ó Súilleabháin: ‘D’fhéadfadh sé tarlú go raibh sé míshásta nuair nach é Fionán Mac Coluim a toghadh mar Ard-Rúnaí ar an gConradh. Is cinnte go mbeadh sé míshásta le treoir a bhí le tabhairt ag an gCoiste Gnó do thimirí agus múinteoirí taistil gan cabhrú leis An Lóchrann a bhí le teacht amach go luath i gCorcaigh aige féin agus Seán Tóibín. Nó d’féadfadh fonn a bheith air dul ar ais ag obair go lánaimsireach leis an gConradh’ (Feasta, Márta 1983). Lean an dara sraith seo den iris anuas go 1921. Thuairiscigh sé d’Ard-Fheis 1917 agus é ag cur síos ar a thimireacht i gCorca Dhuibhne go gceannaítí 25 dosaen den Lóchrann sa cheantar sin gach mí. Ag Oireachtas 1918 ghlac sé páirt sa chomórtas veidhleadóireachta agus bronnadh duais speisialta air.

Chuaigh sé isteach sna hÓglaigh nuair a bunaíodh iad agus bhí sé ina oifigeach ceannais ar Óglaigh Chorca Dhuibhne. Tá cuntas in Kerry’s fighting story ar an obair a bhí idir lámha aige: ranganna Gaeilge, druiléail agus timireacht. Chuir Aibhistín de Staic go Baile Átha Cliath é Aoine an Chéasta 1916 le heolas i dtaobh na socruithe a thabhairt abhaile go Ciarraí. Chaith sé sé thréimhse i bpríosún i Sasana agus in Éirinn. In Machnamh cime scríobh Peadar Ó hAnnracháin faoi thréimhse díobh san Oileán Mór i mBéarra: ‘Tá an Seabhac ag múineadh amhráin inniu. Bhí amhráin lucht an Bhéarla in uachtar anso ó thánamar ann ach tá buaite orthu anois’. Bhí sé ina chathaoirleach ar Chomhairle Chontae Chiarraí i dtús na 1920idí agus ina bhreitheamh i gcúirteanna Shinn Féin (Amárach 27 Samhain 1964). Ó 1920 go 1922 bhí sé ina thimire faoin gCéad Dáil i gContae Chiarraí agus ansin aistríodh é go Baile Átha Cliath faoin Roinn Oideachais. Níor ghlac sé aon pháirt sa Chogadh Cathartha. Dúirt Aindrias Ó Muimhneacháin go ndearna sé a dhícheall an dá thaobh a thabhairt chun réitigh (Feasta, Eanáir 1965). Tuairiscíodh in Fáinne an Lae 28 Meitheamh 1924 go raibh sé ar dhuine de fheitheoirí na nua-Ghaeltachta a bhíothas le bunú i mBaile Átha Cliath.

Bhí sé ina Choimisinéir Riaracháin ar Chontae Liatroma agus ar bhoird sláinte Ros Comáin agus an Longfoirt ó 1923 go 1926. Bhí sé ina ionadaí thar ceann na gcomhairlí contae sa Chomhdháil a cheap an Roinn Oideachais chun clár an bhunoideachais a bhreithniú. Tugadh go Baile Átha Cliath faoi Roinn an Oideachais é i 1926 agus bhí sé i mbun tionscnamh na gColáistí Ullmhúcháin. I mBaile an Ghóilín i bhFeabhra 1927 a osclaíodh an dara ceann dóibh, Coláiste Íde, sa teach mór ‘Burnham’ ina mbíodh cónaí ar an Tiarna Fionntrá. Bhí sé ina chomhalta de Choimisiún na Gaeltachta 1925-26. Deir Cathal Ó Tuathail gurbh é an chéad eagarthóir é sa Ghúm (Sunday Independent 4 Samhain 1934). Chabhraigh sé chun na scoileanna Gaelacha i mBaile Átha Cliath a bhunú agus bhí páirt aige i mbunú Choláiste Mhuire. D’fhág sé an tseirbhís phoiblí i 1932 agus as sin amach bhí sé ina eagarthóir, agus níos deireanaí ina stiúrthóir, sna comhlachtaí foilsitheoireachta, Comhlucht an Oideachais agus Clólucht an Talbóidigh.

Bhí sé ar an dream a d’fhéach chuige go mbeadh an tOireachtas ar siúl arís. Bhí sé ina chathaoirleach ar an gcoiste riartha. ‘Ba mhaith an lá sin don Oireachtas, mar d’éagmais a chumais is a threorach is a dhúthrachta ní éireodh linn choíche faoi mar a d’éirigh. Ná ní bheadh ar an bhféile an slacht a bhí’ (Aindrias Ó Muimhneacháin in Feasta, Márta 1983). Bhí sé sa chathaoir agus ina ionadaí thar ceann Chumann Gaelach na hÉireann ag cruinniú a tionóladh ar 13 Meán Fómhair 1939 chun na socruithe a phlé (Ar son na Gaeilge, 1993 le Proinsias Mac Aonghusa). Ba é a thug an óráid agus a bhronn na duaiseanna ag an Oireachtas athbhunaithe ar 4 Samhain 1939. Bhí sé ina uachtarán ar an bhféile ar feadh tamaill de bhlianta.

An baile seo ’gainne (1913) agus Jimín Mháire Thaidhg (1921) an dá leabhar is aitheanta dár scríobh sé. Chóirigh Pádraig Ua Maoileoin iad in Seoda an tSeabhaic (1974) agus dúirt sa bhrollach: ‘Ba mise féin Jimín Mháire Thaidhg. Bhí Micilín Eoghain agus Smuilc agus an comhluadar leathmhallaithe leathbheannaithe eile acu ar aon scoil liom. Ba iad mo chomharsain Tadhg Geancach agus Peig Beag, Flúirsín, Liam na Giúise, Méinín agus Donncha Pheig. Ba í Máire Thaidhg an mháthair ná raibh riamh agam. Ní raibh leanbh tuaithe in Éirinn nár aithin cuid de féin i gcuid acu seo agus ná raibh cuid eile acu i mbéal an dorais aige. Cá beag sin de theist ar shaothar an tSeabhaic’. Dúirt Pádraig Ó Fiannachta ag Éigse an tSeabhaic (Feasta, Meitheamh 1975): ‘Bailiúchán de scéalta liteartha bunaithe ar an mbéaloideas atá sa Baile seo againne. Is mór idir é agus an Decameron, ach is é an tuiscint bhunúsach chéanna don scéalaíocht atá sa dá shaothar’. Saothar grinn eile uaidh is ea Seáinín, nó eachtra mic mí-rialta (1922) agus Caibilidí as leabhar Mhóirín (1934). In An Lóchrann agus in An Claidheamh Soluis a bhí na scéalta seo go léir i gcló ar dtús. Dúirt Aindrias Ó Muimhneacháin gur éirigh sé as scéalta grinn a scríobh tar éis an Chogaidh Chathartha, go ndeireadh sé go minic gur mhúch an t-aighneas sin cibé féith cheapadóireachta a bhí ann (Feasta, Márta 1965).

An Seabhac a threoraigh Brian Ó Ceallaigh i dtreo Thomáis Uí Chriomhthain. Sular fhág Ó Ceallaigh Éire d’iarr sé ar An Seabhac eagar a chur ar obair Uí Chriomhthain. Ba é a chéadchuir eagar ar Allagar na hInise (1928) agus ar An tOileánach (1929), agus ba é a bhaist na teidil orthu. Tá cuntas ar a eagrán de An tOileánach ag Seán Ó Coileáin in ‘Tomás Ó Criomhthain, Brian Ó Ceallaigh agus An Seabhac’ in Scríobh 4, 1979. ‘Ach tá tábhacht éigin ag baint le heagrán An tSeabhaic de An tOileánach i gcónaí. Nár ghéilleamar ar fad ann ar feadh i bhfad? Nach leis a tógadh sinn? Ná fuil tráchtais MA scríte ar na foirmeacha teangan ann ag daoine ná feaca an lámhscríbhinn riamh ná í ag cur aon tinnis orthu? Nach mó aiste bhreá léirmheas­tóireachta imithe gan tairfe mar gheall air? Nach bhfuil sé aistrithe isteach i scata teangacha eile? Nach sampla breá de phiúratanachas na haimsire é? Is geall le héitheach buan é. Is tábhachtaí é ar shlí ná an rud a scríobh Tomás Ó Criomhthain féin. Agus ní bhainfear an t-urlár de ar fad pé dícheall a dhéanfaidh aon eagarthóir eile ar scríbhinní Thomáis san am atá le teacht. Fanfaidh sé neamhspléach ar an obair sin ar fad mar shaothar ann féin. Ná ní bheidh an seasamh céanna ag aon leabhar Gaeilge go deo arís agus a bhí aige tamall’. Scríobh James Stewart ‘An tOileánach—more or less’ in Zeitschrift für celtische Philologie 35, [1976].

Chuir sé ar fáil leaganacha Nua-Ghaeilge de An ceithearnach caolriabhach (1910); Cath Fionn Trágha (1913); Eachtra Thaidhg Mhic Céin go Tír Freisean (1933); Bruidhean Eochaidh Bhig Dheirg [g.d.] ; Tóraíocht an Ghiolla Dheacair agus a chapaill, [1939]. Deir Philip O’Leary in The prose literature of the Gaelic revival 1881-1921 (1994): ‘Gaeltacht writers like [Peadar] Ua Laoghaire, Pádraig Ó Siochfhradha, and Séamus Ó Dubhghaill believed that the ideal “readership” for their work would be illiterate native speakers to whom it would be read aloud’ agus tarraingíonn sé as alt an tSeabhaic in An Claidheamh Soluis 11 Nollaig 1909 (‘Scríobhtar Finnscéalta dúinn’) chun an aidhm spreagthach sin a léiriú. Chuir sé eagar ar Laoithe na Féinne (1941) agus ar Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne [c.1939]. Scríobh sé Beatha Theobald Wolfe Tone (1933), saothar atá bunaithe ar thuairiscí Tone ar a shaol féin. D’aistrigh sé Spreading the news leis an mBantiarna Gregory faoin teideal Dubhairt sé dabhairt sé (1931) agus The resurrection of Dinny O’Dowd le Seamus Mac Manus faoin teidal Eis-éirghe Dhonncha (1933). Bhuaigh sé roinnt duaiseanna Oireachtais, ar ceann díobh, i gcomhpháirt le Risteard Mac Crócaigh, duais ar ‘Tráchtas ar mharaíocht’. I gcomhpháirt le Seoirse Mac Niocaill scríobh sé Ceapadóireacht chainnte agus scríobhtha [g.d.]. Chuir sé leagan Muimhneach de Láimhleabhar Mhódha na ráithe, 1920 le Dónall Ó Tuathail ar fáil. Chuir sé ar fáil freisin cuid mhór leabhar scoile, idir fhoclóirí, ghraiméir, bhunleabhair i gcomhair páistí agus eagráin scoile de leabhair éagsúla.

Bhí baint aige leis an gComhar Drámaíochta ó thús. Chruinnigh sé cláir na ndrámaí a léirigh na hAisteoirí agus bhronn an bailiúchán ar an Leabharlann Náisiúnta faoin teideal Clár na ndrámaí a léiríodh go poiblí i mBaile Átha Cliath, 1922-1949 .

Tá tagairtí dó go minic in The Irish Folklore Commission 1935-1970: history, ideology, methodology (2008) le Mícheál Briody. Dúirt Séamus Ó Duilearga in Béaloideas 31, 1963 (1965): ‘Is beag duine a raibh baint aige le hobair chnuasaithe bhéaloideasa na hÉireann is fearr a thuig ná An Seabhac lucht scéalaíochta agus seanchais na Gaeltachta. Dob iad a mhuintir féin iad, ba dhuine dhíobh é, agus faid a mhair sé do thug sé gean a chroí dóibh agus do dhein a dhícheall chun go mairfeadh a gcáil i nÉirinn beo’. Tuairim 1902 a thosaigh sé ag bailiú ábhair. In 1932 chuir sé ar fáil An seanchaidhe Muimhneach. Ar feadh a shaoil bhí baint aige leis An gCumann le Béaloideas Éireann: ba dhuine de na bunaitheoirí é i 1927 agus ba é an chéad uachtarán acu é. Bhíodh ailt i gcló aige in Béaloideas ó thosaigh an Cumann á fhoilsiú. Foilsíodh an bailiúcháin Seanfhocail na Mumhan i 1926. I gcomhpháirt le Fionán Mac Coluim agus Colm Ó Lochlainn bhunaigh sé an Claisceadal in 1927. Bhí baint aige le bunú Chumann Lámhscríbhinn na hÉireann in 1928, agus ba é a bhí ina chéad rúnaí air. Bhí sé ar bhunaitheoirí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge in 1943. Thug sé Gaeilgeoirí Chiarraí, a raibh díobh i mBaile Átha Cliath, le chéile sa chumann Muintir Bhréanainn agus chuidigh sé le bunú gluaiseachtaí mar Chumann Gaelach na hEaglaise agus na Cairde Gaelacha. Bhí sé gníomhach i bhForas Muirí na hÉireann agus ina uachtarán air tamall.

Foilsíodh a chnuasach de logainmneacha, Triocha-céad Chorca Dhuibhne (1939). Dúirt Aindrias Ó Muimhneacháin gur toisc é a ‘bheith de shíor ag tathaint agus ag teagasc’ gur bunaíodh An Cumann Logainmneacha agus an Coimisiún Logainmneacha (Feasta, Eanáir 1965). Bhí sé ina uachtarán ar an dá chumann agus ina éarlamh ar an gCumann Logainmneacha. Ag scríobh dó in Dinnseanchas Iml 1, uimh. 3, Meitheamh 1965, dúirt Éamonn de hÓir: ‘Cé gur as ucht a chuid obair logainmneacha is ceart dúinne cuimhne an tSeabhaic a mhóradh anseo, ní raibh ansin ach cuid bheag dá shaothar. B’as grá tíre a d’eascair a shaothar ar fad, dúil ina saoirse agus ina slánú, idir shlánú geilleagair agus slánú saíochta.’

D’ainmnigh Éamonn de Valera é mar bhall de Sheanad Éireann in 1946 tar éis bhás Phádraic Uí Mháille. I nGaeilge amháin a labhraíodh sé sna díospóireachtaí. Deir Seán Ó Lúing: ‘Idir é féin agus Liam Ó Buachalla ní bhíodh teirce ar Ghaeilge i Seanad Éireann. Maith an áit ina raibh, mar Seanadóir ba ea an Seabhac sa chéill ba Rómhánaí, i ngairm a bhí oiriúnach dá chéim, mar le gaois, cothroime gravitas, eolas agus dea-mhuintearas, thuill sé urraim gach n-aon’ (Feasta, Márta 1983). Bhí sé ina bhall de choiste ceannais an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

I gcuntas báis dúirt Máirtín Ó Flathartaigh: ‘Bhí dúil aige i ndaoine, i gceol agus i siamsa; ba mhaith leis fonn a ghabháil agus ba bhreá leis daoine eile a chur a’ fonnadóireacht. Bhí croí na hóige ann go lá a bháis agus bá aige le daoine óga; do dhaoine óga, tar éis an tsaoil, a chum sé a chuid leabhar—An baile seo ‘gainne, Jimín, Seáinín, Leabhar Mhóirín. Ba mhaith leis i gcónaí téagar éigin don óige a chur ar “easair fholamh” na Gaeilge’ (Feasta, Nollaig 1964). Tá alt ag Pádraig Ó Fiannachta, mar aon le dán ag comóradh ochtó bliain a bheith slán aige, in Irisleabhar Mhuighe Nuadhat, 1963.

Phós sé Siobhán Ní Shúilleabháin, múinteoir scoile agus ball de Chumann na mBan. Bhí sí ag múineadh tamall i bhFaing. Rugadh mac dóibh. Bhí cónaí orthu ag 119 Bóthar Morehampton, Domhnach Broc. Deartháir dó an drámadóir agus an t-údar aitheanta Micheál Ó Siochfhradha (d’éag 31 Eanáir 1986).

D’éag sé ar 19 Samhain 1964 agus tá sé curtha i reilig Ghráinseach an Déin. D’fhág sé bailiúchán de leabhair agus lámhscríbhinní a bhain le Ciarraí le huacht ag Leabharlann Chontae Chiarraí. Tionóladh siompóisiam ar Phádraig i gColáiste Íde, an Daingean, Co. Chiarraí ar 15/16 Samhain 2013. Pléadh ann gnéithe éagsúla dá shaol agus dá shaothar, saibhreas a chartlainne pearsanta mar acmhainn don staraí, don bhéaloideasóir, do scoláirí na Gaeilge. Ba iad na cainteoirí : Siobhán Ní Corcora, Ríonach uí Ógáin, Ríona Nic Congháil agus Pádraig Ó Siochrú, Déirdre Ni Loingsigh, Lesa Ní Mhunghaile agus Ciara Breathnach a d’eagraigh an ócáid seo.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú