Tá cuntas ar an ealaíontóir iomráiteach bisiúil seo ag Theo Snoddy in Dictionary of Irish Artists, 1996. Tá aiste ag Séamas Ó Saothraí ina thaobh in Anois 29-30 Meitheamh 1996. Scríobh James White tuairisc air in The Irish Times 5 Bealtaine 1964. In Feasta Iúil 1964 tá ‘Seán Dathach: ómós do Sheán Ó Súilleabháin (1906-1964)’ ag Tomás Ó Muircheartaigh agus ‘Ealaíontóir Éireannach’ ag Muiris Mac Conghail (Maurice MacGonigal 1900-79). Cé go ndeirtear (Scéala Éireann 4 Bealtaine 1964) gurbh i bhFaiche Stiabhna a rugadh é, is deimhin gurbh é an John O’Sullivan é a rugadh 20 Meitheamh 1906 ag 44 Ardán Naomh Seosamh, an Cuarbhóthar Theas, Baile Átha Cliath. Sin é an dáta atá ag Snoddy. Siúinéir ba ea a athair, John O’Sullivan, a raibh gnó adhmadóireachta aige i bhFaiche Stiabhna, agus ba í Mary Taylor a mháthair. Bhí deirfiúr agus deartháir aige. Deirtear gurbh as teorainn Chiarraí agus Chorcaí do mhuintir Uí Shúilleabháin. Cuireadh oideachas air i Scoil na mBráithre Críostaí, Sráid Synge, agus i Scoil Ealaíne na Cathrach (Dublin Metropolitan School of Art). Rinne sé staideár faoi Sheán Keating (1889-1977) agus bhain scoláireacht amach gur chaith trí mhí ag freastal ar an Central School of Arts and Crafts i Londain ag staidéar ar an liotagrafaíocht. Le linn dó bheith ann, agus gan ach 19 bliana aige, phós sé Irene Mouw, mac léinn ealaíne a bhí ar chomhaois leis. Bhí beirt iníonacha acu. Deirtear go bhfuair sé £10 ar iasacht ó uachtarán Acadamh na hAlban chun costais an phósta a íoc! Rinne sé cúrsa i bPáras faoin bpéintéir Henri Morriset. Casadh air ansiúd James Joyce, Samuel Beckett, Arthur Power agus Thomas McCreevy. Bhronn a chara Georges Roualt pictiúr dá dhéantús féin air. D’fhoghlaim sé an Fhraincis i bPáras, agus dúirt Liam Ó Briain leis an Muircheartach go raibh ‘an tualchaint, nó argot na sráideanna, ar a thoil aige’. D’fhill sé ar Londain agus bhí ag obair le Frank Brangwyn (1867-1943). I 1928 ba é an té ab óige riamh é a ainmníodh ina fho-bhall den RHA agus bhí sé ina lánbhall ó 1931 amach. Chaith sé tamall i gCabhlach na hÉireann i rith éigeandáil 1939-45.

Portráidí iomráiteach ba ea é. Deir Ó Muircheartaigh (op cit): ‘Is beag duine de shaol liteartha agus cultúrtha na hÉireann nár dhein Seán portráid nó líníocht de...’. Deir Mac Conghail (Feastaop cit): ‘Rinne sé portráid de gach duine céimiúil sa tír, geall leis. Go deimhin, ba leis an bportráidíocht a bhain sé a shlí bheatha amach.... Duine ba ea an Súilleabhánach nach raibh meas madra aige ar an rómánsaíocht agus an ars gratia artis. Bhí a chuid ealaíne fréamhaithe i saol, i saíocht agus i dteanga na hÉireann, agus is dócha gurbh é an chéad phéintéir, ó aimsir na Meánaoiseanna i leith, a raibh an teideal Ealaíontóir Éireannach tuillte aige.’ Moladh a phortráid de Dhubhghlas de hÍde, cé go ndeirtear go leathmhagúil gurbh é ba chúis le bás Sarah Purser (1848-1943), gur thit sí mín marbh agus í ag gearán ar an bhfón gur cruth rosuailt a bhí curtha ag an Súilleabhánach ar a seanchara sa stampa a eisíodh ar ócáid Iubhaile Órga Chonradh na Gaeilge.

Rinne sé portráidí d’Éamonn de Valera, Maud Gonne MacBride, T.C. Murray, James Joyce, W.B. Yeats, Ernie O’Malley, Alice Milligan, Bulmer Hobson, Chester Beatty, Breandán Ó Beacháin.... D’fhoilsigh Scéala Éireann cóipeanna dá phortráidí de de Valera agus an Chraoibhín agus chuir amach iad in éineacht le heagráin na Nollag i 1937 agus 1938. Deir White (op cit): ‘He also had a remarkable feeling for personality, and in particular masculine intelligence, with the result that he has left behind him a series of portraits of famous Irishmen of the time.’ Tá a shaothar, idir sceitseanna agus phéintéireacht ola, le feiceáil i nDánlann Náisiúnta na hÉireann, in Amharclann na Mainistreach, sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, san Ardmhúsaem.... Tá a phortráidí de Phríomháithe na hÉireann, D’Alton agus Conway, i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad. Bhí sé páirteach i ngach taispeántas a d’eagraigh an RHA i rith 1926-64.

Bhí baint aige le bunú Thaispeántas Ealaíne an Oireachtais. Pádraig Ó Siochfhradha a mhol i 1940 go gcuirfí a leithéid ar siúl. Deir Proinsias Mac Aonghusa (Ar Son na Gaeilge..., 1993) gur thacaigh Ó Súilleabháin agus Seán Céitinn go mór leis an bhfiontar. Bhí pictiúir dá chuid le feiscint ag an gcéad taispeántas. Tharraing sé léaráidí i leabhair mar An Béal Bocht le Brian Ó Nualláin agus Cois Caoláire le Máirtín Ó Cadhain. Tá a phortráid de Mháirtín Ó Cadhain mar thulmhaisiú in An tSraith dhá Tógáil, 1970; is í atá ar an stampa a eisíodh i rith chéad bliain Uí Chadhain i 2006. Tá a léaráidí le feiscint in Capuchin Annual agus Father Mathew Record. Na stampaí a eisíodh le haghaidh chomóradh Éirí Amach na Cásca is ar a chuid líníochta atá siad bunaithe.

‘Big and burly, Seán O’Sullivan’s rolling gait suggested the sea more than the studio, and seafaring was in the family tradition. He was a keen athlete, taking part in boxing, fencing, rowing, handball, football, squash, hurling and shooting’ (Irish Times). Ba adhmadóir cliste é agus ba é a rinne troscán a stiúideo féin. Scríobh Maurice MacGonigle: ‘He was a man of the deepest intelligence, with an extraordinarly cultivated mind yet a strong sense of humour. He had a feeling for poetry and music which was rare and he spoke French and Irish fluently. His Irish he learned from Seán a’ Chóta [Seán Caomhánach at Dunquin and he knew Kerry very well, largely because of Seán a’ Chóta’s influence’. Deir Ó Muircheartaigh: ‘An chéad uair dó ar an Daingean, chuala sé Gaeilge á labhairt mar ghnáth-theanga i gcaidreamh an tsaoil, agus bhain sé sásamh anama aisti. “Ba mhar a chéile dom é” ar seisean “agus a bheith ag filleadh abhaile.” Ón lá sin amach níor dhein sé a dhá leath dá dhícheall chun í a fhoghlaim ina ceart. Bhí ardmheas aige ar Thomás Ó Criomhthain agus ar a leabhar. Tharraing sé pictiúr máistriúil de; ach is baolach gur cheap Tomás bocht gurbh ealaíontóir den dara grád é Seán de bhrí nár bhain sé úsáid as an “mbosca dubh” (an ceamara).’ Tá cuntas taitneamach ag an Muircheartach ar an gcaoi ar tharla portráid Pheig Sayers le Seán a bheith ina sheilbh aige.

I litir a chuir Sir Alfred Chester Beatty chuig Thomas MacGreevy i 1960 (i gcló ag Theo Snoddy) tá tagairt don tromólachán a bheith ag cur go mór ar Sheán. I Ros Cré a bhí sé, é ag obair ar phortráid d’Ab Mount St Joseph, nuair a bhuail stróc é. D’éag sé 3 Bealtaine 1964.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú