Saighdiúir, smuigléir, gníomhaire liostála, laoch a raibh bá an phobail leis, ba ea Murtaí Óg. Mhair traidisiúin rómánsúla ina thimpeall ach d’fhan freisin sa chuimhne choiteann leidí den bhrúidiúlacht, den sceimhliú agus den ansmacht. Tá cibé eolas atá le fáil i lámhscríbhinní, i ndánta, i gcáipéisi, sa bhéaloideas, agus i gcló, idir nuachtáín, irisí agus leabhair, bailithe ag Roibeárd Ó hÚrdail in Saoi na hÉigse..., 2000 in eagar ag Riggs, Ó Conchúir agus Ó Coileáin (‘An Plaintéir agus an Gael díshealbhaithe’) agus ag Pádraig A. Breatnach in Téamaí Taighde Nua-Ghaeilge, 1997 (‘Muircheartach Óg Ó Súilleabháin: Stair, Traidisiúin agus Marbhnaí’). I bhfad rompusan bhí ‘Mort Oge O’Sullivan, Captain of the Wild Geese’ le John O’Mahony i gcló in Journal of the Cork Historical and Archaeological Society, Bealtaine agus Meitheamh 1892. Sna hAoraí Beaga in aice na nAoraí i mBéarra a rugadh é. Muircheartach Óg a thugtaí ar a athair freisin. Mathúnach ba ea a mháthair. Is léir go raibh siad go maith as; tá ráite ag údar amháin gur thug a mháthair Murtaí Óg chun na Fraince chun go gcuirfí oideachas air. Cuireadh oiliúint saighdiúra air sa Spáinn. I 1739 tugadh coimisiún dó i reisimint Thiarna an Chláir agus throid sé leis an reisimint sin i gCath Fontenoy (1745) go ndearnadh coirnéal de. Deirtear freisin gur chaith sé tamall i seirbhís Bhanimpire na hOstaire agus gur bhronn an Bhanimpire claíomh air. Deir O’Mahony gur throid sé i gCath Chúil Odair.

D’fhill sé abhaile agus phós bean de mhuintir Shúilleabháin ó Ros Mhic Eoghain agus bhí mac amháin acu, Seán na hlnse. Bhí an dá shlí bheatha aige: sa bhád gunnaí a bhí ar ancaire aige i gcuan Chlaondoire, an Doutelle, thugadh sé olann agus na fír óga a bhí liostaithe aige chun na Fraince agus thugadh ar aís fíon, branda, tae agus tobac. Bhíodh sé ag liostáil chomh fada ó bhaile le Loch Garman agus is amhlaidh a d’fhuadaíodh se fir óga anois is arís.

Tuairim deireadh 1750 d’fhostaigh na Coimisinéirí Ioncaim John Puxley, Protastúnach ó Chontae na Gaillimhe, fear a bhí ag cur faoi i mBéarra le fiche bliain. Bhí baint aigesean, agus ag a dheartháir, leis an smuigleáil tamall ach anois bhí dualgas air stop a chur leis agus siúl a choimeád chomh maith ar an liostáil a bhí ar siúl don Fhrainc agus don Spáinn. Rinne coimisinéir síochána de i 1752. Bhí an chloch sa mhuinchille ag Murtaí dó nuair a mharaigh saighdiúirí a chol ceathar le linn dóibh a bheith ag feidhmiú thar ceann na gCoimisinéirí. De réir an tseanchais bhagair Muirn Ní Shúilleabháin, banfhile agus máthair altroma Mhurtaí, díoltas Mhurtaí ar Phuxley; ba é a fhreagrasan uirthi tine a chur le díon a tí. Thug na húdaráis cluas bhodhar ar achainíocha Phuxley garda a chur ar fáil dó. Maidin Domhnaigh 10 Márta 1754 bhí Puxley, agus a bhean ar a chúla leis, ag dul go seirbhís eaglaise i mBaile Chaisleáin Bhéarra; sa tuairisc oifigiúil dúradh gur ag dul chun an teampaill sa Ghleann Garbh a bhí siad. Tháinig Murtaí agus beirt dá shearbhóntaí rompu. Níl a fhios cé a scaoil an chéad urchar ach ba é Puxley a thit marbh.

Nuair a tháinig an tóir ar Mhurtaí Óg dúradh go raibh Éire fágtha aige. Ach ar deireadh, Dé Sathairn 4 Bealtaine 1754, oíche fhliuch stoirmiúil, threoraigh Tadhg Ó Scolaí saighdiúirí go dtí a theach. Bhí Murtaí agus scór smuigléir ann. Ligeadh dá bhean agus dá mhac imeacht leo ach ní ghéillfeadh Murtaí. Ar deireadh cuireadh an díon tuí trí thine agus maraíodh é. Tugadh a chorp ar muin capaill go Baile Chaisleáin Bhéarra agus dúradh: ‘So fine a tall man was he that his hair touched the ground at one side of the horse, while his feet trailed it at the other’ (i gcló ag Breatnach). Tamall ina dhiaidh sin tarraingíodh a chorp tríd an bhfarraige ar feadh an chósta go cathair Chorcaí, más fíor. Tar éis don choiste cróinéara a bheith ina suí baineadh an ceann dá chorp agus cuireadh é ar spíce ar bhalla an phríosúin. Nuair a crochadh a bheirt chomrádaí. Domhnall Ó Conaill, a ghiománach, agus Seán Beag Ó Súilleabháin, cuireadh a gcloignesean in aice leis.

Chuir na scríbhneoirí J.A. Froude agus J.J. Callanan spéis ar leith i scéal Mhurtaí. Tá an fhilíocht a cumadh ar phríomhphearsana na n-eachtraí i gcló ag Breatnach agus tá leaganacha breise i gcló ag Ó hÚrdail. Tá ‘Marbhna do Sheán Puxley’ i gcló ag Seán Ó Súilleabháin in Diarmuid na Bolgaighe agus a chómhursain, 1937.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú