Ar feadh na tréimhse 1935-74 bhí sé ina chartlannaí ag Coimisiún Béaloideasa Éireann ar dtús agus ansin ag Roinn Bhéaloideas Éireann (An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath) agus bhí sé ina leabharlannaí ag an gCumann le Béaloideas Éireann. In Béaloideas 64-5 1966-7 deir Bo Almqvist: ‘The achievements of Seán Ó Súilleabháin are exceptionally varied and of great magnitude.’ Tá cuntas cuimsitheach ar a shaol, ar a mhuintir, ar ar chuir sé i gcrích, mar aon le leabharliosta, ag Patricia Lysaght in Western Folklore 57, earrach agus samhradh 1998 (iris chumann béaloidis California). Le hómós dó nuair a shroich sé aois nócha bliain a tugadh amach uimhir speisialta d’iris An Chumainn le Béaloideas Éireann, Béaloideas 59, 1991 [1994]. Tá scríofa ann: ‘In ómós do Sheán Ó Súilleabháin, Éarlamh an Chumainn le Béaloideas Éireann ar a 90ú lá breithe 6.11.1993’. I nDoire Locha i bparóiste Thuath Ó Siosta i ndeisceart Chiarraí a rugadh é ar 30 Samhain 1903—sin é an dáta a fuair Lysaght ó Sheán féin. Sa Leithead a bhí a athair Eoghan agus a mháthair Helena (Ní Shúilleabháin) ag múineadh agus is sa scoil sin a cuireadh bunoideachas air. Cainteoir dúchais ba ea é. ‘Nuair a bhí mise ag fás suas Gaelainn a chloisfeá á labhairt ag leath na ndaoine lasmuigh den séipéal Dé Domhnaigh. Anois níl oiread is aon chainteoir dúchais amháin fágtha ann: cailleadh an bhean deireanach tuairim is ceithre bliain ó shin’ (‘Seán Ó Súilleabháin ag comhrá le Risteárd Ó Glaisne’ in Inniu 17 Márta 1972). Is mar seo a bhí an teaghlach i nDoire Locha i nDaonáireamh 1911: Eugene, bunoide a rugadh i gCiarraí, a bhean Helena a rugadh i gContae Chorcaí, iad pósta le 12 bliain, agus a gcúigear leanaí a raibh Gaeilge agus Béarla acu: Eileen M., Daniel, Dermot, John (7) agus Eugene.

Chaith sé 1917-20 i gColáiste Bhréanainn, Cill Airne. Ar feadh 1920-21 is i scoil ullmhúcháin in Beaufield in aice le Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo, a bhí sé. Tá cuntas inspéise ag Lysaght ar an scoil seo a raibh iardhalta de chuid athair Sheáin i gceannas uirthi agus deir sí: ‘The girls were housed on the premises, but the boys had lodgings in the farmers’ houses round about, which enabled them to socialize locally, including attending wakes for the dead in the neighbourhood. It was as a result of his attendance at one such wake, when he noticed the differences between the conduct of the wake there and that in his own locality in south Kerry, that Seán decided to write about Irish wake games . . .’. Chaith sé 1921-23 i gColáiste de La Salle, Port Láirge, mar ar cháiligh sé mar mhúinteoir náisiúnta. Le bunmhúinteoireacht freisin a chuaigh a dheirfiúr agus a thriúr deartháireacha; fuair deartháir eile bás den fhliú mór agus é ag dul le sagartacht i Maigh Nuad.

I scoil aon mhúinteora i Sliabh Rua, Co. Chill Chainnigh, a bhí an chéad phost aige agus i gceann cúpla bliain d’aistrigh sé go dtí Cnoc Sióin, scoil na mBráithre Críostaí i bPort Láirge. Le linn dó a bheith ann chaitheadh sé saoire an tsamhraidh ag teagasc sna cúrsaí a bhí ar siúl i gColáiste Dhéagláin san Aird Mhór, Co. Phort Láirge, do na bunoidí sin nár fhoghlaim an Ghaeilge riamh. Dúirt sé le Risteárd Ó Glaisne (Inniu 17 Márta 1972) go bhfuair sé an dara háit i gcomórtas aistriúcháin a chuir an Roinn Oideachais ar siúl nuair a bhíothas ag téisclim chun an Gúm a bhunú. An chéad ghníomh de Macbeth a bhí le haistriú agus ghnóthaigh Seán an dara háit (Pádraig Ó Domhnaill a bhuaigh an comórtas). Ba é an toradh a bhí air gur thug an Gúm The Merchant of Killogue (1894) le Edmund Downey (1865-1937) dó le haistriú (Ceannaidhe Cille hÓige, 1939). Is le linn na tréimhse i bPort Láirge a thosaigh sé i mbun obair an bhéaloidis ar an mórchóir; thugadh sé eideafón gach Satharn leis isteach chuig seandaoine i dteach Shiúracha na mBocht. Bhí béaloideas ó Thuath Ó Siosta i gcló aige in An Lóchrann 1930-31 agus, gan amhras, bhí amhráin Dhiarmuid na Bolgaí Uí Shé , a rugadh i dTuath Ó Siosta, á mbailiú aige le tamall maith sna 1920idí agus na luath-thríochaidí. Sa réamhrá a chuir sé i bPort Láirge in 1933 le Diarmuid na Bolgaighe agus a chómhursain (1937) deir sé: ‘Scaipeadh an fhilíocht fé mar a fuadófaí lóchán an ghráinne chun siúil lá an bhuailte, agus go dtiocfaí ar chairn séideáin de i gcúinní i bhfad óna chéile, tamall mór ina dhiaidhsean . . .. Thugamar cor fairsing, dá bhrí sin, agus leathamar ár líonta ar fud Chairbre agus Bhéara agus Mhúscraí agus Uíbh Ráthach, i slí is nach bhfuil cluain ná cluthar i gcéin ná i gcóngar a raibh an Ghaeilge ag na daoine ann, nach ndeachamar chucu ad’iarraidh na n-amhrán.’ Is le linn dó a bheith á mbailiú a rinne Séamus Ó Duilearga teagmháil leis agus a d’éirigh siad cairdiúil le chéile. In 1932-35 bhailigh sé ábhar i gCorcaigh d’Institiúid an Bhéaloidis.

In 1935 nuair a bunaíodh an Coimisiún Béaloideasa is amhlaidh gur thairg an Duileargach post an Chláraitheora do Sheán agus chaith sé cúpla mí an bhliain sin in Ollscoil Uppsala ag staidéar ar chlárú an bhéaloidis; i measc an lucht oiliúna bhí Carl von Sydow. In 1937 d’fhoilsigh an Cumann le Béaloideas Éireann a Láimhleabhar béaloideasa agus tuairim an ama chéanna bhí baint aige leis an mbailiú béaloidis a rinne páistí na scoileanna náisiúnta. Ní lú an bhaint a bhí aige leis an taifeadadh a rinneadh ar scoth na n-amhránaithe agus na scéalaithe in 1940-41. In 1942 foilsíodh a mhórshaothar, A handbook of Irish folklore. Ba mhinic roimhe sin, ní foláir, nach raibh a fhios ag bailitheoirí cad iad na ceisteanna ba chóir a chur ar sheanchaithe; tá an tagairt seo ag an Duileargach in Leabhar Sheáin Í Chonaill (1948): ‘Dá mbeadh Láimhleabhar béaloideasa Sheáin Uí Shúilleabháin agam, ní i dturtaoibh le leabhar amháin a bheinn, ach do bheadh trí cinn do leabhair mar seo agam.’ Bhí mórán an ruda chéanna le rá ag Liam Mac Coisdeala agus é ag tagairt dá chaidreamh ar an seanchaí Éamon a Búrc (Béaloideas 64-5, 1996-97: ‘Liam Mac Coisdeala 1908-1996’ le Pádraig Ó Héalaí). Deir Mary Helen Thuente faoin saothar sin: ‘A handbook of Irish folklore (1942) is the foremost such guide in the world’ (Dictionary of Irish literature, 2ú heagrán 1996, in eagar ag Robert Hogan). Toradh luath eile ar a shaothar mar chláraitheoir is ea Béaloideas XXI, 1951-1952, imleabhar toirtiúil 350 leathanach arb é atá ann ‘Scéalta Cráibhtheacha’ a roghnaigh Seán ‘as na lámhscríbhinní atá curtha le chéile ag Coimisiún Béaloideasa Éireann le seacht mbliana déag anuas’. Is faoi aon cheann déag de cheannteidil atá na scéalta seo rangaithe aige; 33 duine a bhailigh na scéalta, 135 díobh, i ngach cúinne de Ghaeltacht na haimsire sin. Leabhair eile leis is ea: Caitheamh aimsire ar thórraimh (1961) (leagan Béarla de is ea Irish wake amusements, 1967), an cuntas a bheartaigh sé a scríobh daichead bliain roimhe sin; (i gcomhar le Reidar Christiansen) The types of the Irish folktale (1962); Irish folk custom and belief (1967;) Folktales of Ireland (1966); Storytelling in the Irish tradition (1973); The folklore of Ireland (1974); Díoltas i ndroch-bhirt: finnscéalta an phianóis (1975); Legends from Ireland (1977). Aistí a mbíonn tagairtí dóibh is ea: ‘Ainmneacha méaranna na láimhe’ in Measgra Mhichíl Uí Chléirigh . . .(1944) in eagar ag Sylvester O’Brien; ‘The Feast of St Martin in Ireland’ in Studies in folklore (1957) in eagar ag W.F. Richmond; ‘Irish oral tradition’ in A view of the Irish language (1969) in eagar ag Brian Ó Cuív; ‘Etiological stories’ in Medieval literature and folklore studies, 1970 in eagar ag J. Mandel agus B.A. Rosenberg; na haistí a bhí aige in Feasta in 1967 i dtaobh cúrsaí béaloidis san Eoraip. In The Irish Folklore Commission 1935-1970: history, ideology, methodology (2008) le Mícheál Briody tá mórchuid tagairtí dá shaothar i ngort an bhéaloidis.

Nuair a cuireadh deireadh leis an gCoimisiún bhí sé ina léachtóir le béaloideas sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ó 1 Aibreán 1971. Bhí léamh na Fraincise, na Rúisise, na Breatnaise, na Gearmáinise agus na dteangacha Lochlannacha aige. In 1976 bhronn Ollscoil na hÉireann DLittCelt oinigh air. Deir Bo Almqvist: ‘Seán was a happy and fulfilled man. He was granted a long life that very nearly spanned the whole of the 20th century—but, in a sense, his life was even longer than that. Going back in time he knew—as well as though he had been personally present—the life of the country people in Tuosist and other parts of Ireland during the Famine, right back through the troubled and turbulent ages, all the way to the remote past when the saints and heroes to whom he devoted such affectionate study prospered.’ D’éag sé ar 13 Nollaig 1996. Bhí sé pósta ar Mháirín Sheehy agus bhí buachaill agus cailín acu. Tá sé curtha i Seangánach, Co. Bhaile Átha Cliath.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú