Tugadh bonn di i ngeall ar a ndearna sí in Inis Córthaidh le linn Éirí Amach 1916 nuair a ghlac na hÓglaigh seilbh ar an mbaile. Siobhán Ní Dhuinnín a máthair agus ba é Seán Ó hÉigearta, gréasaí, a hathair. B’as Cill Gharbháin dóibh beirt. I mBaile Bhuirne, Co. Chorcaí, a rugadh Eibhlín 19 Aibreán 1893. Bhí ceathrar deartháireacha agus beirt deirfiúracha aici. Thug scoláireacht go Clochar Loreto Loch Garman, í agus fuair sí post múinteora ann. Bhí sí ina ball de Chumann na mBan agus i ndeireadh 1915 chaill sí a post toisc gur shíl na mná rialta go raibh aidhmeanna náisiúnaíocha á múineadh aici. D’imigh sí go Londain agus cheangail le Conradh na Gaeilge ann. Bhíodh sí thall agus anall idir sin agus Cáisc 1916. Bhí an-bhaint aici leis an Éirí Amach i Loch Garman. In Allegiance le Robert Brennan tá grianghraf di in éineacht le ceannairí eile an gharastúin in Inis Córthaidh.

‘Is ar Eibhlín Ní Éigeartaigh a bhí cúram eagrú seilgí an tsamhraidh’ a deirtear i dtaobh na bliana 1917 in Conradh na Gaeilge i Londain le Donncha Ó Súilleabháin. Bhí sí ar dhuine den bheirt mhúinteoirí is mó a mhúin Gaeilge do Mhicheál Mac Liammóir. D’iarr Clochar Loreto Loch Garman uirthi filleadh ar a post ach dhiúltaigh sí. Phós sí Aodh Ó Tuama, múinteoir taistil, 30 Meán Fómhair 1919 i gCathair Chorcaí. Nuair a d’fhiafraítí di conas a casadh Aodh uirthi deireadh sí gur tharla an bheirt acu i rang foghraíochta an Dr Risteáird Ó Dálaigh i gColáiste na Mumhan, Béal Átha an Ghaorthaidh, go mbíodh scáthán ag gach duine chun féachaint an raibh an teanga san áit cheart le fuaim áirithe a dhéanamh agus go bhfaca sí Aodh sa scáthán! Bhí seachtar mac acu, Conchubhar, Seán (an scoláire agus an scríbhneoir), Aodh, Pádraig, Liam, Tadhg, Barra, agus triúr iníon, Máire, Siobhán agus Bríd. Bhí siad ina gcónaí i Marymount, Garrán na mBráthar, Cathair Chorcaí, agus ina dhiaidh sin ar Sheanbhóthar na Dúcharraige. Fuair sí bás 12 Nollaig 1979 agus a bhog Aodh go ‘Inchiquin’, Páirc an Charraigín, Baile an Locha ansin. Tá sí féin agus Aodh curtha i Reilig Fhionnbharra i gCorcaigh.

Agus é ag tagairt do na drochbhóithre a bhí le taisteal ag na múinteoirí luann Peadar Ó hAnnracháin Aodh in Fé bhrat an Chonnartha, 1944 mar shórt sampla den mhúinteoir taistil. I nDoire an Aonaigh, Ré na nDoirí, Maigh Chromtha, a rugadh é 4 Meán Fómhair 1890. Feirmeoir a athair Conchubhar agus ba í Máire Ní Bhuachalla a mháthair. Bhí beirt deartháir agus deirfiúr amháin aige. ‘Ní dócha gur chóir dom a mhaíomh gur fíor-Ghaeltacht a bhí im’ thimpeall’, a dúirt sé i gcaint raidió 27 Meitheamh 1955. I scoil Ré na nDoirí bhí Seán Ó Súilleabháin mar mhúinteoir aige agus chuir seisean craobh den Chonradh ar bun chun léamh na Gaeilge a mhúineadh do na buachaillí agus do na cailíní fásta. Spreag sé iad. Fuair sé foclóir an Duinnínigh mar dhuais ag Feis Bhaile Bhuirne i 1904. Chaith sé mí i gColáiste na Mumhan an bhliain sin. Fuair sé teastas uathu i 1906. Chaith sé tuairim 14 bliana ina mhúinteoir taistil i nDún Mánmhaí, Sciobairín, Mainistir Fhear Maí, i gColáiste Charraig an Chabhaltaigh i gContae an Chláir, agus i mBaile Átha Luain. In alt dar teideal ‘Turas ar Ghaeltacht an Chláir’ (An Claidheamh Soluis 5 Aibreán 1913) dúradh: ‘Tá sprid mhaith Ghaelach ins na daoine san iarthar agus is dea-chomhartha é sin ar an obair atá déanta ag Aodh Ó Tuama ina measc ar son cúise na teanga’. Tuairiscíodh in Misneach 20 Samhain 1920 gur gabhadh é i stáisiún an Mhóta san Iarmhí. Bhagair cúpla Dúchrónach é a mharú ach thug sé na cosa leis nuair a tháinig slua ón mbaile faoi dhéin na traenach. Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha 1918-23 agus ina bhall de Choiste an Oireachtais i gCorcaigh i 1919 agus 1924. Bhí sé ar dhuine de bhaill bhunaidh Shinn Féin agus na nÓglach i gCorcaigh agus i mBaile Átha Luain. I 1918-19 bhí sé ina rúnaí ar Chomhairle Cheantair Chorcaí de Shinn Féin. Bhí baint aige le Dún Laoi, sórt eagraíocht scáthach do chumainn Ghaeilge na cathrach. I ndiaidh dó éirí as an múinteoireacht taistil chaith sé an chuid eile dá shaol oibre mar shaoiste i gcomhlachtaí árachais. Tá beagán dá chuimhní cinn in Agus, Meitheamh 1970. Fuair sé bás 2 Aibreán 1985. Col ceathar ba ea é le Seán (Fear) Ó Tuama.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú