Scoláire, drámadóir, file, díolamóir, staraí liteartha, oideachasóir, duine de cheannairí ghluaiseacht na hathbheochana. I ndiaidh a bháis, thug Gabriel Rosenstock, Liam Ó Muirthile, agus Pádraigín Riggs ómós dó in Foinse 17 Meán Fómhair faoin gceannteideal ‘Prionsa Gaelach – Cuimhní Cinn ar an Tuamach’; ‘Laoch na Litríochta ar lár’ a bhí ar an bpríomhscéal san uimhir chéanna sin. ‘Poet, teacher and defender of the Irish language’ is teideal don gcuntas iarbháis in Irish Times 23 Meán Fómhair 2006. Chuir Risteárd Ó Glaisne agallamh air in Inniu 14 Meitheamh 1971. In Feasta, Aibreán 1981 (‘Cainteoir Dúchais ó Bhlackpool, Cork’) tá cur síos draíochtúil aige ar a óige; caint é a thug sé agus 25 bliana á chomóradh ag stáisiún Raidió Chorcaí. Tá agallamh fada in Innti 9, Aibreán 1985 le linn dó a bheith ina chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge. I gclár raidió RTÉ Sunday Miscellany 1 Deireadh Fómhair 2006, d’eachtraigh Eoghan Ó hAnluain ar ócáidí sonracha a d’fhan ina chuimhne. Chuir Pádraigín Riggs, Breandán Ó Conchúir agus Seán Ó Coileáin eagar ar Saoi na hÉigse: aistí in ómós do Sheán Ó Tuama (2000); ba é a iardhalta an tOllamh Máirtín Ó Murchú a scríobh an ‘Focal tiomnaithe’ ann.

Sa Linn Dubh, cathair Chorcaí, a rugadh é ar 28 Eanáir 1926. Ba iad a thuismitheoirí Aodh Ó Tuama (1890-1985), múinteoir taistil ag Conradh na Gaeilge agus saoiste i gcomhlachtaí árachais ar ball, agus Eibhlín Ní Éigearta (1893-1979) , múinteoir. I mBaile Bhuirne a rugadh Eibhlín ach b’as Cill Gharbháin dá muintir. I nDoire an Aonaigh, Ré na nDoirí, in aice le Baile Bhuirne, a rugadh Aodh, ar dheartháir é le Seán Fear Ó Tuama a bhí tamall ina Thánaiste ag Conradh na Gaeilge. Rithfeadh leat go raibh sé lánoiriúnach, ó thaobh oidhreachta de, gurbh é Seán a ceapadh ina eagarthóir ginearálta ar an tsraith de léachtaí Dáibhíseacha a foilsíodh in 1972 mar The Gaelic League Idea.

Ba é Seán an tríú duine ba shine de naonúr ar le Gaeilge ar fad a tógadh iad. Bhí siopa ag a mhuintir sa Linn Dubh agus bhí cailín ó Ghaeltacht Mhúscraí ag obair dóibh sa teach. ‘Cainteoir dúchais is ea mé mar sin ó Bhlackpool, Cork’ (Feasta). Tar éis bliana sa Linn Dubh, bhog an teaghlach go dtí teach mór in Hollyhill, ceantar tuaithe ar imeall thiar-thuaidh na cathrach. ‘Síoraíocht fhada reatha agus gréine’ a thug sé ar an tamall sin (Feasta). Nuair a bhí sé tuairim seacht mbliana d’aois, d’aistrigh siad go dtí Garrán na mBráthar. ‘Is ansan a tógadh mé dáiríribh.... Páirceanna móra glasa timpeall orainn is gan aon tithe nua ann fós. Le linn dom a bheith ag fás suas a tógadh an “chathair nua” san ar a dtugtar an Red City. D’imigh na páirceanna iománaíochta i léig diaidh ar ndiaidh.... Bhíomar istigh i dtigh cuibheasach mór, fallaí arda timpeall air agus sreang ar an ngeata cúil. Is cuimhin liom an lá gur bhain m’athair an tsreang. Is scaoil sé amach sna páirceanna sinn agus chuamar amach sa tslua – i measc mhuintir Gharrán na mBráthar – don chéad uair. Ón lá sin amach, n’fheadar conas a déarfa é, bhíomar ag éirí níos Corcaíthí ná na Corcaígh féin. Bhuaileamar leis an ngnáth-chosmhuintir, ag imirt iománaíochta, agus cricket fiú amháin’ (Innti). Is insuime go ndúirt sé san agallamh sin: ‘Bím ag maíomh i gcónaí as cúpla bonn a fuaireas le Glen Rovers toisc go rabhas suite ar bhínse na bhfear ionaid, Craobh an Chontae ’44 / ’45.’ Scríobh sé in Feasta faoin aistriú sin go Garrán na mBráthar: ‘B’shin é uair na cinniúna i gceart. Chaitheamar ar fad anois snámh nó dul go tóin poill lenár gcuid Gaeilge. Shnáimh cuid againn; báitheadh cuid eile.’ Rud a bhí ina ábhar cainte sa bhaile agus ar fud Garrán na mBráthar, agus a chuaigh i gcion air ag an am, ná an poblachtachas. ‘’Nuair a chuas-sa, is mé im’ mhac léinn Ollscoile, go díospóireacht i gColáiste na Tríonóide, dhiúltaíos lámh a chroitheadh le de Valera nuair a bhíos im chur in aithne dó’ (Feasta).

Bhí sé ar scoil ar dtús sa Mhodhscoil, scoil Ghaelach istigh sa chathair féin. Sa Mhainistir Thuaidh ina dhiaidh sin, spreag duine de na múinteoirí, Pádraig Ó Callanáin, é chun suim a chur i rudaí lasmuigh den chúrsa. Ní raibh aige ach sé bliana déag agus é ag tosú i gColáiste Ollscoile Chorcaí. Ní foláir nó chaith sé cúpla bliain ag freastal ar léachtaí Thaidhg Uí Dhonnchadha (1874-1949), Ollamh na Gaeilge. Deir sé in Feasta, Nollaig 1949 (‘Cloch ina Leacht’): ‘Fear éachtach agus fear lách. Fear naofa, leis... Agus sinne a bhí inár ndaltaí aige san Iolscoil, thuigeamar na nithe sin láithreach ina thaobh.’

Ach ba mhó go mór an tionchar a bhí ag Domhnall Ó Corcora air agus é ag staidéar ar an mBéarla. Molann sé a shaothar agus a chumas mar mhúinteoir agus déanann cosaint ar a chlú in Feasta, Márta 1958, Feabhra 1965, in Studia Hibernica 5, 1965, in Scríobh a 4, 1979, in Repossessions: selected essays on the Irish literary heritage (1995) agus le haiste in Comhar, Feabhra 1965 arb iad na chéad abairtí ann: ‘Deisceabal mé do Dhónall Ó Corcora. Ní maith le haon duine a admháil ná fuil ann ach deisceabal ach sa chás seo níl aon dul as agam; ná ní theastaíonn dul as uaim.’ Ba chuimhin le hEoghan Ó hAnluain an dlúthghaol sin a thabhairt faoi ndeara in uimhir 1950 de An Síol mar a bhfuil aiste ag an seanollamh ar dhán le Tadhg Dall Ó hUiginn agus aiste ag an scoláire óg ar Sheán Ó Ríordáin: ‘What is remarkable about these two essays is that one can trace the influence of Corkery on Ó Tuama quite clearly – Corkery’s a close and intimate reading of a text, not as was the traditional approach, with examining the external forms of syllable count and correct rhyming, but rather that inner dynamic which gives a worthwhile poem its distinctive artistic quality and human appeal. The same approach to literature was to be the hallmark of Seán Ó Tuama’s own criticism whether of traditional folk love song or medieval love lyric, or of contemporary writing in prose or poetry.’

Bhí céim mháistir aige agus scoláireacht Theach an Ard-Mhéara gnóite agus gan ach fiche bliain d’aois aige. Bhí cúpla post páirtaimseartha aige sula bhfuair sé cúntóireacht i gColáiste Ollscoile Chorcaí. Rinne comhollamh de in 1968 agus ó 1982 gur éirigh sé as an bpost in 1990 bhí sé ina Ollamh le Litríocht na Gaeilge. Chaith sé tamaill ina ollamh cuairte in Oxford agus in Harvard agus ba mhinic ag léachtóireacht é i Meiriceá Thuaidh.

In 1950, foilsíodh Nuabhéarsaíocht. Deir Seán Ó Coileáin faoi: ‘D’áireoinn ar na díolaimí is tábhachtaí i litríocht na Nua-Ghaeilge trí chéile í, ar aon chéim le Reliques Charlotte Brooke, go raibh an nuaíocht chéanna san am san ann, nó Irish minstrelsy Hardiman nó an chéad chóiriú de Poets and poetry of Munster.... Thar aon ní eile b’é Nuabhéarsaíocht a thug Seán Ó Ríordáin ar an saol mar fhile áitithe, dhá bhliain sarar foilsíodh an chéad chnuasach, Eireaball spideoige (1952) ...’ Chomh luath le 1943 agus 1947 bhí dánta i gcló aige in Comhar ach níor foilsíodh a chéad chnuasach go dtí 1962, Faoileán na beatha, leabhar a roghnaigh an Club Leabhar. An drámaíocht a rogha meáin sna 1950idí agus sna 1960idí. ‘Is dócha gur fíor é sin sa mhéid gur éirigh liom leanúint leis an drámaíocht ar shlí níos leanúnaí ná mar a d’éirigh liom a dhéanamh leis an bhfilíocht mar shampla. Ach tá baint aigesean le cinniúint chomh maith. Cinniúint ba ea roinnt de sa mhéid go raibh dream drámaíochta timpeall an bhaile agus gur ghá drámaí a sholáthar dóibh. Ach is dóigh liom go mb’fhéidir gur réitigh an saghas san scríbhneoireachta liom níos mó ná saghasanna eile’ (Innti).

In Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970 (1993) tugann Pádraig Ó Siadhail cuntas ar Chompántas Chorcaí, díorma aisteoirí a bhunaigh Ó Tuama agus Dan O’Donovan in 1953 chun drámaí a stáitsiú i gCorcaigh. Bhíodar beirt ina mic léinn ag an gCorcorach agus bhí an seanollamh anois ar dhuine de thriúr pátrún an Chompántais. Deir Ó Siadhail: ‘Gan dabht, ba iad bundrámaí Uí Thuama a thuill moladh ar leith don ghrúpa. Ba iad a léirigh cúig cinn de na hocht ndráma a cheap Ó Tuama idir 1954 agus 1970.’ Ba iad a chuid drámaí: Ar aghaidh linn, a Longadáin (a foilsíodh in 1991), Gunna cam agus slabhra óir (a foilsíodh in 1967), Moloney, Is é seo m’oileán, Corp Eoghain Uí Shúilleabháin – foilsíodh na trí cinn faoin teideal Moloney agus drámaí eile (1966) - Déan trócaire ar shagairt óga, Iúdas Iscariot agus a bhean, Scéal ar Phádraig. Stáitsíodh cuid mhaith díobh freisin in Halla Damer, sa Taibhdhearc agus sa Mhainistir.

Thabharfá leat ón agallamh leis an nGlaisneach gur léirigh RTÉ dráma teilifíse leis dar teideal Bullaí agus go raibh sé i gceist tamall go stáitseofaí leagan Béarla de Corp Eoghain Uí Shuilleabháin i Nua-Eabhrac faoin teideal Four cheers for cremation. Fuair sé scoláireacht ó Chomhar Cultúra Éireann chun naoi mí i rith 1955-56 a chaitheamh ag staidéar ar an drámaíocht sa Fhrainc. Is é a deir Máirtín Ó Murchú: ‘Bhí Seán Ó Tuama an uair sin, áfach, in ardmheanma: bhí sabóid díreach tugtha i bPáras aige, Compántas Chorcaí faoi réim, agus drámaí Gaeilge ar chaighdeán chomh hard is a chonac riamh á gcur ar siúl. Ó na blianta sin, is cuimhin liom go háirithe Gunna cam agus slabhra óir agus Ar aghaidh linn, a Longadáin. Ba chuid luachmhar dár n-oideachas é go léir, agus cuid nár bheag de shaothar teagaisc agus de shaothar cruthaitheach Sheáin Uí Thuama. Tá daoine ann a déarfadh gurb é an tréimhse ab éachtmhaire dá ghníomhartha uile é.’ Deir Liam Ó Muirthile: ‘B’fhear drámaíochta é, agus ar feadh tamaill i gcathair Chorcaí bhíodh amharclann lán go doras de lucht féachana do dhrámaí nuascríofa an Tuamaigh ...’ B’fhéidir gur chuir an flosc sin chun na drámaíochta moill ar an dul chun cinn i ngnóthaí léinn agus filíochta. Deir sé in Innti: ‘Thosnaíos ag gabháil do dhrámaí ansan agus níor dheineas an Ph.D. go ceann deich mbliana nó mar sin.’

An grá in amhráin na ndaoine’ ba ábhar don tráchtas ler bhain sé dochtúireacht amach in 1959. D’fhoilsigh An Clóchomhar mar leabhar é an bhliain dár gcionn. ‘Níor cheap Seán féin go mbeadh sé oiriúnach le foilsiú díreach mar a bhí sé, ach níor ghá aon cheist a bheith air faoi sin .... Thosaigh Seán ar ábhar an leabhair nuair ba léir go gcaithfeadh sé cur le léacht a thug sé uaidh i gCorcaigh ar na hamhráin ghrá agus ar na tátaill a bhain sé astu nuair a bhí sé ocht mbliana déag d’aois’ (Ag comhrá le R. Ó Glaisne). I bhfad ina dhiaidh sin, in 1988, a foilsíodh An grá i bhfilíocht na n-uaisle. Ardphointe eile ina shaol ba ea a eagrán de Caoineadh Airt Uí Laoghaire in 1961. Moltar go hard an réamhfhocal ann mar scothphíosa de phrós na Gaeilge. Dúirt sé leis an nGlaisneach gurbh fhearr leis féin an dréacht sin ná aon rud eile a bhí scríofa aige go nuige sin (1971). Chuir Filí faoi sceimhle (1978), leabhar faoi Aogán Ó Rathaille agus an Ríordanach, lena chlú mar chritic agus mar stílí próis. Chuir sé go mór leis an eolas agus an tuairimíocht faoi Brian Merriman le haiste in Studia Hibernica 1964 (arb achoimriú air an réamhrá a chuir sé le Cúirt an mheán oíche, 1968 in eagar ag Dáithí Ó hUaithne). Rud eile a gcuimhnítear air an léirmheas a rinne sé ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain in Comhar, Deireadh Fómhair 1980 (ar leagan é d’alt dar teideal ‘A Writer’s Testament’ in Ériu, 1972). Bailiúchán is ea Cúirt, tuath agus bruachbhailte: aistí agus dréachtaí liteartha (1991).

Is iad na cnuasaigh eile dánta: Saol fó thoinn (1978), An bás i dTír na nÓg (1988) agus Rogha dánta / Death in the land of youth (1997) mar a bhfuil aistriúcháin Bhéarla aige féin agus ag Peter Denman. In Irish Times 10 Nollaig 1997, rinne Michael Davitt léirmheas ar an gcnuasach deiridh sin agus dúirt: ‘Ó Tuama’s poetry displays a characteristic sometimes attributed to gifted traditional musicians: discernment .... Ó Tuama wants “to observe things as if we were the first generation on the planet” .... This attractive selection will show both English-language and Irish-language readers that his poems are among the best-crafted in either language since the forties’ (i gcló in Eolaire Chló Iar-Chonnachta de scríbhneoirí Gaeilge).

Is dóigh gurbh é An duanaire 1600-1900: poems of the dispossessed (1981) is mó a chuir ainm Sheáin in airde i measc an mhórphobail. Tiomnaíodh é do ‘T.K. Whitaker a chuimhnigh air’. Sampla eile de chomhar liteartha is ea an duanaire Coiscéim na haoise (1991) a thiomsaigh sé féin agus Louis de Paor. Lena chois sin, rinne Alan Titley clár raidió i dtaobh a shaothair agus Pádraigín Riggs agus Siobhán Ní Fhoghlú ina n-aíonna ann agus cuireadh i gcló mar aiste é in Scríbhneoirí faoi chaibidil (2010) in eagar ag Titley

Gan amhras is mar oideachasóir agus mar mhúinteoir a fhanfaidh cuimhne air ag mórán dá mhic léinn, iad sin go háirithe ar scoláirí agus scríbhneoirí aitheanta iad. ‘Mar mhúinteoir is mó a chuimhneod air, i ndeireadh an lae. Bhí draíocht ag baint leis sa tseomra léachta. Ba ina dhiaidh sin is mó a théadh an teagasc i bhfeidhm ort, áfach. Níor léachtóir é go dtógfá a lán nótaí uaidh sa léacht – níor ghá san. Nuair a phléigh sé téacs liteartha leat, ba leor duit an téacs a léamh ina dhiaidh sin agus bhí an eochair agat. Ba mhór an éacht é sin ó mhúinteoir’ (Pádraigín Riggs). ‘D’fhág a chuid teagaisc rian ar na glúnta mac léinn ... D’éirigh leis gnéithe de thraidisiún liteartha na Gaeilge a chur ag seinm ar chomhbhuille leis an ré’ (Liam Ó Muirthile). Tagraíonn Máirtín Ó Murchú do na ‘deisceabail thréithiúla’ i measc na mac léinn. ‘Is eol gurb é an t-oide treorach ar scoil niamhrach filíochta – filí Innti mar adeirtear leo – rath nach mbíonn go minic ar lucht teagaisc, cé go raibh, dar ndóigh, ar a oide cáiliúil féin, Dónal Ó Corcora.’

Is deacair don scríbhneoir Gaeilge, nó don scoláire Gaeilge, fanacht glan ar ghnóthaí agus ar aighnis athbheochan na teanga. Ó na 1960idí amach níor thaise don Tuamach é. Ina theanntasan, is fear poiblí a bhí ann go pointe áirithe, é ina bhall den Chomhairle Ealaíon 1973-81, agus ina chathaoirleach ar an meitheal a chuir The Arts in Irish education (1979) ar fáil dóibh. Ba bhall de bhord Institiúid Teangeolaíochta Éireann é gur éirigh as nuair nach raibh sé ag aontú le polasaí na Roinne Oideachais i leith na hInstitiúide. Bhunaigh sé An Comhar Poiblí agus bhí ina stiúrthóir air; ba é a scríobh The facts about Irish (1964) dóibh. ‘Is é is príomh-aidhm do A.C.P. ná teacht ar shlite éifeachtúla chun dul i bhfeidhm ar phobal, ar eagraíochtaí Béarla, agus ar pháirtithe polaitíochta na hÉireann ar mhaithe leis an nGaeilge, agus ar leas na hÉireann’ (Feasta, Aibreán 1964). ‘Thosaigh sé le feachtas na síniúchán [‘Let the language live’; 1964] agus, faoi lár na 1960idí, ba bhall de Chomhairle Chomhairleach na Gaeilge é. As sin a tháinig Comhairle na Gaeilge a raibh sé ar na príomhshaoithe orthu .... Ba í Comhairle na Gaeilge a ghin Bord na Gaeilge, a raibh Seán ina chathaoirleach ar feadh trí nó ceathair de bhlianaibh air i lár na n-ochtóidí. Níor stáir gan fiúntas ina shaol rafar oibre í, bíodh gur dócha go mba mhinic cráiteach í’ (Ó Murchú). Is i rith a thréimhse sa Bhord a cuireadh amach Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge 1983-1986. Níor leis ab fhaillí é machnamh a dhéanamh ar chás na Gaeltachta agus thug sé léacht ag Scoil Mherriman 1983 ar an bpleanáil a bhí riachtanach. Cuid ríthábhachtach dá shaol ba ea an Ghaeltacht ón uair a chaitheadh an teaghlach seachtainí gach samhradh i nDoire an Aonaigh nuair a bhí Seán ina gharsún. Gheofar tuairim dá mhinicí a thugadh sé cuairt ar Chorca Dhuibhne sa rud a dúirt a mhac Finín le Risteárd Ó Glaisne: ‘Bhíos i gCorca Dhuibhne sarar rugadh mé, agus táim ag dul ann riamh ó shin, idir Samhradh, Cáisc, Nollaig agus eile ...' (Inniu 9 Márta 1973).

Ní foláir nó bhí cuid sin na hathbheochana dá shaol ag baint dá sholáthar scríbhneora. Dúirt sé in Innti: ‘Le trí nó ceathair de bhlianta anuas go háirithe ní dheinimse machnamh ach ar mheamraim don rialtas agus ar conas a déarfaidh mé rud éigin go poibli, nó a leithéid sin; ag freastal ar chruinnithe, agendas agus rudaí den tsaghas san. Baineann an scéal céanna le bheith i gceannas roinn Ollscoile: cúrsaí a leagan amach, riarachán, agus mar sin de.’

Ar feadh tuairim deich mbliana roimh bhás dó ní raibh an tsláinte go maith aige. Phós sé Beití Dinan 2 Meán Fómhair 1950 agus thóg siad cúigear mac le Gaeilge. D’éag sé 14 Meán Fómhair 2006 agus cuireadh é i Reilig Naomh Oilibhéar, Baile an Chollaigh, Corcaigh. A chara, an tAthair James Good, a léigh an t-aifreann éagnairce.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú