Sliocht as an Dialann

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00
Eisithe ar Seán Ó Ríordáin – filíocht agus prós á léamh ag an bhfile (2008). Le caoinchead Gael-Linn.

In Filí faoi sceimhle: Seán Ó Ríordáin agus Aogán Ó Rathaille, 1978 deir Seán Ó Tuama: ‘Sa leabhar seo tráchtaim ar an mbeirt fhilí Gaeilge is tábhachtaí liom ón 17ú haois i leith ...’ Deir Williams agus Ní Mhuiríosa in Traidisiún liteartha na nGael, 1979: ‘I dtuairim a lán léirmheastóirí, is é Seán Ó Ríordáin mórfhile Gaeilge na linne: tá cuid acu a dhearbhaíonn gurb eisean is fearr ó aimsir Uí Bhruadair i leith’. Mórscríbhneoir próis é freisin. Faoina aistí in The Irish Times, deir Seán Ó Mórdha: ‘Colún é seo go bhféachfar air amach anseo mar chuid an-tábhachtach de stair litríochta na Nua-Ghaeilge’ (in ‘An Púca Léannta’, An duine is dual: aistí ar Sheán Ó Ríordáin in eagar ag Eoghan Ó hAnluain, 1980).

Tá sé ar an bhfíorbheagán de scríbhneoirí na Gaeilge a bhfuil a mbeathaisnéisí liteartha scríofa. Bord na Gaeilge agus an tOireachtas i gcomhar le chéile a choimisiúnaigh Seán Ó Coileáin chun Seán Ó Ríordáin: beatha agus saothar, 1982 a scríobh faoin scéim a thionscain siad i 1978. Saothar an-neamhghnách is ea é toisc a raibh de fhianaise ar aigne Uí Ríordáin le fáil ag an gCoileánach i ndialann neamhfhoilsithe an fhile. ‘Cuid den leabhar seo, go mórmhór nuair is ag trácht ar a bhfuil sa dialann aige a bhítear, is geall le oratio obliqua é ar an rud a dúirt nó a déarfadh sé féin’. Tá leide de mheanma na beathaisnéise san abairt seo ina tosach: ‘Na trí ní ba thábhachtaí a bhain dó ina shaol ab ea Baile Bhuirne a fhágáil, an eitinn a theacht air, agus bás a mháthar. B’í an eitinn an tubaiste ba mheasa díobh go mór fada. Ní hamháin go raibh a tábhacht scanrúil féin léi ach chuir sí le tábhacht an dá eachtra eile’.

Saolaíodh é ar 3 Nollaig 1916 ar an Sliabh Riabhach i mBaile Bhuirne. De na Ríordánaigh Bhreaca a athair Seán, gréasaí. Ar éigean má bhí Gaeilge ar bith ag a mháthair Mairéad Ní Luineacháin arbh as Cúil Ealta di in aice le Carraig an Droichid. Seán an páiste ba shine agus bhí deirfiúr amháin, Bríd, agus deartháir, Tadhg, aige.

Bhí sé ar scoil ag Tadhg Ó Duinnín i Scoil Náisiúnta Mhichíl Naofa ar an Sliabh Riabhach. Bhí gaol aigesean le hathair Sheáin. Ardmhúinteoir agus duine d’fhilí na Dámhscoile ba ea é.

Fuair an t-athair bás ar 3 Márta 1926. D’aistrigh an chlann go dtí baile fearainn Garbhach i bparóiste Inis Cara mar a raibh teach (‘Bun an Chomair’) ag beirt de dheirfiúracha na máthar. Bhí sé acra go leith ag gabháil leis agus bhí radharc breá ón teach ar abhainn na Laoi.

I 1932 a thosaigh Seán ag freastal ar Scoil na mBráithre sa Mhainistir Thuaidh. Bhí sé beagnach 16 bliana agus is sa dara bliain a cuireadh é. An bhliain dár gcionn, is i rang na 4ú bliana a bhí sé. D’éirigh leis san Ard-Teist 1936 agus thosaigh ag obair in oifig na mótarchánach, Bardas Chorcaí, 25 Eanáir 1937.

Tháinig an eitinn air i dtús 1938. Bhí niúmóine air i bhfad roimhe sin nuair a bhí sé 13 bliana d’aois. Ba mhinic ar saoire tinnis é agus chuir sé trí thréimhse mhóra breoiteachta de idir 1938 agus 1951. Heatherside nó Leitir Fraoich in aice le Dún ar Aill an sanatóir a mbíodh sé ann.

Faoi na forálacha a bhain le galar na heitinne tógadh seomra nua dó ar chúl an tí in Inis Cara. ‘An seomra seo fócas a shaoil is a shaothair go ceann i bhfad eile .... Tá sé deighilte amach óna mhuintir féin ina theach féin mar a bheadh lobhar nár cheadmhach baint leis’ (Ó Coileáin). Chuir sé tús leis an dialann úd Lá Coille 1940 agus lean air ag scríobh inti go dtí cúig lá roimh a bhás. Bhí tosaithe aige ar dhánta a chumadh uair éigin idir 1935 agus 1938. De réir ‘Seán Ó Ríordáin: clár saothair’ in Comhar, eagrán speisialta in ómós don fhile, Bealtaine 1977, ba é ‘An dall san studio’ an chéad dán i gcló aige (in Comhar, Márta 1944). An bhliain roimhe sin, bhuaigh sé duais Oireachtais le ‘Leigheas’.

Fuair a mháthair bás ar 21 Eanáir 1945. ‘An bhliain sin is ea a d’fhoilsigh sé “Adhlacadh mo mháthar”; agus is é ócáid an dáin seo, a déarfainn, a d’fhuascail an fhéith ann, a leag cibé bacanna teanga nó síceolaíochta a bhí á chosc, a thug neart dó scaoileadh le samhailteacha as íochtar a aigne; a chuir air cumasc a dhéanamh, faoi strus, idir na gnéithe iasachta agus na gnéithe dúchais atá ina chuid filíochta’ (Seán Ó Tuama, Filí faoi sceimhle ...).

Nuair a d’fhoilsigh Sáirséal agus Dill a chéad chnuasach, Eireaball spideoige, 1952, ghoill léirmheas Mháire Mhac an tSaoi (Feasta, Márta 1953) air, agus ghoillfeadh go ceann i bhfad. Féachann sise siar ar an aighneas sin agus í ag comhrá le Michael Davitt in Innti, Uimhir 8, Feabhra 1984.

Thug sé a chéad turas ar Dhún Chaoin in 1950. Faoi scéim a bhí ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le haghaidh scríbhneoirí a chur go dtí an Ghaeltacht chaith sé cúpla mí i nDún Chaoin ó 24 Meán Fómhair 1952 amach agus arís ó 15 Bealtaine 1953 go 14 Iúil 1953. Lean sé air ag caitheamh a laethanta saoire ann go 1975. Do mhuintir Dhún Chaoin a thiomnaigh sé a dhara cnuasach Brosna, 1964.

D’éirigh sé as a phost i mBardas Chorcaí 30 Meán Fómhair 1965 agus fuair pinsean a bhí bunaithe ar 34 bliana seirbhíse. In Eanáir 1969, fuair sé post i gColáiste Ollscoile Chorcaí agus é mar dhualgas air leathdhosaen léacht a thabhairt in aghaidh na bliana. Bhí sé ag scríobh go rialta in The Irish Times ó 29 Feabhra 1968 amach. In An Duine is dual, tá aistí ar stíl agus ábhar an cholúin sin ag Alan Titley (‘An prós poiblí agus an fear polaitiúil’), ag Breandán Ó hEithir (‘Iriseoir’) agus ag Seán A. Ó Murchú (‘Seán Ó Ríordáin agus an Pholaitíocht’).

Bronnadh Duais Uí Sheachnasaigh air (£500) 1 Samhain 1971 agus bhronn an Chomhairle Ealaíon sparánacht £2,500 air i samhradh 1976. Bhronn Ollscoil na hÉireann D. Litt air in Aibreán na bliana céanna.

Thosaigh an taom breoiteachta deiridh ar 5 Eanáir 1976 agus bhí sé isteach is amach san ospidéal go bhfuair bás in Ospidéal Naomh Stiofán (Cúirt an tSáirséalaigh), Corcaigh, ar 21 Feabhra 1977. Thug Cearbhall Ó Dálaigh, Uachtarán na hÉireann, cúpla cuairt air i rith na breoiteachta sin agus ba é a thug an óráid os cionn na huaighe i Reilig Ghobnatan i mBaile Bhuirne. Ag searmanas ar 9 Feabhra 1982, nocht Máirtín Ó Direáin leac thuama ag an uaigh. Ar 24 Feabhra, nochtadh plaic i nGarbhach.

Chomh maith leis na cnuasaigh atá luaite thuas, tháinig uaidh: Rí na nUile: liricí diaga a cumadh idir an 9ú agus an 12ú céad arna gcur in eagar ag Seán S. Ó Conghaile maille le leagan nua-Ghaeilge a chum Seán Ó Ríordáin, 1967; Línte liombó, 1971; Tar éis mo bháis, 1979. D’eisigh Gael Linn ceirnín Filíocht agus prós, 1968. Sa chlár saothair úd in Comhar tá liostaithe freisin na taifid fuaime agus scannáin atá á gcoinneáil ag RTÉ agus Raidió na Gaeltachta, agus na haistí go léir, breis is 400 díobh, in The Irish Times anuas go dtí 18 Nollaig 1975. D’fhoilsigh Cló Mercier Seán Ó Ríordáin: saothar an fhile, 1975 le Seán Ó Tuama. D'fhoilsigh Sáirséal agus Ó Marcaigh Scáthán Véarsaí: rogha dánta le Seán Ó Ríordáin, 1980. Cian Ó hÉigeartaigh a rinne an rogha don chnuasach seo. Baineann Seán Ó Ríordáin agus ‘An Striapach Allúrach’, 1988, le hEibhlín Nic Ghearailt, leis an gcaidreamh a bhí ag an bhfile ar scríbhneoirí áirithe Béarla. Foilsíodh Cá bhfuil Éire?: Guth an Ghaisce i bPrós Sheáin Uí Riordáin, 1998 le Stiofán Ó Cadhla (An Clóchomhar). ‘Is é atá sa leabhar seo ná toradh na hainilíse a deineadh ar shaothar próis Sheáin Uí Ríordáin, coraíocht is trí chéad go leith alt a foilsíodh ó 1954 go dtí 1975’. Rinne Alan Titley clár raidió i dtaobh a shaothair, agus Seán Ó Coileáin agus Louis de Paor ina n-aíonna aige ann, agus tá i gcló in Scríbhneoirí faoi Chaibidil, 2010. Tá an t-ábhar sa chlár sin in eagar ag Titley. D'fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht Seán Ó Ríordáin: na dánta, 2011, é in eagar ag Seán Ó Coileáin maille le réamhrá 25 leathanach leis an údar céanna agus obair ealaíne le Seán Ó Flaithearta. Foilsíodh Fill Arís: Oidhreacht Sheáin Uí Ríordáin, 2013, é in eagar ag Liam Mac Amhlaigh agus Caoimhín Mac Giolla Léith.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú