WELCH, Robert Anthony (1947–2013)

Duine den bheagán scoláirí iomráiteacha Béarla a shaothraigh i ngort na Gaeilge agus a thug a cheart do thraidisiún liteartha na Gaeilge go háirithe ina mhórshaothar, The Oxford companion to Irish literature (1996). Rugadh Robert Anthony Welch i gCathair Chorcaí ar 25 Samhain 1947. Mac le hoifigeach bainc as an chathair sin ab ea é agus b’ann a tógadh é féin, a dheartháir Dominic agus a dheirfiúracha Marian, Eileen agus Teresa. Bhí a sheanathair in Arm na Breataine san India agus b’ann a cailleadh é. B’éigean dá bhean chéile siúd filleadh ar Chorcaigh ina dhiaidh sin lena clann, ina measc siúd bhí athair Bob Welch féin a rugadh san India le linn don teaghlach a bheith lonnaithe sa tír sin. Ba i gCorcaigh a fuair Bob Welch a chuid oideachais; ar Choláiste Chríost Rí ag Bráithre na Toirbhirte agus ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, mar a ndearna sé staidéar ar an Bhéarla, ar an Ghaeilge agus ar an cheol. Bhí Welch in aon rang le Alan Titley ó na naíonáin bheaga ar aghaidh agus tá cuntas greannmhar ar eachtra a bhí ag an bheirt agus iad ina ndaltaí scoile sa leabhar Japhy Ryder: ar shleasaibh na Mangartan (2010). I measc na scoláirí breátha a bhí á theagasc i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, bhí Seán Ó Tuama, Seán Ó Riada agus Seán Lucy. I ndiaidh dó céim mháistreachta a bhaint amach faoi Lucy, d’imigh sé go Leeds Shasana le PhD a dhéanamh faoi stiúir A.N. (Derry) Jeffares, a bhí ina údar mór ar shaothar Yeats. I ndiaidh tréimhse in Ollscoil Ife, sa Nigéir, sna 1970idí luatha d’fhill sé ar Leeds, mar ar chaith sé deich mbliana ag léachtóireacht le Béarla sular ceapadh ina Ollamh le Béarla é agus ina Cheann ar Scoil an Bhéarla, na Meán agus Léann na hAmharclannaíochta in Ollscoil Nua Uladh sa bhliain 1984, agus gan slánaithe aige ach seacht mbliana is tríocha. Sa bhliain 2000 ceapadh ina Dhéan ar Dhámh na nDaonnachtaí é, dámh a ndearnadh Dámh na nEalaíon di faoina cheannas. Bhronn an ollscoil ‘Comhaltacht Taighde Shinsearach Oirní’ air sa bhliain 2003 agus in 2008 toghadh ina bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann é. Is sa bhliain sin a d’éirigh sé as a bheith ina Dhéan agus chuaigh sé ar luathscor in 2009 ach lean air ina ollamh emeritus agus ina ollamh taighde ina dhiaidh sin go dtí gur cailleadh ar 3 Feabhra 2013 é.

Bhain Bob Welch roinnt duaiseanna agus é ina úrscéalaí, ina fhile, ina dhrámadóir, ina chriticeoir agus ina scoláire agus chuaigh ag a shaothar an scoilt idir an Béarla agus an Ghaeilge, sa litríocht agus sa teanga, a shárú. Threabh a luathshaothar ar Moore, ar Yeats agus a chuid aistriúchán ar fhilíocht an naoú haois déag agus ar fhilíocht na Nua-Ghaeilge, threabh siad talamh úr. Sa bhliain 1992, bhain sé duais Oireachtais ar son na critice. Is bunleabhar tagartha i gcónaí sa ghort é a mhórshaothar éachtach The Oxford companion to Irish literature (1996). Ba shaothar barrthábhachtach é an saothar a rinne sé ar stair Amharclann na Mainistreach mar cheiliúradh ar chéad bliain a bunaithe. Is in éineacht le Brian Walker, Ollscoil na Banríona, a cheap Bob Welch an tsraith The Oxford history of the Irish book. Le linn na 1980idí agus na 1990idí bhí dlúthbhaint aige le The International Association for the Study of Irish Literature, agus bhí sé ina uachtarán ar an chumann sin ar feadh trí bliana.

Cé go raibh cónaí air i gContae Dhoire ó bhí 1984 ann, d’fhan Bob dílis dá fhréamhacha Corcaíocha i rith a shaoil, go háirithe ina chuid scríbhneoireachta cruthaithí. An dáimh a bhí aige lena dhúchas Muimhneach, tá sí le haithint ar an chéad leabhar filíochta a tháinig uaidh, mar atá, Muskerry (1991), agus ba é an chéad imleabhar filíochta as cúigear é, a bhfacthas a cheann deiridh sa bhliain 2010. In 2009, ar scoil samhraidh Gerard Manley Hopkins, bronnadh O’Connor Literary Prize air as a chuid filíochta.

Lean an bhaint le Corcaigh ina úrscéal The Kilcolman notebook (1994), ar leabhar é ina samhlaítear, go magúil in amanna, an caidreamh idir Edmund Spenser, Eilís I agus Walter Raleigh. Ar ndóigh ba i gCorcaigh a scríobh Spenser a shaothar cáiliúil The Faerie Queene. In 1997, foilsíodh úrscéal dorcha i nGaeilge, Tearmann, agus úrscéal iontach éagsúil i mBéarla, Groundwork, a chuir an New York Times ar liosta na ‘Notable Books of 1998’.

In 2004, dhírigh sé a aird ó thuaidh leis an dráma, Protestants, a chuaigh ar camchuairt ar fud na hÉireann, go dtí an West End i Londain, agus go Dún Éideann, leis. In 2010 d’fhoilsigh Welch cnuasach aistí as Gaeilge, ar aistí liteartha agus beathaisnéiseacha iad, dar teideal Japhy Ryder: ar shleasaibh na Mangartan. Bronnadh duais Oireachtais ar son na prós-scríbhneoireachta air in 2011 dá thairbhe seo.

Sa bhliain 2012, cúpla mí roimh a bhás, foilsíodh cuimhní cinn fíorionraice leis ar dhuine dá chlann mhac, Egan, a cailleadh in 2006 agus gan é ach sé bliana is fiche d’aois. Kicking the black mamba: life, alcohol & death is teideal don chuntas chorraitheach seo ar an lorg a d’fhág an t-alcólachas agus buarthaí an tsaoil ar a mhac ionúin agus an tionchar a d’imir sin ar an teaghlach trí chéile. Ina dhiaidh sin is uile, áfach, is cíoradh fíordhomhain féinchriticiúil é ar an bhaint a bhí aige féin, mar athair, leis an chineál fir a rinneadh den mhac. Is teist é an leabhar ar an chlaonadh a bhí ag Bob gan an t-ainm a bhaint den bhlonag agus is minic a chleachtadh sé an nós seo agus é i mbun léachtóireachta. I léachtlann de chuid Chúil Raithin in 2001, i ndiaidh dó dhá uair an chloig de shárléargas a thabhairt as a sheasamh ar fhilíocht Ghaeilge na Mumhan sa seachtú haois déag, chualathas mac léinn amháin a rá ‘dá mba mar sin a bheadh gach léacht ollscoile ní fhágfainn an foirgneamh choíche.’ Bhí sé de chlú ar Welch gur roinn sé a mhóréirim leis na glúine de mhic léinn, agus in amanna, in áiteanna nach mbeifí ag dréim leis. Bhí teagmháil aige, mar shampla, le géibheannaigh Thuaisceart Éireann le linn na dTrioblóidí, agus é ag súil leis go gcuirfeadh na daoine sin ar cuireadh léann orthu leis an tsochaí sin a mbeadh siad ina gcónaí inti. Ba é a dúirt a chomharba, An tOllamh Pól Ó Dochartaigh, gur thug Bob Welch míchaidreamhach air féin, ina leabhar ar a mhac Egan, ach gurb ‘é fírinne an scéil é go bhfaca sé an mhaith san oiread sin daoine nach dtiocfadh a leithéid a shamhlú leis.’

Ag cuimhneamh siar ar laethanta a n-óige, i gcuntas iarbháis a scríobhadh do Lagan Press, tráchtann Alan Titley ar an cheannródaíocht ba dhual dá sheanchara. Sa chúigiú bliain ar scoil dó scríobh Welch aiste dar teideal, ‘Thus Spake Zara MotorCar’ agus is cuimhin le Titley oícheanta a chaitheamh amach ón ‘Snotty Bridge’ mar a mbíodh Welch ag scansáil lena chara Tom Murphy faoi Dostoyevsky agus an chuid eile den chomhluadar lán iontais á gcoimhéad. Ba é a dúirt Pat Butler, comhghleacaí eile, faoi go raibh sé i bhfad chun tosaigh ar a chomrádaithe, nó mar a dúirt Seán Ó Ríordáin faoi Dhomhnall Ó Corcora, ‘do mhúin sé an tslí’.

Ar thórramh Bob in Eaglais Naomh Eoin i gCúil Raithin, d’aithris Alan Titley dán Gaeilge de chuid Sheáin Uí Ríordáin, sular aithris sé dán gairid dá chuid féin, i mBéarla, dán a bhí cumtha aige in ómós do Bob. Is é Bob féin a roghnaigh an dán ‘Fill Arís’ de chuid Uí Ríordáin dá thórramh féin agus léiríonn an dán seo an file a bheith ag fágáil ‘Gleann na nGealt Thiar’ le filleadh ar a fhíorbhaile dúchais sa Ghaeltacht. Is ansin a bhí a chroí, ach is léiriú ar thionchar an fhir seo ar a chuid mac léinn agus ar litríocht na hÉireann go raibh teanga ‘Shelley, Keats agus Shakespeare’, chomh sáite go smior ann agus a bhí teanga Chorca Dhuibhne. Tá leabhar nua leis ar litríocht na hÉireann The cold of May Day Monday chomh maith le cnuasach scéalta dar teideal The trap of their hexes le foilsiú go luath. Foilsíodh cuntais iarbháis air ar roinnt mhaith nuachtán, ina measc siúd, The Irish Times, The Guardian, The Times agus The Times Higher Education Supplement.

Bhí sé pósta ar Angela (O’Riordan), agus bhí triúr páistí acu: Rachel, Killian agus Tiarnán.

Fionntán de Brún