Is é an cur síos a rinne Seán Mac Réamoinn air in Anois 9-10 Nollaig 1995: ‘Sagart, file, ollamh; fear éirime, fear grámhar, fear grinn; fear ar mhór aige dúchas agus oidhreacht Ghaelach Uladh agus Éireann; saothraí scríbhneora a chuir comaoin ar aos léite na Gaeilge, agus a thug léargas ar chuid de shaibhreas na litríochta Gaeilge, idir shean agus nua, don saol amuigh…. An tuairisc sin, agus í a mhéadú faoi sheacht, ní bheadh inti ach tús tráchta chun leac an laoich seo a líonadh.’ Tá cuntas iarbháis air ag a chara Aodh Ó Canainn in Comhar, Aibreán 1996 agus in Donegal Annual, 1994 tá cuntas ag an údar céanna agus béim á cur aige ann ar ar bhailigh Ó Cuinn d’ábhar in áiteanna i nDún na nGall inar shíothlaigh an Ghaeilge ó shin. Tá scéal a bheatha scríofa ag Risteárd Ó Glaisne, Cosslett Ó Cuinn, 1996; cuid insuime den bheathaisnéis sin a bhfuil inti de shleachta as dialanna a choinníodh sé agus den chomhfhreagras a bhí aige le Máirtín Ó Cadhain, Seán Ó Ríordáin, Tomás Ó Fiaich... Bhí a dhírbheathaisnéis scríofa aige i mBéarla agus tá sin léite ag Ó Glaisne. I nDoire Eachaidh, Co. Aontroma, a rugadh Cosslett William Charles Quin 27 Feabhra 1907. Ba é Charles Edward Quin, reachtaire Dhoire Achaidh, a athair agus ba í Edith Isobel Wadell a mháthair. Bhí beirt deirfiúracha aige. Ball den Ord Oráisteach an t-athair ach níorbh aon bhiogóid é.

Bhí sé ar scoil i nGráinseach na Morna in aice le Cill Chaoil,Co. an Dúin, 1916-20. Thug scoláireacht é go Coláiste Naomh Columba i Ráth Fearnáin, Co. Bhaile Átha Cliath, ach tógadh amach as an scoil sin é aimsir an chogaidh chathartha agus chuaigh sé go Coláiste Campbell, Béal Feirste. I 1924 bhuaigh sé scoláireacht a thabharfadh go hOllscoil Oxford é. Toisc sin a bheith thar acmhainn a mhuintire is go Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a chuaigh sé. Ghnóthaigh sé bonn óir sna clasaicigh agus chuaigh isteach i Scoil na Diagachta; fuair sé an chéim BD i 1940. Cara leis sa Choláiste, Seoirse Mac Canna, a mhúscail a spéis sa Ghaeilge. Bhí sé ina bhall de Chumann Gaelach an Choláiste, é ina reachtaire ar an gcumann i 1930, agus i ngeimhreadh 1929 chaith sé tamall sa Bhlascaod; toradh amháin a bhí air go raibh comhfhreagras aige le Máire Ní Ghuithín ar feadh a shaoil. Le George Thomson agus Donn Piatt thug sé cuairt ar Ó Méith, Co. Lú. Chaitheadh sé an Fáinne Óir. Luigh sé isteach ar staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge Uladh agus bhíodh go minic in Oileán Ghabhla agus sna Doirí Beaga. Deir Ó Canainn gurbh í an deacracht a bhain le Gabhla go raibh Béarla maith ag na daoine ann: ‘Ar ámhairí an tsaoil, chuir sé aithne ar sheanfhear nach raibh aon Bhéarla aige agus ó tharla go raibh cluas iontach do theangacha aige, ba ghearr go raibh sé ina Ultach líofa.’ Bhí spéis aige sna canúintí agus d’fhoilsigh sé ailt in Éigse ar chaint Reachlainn agus ar shampla de Ghaeilge Chill Chainnigh. I 1933 d’iarr Séamus Ó Duilearga air léirmheas a dhéanamh in Béaloideas ar Scéalta Mhuintir Luinigh le hÉamonn Ó Tuathail. Rinne deagánach de i 1931 agus is go Dún Dála, Béal Feirste, a cuireadh ag obair é. Ó 1936 go 1940 bhí sé ina churáideach i Maigh Bhile in Inis Eoghain. Chuir Éamonn Ó Tuathail comhairle air i dtaobh béaloideas a bhailiú agus scríobhadh sé scéalta síos ó sheanchainteoirí dúchais. Bhreac sé scéalta agus rainn i dToraigh. Chaith sé cúpla seachtain i Lúnasa 1940 in Árainn Mhór agus deirtear gurbh é an chéad duine é a chuaigh ar thóir an bhéaloidis ansin. Is cuid dár bhailigh sé atá in Scian a caitheadh le toinn: Scéalta agus amhráin as Inis Eoghain agus cuimhne ar Ghaeltacht Iorrais, 1990 in eagar ag Aodh Ó Canainn agus Seosamh Watson. In Donegal Annual, 1994 tá cur síos mion ag Ó Canainn ar ar bhailigh sé i gceantair éagsúla agus ar na hamhráin go háirithe. Ní hí an chuid is lú dá dtábhacht gurbh i gceantair nach bhfuil an teanga beo iontu inniu is minic a bhí sé ag bailiú ábhair. Dúirt sé féin uair gur chuala sé Gaeilge dhúchais i ngach contae in Ulaidh ach amháin Fear Manach.

Chaith sé an bhliain scoile 1940-41 ina mháistir cúnta i gColáiste Naomh Columba agus chaith tamall maith den bhliain ina dhiaidh sin ag obair i bparóiste Chluainín Uí Ruairc, Co. Liatroma. Ceapadh é ansin ina churáideach i nDroim Laighean, Co. an Chabháin. Ó 1944 go 1950 bhí sé ina reachtaire ar Chill Laighneach sa chontae céanna. Ó 1950 go 1955 bhí sé san Fhorrach Mhór, Co. Chill Dara, agus anuas go 1960 i bparóiste Naomh Eoin i gcathair Chorcaí; bhí sé ag feidhmiú freisin mar shéiplíneach ag mic léinn Choláiste Ollscoile Chorcaí. D’fhill sé ansin ar dheoise na Cille Móire chun a bheith ina reachtaire ar an Dromainn agus Baile Shéamais Dhuibh. Ó 1965 is sa Chros Dhearg, Co. Chill Mhantáin, a bhí sé ag obair, é ina reachtaire ar Bhaile Uí Dhonnagáin. Ceapadh é ina chanónach de chuid Ardeaglais Phádraig i 1966 agus d’éirigh sé as an ministreacht i 1971.

Fear ildánach ba ea é: diagaire, file, aistritheoir, scoláire bíobalta, léirmheastóir, ilteangach, díograiseoir teanga go pointe áirithe, béaloideasóir, ball den ghluaiseacht éacúiméineach .... Ceapadh é ina ollamh le Gréigis an Bhíobla i gColáiste na Tríonóide i 1961. Sna 1940idí thug sé cabhair d’Earnán de Siúnta nuair a bhí seisean ag athscríobh Tiomna Nua Uilliam Uí Dhomhnaill; chuir sé lámhscríbhinn de Siúnta i gcomparáid leis an nGréigis bhunaidh agus nuair a fuair de Siúnta bás i 1949 iarradh air an saothar a ullmhú don chlódóir. Ba é a d’aistrigh na Sailm i gcomhair Leabhar Urnaí Eaglais na hÉireann. Is dóigh gurb é an saothar is mó dá chuid Tiomna Nua ár dTiarna agus ár Slánaitheora Íosa Críost, 1970 a d’aistrigh sé ón ‘standard revised version’ agus ón nGréigis. Thugadh sé codanna den lámhscríbhinn le léamh do Mháirtín Ó Cadhain, d’Aindrias Ó Muimhneacháin agus do Sheán Mac Fhionnlaoich. I litir dar dáta 31 Lúnasa 1972 (i gcló ag Ó Glaisne) dúirt Ó Ríordáin go léadh sé go rialta é. Foilsíodh Scéalta as an Apocrypha (Bedell), 1971. Saothair leis i mBéarla is ea The Ten Commandments: a Theological Exposition, 1951 agus At the Lord’s Table, 1954. Chuir sé aistriúchán fileata Béarla ar na Sailm i 1960-61 ach níor foilsíodh iad. Bhí baint aige leis an New English Bible, 1970 a ullmhú. Chum sé iomann nua (‘Nuair a chruthaigh Dia gealach agus grian’) agus d’aistrigh ‘Dies Irae’, iomann Gearmáinise le Luther, le haghaidh Leabhar Iomann, 1961. Chum sé freisin leagan Gaeilge de ‘Amazing Grace’ (‘Níl inse béil ar ghrása Dé’). Tá leagan Béarla den dán ‘Álainn Dún Mhic Mhuire’ aige in Church Hymnal, 1960. Ba iad na saothair dheiridh uaidh Orthaí le haghaidh Domhnaí, Príomhlaethanta Naofa agus Séasúr, 1994; Inspioráid na hEagna, 1995.

Bhíodh dánta i gcló aige in Comhar agus foilsíodh dán fada leis, Slánú an tSalachair, 1978. Gheofar tuairim dá chumas mar fhile agus mar aistritheoir araon sa leagan Béarla de ‘Cúirt an Mheon-Oíche’ a chuir sé ar fáil (The Midnight Court: a New translation, 1982) agus sna haistriúcháin ar dhánta Uí Ríordáin atá i gcló in The Pleasures of Gaelic Poetry, 1982 le Seán Mac Réamoinn; tá freisin sa chnuasach aistí sin an cuntas a scríobh sé ar Bhrian Merriman. Ar feadh tamaill i 1971 bhí sé á bheartú ag Sáirséal agus Dill a aistriúcháin ar scéalta An tSraith dhá Tógáil le Máirtín Ó Cadhain a fhoilsiú. D’aistríodh sé ábhar ó na teangacha eile a bhí foghlamtha aige. I ndiaidh a bháis scríobh an Dr Samuel G. Poyntz: ‘Cosslett was an outstanding linguist with a magnificent grasp of Latin, Greek (he could converse in modern Greek), Hebrew, Aramaic, Italian, German, French .... He had some Manx, Scottish Gaelic and Welsh ... and translated two books from Spanish into Irish at the age of 86 and 87 .... Recently he had started to learn Portuguese ...’ (i gcló ag Ó Glaisne). D’fhoilsigh Coiscéim an dá leabhar ón Spáinnis: An ridire dubh, 1993 (Peores que Lobos le Frederico Mediante Noceda) agus Ging de leamhán a scoilteas leamhán, 1994 (Los mas listos sobreviven le Clark Carrados). Ón bhFraincis d’aistrigh sé Rome and Canterbury, 1962 (le Emmanuel Amand de Mendieta) agus ón nGearmáinis Ezekiel: a commentary, 1970 (le Walther Eichrodt). Deir Ó Glaisne go raibh Hóiméar á aistriú go Gaeilge aige.

Ní léir go raibh sé riamh ina bhall díograiseach d’eagraíocht Ghaeilge ar bith ach iarradh air aitheasc oscailte an Oireachtais a thabhairt i 1964 agus bhí sé ina uachtarán ar an bhféile sin i 1972 agus arís i 1973. Déanann Ó Glaisne cur síos ar an gcaoi ar dhiúltaigh Ardeaspag Thuama an chomaoineach naofa a thabhairt dó ag Aifreann speisialta an Oireachtais i 1972 agus ar an gcaoi ar thug an tAthair Tom Stack ar ball cúiteamh dó sa bhfaillí sin. Bhí sé ar dhuine díobh sin a mhol Ó Cadhain do phost léachtóra i gColáiste na Tríonóide. Bhí sé ina bhall de Chomhairle na Gaeilge 1965-68. Scríobhadh sé ailt agus léirmheasanna in An Sagart, An tUltach, Focus, , Theology, New Divinity... D’éag sé 6 Nollaig 1995 agus cuireadh é i mBaile Uí Dhonnagáin, Co. Chill Mhantáin. Bhí sé pósta ar Doreen Jennings agus bhí iníon agus beirt mhac acu. D’fhág sé le huacht ag Acadamh Ríoga na hÉireann 27 cóipleabhar a bhfuil iontu na hamhráin, na scéalta agus ábhar eile a bhailigh sé sa Ghaeltacht (Irish Library News, Márta 1994).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú