‘Is beag amhras atá ann ná gurbh é Cúirt an Mheán Oíche an dán grinn is mó le rá dár cumadh in Éirinn riamh’, a dúirt Seán Ó Tuama. Liam P. Ó Murchú in Cúirt an Mheon-Oíche, 1982 (An Clóchomhar), is túisce sa dara leath den bhfichiú haois a rinne tréaniaracht ar eolas cinnte i dtaobh an fhile a aimsiú agus tugann sé freisin san eagrán sin sleachta as na cuntais a scríobh Seán Ó Donnabháin, Eoghan Ó Comhraí, agus Seán Ó Dálaigh. Ó Dálaigh ba thúisce a chuir an Chúirt i gcló (Mediae Noctis Concilium. Auctore Briano Mac-Gilla-Meidhre de Comitatu Clarensi in Momonia. A.D. 1780. Poema heroica-comicum, 1850) agus Risteárd Ó Foghludha ba thúisce a d’aimsigh eolas breise ar bheatha agus chúlra an fhile (Cúirt an Mheadhon Oíche, 1912 agus Cúirt an Mheadhón Oíche, 1949). Tá eolas freisin ag Kieran Sheedy in Feakle, 1990. I measc na n-aistí léirmheasa nach miste a lua tá ar scríobh Seán Ó Tuama in Studia Hibernica 4 (1964) agus in Repossessions, selected essays on the Irish literary heritage, 1995 (‘Brian Merriman and his Court’), agus ‘Brian Merriman agus Cúirt an Mheán Oíche’ in Merriman agus filí eile, 1985 le hArt Ó Beoláin (An Clóchomhar).

In Inis Díomáin, Co. an Chláir, a rugadh é agus deirtear gur bean de mhuintir Mhic Uilcín a mháthair, gur phós sí Merriman, saor cloiche siúlach a bhí ag obair sa cheantar. D’aistrigh siad go dtí an Fhiacail nuair a fuair an leasathair obair le déanamh in eastát Uí Eára sa Chathair. Ar ball bhí feirm bheag in aice Loch Gréine ag Brian agus scoil scairte aige in aice le faiche an aonaigh i gCill Chláráin. Níor phós sé go dtí tuairim 1787 agus Kathleen Collins (nó Cáit na Máistreása) ab ainm dá bhanchéile, más fíor. Rugadh beirt iníonacha dóibh, Mary i 1790 agus Catherine i 1795. Bhronn an Dublin Society dhá dhuais air i 1797 as an mbarra lín a bhí aige. Deirtear go raibh eagla air go bhfuadófaí na cailíní ar ball i ngeall ar an airgead a bhí aige féin agus gur aistrigh sé go Luimneach. Bhí scoil aige ansiúd agus ann a d’éag sé. Nuair a bhí eagrán 1912 á réiteach ag Ó Foghludha d’iarr sé ar an scoláire Eleanor Hull a sheiceáil i Músaem na Breataine cad a bhí le rá i dtaobh bhás an fhile ag General Advertiser and Limerick Gazette ar an Luan 29 Iúil 1805. Is é a fuair sí: ‘Died: on Saturday morning, in Old Clare Street, after a few hours illness, Mr Bryan Merryman, teacher of Mathematics, etc.’ Fágann sin gur ar 27 Iúil 1805 a d’éag sé. Cuireadh é san Fhiacail. Deirtear gur phós duine de na cailíní táilliúir dar sloinne Ó Riain i Luimneach. Tá an tagairt seo ag Eibhlín Ní Dhonnchadha in Tomás Ó Conchubhair agus a chuid filidheachta, 1953: ‘Timpeall leathmhíle slí ó 12 Duke Street, Piccadilly, bhí cónaí ar tháilliúir eile a chuaigh anonn go Sasana le linn Thomáis agus a bhí ag gabháil dá cheird thall—Andrew Bugley, cliamhain Bhriain Merriman, a chónaigh ag 6 Denzelle Street, Clare Market.’

Tá aiste ag Séamas de Barra. ‘An Chairt Bheathaisnéise ag Pilib Barún ar Bhrian “Merriman” Mac Con Mara (1836)’ in Studia Hibernica 30, 1998–99. Cur síos is ea an ‘chairt’ ar bheatha an fhile. Fuair Risteárd Ó Foghludha ó Shéamas Ó Dubhghaill í agus bhí sí roimhe sin i seilbh Dháithí Coimín. D’aimsigh Séamas i bpáipéir Uí Fhoghludha sa Leabharlann Náisiúnta grianghraf, a tógadh tuairim 1850, den cháipéis bhunaidh; chuir Ó Foghludha eolas as an gcairt seo i gcló in eagrán 1949 de Cúirt an Mheán-Oíche. Deir Séamas gurb i bpeannaireacht Philib Barún atá an chairt. Tugann Séamas freisin achoimre ar pháipéar a léigh sé do Scoil Samhraidh Mherriman 20 Lúnasa 1990, ‘Cúirt an Mheon-Oíche – Apologia ag Mac, Marbhna ar chine, Fáthchiall iar-Stíobhardach’. Deir sé: ‘Ag cosaint a mháthar ar an Seanduine atá “Merriman”, agus ag moladh a athar Donnchadh Mac Con Mara File, a thug móideanna sagairt rialta tráth. Ba ar Dhonnchadh, agus ar Bhrian ar a thuras, a bheadh an teideal “Mac Con Mara Fionn” mura mbeadh cúrsaí polaitíochta.’

Tá aiste le Brian Ó Dálaigh, ‘“Poet of a Single Poem”, Brian Merriman (c.1749–1805)’ in County Clare Studies: Essays in Memory of Gerald O’Connell, Seán Ó Murchadha, Thomas Coffey and Pat Flynn, 2000, in eagar ag Ciarán Ó Murchadha. Tá eolas ann ar cheantar an fhile lena linn. Tuairimíonn Ó Dálaigh gur ghalldú ar an sloinne Ó Marannáin ag pointe ama éigin ba ea Merriman; in 1825 bhí Marannánaigh líonmhar go leor sa bhaile fearainn taobh thuaidh de Shráid na Cathrach mar a raibh cónaí ar Antoine Ó hÍomhair, fear gaoil Mherriman. D’éirígh le Brian duine den sloinne Merriman a aimsiú i gceantar Inis Díomáin i 1741. Bhí beirt deirfiúracha ag an bhfile. Pléann Ó Dálaigh an cheist i dtaobh áit chónaithe an teaghlaigh san Fhiacail: Cill an Aonaigh nó Cnoc na Gaoithe? Pléann sé freisin cár cuireadh oideachas ar an bhfile, conas a d’fhoghlaim sé léamh agus scríobh na Gaeilge, agus na teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith aige le scoláirí agus filí a linne. Is i nDoire Binne a bhí an fheirm seacht nó ocht n-acra aige ar feadh fiche bliain, é ina thionónta ag muintir Mhic Con Mara. I mbaile fearainn eile, Currach, a bhí an scoil aige. Tuairimíonn Ó Dálaigh gurb é an fáth ar fhág Merriman an Fhiacail go raibh an léas 21 bliain ar an bhfeirm istigh; thug sin an deis dó cinneadh ar aistriú go Luimneach. Tá mar aguisín ag Ó Dálaigh ráiteas a rinne bean i gceantar Inis Díomáin a d’éag uair éigin i gcaogaidí an 20ú céad nuair a bhí sí céad bliain d’aois: ‘A family named Coughlan lived on the top road to Lahinch. There was a son and a daughter in the family. The daughter had a child from a Marrinan man from Derrymore. He [the son] was always called Merryman from his Marrinan father. Her brother [Coughlin] built the Deerpark walls for the Macnamaras at 4 pence a day.’

Tá an t-alt ‘Brian Merriman and his Contemporaries’ ag Brian Ó Dálaigh in North Munster Antiquarian Journal vol. 6, 2006. ‘In this paper the origin of the surname Merriman is discussed, a new date for the completion of Cúirt an Mheon-Oíche is suggested and evidence evinced to show that Merriman participated in the Ennis school of Gaelic poetry in April 1780. Merriman’s knowledge of the work of other eighteenth-century Munster poets is demonstrated while the popular belief that he was illegitimate is shown to have no sound historical basis.’

Glacann Liam P. Ó Murchú leis gur ag Antoine Ó hÍomhair in Inis Díomáin tuairim 1839 a bhí lámhscríbhinn átagrafaithe Mherriman féin den Chúirt. Sin í lámhscríbhinn Add. 6562 in Cambridge. B’éigean do Ó Murchú céad éigin de lámhscríbhinní a scagadh go cúramach sular bheartaigh sé a eagrán a bhunú ar an lámhscríbhinn sin. I measc na ndaoine a d’aistrigh go Béarla é tá Denis Woulfe, Arland Ussher, Frank O’Connor, Edward, Lord Longford, David Marcus, Breandán Ó Beacháin, Thomas Kinsella, Patrick Power, Bowes Egan, agus Cosslett Ó Cuinn.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú