Tháinig cóipeanna dá dhánta, a rinne duine dá mhic léinn i 1786, i seilbh Sheáin Pléimeann (1814-1896) agus labhair seisean le garmhac an fhile agus bhailigh seanchas ina thaobh. In Irisleabhar na Gaedhilge, Lúnasa 1883, d’fhoilsigh sé ‘Donnchadh Ruadh Macnamara: a bheatha agus a imtheachta; mar aon le trácht ar a dhánta’. Chuir Tomás Ó Flannghaile an cuntas sin, mar aon le haistriúchán, i gcló in Eachtra Ghiolla an Amaráin; or The Adventures of a Luckless Fellow and other poems by Donnchadh Ruadh Mac Conmara, 1897. Thiomnaigh Risteárd Ó Foghludha (‘Fiachra Éilgeach’) Donnchadh Ruadh Mac Conmara 1715-1810, 1933 (ar eagrán é de leabhar a cuireadh amach i 1908) don Pléimeannach agus, in ainneoin a ghiorracht a bhí an Pléimeannach d’aimsir an fhile, b’éigean dó, shíl sé, beagní a dhéanamh de roinnt dár bhreac an seanúdar. D’admhaigh sé gur bheag má bhí aon ní nua aimsithe i dtaobh an fhile aige féin ó rinne sé taighde le haghaidh leabhar 1908.

Táthar ar aon fhocal gur cosúil gur sa Chreatalach i gContae an Chláir a rugadh é—aithníonn Ó Foghludha ar fhoghraíocht na ndánta gur Chláiríneach é—agus nach bhfuil a fhios cá bhfuair sé a chuid léinn. Cruthúnas go raibh eolas maith ar an Laidin aige gurbh é a scríobh feartlaoi Thaidhg Ghaelaigh Uí Shúilleabháin. Thosaigh a shaol poiblí nuair a shroich sé dúiche Déise i 1740. Bhí sé sa tseanchas gur ón Róimh a tháinig sé agus thuairimítí go raibh sé ag dul le sagartacht ann ach gur cuireadh amach as an gcoláiste é. Bhí scoil cháiliúil i mBaile na Giolcaí, Seisceannán, agus, tharla gur fear ó Thuamhain dar sloinne Ó Cofaigh a bhí i gceannas uirthi, is inti a thosaigh sé ag múineadh. An bhliain dár gcionn bhí scoil ar bun aige i gCarraig an Chodlata i Maigh Dheilge. Cúpla bliain ina dhiaidh sin d’aistrigh sé arís, go Cluain Pruachais taobh thiar d’Eochaill an uair seo. Thug sé dúiche Paorach, atá idir Sliabh an Chomaraigh agus abhainn na Siúire, air féin i 1745 agus b’fhéidir gur chaith tamall i gcathair Phort Láirge. Deir Ó Foghludha: ‘Is amhlaidh atá an scéal, táimid gan cruinneolas ar bith um shaol Dhonncha ó bhliain 1746 go dtí bliain a 1755.’ Má chaith sé tamall i dTalamh an Éisc is i rith na tréimhse sin é. B’fhéidir eolas fírinneach ar a imeachtaí a bheith sa dán fada i dtaobh an turais ann, ‘Eachtra Ghiolla an Amaráin’. B’fhéidir freisin gurbh ann a scríobh sé an t-amhrán deoraíochta ‘Bánchnuic Éireann Óighe’ agus an t-amhrán macarónach ‘As I was walking one evening fair / Is mé go déanach i mBaile Sheáin [St John’s, príomhchathair Thalamh an Éisc]’. Faoi 1756 bhí sé i gceantar Choill Mhic Thomáisín; tá fianaise air sin ina chóip de ‘Eachtra Ghiolla an Amaráin’ atá i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad. Trí bliana ina dhiaidh sin bhí sé ag múineadh in Áth na Scoile sa Chaisleán Nua. Tuairim 1764 thug an cruachás air a achainí a chur chuig Séamus Duckett, fear gustalach i gCoill Mhic Thomáisín a raibh eolas maith ar an nGaeilge aige, agus bhí de thoradh air gur iompaigh sé ina Phrotastúnach agus gur ceapadh é ina chléireach teampaill sa bhaile sin. Deir Ó Foghludha nach bhfuil aon amhras gur iompaigh sé ar ais ar a sheanchreideamh. Cé is moite d’fheartlaoi Laidine Thaidhg Ghaelaigh agus an aithrí a rinne sé níor chum sé puinn sna tríocha bliain deiridh dá shaol. Chaith sé deich mbliana díobh mar oide tí i dteach Shéamuis Bháin Paor i mBaile an Bhallúnaigh i bparóiste na Cille. Má bhí sé dall faoin am seo, agus deirtear go raibh, b’ait le Fiachra Éilgeach nár luaigh an file sin ina aithrí. Dar leis an bPléimeannach gur éirigh leis Laidineoirí a dhéanamh de thriúr clann an Phaoraigh in ainneoin na daille agus de thairbhe go raibh na húdair Laidine de ghlanmheabhair aige. Ba chuimhin le Seán Ó Dálaigh é a theacht go dtí an scoil i gceantar Mhaigh Dheilge: ‘In person Donnchadh was tall and athletic; but becoming blind towards the close of a life considerably extended beyond the average term allotted to man, and being rather straitened in pecuniary circumstances, he was compelled to appeal to the beneficence of the schoolmasters of his neighbourhood who imposed a “Rate-in-Aid” for him on the scholars. We saw him ourselves in 1810 and paid our mite of the impost’ (Poets and Poetry of Munster). Ceithre bliana roimh bhás dó chuaigh sé chun cónaithe lena mhac, Donncha Óg, fíodóir sa Bhaile Nua in aice le Coill Mhic Thomáisín. D’éag sé ar 6 Deireadh Fómhair 1810 agus cuireadh é i reilig Bhaile Uí Fhlaithnín. Céad bliain ina dhiaidh sin a tógadh an cloch uaighe ar chum Liam Ó Míodhcháin inscríbhinn Gaeilge le cur uirthi. An tArdeaspag Micheál Ó Síocháin a chum an inscríbhinn Laidine.

Deir an Pléimeannach gur phós sé Máire Ní Ógáin, cailín sciamhach sa Bharúnaigh, i 1744. Creideann Ó Foghludha gur i bhfad ina dhiaidh sin a phós Donncha, agus, cé go bhfuil sé soiléir nach mian leis a chreidiúint gur Máire Ní Ógáin a bhí uirthi, ní luann sé aon ainm eile. Bhí ar a laghad mac agus iníon aige. Donnchadh a bhí ar an mac agus fíodóir ba ea é in aice le Coill Mhic Thomáisín.

Thuairmigh Pléimionn (Irisleabhar na Gaedhilge, Uimh. 18, Meitheamh 1884, lch. 165) gur chaith Donnchadh Rua tamall i gceantar Shliabh Breathnach, Co. Chill Chainnigh, cuairt a raibh de thoradh uirthi, dar leis, an dúil a bheadh i léann na Gaeilge ar ball ag triúr de scoláirí an chontae sin, Seán Ó Donnabháin, Séamus ó Scoireadh agus Pádraig Ó Néill. Agus is mar seo a chomhair Piaras Béaslaí a ghaisce in Éigse Nua-Ghaedhilge ... Cuid a dó (1700-1850)(g.d.): ‘B’é Donncha Rua an file grinn ba mhó d’fhilí na Gaeilge, lasmuich de Bhrian Merriman. Bhí féith na filíochta ann mar is léir ó “Bánchnuic Éireann Óighe” ach is beag amhrán a cheap sé ach ar chúrsaí grinn. Rud nua ar fad, rud ar leithligh, ba ea a phríomhshaothar “Eachtra Ghiolla an Amaráin”.’ D’aistrigh Standish Hayes O’Grady an ‘Eachtra’, The adventures of Donncha Ruadh Mac Conmara, 1853, agus foilsíodh aistriúchán Arland Ussher i 1926, The midnight court and the adventures of a luckless fellow. Scríobh Francis MacManus triológ d’úrscéalta ina thaobh: Stand and give challenge, 1934; Candle for the proud, 1936; Men withering, 1939.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú