Bhí an Gearmánach seo os cionn an dá scór nuair a thosaigh sé ar spéis a chur sa Ghaeilge agus bhí sé ar dhuine de na scoláirí a chabhraigh le Dubhghlas de hÍde in aghaidh fhianaise Mahaffy ag an gCoimisiún um Oideachas Meánach in 1899. In Hildesheim a rugadh é ar 12 Lúnasa 1846 agus ba é an seachtú leanbh é den deichniúr a bhí ag státseirbhíseach i mbardas na cathrach sin. Ó 1858 go 1865 bhí sé ar scoil sa Gymnaisium ann. Léirigh sé ansiúd go raibh spéis aige i dteangacha—d’fhoghlaim sé Eabhrais ann. Is as a stuaim féin a d’fhoghlaim sé Iodáilis agus Spáinnis agus cuid de na teangacha Slavacha, an Rúisis go háirithe. Ba mhinic a mhuintir buartha toisc a ngoideadh sé d’am ón oíche chun bheith ag staidéar.

In Ollscoil Göttingen chuir sé spéis ar leith i dteangacha an Domhain Thoir. In 1866 bhuaigh sé duais nuair a réitigh sé fadhb a bhain le déanamh na n-iolraí san Arabais agus san Aetóipis. Ó 1869 amach bhí sé ag gabháil don Éigipteolaíocht sa Mhúsaem Éigipteach i mBeirlín. Tuairim 1872 ceapadh é chun a bheith i gceannas Leabharlann Leasríoga Cairo ach in Aibreán 1874 fuair sé post sa Mhúseum Ríoga i mBeirlín agus é de chúram air lámhscríbhinní Oirthearacha a chlárú. Ghnóthaigh sé dochtúireacht de bharr graiméar Coptach a scríobh sé in 1880. D’fhoilsigh sé neart alt in Zeitschrift für aegyptische Sprache und Altertumskunde. Bhí sé ina bhall d’fhoireann eagarthóireachta na hirise sin. Tairgeadh ollúnachtaí Éigipteolaíochta dó in Gottingen agus Leipzig ach b’fhearr leis a bheith ina leabharlannaí sa roinn nua lámhscríbhinní a bunaíodh sa Leabharlann Ríoga i mBeirlín in 1886. Ceapadh é ina Stiúrthóir ar an roinn sin i 1905.

Is sna 1880idí deireanacha a chuir sé spéis sa léann Ceilteach den chéad uair. In Zeitschrift für celtische Philologie VIII, 1912 scríobh Kuno Meyer gurbh í an fhadhb ‘Oisíneach’ a d’adhain an spéis sin agus deir sé freisin gur féachadh air mar shaineolaí ar an litríocht sin tar éis dó cuntas a scríobh ar na laoithe fiannaíochta in Zeitschrift für vergleichende Literaturgeschichte in 1895. Mar leabharlannaí dhíríodh sé aird scoláirí ar na lámhscríbhinní agus na gluaiseanna a rabhthas tagtha orthu le deireanas. Luann Meyer go speisialta an mhacasamhail de ghluaiseanna Wurzburg a chuir sé ar fáil.

Nuair a bunaíodh Zeitschrift für celtische Philologie in 1899 ceapadh é féin agus Meyer ina gcomheagarthóirí agus b’fhéidir gurbh é an fáth is mó a raibh eolas ar a ainm in Éirinn gur chuir sé an chéad eagrán scolártha de ‘Cúirt an Mheán Oíche’ amach sa seachtú himleabhar den iris sin i 1905. Chabhraigh Dubhghlas de hÍde leis chun teacht ar oiread lámhscribhinní agus ab fhéidir. Chuir sé aistriúchán sa Ghearmáinis agus foclóir i gcló in éineacht leis an téacs. Thug Meyer an chreidiúint dó gurbh é ba mhó a tharraing aird an domhain ar an dán agus ar an gceangal a bhí aige leis an litríocht mheánaoiseach. Chuir Dáithí Ó hUaithne (David Greene) eagrán amach faoi dheifir i 1968 ar mhaithe le Cumann Merriman agus dúirt san ‘Fhocal i dtaobh an téacsa’: ‘Níorbh fhiú bheith ag dul ar ais ar na sean-eagráin, mar táid an-truaillithe ar fad; bhí sé ina rogha idir Stern agus Fiachra Éilgeach [Risteard Ó Foghludha B1]. Bhí a bhua féin ag gach duine acu: ba scoláire mór é Stern agus bhí ceird na heagarthóireachta go hiomlán aige, ach dob fhairsinge go mór an t-eolas ar fhilíocht na Mumhan a bhí ag Fiachra’ (Cúirt an Mheán Oíche. . ., 1968). Is do Stern a thiomnaigh Fiachra Éilgeach a eagránsan i 1912. Ní hionadh go raibh tuairisc a bháis ní hamháin in An Claidheamh Soluis 28 Deireadh Fómhair 1911 ach in Freeman’s Journal. Dúradh i bpáipéar an Chonartha gur mhó a spéis sa Nua-Ghaeilge ná sa teanga i rith a tréimhsí luatha agus dúirt i dtaobh a eagráin de dhán Merriman: ‘The vocabulary shows what a thoroughgoing and methodical editor he was. Not only does it give the Middle Irish form of the word in every case but various modern Irish authorities are quoted, including the Gaelic Journal, which shows that the editor must have studied every word that appeared in it for 20 years’. Dúradh freisin gurbh údar é ar Ghaeilge na hAlban agus ar an Manainnis agus gur togha scoláire Breatnaise a bhí ann. D’éag sé 9 Deireadh Fómhair 1911. Chomh maith leis an gcuntas a scríobh Kuno Meyer i nGearmáinis air in ZCP scríobh Joseph Vendryes cuntas i bhFraincis in Revue Celtique XXXII 1912.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú