“Is amhlaidh a bhí Seán Ó Súilleabháin den Choimisiún Béaloidis ... i ndiaidh a mholadh dúinn cuairt a thabhairt ar an bhean iontach seo a raibh na céadta amhrán aici agus a raibh a lán dá cuid seanchais agus ceolta tógtha síos an geimhreadh roimhe sin ag fear an Choimisiúin i dTír Chonaill, Seán Ó hEochaidh”, a deir Proinsias Ó Conluain sa réamhrá a chuir sé le Róise Rua, scéal a beatha mar d’inis sí do Phádraig Ua Cnáimhsí é agus a d’fhoilsigh Sáirséal Ó Marcaigh i 1988. Ba é an t-ábhar a bhailigh Ó Conluain uaithi i 1953 agus a chraol Radio Éireann a chuir in aithne í don saol Fódhlach.

Ar 13 Márta 1879 i Seascann an Róin, míle ón gClochán Liath, Dún na nGall, a rugadh Róise Ní Cholla. Bhí scór bliain caite ag a hathair Tomás i Meiriceá agus ba í Maighréad, iníon le Seán Hiúdaí Mac an Bhaird sna Clocha Corra, Árainn Mhór, a máthair. Bhí feirm bheag acu. D’éag an t-athair nuair a bhí Róise beagán os cionn ceithre bliana d’aois. Bhí ceathrar eile sa chlann um an dtaca seo. Ansin phós an mháthair Antain Ó Gallchóir, “An Búistéir”, fear a bhí pósta faoi dhó roimhe sin. In Árainn Mhór a bhí cónaí air agus ní raibh ag Róise ach sé bliana d’aois nuair a d’aistrigh siad go dtí an t-oileán. Fear lách a chaith go maith léi ba ea an Búistéir agus deirtear go raibh sé ar an scéalaí mór deireanach san oileán. Tá cuntas ar a leasathair, Antain Ó Gallchóir (‘An Búistéir’), ag Pádraig Ua Cnáimhsí in Idir an Dá Ghaoth, 1997. Bhí cáil an cheoil ar mháthair Róise.

Le linn di bheith ag freastal ar Scoil na Leidhbe Gairbhe is trí Bhéarla a bhí na hábhair á dteagasc cé gurbh í an Ghaeilge gnáth-theanga an oileáin. Sular fhág sí an scoil, chaith sí earrach amháin mar chailín aimsire ag daoine a bhí gaolmhar léi. Cúig scilling déag an phá ráithe a fuair sí. Ón uair a bhí sí naoi mbliana d’aois chaitheadh sí an samhradh in Inis Caorach. Obair tí agus obair cheilpe a bhíodh ar siúl aici. Chuaigh sí ag obair ar an Lagán, i nGleann Mornáin i dTír Eoghain ar dtús agus ansin ar bhruach Loch Súilí. Chaith sí timpeall trí bliana leis an obair throm mhaslach sin. Thug sí aghaidh ansin ar bhaint na bprátaí in Albain. I ndiaidh na mblianta a chaitheamh anonn is anall chun na hoibre sin phós sí Séamas Mac Grianna in aois 29 bliana di. B’as Árainn Mhór dó sin freisin agus bhí aithne acu ar a chéile ó bhí siad ina bpáistí. Thug athair Shéamais leath a chuid talún féin dóibh, tuairim trí hacra, agus thóg Séamas teach beag ann, an teach ar chaith Róise an chuid eile dá saol ann. “Bhí an teach an-bheag, bhí an díon agus an doras íseal, bhí tíne oscailte sa chistin agus dhá leaba ann, ceann amháin a mbaintí feidhm as, de réir chosúlachta, de dhíobháil chathaoireacha”, an cur síos a rinne Proinsias Ó Conluain air.

D’imíodh Séamas go hAlbain gach bliain. “Olc is a bhí sé ar mo mhacasamhail féin, ba mheasa seacht n-uaire é ag mná a raibh páistí acu”, dúirt Róise i dtaobh í a bheith ina haonar ó Bhealtaine go Nollaig. Bhí bó agus asal acu. D’fhaigheadh Séamas an dole, ó 1934 amach, agus dhéanadh sé cléibh agus bascaeid.

Tháinig an tUrramhach Cosslett Ó Cuinn ar cuairt chuici i 1940 agus scríobh síos amhráin agus seanchas uaithi. Thug sin misneach di. “Choinnigh mé ag gabhail ag ceol mo chuid amhrán ansin, agus go minic ní bhíodh aon duine ag éisteacht liom ach m’fhear céile, Séamas, agus é b’fhéidir ag míogarnaigh thart fán tine tráthnóna”.

I 1951 a casadh Pádraig Ua Cnáimhsí, príomhoide scoil Athphoirt in Árainn Mhór, uirthi. Scríobh sé 70 amhrán síos uaithi. Chomh maith leis sin, chuir sé fios ar Choimisiún an Bhéaloidis agus ar Radio Éireann. I ndiaidh Uí Eochaidh agus Uí Chonluain, tháinig Séamus Ennis ar cuairt chuici ón BBC. Scríobh Ua Cnáimhsí scéal a beatha uaithi mar aon le mórchuid seanchais ach níor chóirigh ina leabhar é go 1983. Bhuaigh an lámhscríbhinn duais ag Oireachtas 1983.

Fuair Róise Nic Ghrianna bás ar 6 Aibreán 1964. I 1994, d’eisigh RTÉ dlúthdhiosca, Róise na nAmhrán: Songs of a Donegal woman. Cathal Goan a chuir eagar ar na taifid seo a rinne Proinsias Ó Conluain i mBealtaine 1953. Tá leabhrán ag gabháil leo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú