Iriseoir, eagarthóir, beathaisnéisí, staraí, tráchtaire... bhí sé ar dhuine de na húdair Ghaeilge ba bhisiúla lena linn. Agus, má tá sé le háireamh freisin ar an dream beag intleachtóirí is mó a thacaigh leis an éacúiméineachas in Éirinn, tharla sin de bharr an bhá a bhí aige le gach traidisiún creidimh, cultúir agus staire in Éirinn. Modhach ba ea é féin. B’fhéidir a rá gurbh é eiseamláir na caoinfhulaingte é sa mhéid a bhain le reiligiún agus náisiúntacht. Tá eolas ina thaobh in: Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995 (1995) le Seán Ó Cearnaigh; Eolaire Chló Iar-Chonnachta de scríbhneoirí Gaeilge (1998); sna cuntais iarbháis in: Foinse 9 Samhain 2003; Irish Times 15 Samhain 2003; Sunday Independent 23 Samhain 2003 le Nollaig Ó Gadhra; Southern Star 27 Nollaig 2003 le Nollaig Ó Gadhra; Examiner 12 Samhain 2003; Saol, Eanáir 2004; Methodist Newsletter, Aibreán 2004; An tUltach, Márta 2004 le Seán Ua Cearnaigh; 10 Samhain 2003 le Eoghan Ó Néill.

I gceantar Dhoire Garbh Thoir tamall ó Dhroichead na Bandan, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 2 Meán Fómhair 1927. Richard Ernest a baisteadh air. Woodfort House (Dún na Coille) ba ainm don teach inar tógadh é. Ba é an tríú duine é den cheathrar clainne a bhí ag George William Giles agus a bhean Sara Jane Vickery. Feirmeoirí ba ea a shinsir agus cónaí sa cheantar sin ar mhuintir Giles le 350 bliain um an taca seo. Tholg sé an eitinn bhuaibheach agus é ina leanbh óg, rud a rinne dochar dá chromán agus a d’fhág céim bhacaí ann ar feadh a shaoil. Ón am a shroich sé naoi mbliana d’aois bhí idir bhunscolaíocht agus mheánscolaíocht á cur air i Scoil Ghramadaí Dhroichead na Bandan agus chuir sé spéis ar leith sa Ghaeilge. Ar na daoine a d’adhain an spéis sin bhí seanchainteoir dúchais i nGoirtín, Droichead na Bandan, darbh ainm Seán Ó Séaghdha agus a dheirfiúr Bean Uí Dhonnabháin. Thagadh Seán ag caitheamh tae sa teach corr-Dhomhnach agus thugadh Risteárd cuairt orthusan ar a sheal; i nGaeilge a scríobhadh an feirmeoir seo iontrálacha ina chín lae.

Bhí ardmheas ag Risteárd freisin ar Irene Simpson, múinteoir Gaeilge na scoile. Agus, cé nach raibh (William) Ivan McCutcheon mar ardmháistir ann ach ar feadh bliana le linn Risteáird, bhí de bhuantionchar aige air gur lean cairdeas eatarthu go bhfuair seisean bás in 1972; bhain tábhacht freisin le hiasacht péire leabhar ó McCutcheon: Peann agus pár (1940) le Liam Ó Rinn agus Dánta próis (1933) le Ivan Turgenev (aistrithe ag Ó Rinn). I seirbhís chuimhneacháin Irene 1 Márta 1986 thagair sé don bheirt seo mar ‘two for whom I felt a profound admiration and affection’. Bhunaigh Risteárd an chéad iris riamh ag scoláirí na scoile, The Rooster, agus cheana féin bhí ‘Risteárd Ó Glaisne’ á thabhairt aige air féin san iris; ghlac sé chuige an t-ainm sin go dlíthiúil trí ghníomhas aonpháirtí 5 Aibreán 1950 (Iris Oifigiúil 21 Aibreán 1950) agus bhí an t-alt ‘D’athraíos m’ainm’ i gcló in Inniu 23 Márta 1951. Deirtí gurbh é féin agus Lennox Robinson (1886-1958) an bheirt iardhaltaí ba cháiliúla riamh ag an Scoil.

I gColáiste na Tríonóide bhí cúrsa onóracha sa Ghaeilge agus sa Bhéarla á dhéanamh aige agus bhí tionchar ag foireann na Gaeilge air, go háirithe ag Éamonn Ó Tuathail, Seán Beaumont agus Sorcha Ní Ghuairim. Agus é ar scoil go fóill, agus arís sa chéad bhliain dó ar an ollscoil, bhí baint aige leis an ngluaiseacht Moral Re-armament nó Atharmáil Mhorálta mar a thugadh sé air. Ar feadh bliana freisin bhí sé ina rúnaí ag Cumann Gaelach an Choláiste; bhí de thoradh air sin gur lean cairdeas aige ar feadh a shaoil lena chomhaimsearaigh in Ollscoil na hÉireann, leithéidí Riobáird Mhic Góráin, Pheig Nic Curtáin (an tSiúr Benvenuta), agus Desmond Fennell. Tar éis dó céim a bhaint amach d’éirigh leis an ard-dioplóma san oideachas a fháil in 1950 agus céim mháistir in 1959.

Ó Iúil 1947 go dtí gur bánaíodh an t-oileán in 1953 chaitheadh sé laethanta saoire sa Bhlascaod agus sin in ainneoin an dua mhóir a bhain leis an turas áirithe sin ó Dhroichead na Bandan. Chaitheadh Ivan McCutcheon saoire san oileán freisin (‘Liam Bán’ a thugadh na Blascaodaigh air); ba é a mhisnigh Risteárd chun dul ann agus a mhol tigh Uí Ghuithín dó. Is le linn do Risteárd a bheith ann in 1947 a thug De Valera an chuairt iomráiteach sin ar an oileán. D’éirigh le Risteárd cairdeas a shnaidhmeadh le hoileánaigh mar Mháire Ní Ghuithín, cairdeas a d’fhorbair tar éis dóibh an t-oileán a fhágáil, agus le muintir Dhún Chaoin féin. Bhí de mhuinín ag na hoileánaigh as go raibh sé ar na daoine ar thit sé orthu litreacha a scríobh chuig airí rialtais i dtaobh na socruithe a bhí á ndéanamh i gcóir aistriú an phobail in 1953 agus faoi fhadhbanna eile ina dhiaidhsean. In Amárach 26 Iúil 1974 tugann sé cuntas ar an gcaidreamh a bhí aige ar Cháit an Rí (Ní Chatháin/ Uí Chathasaigh) a d’éag 23 Feabhra 1974.

I ndiaidh dó céim BA a fháil in 1949 chaith sé tamall ag múineadh i Scoil Avoca sa Charraig Dhubh, Co. Bhaile Átha Cliath (1949-64), agus bhí poist aige i gColáiste Aindriú (1968-72) agus i Scoil Ghramadaí Ardeaglais Phádraig (1973-89). D’éirigh sé as an múinteoireacht in 1989. Ó dheireadh na 1950idí bhí spéis á cur aige sa daonscolaíocht agus thug cuairt ar an Danmhairg agus ar an Ísiltír. Ghlac sé saoire gairme ó shamhradh 1964 go samhradh 1968 chun staidéar a dhéanamh ar mhodhanna múinte ar mhór-roinn na hEorpa agus thaistil mórchuid de thíortha iarthar na hEorpa i rith an ama sin. Tá scríofa aige i dtaobh na hEorpa in Raon mo shiúil (1972). In Curriculum vitae (1973) scríobh sé: ‘In France, I observed for a period of two months [in 1964] ... the audio-visual methods employed at the Centre of Applied Linguistics, Faculté des Lettres et des Sciences Humaines, University of Besancon.’ Bhí i gceist go scríobhfadh sé tráchtas dochtúra (‘Secondary school teacher training in Ireland and France since 1945’) ar an taighde a bhí déanta aige. I nGaeilge a bheadh sé. Níor dá dhéantús féin na constaicí éagsúla a bhí sa tslí air agus thuirsigh siad chomh mór sin é i ndeireadh báire nár lean sé leis an dochtúireacht.

In 1968 chuir sé féin agus triúr eile d’Fhochoiste Gaeilge Mhuintir Wolfe Tone (Colette Ní Mhoitleigh, Seán Ó Laighin agus Micheál Ó Loingsigh) an meamram ‘Téacsleabhair i nGaeilge’ faoi bhráid an Taoisigh agus an Aire Oideachais.

Agus é ina mhac léinn go fóill bhíodh ábhar i gcló aige in irisí agus i bpáipéir a bhí ag freastal ar an ngnáthphobal. Chraoladh Radio Éireann cainteanna a thugadh sé i nGaeilge faoi chúrsaí reatha. Chomh luath le 1943 bhí ábhar i gcló aige san iris scoile The Bandonian. Ó 1946 amach bhí aistí agus léirmheasanna i gcló aige in Comhar, An tUltach, Inniu, Feasta, Amárach, Agus, Déirdre, Scéala Éireann, Cork Examiner, Mayo News. Foilsíodh aistí Béarla leis in Assisi, Hibernia, Gaelic Weekly, Rosc, Studies, The Furrow, Christus Rex, Studia Hibernica, Irish Christian Advocate, Crane Bag.... I nGaeilge is mó a scríobhadh sé. Bhí an Irish Times ar na páipéir a raibh colún rialta Gaeilge aige iontu ar feadh tréimhsí sna 1950idí agus sna 1960idí. Bhí tionchar nach beag air ag iriseoirí Inniu, Ciarán Ó Nualláin, Earnán de Blaghd, Pádraig Ó Drisceoil agus Tarlach Ó hUid. Ó 1952 ar feadh tamaill bhí baint aige le Cara, eagraíocht a bhunaigh Pádraig Ó Síocháin an bhliain sin chun spéis mhórphobal na hÉireann a mhúscailt sa Ghaeilge; leis an gcuid sin de pholasaí Chara i dtaobh ‘Bun-Ghaeilge’ a bhí Risteárd ag plé leis an eagraíocht agus níorbh fhéidir a rá gur mhó ná sásta a bhí sé leis an mbun-Ghaeilge ba mhian leis an Síochánach a chur chun cinn.

In 1957 bheartaigh sé féin agus cara leis, W.R. Grey, Béal Feirsteach, Focus a thabhairt amach. Bhí sé ina eagarthóir air ó 1958 go 1966. Is cuntas ar an iris mhíosúil sin Eagarthóir (2005). Ach is pictiúr freisin é d’Éirinn na linne sin. Tá curtha síos aige in Eagarthóir ar bhunsmaoineamh an reibhiú. Bhíodh béim ar leith ann, gan amhras, ar an bpobal Protastúnach. Chun breis tuisceana a bheith ag an bpobal sin ar a dtír féin a cuireadh an iris ar bun an chéad lá. Bhíodh ailt Ghaeilge i gcló ann go rialta ag scríbhneoirí mar Cosslett Ó Cuinn, Lil Nic Dhonnchadha, Earnán de Blaghd agus Alf Cotton, agus léirmheasanna ar leabhair Ghaeilge go minic. Faoin ainm cleite ‘Eisirt’ agus faoi ainmneacha eile, agus faoina ainm féin, a scríobhadh Risteárd. B’fhéidir go raibh an míosachán seo ar cheann de na hirisí ba mhisniúla agus ba uaillmhianaí dár foilsíodh. Ní mór cuimhneamh air gur mhúinteoir lánaimseartha ba ea Risteárd i rith cuid mhaith den am. Theip ar an iris ar deireadh i ngeall ar theirce fógraíochta. Ag an am sin scríobhadh in Irish Spotlight, iris Chaitliceach Rómhánach: ‘The October number of Focus announces that unless the financial position improves to meet increased costs of about £250 per annum the December issue must be the last. We regard this as nothing short of tragic. Focus is an inter-denominational Irish Protestant monthly which in these last few years has done invaluable work in the cause of enlightened tolerance and mutual understanding. While one could not agree with everything said in any journal, we do feel that the withdrawal of Focus would be a grave loss to the cause of ecumenism in Ireland’ (i gcló in Eagarthóir). Chuir Risteárd agus a chairde Reform ar bun ina dhiaidh sin ach níor mhair sin ach bliain. Bhí sé ina láithreoir ar feadh 1969-70 ar an gclár raidió ‘Cúrsaí Reatha’ agus tá cur síos ar an tréimhse sin i gcuntais iarbháis Nollaig Uí Gadhra. Buntáiste aige i rith am sin na héigeandála sa pholaitíocht an t-eolas a bhí curtha aige ar Bhéal Feirste agus ar Aontachtóirí.

Bhí sé ar na hÉireannaigh ba thúisce agus ba mhó a chuir spéis i scríbhinní Pierre Teilhard de Chardin (1881-1955) agus bhí sé ina bhall de Chomhairle an Teilhard de Chardin Association of Great Britain and Ireland óna bhunú in 1965 i leith. Sa leabhar aige (feic thíos) tá cuid de stair an chumainn inste aige chomh maith le cuntas ar thionchar an Íosánaigh seo ar scata Éireannach sa dara leath den 20ú haois.

I rith na 1960idí, in ainneoin na gcúraimí a bhí air, ghlac sé páirt i ngluaiseacht na Gaeilge agus bhí ina bhall gníomhach de Mhisneach, dream beag radacach a thug dúshlán eagraíocht ‘oifigiúil’ na Gaeilge. Tharraing sé dímheas cuid dá chomhchreidmhigh air féin trína bheith i láthair, mar agóidí, b’fhéidir, ag an gcruinniú den Language Freedom Movement i dTeach an Ard-Mhaoir 22 Meán Fómhair 1966; ar chuireadh ó Dhónall Ó Móráin bhí sé ar dhuine de na cainteoirí a labhair ar son na Gaeilge ón ardán an oíche sin (tá cuntas maith aige ar an oíche úd in Tomás Ó Fiaich, 1990). Bhí de chumas ann meas a bheith aige ar gach dream a bhí ag saothrú don teanga, fiú nuair nach mbeadh sé ag aontú leo. Shíl sé féin gur toisc gur léirigh sé a mheas ar cheannairí Ghael Linn a rinne Máirtín Ó Cadhain fonóid faoi in Barbed wire (2002). Bhí sé ina bhall de Chumann na Scríbhneoirí, de Scoil Éacuiméinice na hÉireann agus ar Chomhairle Acadúil na Scoile ar feadh na mblianta, ina bhall den choiste eadareaglasta faoi scáth Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, agus de choistí san Eaglais Mhodhach, go háirithe an Council on Social Responsibility.

Toradh amháin a bhí ar dheireadh a bheith tagtha le hobair na heagarthóireachta gur thug sé deis dó luí isteach ar an scríbhneoireacht agus ar an diantaighde a bhain leis. In 1962 ba é Cara a d’fhoilsigh a chéad leabhar, Bun-Ghaeilge; a concise guide to Irish. Tugann liosta a leabhar foilsithe 1971-2005 léargas ar raon a shuime agus a eolais: Ian Paisley agus Tuaisceart Éireann (1971); Raon mo shiúil (1972); Saoirse na mban (1973); Ceannródaithe (1974); Conor Cruise O’Brien agus an liobrálachas (1974); Cuairt ghearr: spléachadh ar na Stáit Aontaithe (1975); Cad deir tú leis na hAlbanaigh? (1978); Don ábhar saoririseora (1980); Raidió na Gaeltachta (1982); Cúis náire – agus bróid: Proinsias Ó Mianáin agus cearta Gael (1988); Tomás Ó Fiaich (1990); To Irish Protestants (1991); Dúbhglas de hÍde (1991-93) (2 iml.); Gaeilge i gColáiste na Tríonóide 1592-1992 (1992); Teilhard de Chardin i gcuibhrinn Éireannach (1994); Pádraig Ó Fiannachta (1995); Cosslett Ó Cuinn (1996); Niall Brunicardi (1997); Modhaigh: scéal pobail – scéal eaglaise (1999); Denis Ireland (2000); De bhunadh Protastúnach nó rian Chonradh na Gaeilge (2000); Dí-armáil nó díothú: Éire, an Eoraip, an Domhan (2001); Cearbhall Ó Dálaigh (2001); Coláiste Moibhí (2002); Esperanto: teanga idirnáisiúnta (2004); Eagarthóir (2005). Ba ghá cuid dá phaimfléid, de na seachchlónna agus de bhileoigíní a lua freisin mar chuid den léargas sin: Ollamh is ceoltóir (cuntas ar James Goodman a foilsíodh ar dtús in iris Chumann Seandáluíochta is Staire na Gaillimhe); Douglas Hyde here in Roscommon (a d’fhoilsigh Comhairle Contae Ros Comáin); The Irish language: a Protestant speaks to his co-religionists (1965) (a scríobh sé sa Fhrainc agus a d’fhoilsigh Nua-Éire); ‘This is no political matter’ (seach-chló ar alt i dtaobh de hÍde in Studies, geimhreadh 1993); ‘Ar son príosúnach coinsiasa: Amnesty, gluaiseacht idirnáisiúnta’ (bileoigín d’ábhar a foilsíodh in Inniu ar dtús); Know your Methodist Neighbour (bileog sa tsraith Faith today a d’fhoilsigh Dominican Publications).

D’éag sé ar 6 Samhain 2003. Tá sé curtha i Reilig Chill Eoin, Droichead na Bandan. Bhí comhfhreagras ar siúl aige ar feadh a shaoil le scríbhneoirí, polaiteoirí, eaglasaigh agus eile, comhfhreagras a bhain le Focus, le taighde agus le hobair na Gaeilge. Rinne sé cúram den ábhar sin go léir agus meastar tábhacht a bheith lena pháipéir. Bronnadh Gradam an Phiarsaigh air in 1988 ach braitear gur ceileadh air, de bharr faillí, na honóracha eile sin a bhí tuillte aige.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú