Seachas an t-alt ‘Conchubhar Ó Ruairc ag comhrá le Risteárd Ó Glaisne’ (Inniu 6 Lúnasa 1971) is beag eolas ar a shaol atá le fáil i leabhair ná in irisí; a dhéantús a bheith beagán ró-réigiúnach, b’fhéidir, nó cuid dá ghearrscéalta a bheith duairc. Is é a deir Aisling Ní Dhonnchadha in Idir Dhúchas agus Dualgas: Staidéar ar Charachtair Mhná sa Ghearrscéal Gaeilge 1940-1990, 2002: ‘Cé nach bhféadfaí Conchubhar Ó Ruairc a áireamh mar ghearrscéalaí nua-aoiseach forásach, aithníodh go raibh léiriú barántúil á thairiscint aige ar chuid éigin de shaol agus de mhuintir na tuaithe sna trí chnuasach gearrscéalta a d’fhoilsigh sé…’. Tá de chosúlacht air gurbh é féin a dúirt le Brady agus Cleeve (A Biographical Dictionary of Irish Writers, 1985): ‘His intention has been to correct the sentimental, Kiltartan view of Irish country people as innocent figures of gentle fun and touching simplicity and to present them as they really are, peasants as tough and earthy as peasants have to be anywhere at all to survive, and above all in the rock and bog landscape of West Cork’.

‘I ngleann uaigneach idir Seithe agus Céim an Fhia ar an seanbhóthar idir Béarra agus cathair Chorcaí, cúig míle ón Chaolchoill, a rugadh Conchubhar Ó Ruairc sa bhliain 1913’ an chaoi ar chuir sé síos don nGlaisneach ar a áit dúchais. ‘Ag bun Chnoc na Seithe i gCorcaigh Thiar idir dhá chnoc, idir dá shaol, agus idir dhá thraidisiún’, a dúirt sé le Séamas Ó Céileachair (Nuafhilí 3, 1979). I nGort Luachra sa Chaolchoill, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 15 Lúnasa 1913, cé gurb é 17 Lúnasa atá sa taifead beireatais. Ba iad John O’Rourke, feirmeoir, agus Brigid Healy a thuismitheoirí agus bhí deirfiúr agus cúigear deartháireacha aige. Bhí togha na Gaeilge ag a sheanmhuintir ach Béarla a labhraíodh siad lena bpáistí. As leabhar a d’fhoghlaim a athair Gaeilge le linn dó bheith ag obair sna mianaigh in Montana. ‘Bhí an Ghaeilge ar a toil ag a mháthair ach fuair sise bataráil as a bheith á labhairt i scoil Chéim an Fhia agus d’fhág sin a rian go trom uirthi. Go lá a báis ní raibh aon mheas aici ar an teanga. “Why on earth are you bothering yourself about that Irish?’, a deireadh sí le Concubhar.’ Síltear gurbh i gCéim an Fhia freisin a chuaigh sé ar scoil, cé go ndúirt sé leis an nGlaisneach nach raibh aige ach Gaeilge ‘an-bhreallach’ go dtí gur fhreastail sé ar Choláiste Ullmhúcháin De La Salle i Mala i 1928. Bhí aige ansiúd cainteoirí dúchais ó gach ceantar timpeall air agus Domhnall Ó Cíobháin mar mhúinteoir maith Gaeilge. Chaith sé an dá bhliain 1932-34 sa Choláiste Oiliúna i bPort Láirge. Go ceann ceithre bliana bhí sé gan phost seasmhach, é ag múineadh anseo agus ansiúd, bhí cúrsaí eacnamaíochta chomh dona sin. I rith an ama sin go léir ní raibh sé ag obair ach ar feadh leathbhliana ar fad. I ndeireadh 1934 bhí an chéad alt i nGaeilge i gcló aige san Irish Independent; deich scilling agus réal an táille a tugadh dó. As sin amach scríobhadh sé ailt agus gearrscéalta in An Glór, Feasta, Comhar, Scéala Éireann…. Craoladh gearrscéalta leis ar Radio Éireann 1946-47. Roghnaíodh dánta dá chuid in Nua-fhilí 3 agus d’fhoilsítí a dhánta in Déirdre, Feasta….

Ar shaol na tuaithe le linn a óige a bhunaigh sé a ghearrscéalta. ‘Tugann sé saol iarthar Chorcaí ina steille bheatha os ár gcomhair agus tá de bhuntáiste aigesean gur i nGaeilge atá sé ag scríobh . . .. As an saol sa dúiche inar fhás sé suas idir cnoc agus riasc ar an dtaobh thoir de pharóiste Bheanntraí a fuair sé bunábhar a chuid scéalta’ (Ó Glaisne). Fuair sé post seasta i bhFaoide ar deireadh thiar agus thosaigh ag bailiú béaloidis, obair a raibh íocaíocht le fáil aige air. Cuireadh ina leith gurbh é féin a cheap roinnt de na scéalta béaloidis a dúirt sé a bhailigh sé, ach dúirt Seán Ó Súilleabháin leis tráth gur ar éigean a d’fhéadfadh duine dá leithéid scéalta a scríobh a mbeadh cuma an bhéaloidis orthu, gur dóichí gur ‘mearchuimhní ar neithe a tháinig ó shinsearacht’ na scéalta sin aige. Fuair sé post i gCloich na Coillte tuairim 1951 agus bhí ina phríomhoide ann go ndeachaigh sé amach ar pinsean. Is iad na leabhair a scríobh sé: An Stáca ar an gCarraigín, 1962 (scéalta); Gort na Gréine, 1966 (scéalta); Feartlaoi, 1973 (filíocht); Seandaoine, 1973 (scéalta). Dánta nár foilsíodh cheana is ea Cnuasach Dánta, 2002 a d’fhoilsigh Daonscoil an Fhómhair, Gúgán Barra. D’éag sé ar 12 Bealtaine 1992. Bhí sé pósta ar Nellie Burke agus bhí iníon acu.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú