Ó hUID, Tarlach (1917–1990)

In Ar thóir mo shealbha, 1960 agus in Faoi Ghlas, 1985 thug an scríbhneoir seo eolas ar chúrsa a shaoil anuas go 1945. Bhí agallamh fada ag Risteárd Ó Glaisne leis in Inniu 14 Iúil 1972. Scríobh Iarla Mac Aodha Bhuí cuntas ar a shaothar in An tUltach, Bealtaine 1991. In Irisleabhar Mhá Nuad, 1995 (‘Craobh na hAiséirí, Glúin na Buaidhe agus Bunú Inniu’) tá cuntas air ag Dorothy Ní Uigín. Pléann Philip T. O’Leary gné dá shaothar in Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium 2, 1982 (‘Two Strands: Cultural Identity and Alienation in the Novels of Tarlach Ó hUid’). I Londain a rugadh é 13 Eanáir 1917 agus Augustus Walter a baisteadh air. Ba é Augustus Walter Hood a athair agus ba í Ada Brockwell a mháthair. Bhí baint ag Ada le Corcaigh trína máthair, Mary Anne Martha Henry, agus sin é an t-aon ghaol amháin a bhí ag muintir Tharlach le hÉirinn. De réir an teastais breithe gurbh ag 18 Sráid Besson i gceantar Deptford Theas i Londain a rugadh é agus gurbh oibrí muinisin ag an am sin an t-athair; is dóigh gur chas sé ar cheird na siúinéireachta i ndiaidh an chogaidh, an cheird a bhí aige, dar le Tarlach. Is iníon leis an deirfiúr ba shine ag Tarlach, Anne Simmonds, bean a bhfuil taighde déanta aici ar a muintir, a sholáthair an t-eolas thuas d’údair an chuntais seo. Is ar eolas atá le fáil ina shaothar féin atá an chuid is mó dá bhfuil thíos bunaithe.

Bhí beirt deartháireacha agus triúr deirfiúracha aige. Baisteach ba ea an mháthair ach toisc go bhfreastalaíodh sé ar Scoil Domhnaigh Mheitidisteach is mar bhall den eaglais sin a d’fhás sé suas. I 1937 d’iompaigh sé ina Chaitliceach, ‘go mífhiúntach’ dar leis féin, é á cheapadh gur dual don Ghael a bheith ina Chaitliceach, agus níorbh fholáir leis an beart a dhéanamh arís le linn dó a bheith i bpríosún i mBéal Feirste. Bhí spéis aige sa litríocht óna óige agus thug scoláireacht go Meánscoil Greenwich é. Mar chléireach ag Albert E. Bevan (‘The Garment King’), ‘ag ceannach seanmhiotail is seancheirteacha’ in Shadwell in oirthear Londan, a thosaigh sé ag obair agus bhí ina chléireach ina dhiaidh sin i monarcha Skelton Sleat in Bermondsey Theas. An t-aon mhíniú a thugann sé ar spéis a bheith aige in Éirinn i rith a óige gur bhris an dúchas amach i gcúigear den seisear sa teaghlach. ‘Seisear a bhíomar ann, agus den seisear sin chuaigh cúigear isteach i gConradh na Gaeilge. Den chúigear sin chuaigh beirt isteach ins na hÓglaigh agus beirt eile isteach i gCumann na mBan. Agus thiontaigh triúr againn inár gCaitlicigh’ (Ar thóir mo shealbha). Is sloinne Sasanach é Hood ach is galldú freisin é ar Ó hUid. Filí in oirthear Uladh ba ea muintir Uid agus sholáthair fear díobh sa 17ú haois teideal leabhair do Tharlach, ‘Racha mé shúr mo shealbha’; tá an dán i gcló in Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, 1931, leabhar a bhí aige i bPríosún Bhéal Feirste.

Is léir gurbh ógánach aislingeach rómánsúil é; chaith sé tamall maith ag obair go toildeonach gach oíche don Greenshirt Movement for Social Credit. Leabhar a chuaigh i gcion go mór air ba ea Ireland: its scenery, character, etc., 1842 le Mr agus Mrs S.C. Hall. Thosaigh sé ar Ghaeilge a fhoghlaim as an gcéad leabhar de shraith Eoghain Uí Ghramhnaigh agus dúirt sé le Ó Glaisne gurbh é an leabhar sin a bhrostaigh isteach i gConradh na Gaeilge é. Tuairim 1935 d’éirigh sé an-ghafa le himeachtaí an Chonartha i Londain. Chaith sé coicís i samhradh 1936 i mBaile Átha Cliath agus filleadh beag á chaitheamh aige. Thug an Conradh scoláireacht dó i 1938 chun saoire a chaitheamh sa Ghaeltacht. Tar éis tamaill chuaigh sé isteach san IRA i Londain agus d’aistrigh go hÉirinn. I nGaeltacht Thír Chonaill agus sa Srath Bán a bhí sé ar dtús sular ordaigh an ghluaiseacht dó dul go Béal Feirste. Bhí sé páirteach sa bhfeachtas cogaidh úd a bhí ar siúl ag an IRA ó Eanáir 1939. D’oir do na ceannairí i mBéal Feirste gur faoin ainm ‘Terry Wilson’ a bheadh sé ina eagarthóir ar War News, eagrán Chúige Uladh dá bhfeasachán cogaidh. D’fhoilsíodh sé paimfléidí agus ábhair eile bholscaireachta agus chraoladh sé cainteanna ar ‘Radio Phoblacht na hÉireann’. Gabhadh é i bhfómhar 1940 tar éis dó a bheith ar a choimeád ó thús na bliana sin agus bhí sé ina imtheorannaí i bPríosún Bhóthar na Croimghlinne agus i bPríosún Dhoire go dtí an 8 Nollaig 1945. Thapaigh sé an deis chun an-chuid léitheoireachta a dhéanamh. I rith na mblianta sin chuir sé ranganna ar bun, léirigh sé drámaí agus chuir sé an iris lámhscríofa Faoi Ghlas ar fáil; ba é a bhí ina cheannfort ar na himtheorannaithe. Sa réamhrá leis an leabhar Faoi Ghlas luann sé fáth a scríofa: ‘Is é sin, fonn a bhí orm le fada an lá a insint faoin dóigh ar éirigh linne, an seisear nó mórsheisear i measc na gcéadta braighdeanach a raibh conamar beag Gaeilge cheana féin againn, an teanga a chur i réim i sciathán de phríosún i dTuaisceart Éireann agus suas le cúig chéad fear—buachaillí as cúlsráideanna Bhéal Feirste a mbunús—a chur ag labhairt Gaeilge mar ghnáth-theanga laethúil i ngach gné dá saol, má ba saol cúng idir ballaí príosúin féin é.’

Faoi 1943 bhí rún aige éirí as na hÓglaigh. ‘Rinne síochánaí scothaosta den ógánach a d’iompraíodh “tamaí-ghunna” i gculaithchás trí shráideanna Londan sna tríochaidí agus a chodlaíodh le “Peadar Péintéir” faoin tocht aige’ ach dhiúltaigh sé a dhearbhú do na húdaráis nach mbeadh baint aige feasta le poblachtaigh. I bhfómhar 1942 aistríodh é féin agus cuid mhór de na himtheorannaithe go príosún Dhoire agus bhí siad ann ar feadh dhá bhliain. Timpeall Nollaig 1944 chláraigh sé mar bhall i nGlúin na Buaidhe. Bhí sé ar dhuine de na himtheorannaithe ba dheireanaí dár scaoileadh saor as Príosún Bhóthar Chroimghlinne. Cheana féin bhí an t-úrscéal An bealach chun a' Bhearnais seolta aige chuig Clólucht an Talbóidigh. Foilsíodh faoi dheireadh é i 1949. Dar leis gur bhain an t-eagarthóir, Pádraig Ó Siocfhradha, sleachta as agus gur leimhide an saothar an eagarthóireacht sin. Scríobh sé cúpla gearrscéal agus an t-alt ‘Cúig Bliana i mBraighdeanas’ faoin ainm ‘Tarlach Bhilí’ (camaistriú, b’fhéidir, ar Terry Wilson) in An Iris, Samhain 1945-Eanáir 1946, iris faoi scáth The Bell. Fuair sé post mar rúnaí páirtaimseartha ar Choiste Ceantair Bhéal Feirste de Chonradh na Gaeilge. Scríobh sé gearrscéalta agus drámaí raidió go leor timpeall an ama sin agus nuair a d’aistrigh sé go Baile Átha Cliath bhí an clár grinn raidió Ruaig ar Roicne á scríobh aige.

Gairid roimh Bhealtaine 1948 a thosaigh sé mar iriseoir in Inniu (a bunaíodh 1943) agus bhí fostaithe ann gur cuireadh deireadh leis an bpáipéar i 1984, é ina eagarthóir ó 1972. Deir Proinsias Mac An Bheatha faoi: ‘Scríbhneoir agus iriseoir cumasach a bhí ann agus bhí sé i ndán dó bheith ina eagarthóir cúnta ag Ciarán Ó Nualláin ar Inniu ar feadh na mblianta agus ina eagarthóir ina dhiaidh sin go dtí gur básaíodh an páipéar’ (I dTreo na Gréine, 1987). Deir Mac Aodha Bhuí: ‘Scríobh sé na milliúin focal, na mílte alt sa pháipéar sin agus in irisí éagsúla. Foilsíodh naoi leabhar dá chuid, dhá shaothar dírbheathaisnéise, trí úrsceal, cnuasach gearrscéalta, leabhar filíochta, agus dhá scéal eachtraíochta do ghasúir.’ Is úrscéalta freisin An dá thrá, 1952 agus Adios, 1975. Leabhair eile leis is ea Taobh thall den teorann, 1950, gearrscéalta, agus Rachtanna feirge, bróin agus grá, 1978, cnuasach dánta.

Deir sé in Ar thóir mo shealbha gurbh alt in The Leader 14 Meán Fómhair 1946, ar dóigh gurbh é Earnán de Blaghd a scríobh, a mhisnigh é chun tabhairt faoin leabhar dírbheathaisnéise sin. Rinne Máirtín Ó Cadhain ionsaí géar, róghéar, b’fhéidir, air in Feasta, Iúil 1960: ‘Aon deilín tuirsiúil amháin ar thóir an Ghaelachais—a dhúchas—é an leabhar ó thús go deireadh.’ Ba é a thuairim nár thug Ó hUid cuntas cruinn ar Chonradh na Gaeilge Londan ná ar fheachtas míleata an IRA ach is léir freisin nach bhféadfadh sé a mhaitheamh d’iar-Óglach gur iompaigh sé a chóta: ‘Tá a chuid léinteacha, eaglaisí agus polaitíocht athraithe sách minic faoi seo aige le fios a bheith aige nach bhfuil campa ná comhthionól gan a leagan féin ar an “bhfírinne”.’ Shíl Tarlach féin gurbh é a chuir olc ar Mháirtín gur iompaigh sé ina Chaitliceach, gurbh é a theastaigh ó Phoblachtaigh go mbeadh ‘peata Protastúnach acu’. Deir Ó Glaisne: ‘Níor admhaíodh coitianta gur leabhar rímhaith dá shórt é, tour de force iriseoireachta a bhfaigheadh an t-údar an-lab airgid as ach a scríobhfadh sé i mBéarla é.’ Bhí spéis ag Routledge & Kegan Paul ann ach dhiúltaigh Tarlach an tairiscint.

Deir Iarla Mac Aodha Bhuí: ‘Thuill saothar Uí Uid aird áirithe sna caogaidí agus sna seascaidí ach beidh sé feasta faoi scáth na saothar atá ag teacht chugainn ó Shéamus Mac Annaidh agus ó Shéan Ó Siadhail, atá i bhfad chun cinn air ó thaobh saibhreas agus ionramháil na teanga agus ó thaobh síceol­aíochta agus ealaíon na cumadóireachta, gan trácht a dhéanamh ar chor ar bith ar úrscéalaithe eile nach bhfuil oiread bainte acu le Cúige Uladh. Agus sin uilig ráite caithfear aitheantas a thabhairt do Tharlach Ó hUid mar go raibh sé ar thús cadhnaíochta ar scríbhneoirí eile ina iarrachtaí cuntas ionraic mar a chonaic sé féin é a thabhairt ar an saol agus ar an timpeallacht inar mhair sé.…Réitigh Tarlach Ó hUid an bealach don ghlúin úr.’ Nochtann sé an tuairim nárbh aon chabhair sa saothar cruthaitheach an sclábhaíocht a chaitheadh sé a dhéanamh chun Inniu a thabhairt amach, ach in Faoi Ghlas tugann Tarlach le fios gur ag síorfhoghlaim deismireachtaí na teanga a bhíodh sé agus é ag obair le Ciarán Ó Nualláin. Úrscéalta eachtraíochta a scríobh sé do dhéagóirí is ea Eachtra Nollag, 1960 agus Éalú, 1961. Deir Ó Glaisne: ‘Tá Gaeilge curtha aige ar leathdhosaen éigin leabhar gairid le Mary Purcell ar chúrsaí creidimh do mhuintir Gill le blianta beaga anuas’; is cosúil gur ar mhaithe leis an eagraíocht Na Teaghlaigh Gaelacha, a raibh sé ar dhuine dá bhunaitheoirí, a rinne sé an saothar áirithe sin.

Casadh a bhean Eilís Ní Earáin (Herron) air i mBéal Feirste i 1939 agus phós siad in Eaglais Ard Oigheanna sa chathair sin um Meitheamh 1946. Taispeánann Dorothy Ní Uigín gurb í sin an ‘Eilís’ a scríobhadh ‘Trí Shúile na mBan’ go rialta in Inniu agus go dtugadh Tarlach cabhair di ó thaobh na Gaeilge de. Bhí mac acu, Tarlach óg, a d’éag 8 Márta 1992, agus iníon, Gráinne, agus thóg siad le Gaeilge iad. D’éag sé 30 Deireadh Fómhair 1990 agus cuireadh i nGlas Naíon é.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú