ainm.ie focal.ie logainm.ie dúchas.ie gaois.ie scéalta nua/news · FIONTAR
printéir priontáil scáileán ar ais chuig leagan don scáileán printéir leagan furasta le priontáil MAC REACHTAIN, Liam (19211976)

Ar Chnoc na nDumhach, Port an Pheire, Co. an Dúin, a rugadh é ar 2 Feabhra 1921. John McGrattan, feirmeoir beag nó scológ as comharsariacht Chill Chobháin, Port an Pheire, an t-athair. Ba í Mary Jane Sweeney a mháthair. Bhí baint ag John le Sinn Féin agus mhaíodh Liam go raibh an teach á ransú ag fórsaí armtha an Rí le linn dó féin bheith á shaolú. Seachas bheith sa scoil náisiúnta agus tamall i gceardscoil Phort an Pheire is beag scolaíocht a fuair sé. Ag obair ar an bhfeirm a bhí sé nuair a ghabh an RUC é. Bhí i ndán dó cúig bliana a chaitheamh i ngéibheann: bliain ar long phríosúin Al Rawdah a bhí ar snámh ar an gcósta amach ó Phort an Pheire agus an chuid eile den ghéibheann i bPríosún Bhóthar na Croimghlinne i mBéal Feirste. Is ann a thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge. Cuireadh cumann Gaelach ar bun ann agus rang faoi stiúir Tharlach Uí Uid. Bhíodh sé ag scríobh in iris an phríosúin, Faoi Ghlas, a raibh Tarlach ina eagarthóir uirthi. Bhí sé páirteach freisin sna drámaí a chuireadh na príosúnaigh ar siúl. Scríobh Tarlach Ó hUid in Inniu 30 Eanáir 1976: ‘Ach thug sé dúil mhór don Ghaeilge ón chéad lá sin sa phríosún a chuala sé á labhairt í. Bhí cíocras foghluma air agus d’alp sé go craosach gach giota Gaeilge a raibh teacht aige air—gach cinéal ó aistriúcháin Mhuimhneacha ar úrscéalta Sasanacha go leagan Ultach ón 18ú haois den Imitatio. Fear mór cainte a bhí ann agus bhain sé amach líofacht nach bhfuil ach ag an fhíor-chorrfhoghlaimeoir’. Agus dúirt Tarlach ina leabhar Faoi Ghlas, 1985: ‘Ba eisean an t-aon scríbhneoir eile Gaeilge a tháinig as measc na gcéadta Poblachtach a bhí imtheorannaithe idir 1938 agus Nollaig 1945 i dTuaisceart na hÉireann’.

Nuair a ligeadh saor é i bhfómhar 1945 thosaigh sé ar shaol eachtrúil a chaitheamh; tamall ag obair do chomhlacht asfailt—tugadh bóthar dó nuair a fuarthas amach go raibh tréas curtha ina leith; ag feirmeoireacht sa bhaile; téarmaí múinteoireachta i gcoláistí samhraidh Dhún na nGall; ina mhúinteoir taistil i ngleannta Aontroma. Chaith sé seal ina mhairnéalach ar long thráchtála a théadh go Meiriceá, an Astráil agus Murascaill na Peirse. Deir Ó hUid gur éirigh sé as toisc go raibh an dathdhaille ag bac air ardú céime a fháil. Chaith sé deich mbliana ag obair i monarcha i Latharna. Lean sé air i rith an ama ag foilsiú ábhair in An tUltach, in Scéala Éireann, agus ag scríobh do Radio Éireann. Ó Nollaig 1947 amach craoladh breis is seasca clár, idir ghearrscéalta, dhrámaí, agus chainteanna. ‘Guth Aduaidh’ an clár is faide a mhair. Phós sé Neansaí Ní Dhubhghaill agus is i gCarnlach, Co. Aontroma, a bhí cónaí orthu. Ó 1968 go 1975 bhí sé ag cur faoi i mBaile Átha Cliath agus bhíodh ag obair go seasta don seachtanán Inniu. Scríobh sé trí leabhar do pháistí agus roghnaigh Club Leabhar na Sóisear ceann díobh, Téarma an uafáis, 1964. Bhí idir aistí, dhánta agus léirmheasanna i gcló in Comhar aige idir 1947 agus 1974.

Gabhadh beirt mhac leis agus cuireadh i ngéibheann iad sa Cheis Fhada. ‘D’fhill Liam ar Phort an Pheire le haire a thabhairt dá bhean agus don chuid eile dá chlann’, dar le Tarlach Ó hUid. Bhí an tsláinte ag teip air ach lean sé air ag soláthar ‘Tuairisc ón Tuaisceart’ gach seachtain do Inniu. Fuair sé bás obann ar 19 Eanáir 1976 agus é ag caitheamh deireadh seachtaine i mBaile Átha Cliath. Cuireadh é i bPort an Pheire. ‘Cuimhneoidh mé féin air mar a bhí sé sna daichidí, ar an ógfhear dathúil a bhí ina chomrádaí croíúil againn agus muid go díograiseach ag gaelú Phríosún Bhóthar na Croimghlinne. Bhí an chroíúlacht sin ina tréith shuntasach dá phearsantacht go deireadh, ag ceilt an chrá croí agus an bhuairt aigne nach bhféadfadh gan bheith air sna blianta deireanacha seo’ (Tarlach Ó hUid).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

© Bunsonraí na mbeathaisnéisí: Cló Iar-Chonnacht (2014) · © An cóiriú leictreonach seo: Fiontar (2014) · Teagmháil: ainm@dcu.ie · facebook · twitter
Foirm aiseolais | Cartlann scéalta nuachta