Tá ceithre dhán leis in Nuafhilí (1942-1952), 1956 in eagar ag Séamas Ó Céileachair agus i measc na n-alt aige in Comhar i rith 1948-1952 bhí an tsraith fhada sin ar ‘Stílithe Gaeilge’. Toghadh é ina Uachtarán ar Chumann na Scríbhneoirí i 1951. Scríobh Tarlach Ó hUid cuntas iarbháis in Inniu 13 Eanáir 1984 ach is beag buneolas atá ann. Ba iad John Golden, oifigeach i mBardas Bhaile Átha Cliath, agus Áine Ní Fhaoláin a thuismitheoirí. In ‘Susanville’, Bóthar Richmond, Baile Átha Cliath, a rugadh é 18 Aibreán 1913. Is mar seo a bhí an teaghlach i nDaonáireamh 1911: Seán Ua Góilidhe (40), cléireach rátaí i mBardas Bhaile Átha Cliath, a rugadh i gCorcaigh agus a raibh Gaeilge aige, a bhean Áine (34) a rugadh i gcathair Bhaile Átha Cliath agus nach raibh Gaeilge aici. Bhí an lánúin pósta le 12 bliain agus bhí an seisear a rugadh dóibh beo: Dáithí (11), Seán A. (9), Finola (8), Lorcán (6), Breandán (4) agus Eibhlín (2). Cuireadh síos go raibh Gaeilge ag an gceathrar ba shine díobh. Sa teach freisin bhí máthair a chéile, Florence Connolly (73) a rugadh i gContae Bhaile Átha Cliath agus a bhí pósta ar dtús le Faolánach agus ar rugadh tuairim 15 leanbh sa chéad phósadh, arbh í Áine, máthair Chaoimhín, an duine ab óige díobh; ní dóigh go raibh leanbh aici leis an gConghaileach.

D’aistrigh an teaghlach go Sráid Victoria, an Cuarbhóthar Theas, ar ball agus is ann a chaith Caoimhín bunús a óige. Cuireadh oideachas air i Scoil na mBráithre, Sráid Synge, agus bhain sé bunchéim amach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus céim mháistir agus PhD ar ball. Chaitheadh sé tamaill i Ros Muc, Co. na Gaillimhe; le scríbhneoireacht na Gaeilge i rith 500 bliain a bhain a thráchtas dochtúra. Is mar ionadaí ón gColáiste Ollscoile a bhí sé sa láthair ag an gcruinniú i 1935 nuair a cinneadh ar an gComhchaidreamh a bhunú. Ba é chéad rúnaí na heagraíochta é (An Comhchaidreamh, crann a chraobhaigh: cnuasach aistí, 1985 in eagar ag Stiofán Ó hAnnracháin). Chaith sé an tréimhse 1936-43 ag múineadh i Maigh Chromtha; bhí alt (‘Láimhsgríbhinn’) aige in Éigse, samhradh 1942 i dtaobh lámhscríbhinne i seilbh an Dochtúra Ó Céileachair, sagart sa bhaile sin. I Meánscoil na mBráithre, Dún Laoghaire, a bhí sé ó 1943 go 1947 agus i Scoil Naomh Connlaodh, Bóthar Clyde, Baile Átha Cliath, as sin go ndeachaigh sé ar pinsean. Chaith sé bliain ag múineadh ina dhiaidh sin in Ardscoil Dhumhach Thrá agus bhí i gceist go mbeadh baint aige le gnó foilsitheoireachta Gaeilge a bhíothas a bhunú ann.

Foilsíodh dhá chnuasach dá dhéantús filíochta: Dánta, 1938 agus De bharr na gcnoc, 1954. Scríobhadh sé go rialta in Inniu: ‘Ba oide (ardmháistir) agus ba staraí é an Dr. Ó Góilidhe agus scríbhneoir cruinn snasta lena chois. Is é a chuir tús leis an cholún seachtainiúil “Comhaimsirigh” ar Inniu 27 Deireadh Fómhair 1950 agus is iomaí alt, aiste agus léirmheas a scríobh sé dúinn fosta’ (Inniu). Chuir sé eagar sna 1970idí ar mhórán díolaimí filíochta agus próis do mheánscoileanna; scríobh sé freisin Cúrsa nua-aimseartha gramadach Ghaeilge le haghaidh iar-bhunoideachas, 1970 agus Aistí ardteastais [g.d.]. Bhí baint aige le bunú Na Teaghlaigh Ghaelacha. D’éag sé 9 Eanáir 1984. Bhí sé pósta ar Mháire Ní Mhurchú, múinteoir náisiúnta ón gCluain i gceantar an Chloiginn, Co. na Gaillimhe, agus bhí iníon agus triúr mac acu. Bhí cónaí air ag an am in College Park, Tír an Iúir, Baile Átha Cliath, agus tá sé curtha i reilig Bhóthar na Bruíne.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú