Bhí sé ar dhuine de na bailitheoirí ceoil agus amhrán ba thábhachtaí sa 19ú haois. Rugadh é ar 22 Meán Fómhair 1828. Sin é an dáta atá ag J. H. Cole ina leabhar ar thaifid dheoise Chorcaí agus is uaidhsean a fuair Breandán Breathnach an mioneolas pearsanta ar Goodman atá ina chuntas-san. Ba é an tUrramach Thomas Chute Goodman, reachtaire sa Daingean, a athair. Ba í Mary Gorham a mháthair. I mBaile Áimín Treant, tuairim trí mhíle taobh thiar den Daingean, mar a raibh feirm mhaith ag a mhuintir, a tógadh é. Dúirt an Seabhac go raibh sinsearacht mhuintir Goodman i gCiarraí ó tuairim 1750. “D’fhásadar ann i ndlúthchaidreamh le saol na tuaithe agus leis an bhfíor-Ghaeltacht a bhí ina dtimpeall ... Ba dhlúithe bhí na Goodmanaigh le pobal na nGael ná mar bhí aon chuid den dream gallda sa Daingean”. Dar le Risteárd Ó Glaisne go raibh seanchas ag Kruger Caomhánach go dtéadh na comharsana Caitliceacha chuig teach Goodman ag iarraidh comhairle orthu i dtaobh lucht an tsúip agus gurbh í comhairle a chuireadh an seanmhinistir orthu: “Ná hiompaigí – agus má théann an t-ocras ró-dhian oraibh, bainigí a dteastaíonn uaibh amach le neart”.

Thosaigh Séamus ag bailiú amhrán sula raibh fiche bliain slán aige. Thuaraiscigh an Seabhac go mbailíodh sé cuid de mhuintir Bhaile Móir istoíche chun céilí go dtí an teach ar an taobh thall den Chuaisín. Sheinneadh sé féin ar an bpíb dóibh agus chuireadh ag amhrán iad. Bhíodh máthair an tSeabhaic ag na comhthionóil sin. Is dóigh go raibh Goodman meánaosta um an dtaca sin. In iarthar Chorcaí dó is minic a choimeádadh sé ceoltóirí ar aíocht ar feadh seachtaine d’fhonn foinn a bhreacadh uathu.

Deirtear freisin go raibh cáil scoláire Gaeilge air sa cheantar fiú nuair a bhí sé óg.

Thosaigh sé ar chúrsa léinn i gColáiste na Tríonóide in Iúil 1846. An bhliain dár gcionn bhuaigh sé duais san Eabhrais agus scoláireacht Ghaeilge. Bhain sé B.A. amach in 1851. Oirníodh é ar 22 Bealtaine 1853. Bhí sé ina mhinistéir cúnta ag obair don Irish Missionary Society in iarthar Chorcaí ó 1852 amach. Bhí cónaí air i nDá Dhrom. Ceapadh ina bhiocáire é i Mainistir an tSruthair in 1867 agus ina Ollamh le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide in 1879.

Bhí sé ar Chomhairle an Chumainn Oinnigh in 1852 agus bhí sé i gceist go gcuirfeadh sé eagar dóibh arChath Fionntrágha. Ach theip ar an gCumann. Deirtear gurbh in an fáth nach mbacfadh sé leis an litríocht feasta. In 1854 foilsíodh a An Duanaire diadha, a selection of psalms and hymns for the use of Irish speaking congregations. Goodman féin a chum cuid de na hiomainn.

Maidir lena ollúnacht, tugann Risteárd Ó Glaisne an abairt seo as alt le J. M. Synge in The Academy and Literature, 6 Meán Fómhair 1902: “If an odd undergraduate ... wished to learn a little of the Irish language and went to the professors appointed to teach it in Trinity College, he found an amiable old clergyman who made him read a crabbed version of the New Testament and seemed to know nothing, or at least care nothing, about the old literature of Ireland or the fine folk-tales and folk-poetry of Munster or Connacht”. Dearbhaíonn Ó Glaisne nárbh fhíor sin.

Fliúiteadóir maith ba ea é fiú sula ndeachaigh sé go Coláiste na Tríonóide. Níor thosaigh sé ar an bpíb uilleann go raibh sé 30 bliain d’aois. Ach tugtar suas dó gur phíobaire maith é. 2,300 foinn atá sa chnuasach mór a rinne sé agus is foinn a bhailigh sé féin 900 díobh. I gcás an 200 amhrán níl againn ach na foinn. Bhreac sé na focail freisin ach níl teacht orthu anois.

Tá cuntas cuimsitheach ar James Goodman (nó Séamus Gudman) mar bhailitheoir ceoil ag Breandán Breathnach in Journal of the Kerry Archaeological and Historical Society, Uimh. 6, 1973. Tá eolas faoi le fáil freisin in Irish minstrels and musicians: with numerous dissertations on related subjects le Francis O’Neill (1913), in aiste leis an Seabhac in Béaloideas 13 (1944), in aiste le Risteárd Ó Glaisne in Galvia 10 (1964–5) agus ag J. H. Cole in Church and parish records of the united diocese of Cork, Cloyne and Ross (1903). Tá eolas breise in An Canónach Séamas Goodman (Iris na hOidhreachta 2), 1990 in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta. Tá léacht Nicholas Carolan, ‘An tUrramach James Goodman: Fear eaglasta, ceoltóir agus bailitheoir ceoil’ i gcló in Foinn agus focail: Léachtaí Cholm Cille XL, 2010. Sa léacht úd deir Nicholas Carolan agus é ag cur síos ar théacsanna na n-amhrán a bhailigh Goodman : 'Bhí ócáid chomórtha do Goodman eagraithe ag coiste áitiúil i Mainistir an tSruthair, i samhradh 2006... Bhí duine de chlann Goodman i láthair, Gavin Goodman as ceantar Bristol, agus thóg sé leis ón mbaile dhá lámhscríbhinn de chuid James Goodman agus an dáta 1857 ar chlúdach ceann díobh. Fuair sé iad in áiléar a thí féin agus is é a bhí iontu i measc ábhair eile ná téacsanna isteach is amach de 85 amhrán agus blúireacha d'amhráin mar a thóg Goodman síos iad céad go leith bliain roimhe sin ... I 2008 bhronn Gavin Goodman na lámhscríbhinní sin ar Leabharlann Choláiste na Tríonóide agus ta siad ansin anois le lámhscríbhinní eile ceoil James Goodman.' Fuair Taisce Cheol Dúchais Éireann scannáil de na lámhscríbhinní sin ó Gavin Goodman. (Táthar buíoch den Dochtúir Lillis Ó Laoire, Ollscoil na hÉireann, Gailimh, a dhírigh ár n-áird ar an léacht úd).

Bhí an tOllamh Goodman pósta ar Charlotte King, deirfiúr leis an Urr. Robert King, údar Church history of Ireland, agus bhí triúr mac acu. D’éag sé ar 18 Eanáir 1896.

Tá an méid seo le rá ag Donal O’Sullivan ina thaobh in Irish folk music and song: “Up in Dublin Goodman brought with him the atmosphere of West Cork. He bade up to his rooms in Trinity College those – and they were many – who delighted to hear him perform: the crimson cover of his fine set of union pipes being set off by his white cravat, while his foot beat time to the music. Some of the other professors used to be among his audience notably the redoubtable John Pentland Mahaffy, afterwards Provost, who is probably the last man that one would associate with this kind of diversion. So matters continued until Goodman’s death in 1896. He died a poor man, for his charity was unbounded without distinction of religion and his musical mss were the most valuable of his possessions”. In Mise agus an Conradh deir an Craoibhín: “Bhí grá aige don Ghaeilge ach ní raibh aon bhlas de spiorad na náisiúntachta ann, sílim. Bhí mórán daoine den tsórt sin ann an uair sin”.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú