Tá eolas ar shaol agus ar shaothar an fhoclóirí mhóir seo: in Inniu 17 Samhain 1950 sa tsraith ‘Comhaimsirigh’; in Amárach 18 Nollaig 1981 ag Séamus Mac an Rí; in agallamh le Liam Ó Muirthile in Comhar, Aibreán 1989; ag Dónall Ó Baoill in Scríbhneoireacht na gConallach (1990) in eagar ag Nollaig Mac Congáil; ag Éamonn Ó hÓgáin (‘Niall Ó Dónaill 1908-1995’) agus ag Risteárd Ó Glaisne (‘Niall Ó Dónaill: cuimhní pearsanta’) in Anois 18-19 Feabhra 1995; in ‘Tuarascáil’ in Irish Times na Céadaoine i ndiaidh a bháis. In Ailt an Eidhinn in aice le Loch an Iúir, paróiste Anagaire, Co. Dhún na nGall, a rugadh é 27 Lúnasa 1908; ba é an duine ba shine de sheisear é. Bhí beagán talaimh agus cúpla bó ag a athair Tarlach; b’as an nGrial sa pharóiste céanna dá mháthair Éilís Nic Ruairí. Chaitheadh Tarlach ó Mheitheamh go Samhain ag obair le feirmeoir in Albain agus fuair bás nuair a bhí Niall 13 bliana d’aois agus ba é an chuimhne a d’fhan ag an mbuachaill óg air: ‘É ina éadaí Domhnaigh agus mála aige ag dul anonn an pháirc ar a bhealach go hAlbain. Shiúladh sé leis go mbeadh sé ag dul as amharc thart ar cheathrú míle ón teach. Ansin thiontaíodh sé le slán a fhágáil againn. Fear stuama’ (Ó Muirthile).

Trí Bhéarla amháin a cuireadh bunoideachas air i Scoil Loch an Iúir. Thug scoláireacht é go Coláiste Adhamhnáin, Leitir Ceanainn (1921-25), agus scoláireacht eile ón gcomhairle contae go dtí an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Gaeilge, Béarla agus stair a bhí roghnaithe aige ach bhí sé ródhéanach ag filleadh ó Loch an Iúir lá an scrúdaithe agus ní dhearna sé scrúdú na céime riamh. Deir Mac an Rí: ‘Ach ní dhearna sé scrúduithe an tríú bliain toisc go raibh sé tar éis an samhradh a chaitheamh ag obair sna tolláin thall in Albain.’ Le linn dó a bheith ina mhac léinn chaitheadh sé an samhradh ag teagasc i gColáiste Bhríde, Rann na Feirste. Chaith sé bliain ag múineadh i meánscoil na mBráithre Críostaí i gCaiseal Mumhan, post nár thaitin leis. Bhí tosaithe aige ar scéalta agus aistí a chur i gcló in An tUltach in 1927 agus bhí ag aistriú don Ghúm ó 1929. In 1930 phós sé Sorcha Ní Ghallchóir ó na Rosa. Bhí árasán acu ar an gCuarbhóthar Thuaidh, Baile Átha Cliath, agus bhí Séamus Ó Grianna ar lóistín acu ann. I ndiaidh a athar ba é Séamus an duine is mó a raibh tionchar aige ar a shaol (Ó Muirthile). In Tomás de Bhaldraithe: cuimhní cairde (1997) cuireann Eilís Ní Bhrádaigh síos ar an gcaoi ar athshnaidhmeadh cairdeas eatarthu in 1959: dúirt Niall leis an Muirthileach go raibh deich mbliana, tar éis do Forbairt na Gaeilge a theacht amach, nuair nár labhair Séamus leis ar chor ar bith; i ndiaidh bhás Shéamuis chuir sé eagar ar chnuasach dá ghearrscéalta, Cora cinniúna 1 (1993) agus Cora cinniúna 2 (1993).

Is iad seo a chuid aistriúchán: Scairt an dúthchais (1932) (The call of the wild le Jack London); Ise (1933) (She le H. Rider Haggard); Máire (1935) (Marie le H. Rider Haggard); Cineadh an fhásaigh (1935) (The kindred of the wild le Charles G. D. Roberts); Mac rí na hÉireann (1935) (The king of Ireland’s son le Padraic Colum); An chloch órtha (1936) (The talisman le Walter Scott); Roibeart Emmet (1936) (leabhar le Raymond W. Postgate); An Ministir Ó Ceallaigh (1937) (Parson Kelly le A.E.W. Mason agus A. Lang); Commando (1938) (Commando le Denys Reitz); Seachrán na nAingeal, 1946 (The Demi-Gods le James Stephens); An tOllphéist (1939) (Juggernaut le Alice Campbell); Maighistir Bhaile na Trágha (1938) (The master of Ballantrae le R.L. Stevenson). Luaitear An Bealach chun na Róimhe (The path to Rome le Hilaire Belloc) ach ní léir gur foilsíodh é. D’aistrigh sé leabhar le H.B. Zimmerman do Fhoilseacháin Ábhair Spioradálta faoin teideal Dhá choinneal do Mhuire (1958), leabhar nár foilsíodh a bhunleagan Béarla riamh; thug sé le fios do Risteárd Ó Glaisne gur bheag a mhuinín as an údar agus nár thaitin an tasc áirithe sin leis. Deir Ó Glaisne gur aistrigh sé leabhar ar Bhéal Feirste le Denis Ireland (1894-1974) do Sháirséal agus Dill . D'fhoilsigh Coiscéim an leabhar sin in 1996 faoin teideal Cathair Phrotastúnach.

Shíl Niall féin gur chuir obair an aistriúcháin seacht mbliana ar gcúl é mar scríbhneoir. In Feasta, Aibreán 2002 (‘Scríbhneoirí Gaeilge Dhún na nGall agus Scéim Aistriúcháin an Ghúim’ le Nollaig Mac Congáil) gheofar tuairim i dtaobh na sclábhaíochta a bhain leis; bhíodh sé féin agus Seosamh Mac Grianna ag coimhlint le chéile: ‘D’aistrigh mé féin 27,000 [focal] den Talisman i seachtain (7,000 an lá deireanach) agus d’aistrigh Seosamh Mac Grianna 29,000 de Ivanhoe (9,000 an lá deireanach).’ Ó 1930 go 1932 bhí sé ag cabhrú le Láimhbheartach Mac Cionnaith in obair a fhoclórasan. Nuair a tháinig Fianna Fáil i gcumhacht diúltaíodh ar feadh tamaill airgead a chur ar fáil le haghaidh an fhoclóra agus bhí Ó Dónaill tamall gan phost agus ina theannta sin bhí deireadh curtha le leabhair Bhéarla a aistriú. Ba chrua a chás agus b’éigean dó teach a bhí ceannaithe aige a dhíol agus a bhean agus a bheirt chlainne a chur go dtí na Rosa. Dúirt sé leis an Muirthileach gur de bharr cúpla potboiler mar Beatha Sheáin Mhistéil (1937) a d’éirigh leis teacht slán. Cnuasach de ghearrscéalta agus d’eachtraí staire is ea Bruighean feille (1934) agus b’fhéidir gurbh é sin an dara leabhar a bhí i gceist aige.

D’fhostaigh Mac Cionnaith arís é ar feadh tamaill bhig. Foilsíodh Foclóir Béarla agus Gaedhilge: English-Irish Dictionary (1935) agus bhí seo le rá ag Mac Cionnaith sa réamhrá: ‘The Editor was fortunate in securing the services of three well-educated native speakers, Póilín Bhreathnach, B.A., Siobhán Ní Mhainín, B.Comm., and Niall Ó Domhnaill. Without them the work would have been impossible, and to them above all the chief credit for its value is due.’ Timpeall an ama sin ghnóthaigh sé an chéad áit i scrúdú státseirbhíse (Inniu), agus fuair post seasmhach. Sna malartáin fostaíochta a cuireadh ag obair é agus in 1952 ceapadh é ina bhainisteoir ar mhalartán Shráid San Werburgh, Baile Átha Cliath. In 1942-43 foilsíodh Seanchas na Féinne, scéalta fiannaíochta as seanchnuasaigh agus ón mbéaloideas curtha i Nua-Ghaeilge liteartha aige (in 1996 foilsíodh eagrán nua a chóirigh Niall agus a chliamhain Micheál Grae). In 1948 chuir sé eagar ar Scéalta Johnny Shéimisín do Chomhaltas Uladh: thug sé an t-eolas sin i litir chuig Nollaig Mac Congáil dar dáta 29 Aibreán 1977 . Bhí sé ar dhuine de Stiúrthóirí an Chlub Leabhar a bunaíodh an bhliain sin. Seachas an Foclóir Gaeilge-Béarla is iad Forbairt na Gaeilge (1951) agus Na Glúnta Rosannacha (1952) an dá shaothar is iomráití dá dhéantús. Deir Dónall Ó Baoill fúthu: ‘Sa dá leabhar seo thuas tíonn muid borradh stíle agus cruinneas cur síos nach raibh sna scríbhinní tosaigh dá chuid. . . ’. Tugann Ó hÓgáin ‘saothar dúshlánach ceannródaíochta’ ar Forbairt na Gaeilge agus deir gur léirigh sé ann ‘le corp dóchais agus le híoróin ghrinn an t-iniúchadh, an roghnú, an bearradh, an t-athrú meoin, ba ghá chun uirlis inniúil a dhéanamh ar ais den Ghaeilge’. In 1989 bhí sé ag seasamh go fóill le formhór na dtuairimí sa leabhar sin (Ó Muirthile). Cuireadh athchló ar Na Glúnta Rosannacha in 1976. Is é atá ann stair na Rosann agus scéal mhuintir Uí Dhomhnaill. Moltar stíl an leabhair, ‘stíl fheidhmiúil lom ghléineach’ (Ó hÓgáin).

Ó 1959 go 1978 bhí sé ina Eagarthóir ar Foclóir Gaeilge-Béarla; Tomás de Bhaldraithe a bhí ina Eagarthóir Comhairleach. Ba é ba chuspóir ‘don fhoclóir seo an chuid is coitianta de stór focal na Nua-Ghaeilge a thabhairt le chéile agus a mhíniú i mBéarla’ (lch vii). An Concise Oxford Dictionary a bhí mar mhúnla ag Niall. Foilsíodh é 6 Iúil 1978. Is é a deir Ó hÓgáin faoi: ‘Ba sméar mhullaigh ar cháil Néill mar eagarthóir foilsiú an fhoclóra. Tá tástáil na haimsire curtha ar an bhfoclóir ó foilsíodh é. Moltar é as a fheabhas a léiríonn sé stór focal coitianta na teanga, as soiléireacht an leagain amach, as gontas agus cruinneas na sainmhínithe agus, thar aon rud eile, as oiriúnacht agus nádúrthacht agus as raidhse na samplaí ann’. I bpáirtíocht le Pádraig Ua Maoileoin d’ullmhaigh sé ina dhiaidh sin sraith d’fhoclóirí aonteangacha Gaeilge. Tuairimítear, mar a thuairimigh sé féin i dtaobh obair an aistriúcháin, gur tháinig an fhoclóireacht idir é agus an scríbhneoireacht.

Comhartha ar an aitheantas a bhí tugtha dó mar shaineolaí ar an teanga é a bheith rannpháirteach sna 1960idí le de Bhaldraithe, Máirtín Ó Cadhain agus Donncha Ó Cróinín in Fadhbanna Gaeilge, clár seachtainiúil raidió a bhain le brí focal, le foghraíocht agus le gramadach. Sa réamhrá (Márta 1999) leis an dara heagrán de Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí deirtear: ‘An Dr Niall Ó Dónaill agus an Br Liam Ó hAnluain (solas na bhFlaitheas dóibh beirt) a d’ullmhaigh an t-eagrán seo ó thaobh na gramadaí de’. Bhí leagan Nua-Ghaeilge de Táin Bó Cuailgne críochnaithe aige. Ghnóthaigh sé Gradam an Oireachtais in 1980. Bhronn Coláiste na Tríonóide D.Litt air i Meitheamh 1982. Fuair a bhean Sorcha bás 5 Eanáir 1995 agus d’éag Niall 10 Feabhra na bliana céanna; in Ascaill Vernon, Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath, a bhí cónaí orthu. Cuireadh iad i nGlas Naíon. Tá curtha síos ag Ó Glaisne ar chomhrá a bhí aige le Niall an lá sular éag sé, ar an Aifreann éagnairce, agus ar a bheirt iníonacha (a bhfuair duine díobh bás in aois chúig bliana di) agus a cheathrar mac.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú