Ba Phríomh-Aistritheoir i nDáil Éireann é. Ar 9 Bealtaine 1921 a rugadh é sna hArdaí Beaga, Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall. Bhí sé ar dhuine den trí dhuine déag clainne a bhí ag Pádraig Mac Cnáimhsí, múinteoir náisiúnta, agus a bhean Sorcha Ní Dhochartaigh. D’éag ceathrar díobh go hóg agus d’éag a leathchúpla dearthár, Caoimhín, in 1986. I gColáiste Ullmhúcháin Chaoimhín i nGlas Naíon, Baile Átha Cliath, a cuireadh meánoideachas air féin agus ar Chaoimhín agus cháiligh sé mar bhunmhúinteoir i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Bhí an chéad phost aige i gCúil Dabhcha, Co. Dhún na nGall, agus is ann a chuir sé aithne ar a bhean, Gertrude Ní Choigligh. D’aistrigh sé go dtí Scoil Fhionnbharra, an Chabrach, Baile Átha Cliath. Sna 1950idí bhí sé ar dhuine de chainteoirí dúchais Thír Chonaill a léadh an nuacht Ghaeilge gach tríú seachtain ar Radió Éireann. Léadh sé an nuacht Ghaeilge ar Thelefís Éireann sna 1960idí luatha. Tamall ina dhiaidh sin fostaíodh é mar aistritheoir lánaimseartha i nDáil Éireann agus in 1972 bhí sé ar dhuine d’fhoireann Rannóg an Aistriúcháin a bhí ag aistriú téacsanna na gconarthaí Eorpacha sin a bhain le bunú na gComhphobal Eorpach. Ar na téacsanna Béarla agus Fraincise a bunaíodh na haistriúcháin sin a raibh 1,500 leathanach de théacs iontu agus an teanga casta agus teicniúil go maith iontu. D’fhan bród air faoina mhéid a chuir na haistriúcháin sin le cumas na Gaeilge i gcúrsaí dlí agus maidir le stádas an Chaighdeáin Oifigiúil. Gabhadh buíochas leis in Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill 1977) faoin gcabhair a thug sé sa tionscadal mór sin.

I gcló uaidh tá ‘Arranmore Island in the Great Famine, 1846-'48’ in Donegal Annual (1973), agus ‘The Great Famine in the Rosses’ in uimhir a seacht den iris sin in 1995. In Journal of the Co. Louth Archaeological Society (1968), bhí cuntas soléite aige ar an bhfile Nioclás Ó Cearnaigh (c1802-c1865). Bhí dúil aige sa gharraíodóireacht agus dhéanadh obair charthanachta do Chumann Naomh Uinseann de Pól. D’éag sé ar 2 Deireadh Fómhair 2011. D’fhan beo ina dhiaidh a bhean chéile, a thriúr iníonacha agus a bheirt mhac.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú