I gCuimhne do Bháis a Thomáis

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00
Eisithe ar Blaiseadh (1995). Le caoinchead Cló Iar-Chonnacht.

Úrscéalaí, file, foclóirí, aistritheoir, eagarthóir. Scríobh sé féin cuntas gairid ar chuid dá shaol in Iomairí críche (1991) (‘Saol agus Saothar’). Tá cuntais iarbháis in Irish Times 26 Deireadh Fómhair 2002, ag Micheál de Mórdha in Foinse 27 Deireadh Fómhair 2002 (‘Peaidí a’ Dúna—fathach litríochta’) agus ag Seán Ó Laoi in 24 Deireadh Fómhair 2002 (‘Údar a thuig a dhúchas’). ‘Ar Cheann an Dúna i nDún Chaoin agus faoi scáth na mBlascaed’ (Iomairí críche) a rugadh é ar 28 Eanáir 1913. Ba iníon le Tomás Ó Criomhthain a mháthair Cáit; ba í a bhí ag foghlaim snámha ar an Trá Bhán sa Bhlascaod ó Eibhlín Nic Niocaill an lá cinniúnach úd 13 Lúnasa 1909. Bhí feirm mhaith ag a athair Tomás. Bríd Ní Lúing ón mBuailtín an múinteoir aige sna bunranganna agus Seán Ó Dálaigh ina diaidh. Fuair a mháthair bás in Eanáir 1922 den eitinn. Phós an t-athair bean de mhuintir Chárthaigh agus ba cheann de choiníollacha an chleamhnais go n-aistreodh an teaghlach go dtí Baile an Ghóilín in aice leis an Daingean: ‘B’in é an briseadh ba mhó d’imigh riamh ormsa mar bhíos cúig bliana déag ag an am, díreach agus mé chun coinbhleachta’ (idem). Tar éis tamaill i Scoil na mBráithre Críostaí sa Daingean cuireadh é go Coláiste Bhréanainn, Cill Airne, le súil go mbeadh sé ina shagart. Chaitheadh sé laethanta saoire ar an Muirígh, mar a raibh cónaí ar a sheanuncail Muiris Ó Catháin, deartháir le Rí an Oileáin, agus i dteach Uí Chriomhthain sa Bhlascaod. ‘Is dóigh liom, chun na fírinne a rá, gur mó tionchar a bhí ag an seanathair orm ná ag m’athair féin agus ag saoithiúlacht an oileáin ná ag cultúr na míntíre’ (idem). I gCill Airne chuaigh litríocht na Laidine agus na Gréigise agus filíocht an Bhéarla i bhfeidhm air. Bhí meas ag a mhuintir ar an léann agus bhí teacht aige ar leabhair mar Laoithe na Féinne, Cath Fionntrá agus Cúirt an Mheán Oíche; sa chomhthéacs seo luann sé go háirithe a leasuncail Peatsaí Mac Cárthaigh a bhfuil cuntas breá aige ar a cháilíochtaí in Macadúna (2000). ‘Anuas orthu sin ar fad, bhí sruthán láidir an bhéaloidis a teannadh mar bhainne cíche liom ó bhíos airde glúin fir ar thinteáin éagsúla i mo Ghaeltacht féin’ (idem). Ghnóthaigh sé scoláireacht ollscoile ach níor chaith ach bliain san ollscoil i gCorcaigh: ‘Bliain dem shaol i vaighid agus i vásta ab ea í’ (idem). In 1936 chuaigh sé isteach sa Gharda Síochána. Cuntas magúil ar an oiliúint a cuireadh ar na hábhair gardaí, na rúcaigh, is ea De Réir Uimhreacha (1969); tá sé liostaithe mar úrscéal ag Alan Titley in An tÚrscéal Gaeilge (1991) agus is mar úrscéal a bronnadh duais Oireachtais air. Dar leis gur ‘liombó de shaghas éigin’ agus ‘aimsir amú’ an tríocha bliain a chaith sé ina gharda. Is beag eolas ar an gcuid sin dá bheatha in Iomairí críche ach oiread: ‘Agus ní fiú liom dul a thuilleadh lem shaol ná an méid sin ... saghas folúis ab ea an chuid eile, fé mar a bheadh oíche dhuíré agus gan réiltín ar an aer’. Agus cuireann sé síos ar an gcineál oibre a chaitheadh sé a dhéanamh: ‘deich mbliana fichead ... i bPríomhoifigí an Gharda i mBaile Átha Cliath ag cur Gaeilge oifigiúil ar mheamraim Bhéarla agus ag cur Béarla de shaghas éigin ar mheamraim Ghaeilge d’oifigigh ná raibh sí acu ná aon chuimhneamh acu uirthi.’ De réir an Irish Times shroich sé céim sháirsint. Agus b’fhéidir gur chúnamh éigin dó an taithí a bhí aige ar an dlí agus é ag aistriú go Gaeilge péire leabhar le Pádraig A. Ó Síocháin, Outline of evidence practice and procedure in Ireland (Dlí na fianaise in Éirinn, 1962), agus Criminal law of Ireland (Dlí coiriúil na hÉireann, 1964), a dtugann Titley ‘aistriú máistriúil’ air.

I lár na 1950idí bhí tamall caite aige mar léitheoir nuachta páirtaimseartha i Radio Éireann agus chuir sé aithne lena linn sin ar Francis McManus, an scríbhneoir aitheanta a bhí i gceannas na ngnéchláracha. D’áitigh seisean air caint a chraoladh le linn comóradh chuimhne céad bliain Thomáis Uí Chriomhthain. D’iarr McManus ansin air sraith de chainteanna 15 nóiméad a chraoladh faoin teideal ‘Athchuaird ar Chorca Dhuibhne’. Ba í an tsraith sin bunús an leabhair Na hAird Ó Thuaidh (1960). Ó d’éirigh sé as an nGarda Síochána bhí sé fostaithe ag an nGúm ar fhoireann Foclóir Gaeilge-Béarla (1978). I bpáirtíocht le Niall Ó Dónaill d’ullmhaigh sé ina dhiaidh sin sraith d’fhoclóirí aonteangacha Gaeilge agus chuir sé cnuasach d’fhocail Chorca Dhuibhne ar fáil do chartlann na gcanúintí Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. In 1973 chuir sé amach eagráin nua den An tOileánach (agus thug cabhair do Sheán Ó Coileáin chun eagrán 2002 den saothar sin a réiteach, leabhar a seoladh an oíche ar tugadh a chorp chun an tséipéil) agus de Allagar na hInise agus foilsíodh Allagar II (1999), sleachta nach raibh i gcló sna heagráin eile. Ní foláir nó chuir obair seo na foclóireachta, an aistriúcháin agus na heagarthóireachta moill éigin ar a shaothar cruthaitheach. Moladh a chéad úrscéal Bríde Bhán (1968) go hard ach ní go rómhaith a thaitin sé, ná go deimhin Na hAird Ó Thuaidh, le cuid de mhuintir a dhúiche féin. Deir Micheál Ó Mórdha: ‘Ní raibh sé in éagmais lucht a cháinte ina dhúthaigh féin, ach go háirithe, agus measadh go raibh a chuid saothar cruthaitheach garbh easurramach i leith a mhuintire féin is gur úsáid sé ina chuid saothair caractéirí is a dtréithe a bhí ina gcomharsain béal dorais aige agus a raibh an-aithne aige orthu. Ar an dtaobh eile den scéal is féidir a rá go neamhbhalbh gur thug sé léargas ina chuid litríochta ar ghnéithe de shaol na Gaeltachta a bhí folaithe go dtí sin agus ba ghá misneach chun a leithéid sin a dhéanamh ag an am.’ Déanann sé déileáil leis an naimhdeas áitiúil sin in Iomairí críche, agus deir gur bhraith sé nárbh iad a mhuintir féin na daoine a raibh cur síos orthu ag scríbhneoirí eile an Bhlascaoid. ‘Níor chuir na scríbhneoirí eile aniar aon olc ar a ndaoine féin; formad a chuireadar orthu nó fonn cáinseoireachta. D’éirigh liomsa olc a chur orthu agus b’fhearr liom de ghradam é sin uathu ná aon rud eile.’

Ní raibh aon mhórmheas aige féin ar an úrscéal An bóna óir (1969). Úrsceálta eile leis is ea Fonn a níos fiach (1978), agus Ó thuaidh! (1983) (a bhuaigh duais Oireachtais in 1982). Cnuasach de shaothar ilchineálach is ea Ár leithéidí arís (1978) agus tá ann aistí magúla faoin gcineál litríochta a tháinig as a cheantar féin agus faoi Sheachtain na scríbhneoirí i Lios Tuathail. Ba é a d’aistrigh leabhar do dhéagóirí óga le Vincent Segrelles faoin teideal Longa (1980) agus leabhar den chineál céanna le Ingemar Leijonborg faoin teideal Aililiú pililiú (1982), agus a chóirigh eagrán nua de leabhar Pheig Sayers Machnamh Seanmhná (1992.) Saothair eile leis is ea Na Blascaodaí (1994), Macadúna, 2000, ar saothar dírbheathaisneach i dtaobh a óige é, agus an leabhrán Dúlra Duibhneach, 2000 (‘Cnuasach é seo de na focail áitiúla i gCorca Dhuibhne le mo linnse ar gach ní a ritheann agus a léimeann’). Leabhar 56 leathanach is ea An Stát versus Dugdale, 2001. Baineann sé le cás an Dr Rose Dugdale in 1974 nuair a fuarthas ciontach í i ngadaíocht pictiúr dar luach ocht milliún punt. Deir sé: ‘Tá an cuntas seo bunaithe ar “inside file” a fuaireas ar iasacht ón gCeannphort Seán Ó Colmáin G.S., a thug seal ina oifigeach sa Daingean, Co. Chiarraí, Gael agus gaiscíoch go smior.’

Chuir Mícheál Ó Sé agallamh air (‘An Scríbhneoir agus an Béaloideas’) in Comhar, Feabhra 1976. Chuir Liam Ó Muirthile agallamh air in Comhar, Nollaig 1989. Deirtear i gcuntas an Irish Times: ‘Outwardly Rabelaisian, he was inwardly staunchly religious. True, he enjoyed a bawdy song and, indeed, wrote a few himself, but he had a strong Catholic faith. He was, however, no puritan.’ Cuimhnítear go háirithe ar an amhrán ‘An Cócónut’ a scríobh sé. Chaith sé tamall ina chathaoirleach ar Chlub Chonradh na Gaeilge i Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath; bhí sé ‘ina rí ar an gcomhluadar’ (de Mórdha) ann agus ba mhinic a chasadh sé amhrán. Bhí sé ina bhall den ghrúpa The Shandies (Ó Laoi). Sheinneadh sé an veidhlín agus bhí cáil air freisin mar rinceoir seite. Chaitheadh sé ceithre mhí den bhliain i nDún Chaoin, i dteach a chara Máire Ní Dhálaigh, agus is ann a d’éag sé ar 19 Deireadh Fómhair 2002. I nGlas Naíon a bhí cónaí air de ghnáth. Cuireadh é i Reilig Chill Fhionntain, Baile Átha Cliath. Fuair a bhean Lil bás in 1980 agus bhí beirt mhac agus beirt iníonacha acu. Bhí sé ina uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge in 1987. Bhronn Ollscoil na hÉireann DLitt air in 2000.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú