NÍ BHRÁDAIGH, Éilís (1927–2007)

Bhí dlúthbhaint aici le trí cinn d’fhoclóirí móra: English-Irish dictionary (1959) in eagar ag Tomás de Bhaldraithe; Foclóir Béarla-Gaeilge (1977) in eagar ag Niall Ó Dónaill agus Tomás de Bhaldraithe; agus le ‘Foclóir na Nua-Ghaeilge’ (Acadamh Ríoga na hÉireann), fiontar arbh é de Bhaldraithe arís a bhí i gceannas air. Ina dteannta sin thuig sí féin agus Máire Ní Icí go raibh gá le foclóir achomair agus chaith siad tamall de bhlianta ag réiteach chun Foclóir póca a thabhairt amach in 1986.

I bhFionnradharc, Baile Átha Cliath, a rugadh í ar 1 Aibreán 1927. Ba é Francis Brady agus Elena Nolan a tuismitheoirí. Ghlac Francis páirt in Éirí Amach 1916, é ina bhall de na hÓglaigh i monarcha Jacob. Clódóir ba ea a dheartháir, Christopher a chuir cló in 1916 ar Forógra Phoblacht na hÉireann. Sa teaghlach freisin ag Éilís bhí a deartháir agus a beirt deirfiúracha. Anuas go dtí tús na 1940idí bhí cónaí ar a muintir i Sráid Mhuire Bheag, Baile Átha Cliath, rud a d’fhág gur ar Scoil Mhuire, Sráid Mhaolbhríde, a bhí sí. D’aistrigh an teaghlach go dtí an Chabrach, Baile Átha Cliath, ina dhiaidh sin. Scoláireacht a thug go Scoil Naomh Lughaidh, Ráth Maonais, í. Scoláireacht Ghaeltachta de chuid Choiste na bPáistí a thug go Conamara, Co. na Gaillimhe, í. De thoradh scrúdaithe d’éirigh léi post státseirbhíse a fháil agus in 1945 aistríodh í go rannóg fhoclóir de Bhaldraithe. Pointe ríthábhachtach ina saol ba ea é sin. Cairde agus compánaigh i rith a saoil feasta ba ea de Bhaldraithe agus a bhean chéile Vivienne. Ag obair di ar an bhfoclóir sin a chuir sí aithne agus í an-óg ar scata a raibh ina measc Séamus Ó Grianna, Máire Mhac an tSaoi, Seán an Chóta Caomhánach, Donnchadh Ó Céileachair, Seosamh Ó Cadhain, Donnchadh Ó Buachalla, Muiris Ó Catháin, Doncha Ó Conchúir, Seán Ó Lúing agus Séamus Ó Saothraí. Ba chuimhin léi nach raibh Ó Grianna sásta Gaeilge a labhairt léi agus gur de réir a chéile a snaidhmeadh dlúthchairdeas eatarthu. Nuair a foilsíodh an foclóir sin bhí a hainm ina meascsan ar ghabh de Bhaldraithe buíochas leo (‘Éilís Ní Bhrádaigh for her diligence and accuracy in preparing word-lists, cross-checking and proof-reading’). Tá a hainm i liosta de cheithre dhuine dhéag a bhí ar fhoireann Foclóir Gaeilge-Béarla (1977) arbh é Niall Ó Dónaill an t-eagarthóir. Chuir sí aithne mhaith ansin ar Phádraig Ua Maoileoin, Seosamh Ó Dálaigh, Annraoi Ó Liatháin, Séamus Ó Dúgáin agus ar scata de dhaoine a bhí níos óige ná í féin. Chaith sí an tréimhse ó 1986 go 1995 faoi de Bhaldraithe arís agus bunobair Fhoclóir Nua-GhaeilgeAcadamh Ríoga na hÉireann á déanamh ag scata scoláirí ann.

Bhí cuid mhór faoi chluichí sráide Bhaile Átha Cliath foghlamtha aici i gCabrach agus in 1975 d’fhoilsigh Comhairle Bhéaloideas Éireann leabhar léi faoin ábhar sin: All in! all in!: A selection of Dublin children’s traditional street-games with rhymes and music. Chuir an craoltóir John Quinn agallamh uirthi don chlár raidió ‘The Open Mind’ agus chuir pobal na hÉireann spéis mhór sa chur síos a rinne sí ansiúd ar na cluichí sin. Bhí fúithi leabhar ar chaint agus ar fhocail chathair Bhaile Átha Cliath a scríobh arbh é A manner of speaking a theideal. Bhronn sí a raibh bailithe aici ar Lárionad Uí Dhuilearga do Bhéaloideas na hÉireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhí tamall fada caite aici ina cisteoir ar Chumann Merriman agus ina ball den Old Dublin Society. D’éag sí ar 17 Bealtaine 2007. Bhí cuntas ar chúrsa a saoil i gcló in The Irish Times 2 Meitheamh 2007, go gairid tar éis a báis.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú