Bhí an scéalaí seo ar dhuine de mhná cabhartha an Bhlascaoid. Tá a beathaisnéis scríofa ag a cara Leslie Matson, Méiní: the Blasket Nurse, 1996. Scríobh Micheál Ó Gaoithín scéal a beatha uaithi thar ceann Choimisiún an Bhéaloideasa. Ba iad Seán ‘Jacko’ Ó Sé agus Máire Chéitinn a tuismitheoirí agus is in Chicopee in aice le Springfield, Massachusetts, a rugadh í. Deir Matson gur sa bhliain 1876 is dóichí a baisteadh í, ar 27 Aibreán. Ní raibh de chlann eile ag an lánúin ach iníon arbh i gceantar Dhún Chaoin a rugadh í in 1873. Ba ghairid go bhfuair an t-athair bás. Chuaigh tuismitheoirí Mháire, Seán Céitinn, fíodóir, agus Máire (‘Méireas’) Emperor, anonn chun cabhrú le Máire. Nuair a d’ordaigh dochtúir do Sheán Céitinn filleadh ar a fhód dúchais cuireadh Méiní ar ais abhaile go Dún Chaoin leis an seanlánúin. D’fhill Máire féin abhaile gairid ina dhiaidh sin. Is inspéise nach raibh cead ag Méiní Gaeilge a labhairt sa teach.

Bhí sí ar scoil Dhún Chaoin mar a raibh Seán Ó Dálaigh mar mháistir. Tógadh amach as scoil í nuair a bhí sí deich mbliana d’aois. Bhí uirthi a bheith ag obair go crua sa bhaile. Nuair a bhí sí tuairim 15 d’imigh sí ar imirce agus chaith trí bliana in Hartford lena haint, í ag obair i monarcha chadáis ar feadh 56 uair an chloig sa tseachtain. Nuair a d’fhill sí abhaile phós sí Seán Eoghain Ó Duinnshléibhe ón mBlascaod 25 Aibreán 1896 gan fhios dá máthair. Baintreach ba ea é a bhí tuairim 13 bliana níos sine ná í agus bhí beirt mhac aige. Faightear léargas ar an sórt caidrimh a bhí eatarthu in Allagar na hInise le Tomás Ó Criomhthain. Rugadh buachaill dóibh in 1897 agus cailín i 1903 ach chaill sí leanaí idir dhá linn.

Cara mór léi san oileán ba ea Máire bean Mhicil Uí Shúilleabháin, ar dheirfiúr í le Tomás Ó Criomhthain agus a raibh tamall caite aici i Meiriceá. Béarla a labhraíodh siad le chéile go minic agus is ar an gcuma sin a choimeád Méiní greim ar a heolas ar an teanga. Ach is ó Mháire freisin a d’fhoghlaim sí go leor dá scéalta. Bhíodh scéalta le cloisteáil aici ó bhacaigh le linn a hóige i nDún Chaoin. Scríobh Ó Gaoithín 130 scéal síos uaithi. Rinne Robin Flower ábhar a thaifeadadh uaithi agus bhíodh an bailitheoir Seosamh Ó Dálaigh ag dul chuici i ndeireadh a saoil.

Fiagaí agus iascaire ba ea Seán Eoghain. Ag pointe amháin bhí pórtar á dhíol ag an lánúin. Sagart Sasanach a bhí ar cuairt, ghearáin sé an mhígheanmnaíocht a shíl sé a bhí ar siúl agus an bhaint a bhí ag an ól leis. Thug sin ar an sagart paróiste seanmóir a thabhairt istigh san oileán agus d’éirigh an lánúin as an ngnó díolta pórtair. Ó chomharsa a d’fhoghlaim Méiní ceird na mná cabhartha agus thugadh sí lámh chúnta do cibé dochtúir a thagadh. Lean sí den cheird ar an mórthír ar feadh bliana nó dhó tar éis di an t-oileán a fhágáil. Dhéanadh sí banaltracht agus ba í a chóirigh coirp Eibhlín Nic Niocaill agus Dhónaill Uí Chriomhthain nuair a bádh iad 13 Lúnasa 1909.

Seo é an cur síos a rinne Flower ar Sheán Eoghain Ó Duinnshléibhe in The Western Island, 1944: ‘This is the house of Seán Eoghain, one of the Dunlevys, a magnificient figure of an old man like one of the heroes of Irish story. He stands still, tall and vigorous, though he is an old age pensioner, and works all day long in the field with unremitting energy. A great nose juts like a rock out of his furrowed face, between one open and one drooping eye, above a big mouth out of which, when he speaks, there comes a tremendous roar of sound that almost deafens the hearer. This voice Tomás is accustomed to call “barrabua na Féinne”. . . . As I come in he is sitting by the fire, his son’s child on his knee, that mighty organ of speech muted to the timbre of a lullaby as he soothes the little creature to sleep’. Seán an Ghrinn a thugann an Criomhthaineach air go minic in Allagar na hInise agus is léir go mbaineadh sé ardtaitneamh as a chuideachta: ‘Thug Seán an Ghrinn tamall maith den lá seo istigh i mo thigh féin i mo theannta agus níorbh fhada liom an fhaid sin mar níl aon tsiolla a ligfeadh sé amach as a bhéal ná gur ciorrú ar an aimsir duit é pé acu buairt nó a mhalairt atá ag baint leat’ (an dara heagrán, 1977 in eagar ag Pádraig Ua Maoileoin). D’éag Seán 4 Márta 1932 agus d’fhág Méiní an t-oileán sé mhí ina dhiadh sin, tar éis di 36 bliana a chaitheamh ann, agus chuaigh chun cónaithe arís i nDún Chaoin. Dhéanadh sí cúram de chlann páistí múinteora ar feadh tamaill. Fuair sí pinsean na mbaintreach nuair a tosaíodh ar é a íoc i 1936. Thagadh a hiníon Máire ar cuairt ó Mheiriceá agus théadh a mac in aontíos léi anois agus arís go dtí go bhfuair sé bás i 1963. D’éag Méiní 23 Aibreán 1967.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú