‘Ba mhíorúilt é Dónall Mac Amhlaigh. Meabhraítear, mar shampla, go mbíodh sé i mbun na sluaiste i rith an lae agus an phinn san oíche ach, d’ainneoin sin is uile, go mba bhisiúla go mór é ná go leor scríbhneoirí lánaimseartha’ (an tEagarfhocal, Comhar, Márta 1989). Tá ardmheas ar a shaothar liteartha ach síltear freisin tábhacht a bheith leis mar thaifead ar shaol an Éireannaigh i Sasana; is sa chomhthéacs sin a phléann Seán Ó Cearnaigh a chuid leabhar in Comhar, Nollaig 1987 (‘Údar ar Imirce’). San Ospidéal Láir, Gaillimh, a rugadh é (Daniel Peter McCawley) 10 Nollaig 1926. B’as Cnoc na Cathrach, Gaillimh, dá mháthair Mary Condon; bhí Pádraic Ó Conaire mór lena muintir (Nollaig Ó Gadhra in Connacht Tribune 3 Feabhra 1989). ‘James McCawley, Free State soldier’ an cur síos atá ar a athair sa taifead beireatais agus is é Cnoc na Cathrach, Gaillimh, a sheoladh. Dar le Seán Hutton in DIB, throid an t-athair i gCogadh 1914–18 agus ba bhall é d’Arm na Poblachta sa Chlár roimh dhó dul isteach in Arm na hÉireann. Dúirt Dónall le Risteárd Ó Glaisne (Inniu 14 Bealtaine 1971): ‘B’as Luimneach m’athair, b’as Gort na hUamha a athair sin, agus bhí mo shin-sheanathair ag múineadh scoile (cois claí!) i gContae Thiobraid Árann—rud nach bhfuair mé amach gur thosaigh fear uasal i Londain ag scríobh stair na Mic Amhlaigh cúpla bliain ó shin agus gur thosaigh mé ag cur tuairisce mo shinsear féin. Bhí Laidin agus Gaeilge ag mo shin-sheanathair, ach ní raibh ag mo sheanathair. . . . Cundúnaigh Thiobraid Árann a d’aistrigh go Gaillimh a bhí i muintir mo mháthar.’

Dar le cuntas Hutton ba i Scoil Naomh Uinsionn de Pól, Sráid Anraí, Luimneach, a bhí Dónall ar scoil ar dtús agus ba mhúinteoir ansiúd (Miss Hanrahan) ba thúisce agus ba mhó a spreag a spéis sa Ghaeilge. Ina dhiaidh sin d'fhreastail sé ar Scoil Fhursa, Gaillimh. Dúirt sé leis an nGlaisneach freisin go raibh Gaeilge á labhairt le linn a óige i ngach teach i gCnoc na Cathrach ag na daoine a bhí os cionn an dá scór agus go mbíodh na comharsana lánsásta í a labhairt leis féin. Aistríodh an t-athair go beairic James Stephens i gCill Chainnigh i dtús na hÉigeandála nuair a bhí Dónall tuairim 13 bliain d’aois agus bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí ann. In aois 15 bliana dó bhí sé ag obair i Muilte Olla Chill Chainnigh; bhí baint aige leis an Réalt agus le Conradh na Gaeilge sa chathair. Chaith sé tamall ar ais i gCnoc na Cathrach ag obair ar fheirm a uncail agus tamaill ag obair i dtithe ósta i nGaillimh sular liostáil sé sa Chéad Chath ar an Rinn Mhór.

Nuair a d’fhág sé an t-arm tar éis trí bliana níor éirigh leis post a fháil agus chuaigh sé go Northampton i Sasana in 1951. Bhí post aige ansin mar ghiolla ospidéil agus cónaí air san ospidéal. Is timpeall an ama sin a thosaigh sé ag scríobh scéalta a bhí bunaithe ar ghnáthchúrsaí a shaoil. Sa tionscal tógála agus mar náibhí a bhí sé fostaithe ina dhiaidh sin. Deirtear gur oibrigh sé ar gach príomhláthair tógála i meánoirthear na Breataine. B’fhearr leis a bheith ag obair amuigh faoin aer. ‘Ó Mhilton Keynes go Coventry, ón M.1 go dtí an M.6, Patrick Mac Gill comhaimseartha ab ea é agus taifead á dhéanamh aige ar anró, ar chrá agus ar lúcháir a chomhleacaithe’, a dúirt Peadar Ó Maolagáin, rúnaí an Northampton Connolly Association, faoi in Comhar, Márta 1989 (‘Dónall Peadar Mac Amhlaigh R.I.P.’). Sóisialach agus ball de Chumann Uí Chonghaile ba ea é agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann Cearta Sibhialta Thuaisceart Éireann in Northampton. Mhúineadh sé Gaeilge go deonach sa Lárionad Dífhostaíochta sa chathair sin.

An tAthair Eric Mac Fhinn a d’fhoilsigh a chéad iarrachtaí in Ar Aghaidh. ‘Bhíos tosaithe ag scríobh píosaí beaga Gaeilge, píosaí nach raibh mórán slacht orthu go deimhin agus nach bhfoilseófaí in aon chor, seans, murach gurbh fhonn leis an Athair Eric seans a thabhairt dom’ leithéid nach raibh fearrasbarr oideachais orthu ach a bhí meáite ar rudaí a bhreacadh ar phár’ (Feasta, Lúnasa 1987). Ar feadh tríocha bliain choinnigh sé dialann. Foilsíodh Dialann deoraí (1960); sa réamhrá deir Niall Ó Dónaill: ‘Tá buanna bunaidh an scríbhneora go tréan ag Mac Amhlaigh. Tig sé go nádúrtha leis scéal a insint, tréithe daoine a nochtadh as a gcuid cainte, taispeáint a thabhairt ar an tsaol atá timpeall air, agus spéis a mhúscailt sna nithe a thiteas amach ó lá go lá. Tig leat dearmad a dhéanamh dá chuid ealaíne.’ San aiste ‘Úrscéalta agus faisnéisí beatha na Gaeilge: na buaicphointí’ (Scríobh 5, 1981) tá an tagairt seo ag Seán Ó Tuama: ‘Is leabhar chomh hionraic ina cháilíocht féin Dialann deoraí, abair, le leabhair na mBlascaodaí. Sa tuairisc seo ag Domhnall Mac Amhlaigh ar a shaol i measc navvies Chonamara, éiríonn leis an údar eachtraí agus comhráití ar láithreacha tógála i Sasana a chur ina mbeatha dúinn go slán ceardúil’; deir an t-údar céanna in Repossessions. . . (1995): ‘Dialann deoraí. . . is as authentic a book in its own right as is An tOileánach. . . . The author’s writing skills are such that scenes and dialogue on English building sites come marvellously alive.’ Cur síos ar a thréimhse san arm is ea Saol saighdiúra (1962). Úrscéalta leis is ea Diarmaid Ó Dónaill (1965), Schnitzer Ó Sé (1974), agus Deoraithe (1986). In An tÚrscéal Gaeilge (1991) deir Alan Titley faoi Schnitzer Ó Sé: ‘Saol liteartha pearsana poiblí agus bréige na héigse is ea a phollann sé go hálainn i gcruth is go bhfuil sé chomh hoiriúnach mar chlabhsúr ar thréimhse áirithe is a bhí An béal bocht roimhe nach mór’. Is é a deir an t-údar céanna faoi Deoraithe: ‘Bhraithfeá gur nótaí scríbhneora iad lomchuntas Dialann deoraí agus pictiúir bheaga scéalaíochta Sweeney agus Beoir bhaile chun críche an mhórshaothair seo Deoraithe a dteipeann orm cuimhneamh ar aon leabhar eile i nGaeilge ná i mBéarla a dhéanann cur síos chomh hiomlán, chomh fírinneach agus chomh foirfe sin ar shaol na nÉireannach i Sasana sna caogaidí. Is cuid de theip na hÉireann ar na himircigh, leis, é an tslí nár dineadh ach aon léirmheas tathagach amháin [Máirín Nic Eoin in Comhar, Iúil 1986] ar an leabhar seo laistigh de thrí bliana ó foilsíodh é, agus is “scáthán réadach” an méid sin féin ar ár bhfaillí sna Gaeil thar sáile chomh maith lenár neamhaird ar an litríocht.’ Cnuasaigh de ghearrscéalta is ea Sweeney agus scéalta eile (1970) agus Beoir bhaile agus scéalta eile (1981). Leabhair do dhéagóirí is ea An tÓrchiste mallaithe agus An diaphéist (c.1966/7). D’aistrigh Valentine Iremonger Dialann deoraí faoin teideal An Irish navvy (1964). Chuir Tadhg Ó Dúshláine leagan Béarla de Schnitzer Ó Sé ar fáil, Schnitzer O’Shea (1985). Bhí colún aige in Feasta 1985-87, an colún ‘Litir Shasana’ in Amárach, agus aistí in Inniu, Irish Times, Irish Press, Anois, Irish Post. . . .

B’as an Léana Riabhach, Na Creaga, Co. na Gaillimhe, dá bhanchéile Bríd agus bhí mac agus iníon acu; deirtear in Inniu 14 Bealtaine 1971 go raibh gaol gairid ag Bríd leis an seanchaí Tomás Ó Lócháin. Bhí an fógra seo in Scéala Éireann 30 Meán Fómhair 1958: ‘Phós Domhnall, an mac is sine le Máire agus Séamus Mac Amhalghaidh, Cill Chainnigh, agus Bríd, iníon le Aonraí agus Máire Uí Nuanáin, Na Creaga, Co. na Gaillimhe ar 29 Meán Fómhair i Ráth Fearnáin’. Dar le cuntas Hutton, d'fhág muintir a bhanchéile Béal na mBuillí, Co. Ros Comáin, chun cur fúthu i Sasana. Thagadh sé go hÉirinn minic go maith i rith a shaoil. Bhí fonn air gan amhras cur faoi sa bhaile; in ‘Tairseacha sciúrtha agus cac sa mbuicéad’ (Comhar, Márta 1989) scríobh sé: ‘Agus an bungaló beag dhá-sheomra codlata a cheannaigh mé anseo ar imeall an bhaile [Northampton] ar £36,000 is fiú a dhúbailt sin inniu é go réidh—rud a fhágann go bhféadfainn é a dhíol agus filleadh ar mo thír féin amárach dá mbeadh mo chéile sásta cur fúithi in Éirinn, rud nach bhfuil in aon chor.’ ‘Léana Riabhach’ an t-ainm a bhaist sí ar an mbungaló. D’éag sé 27 Eanáir 1989; bhí sé ar a bhealach go Londain chun sraith léachtaí a thabhairt nuair a tháinig tinneas a bháis air. Tá sé curtha i reilig Kingsthorpe in Northampton. Bhí a bheatha agus a shaothar mar ábhar ag Scoil Gheimhridh Chumann Merriman in Inis, Co. an Chláir, in 1990. Bhí a dhialanna á gcur in eagar ag Proinsias Mac Aonghusa, saothar a raibh baint ag Tomás de Bhaldraithe leis freisin. Dar le Peadar Bairéad (Kilkenny People 3 Feabhra 1989) go raibh an dara leabhar faoina shaol san arm á scríobh aige agus an chéad dréacht feicthe cheana féin ag an bhfoilsitheoir.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú