In Comhar 1948-55 tá ailt agus léirmheasanna mar aon le haistriúcháin ar dhánta Rainer Maria Rilke i gcló aige. San iris sin, faoin ainm pinn ‘An Strainséir’, scríobhadh sé an colún ‘An Chaint sa tSráidbhaile’ sula ndeachaigh Breandán Ó hEithir ina bhun (Breandán Ó hEithir: Iomramh Aonair, 2000 le Liam Mac Con Iomaire). Tá buneolas air in Who’s Who, What’s What and Where, 1973; tá cuntas air: ag Robert Hogan in Dictionary of Irish Literature, 1996; ag Seán Ó Cearnaigh in Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995, 1995. I nDumhach Thrá, Baile Átha Cliath, a rugadh an mac seo le John Iremonger agus Annie Murphy ar 14 Feabhra 1918. Bhí sé ar scoil ag na Bráithre Críostaí i Sráid Synge agus i gColáiste Mhuire, mar a raibh sé ina mhonatóir (‘pupil/teacher’ in Who’s Who…). Chaith sé tamall ag aisteoireacht in Amharclann na Mainistreach (1939-40) agus in Amharclann an Gheata (1942-44). Tarraingíodh aird na hÉireann air féin agus ar Roger McHugh i 1947 nuair a sheas an bheirt acu oíche i lár léirithe de The Plough and the Stars in Amharclann na Mainistreach agus gur lochtaigh siad an amharclann i ngeall ar chaighdeán íseal na léiriúchán.

I 1946 fuair sé post sa Roinn Gnóthaí Eachtracha. In Súil Tharam: Aistí Aimsir Éigeandála, 2001 deir Proinsias Mac Aonghusa gur shínigh sé achainí go scaoilfí Ezra Pound saor: ‘Nuair a hathraíodh an rialtas sa bhliain 1951 agus go raibh Fianna Fáil ar ais arís, dúirt Ambasadóir Mheiriceá le haire rialtais áirithe gur cumannach a bhí in Val agus nár cheart a leithéid a bheith sa Roinn Gnóthaí Eachtracha. Aistríodh é agus tugadh obair mhaslach go leor dó san Roinn Leasa Shóisialaigh. Bhí sé ansin go dtí 1954 nuair a tháinig John A. Costello ar ais arís agus gur tugadh ar ais é go dtí Gnóthaí Eachtracha.’ Bhí sé i Londain mar chéad rúnaí 1956-59 agus mar chonsailéir 1959-61, ina Ambasadóir sa tSualainn, san Iorua, sa bhFionlainn 1964-68, san India ar feadh tamaill ina dhiaidh sin agus i Lucsamburg 1973-79 agus sa Phortaingéil gur éirigh sé as obair i 1980. Bhuaigh sé an AE Memorial Prize ar bhailiúchán lámhscríofa dá dhánta i 1945. Scríobh sé drámaí, ar ceann díobh Wrap up my Green Jacket, 1948. Bhí sé ina eagarthóir filíochta ag an iris Envoy 1949-51. Is ann a foilsíodh a chéad bhailiúchán filíochta, Reservations, 1950. I gcomhpháirt le Robert Greacen chuir sé eagar ar Contemporary Irish Poetry, 1949 agus chuir eagar ar Irish Short Stories, 1960. D’fhoilsigh sé na bailiúcháin: Horan’s Field and other Reservations, 1972 agus Sandymount, 1988. D’aistrigh sé Rothaí Mór an tSaoil le Micí Mac Gabhann faoin teideal The Hard Road to the Klondyke, 1962 agus Dialann Deoraí le Dónall Mac Amhlaigh mar An Irish Navvy, 1964. Chuir sé Gaeilge ar Das Marien Leben le Rainer Maria Rilke faoin teideal Beatha Mhuire, 1990. Ba é a scríobh an t-alt sa Leader ar an bhfile Patrick Kavanagh, an píosa scríbhneoireachta a chuir tús leis an triail chlúmhillte fhada cháiliúil i 1952 (Súil Tharam). D’éag sé ar 22 Bealtaine 1991. Bhí sé pósta ar Shíle Manning ó Chiarraí agus bhí cúigear leanaí acu.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú