Is dóigh gurbh é seo an gramadóir is mó a chuir comaoin ar scríbhneoirí is ar mhúinteoirí na Gaeilge ó 1960 amach. Tá cuntas ar a bheatha agus a shaothar ag an mBráthair Proinsias S. Ó Catháin in Gníomhartha na mBráithre: aistí comórtha ar Ghaelachas na mBráithre Críostaí, 1996 in eagar ag Micheál Ó Cearúil. I dTaobh na hAbhann i gCathair Dhoire a rugadh é 11 Eanáir 1910; bhí gnó grósaera agus tábhairne ag a mhuintir ann. B’as ceantar Ghartáin i nDún na nGall dá athair Feardorcha agus dá mháthair Elizabeth Logue. Bhí deartháir agus ceathrar deirfiúracha aige. Bhí sé ar scoil i dTaobh na hAbhann ar dtús agus ansin i mBun an Phobail, Dún na nGall, nuair ab éigean don teaghlach aistriú ann i rith na dTrioblóidí. Ansin chuaigh sé go Scoil na mBráithre (an scoil cháiliúil a dtugtaí ‘The Brow of the Hill’ uirthi). Fuair sé céad faoin gcéad sa Ghaeilge sa Mheánteistiméireacht agus dúradh in Derry Journal 25 Meán Fómhair 1925: ‘As well as winning a first class Exhibition, value £30, in the recent Intermediate examination, Master William O’Hanlon (15), the son of Mr Fred O’Hanlon, Wine and Spirit Merchant, Foyle Street, Derry . . . is in the unique position of having gained 100 per cent in Irish, an honour never previously attained by any pupil’ (i gcló ag Ó Catháin). Is cosúil gur Gaeilge a labhraíodh sé i gcónaí lena athair.

Bhí a aigne socair aige ar bheith ina Bhráthair Críostaí agus glacadh leis i gColáiste Iósaif, Baile Dúill, i 1925 agus is ann a chríochnaigh sé a chúrsa meánscolaíochta roimh dhul dó go Coláiste Mhuire, Marino, mar ar chaith sé dhá bhliain mar ábhar múinteora. Ghlac sé le ‘Ambrós’ mar ainm crábhaidh. Chaith sé roinnt blianta ag teagasc sa Mhainistir Thuaidh, Corcaigh. Bhain sé B.Sc. amach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, i 1936, BA an bhliain dár gcionn, H.Dip. in Ed. i 1939 agus M.Sc. i 1942. Ní raibh an Ghaeilge riamh i measc na n-ábhar aige san ollscoil. Bhí sé ag múineadh ar feadh bliana i mBaile Dúill agus ó 1938 go 1944 ar fhoireann an Choláiste Oiliúna i Marino. Bhí sé ina ardmháistir ar Scoil na mBráithre i nDurlas anuas go 1951 nuair a ceapadh é mar chomhairleoir don Phroibhinseach. I 1954 toghadh é féin ina Phroibhinseach. B’fhéidir nár réitigh an post sin leis; is i ngeall ar fhadhbanna sláinte a d’éirigh sé as i 1956. Timpeall an ama sin, agus cónaí air i gCaisleán Droimeanaí, Baile Átha Cliath, d’iarr an Proibhinseach air Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí a scríobh; bhí spéis mhór aige sa chaighdeánú ar bhí ar siúl le tamall anuas agus teagmhálacha aige le Tomás Page, Séamas Daltún agus Tomás de Bhaldraithe. Thóg sé dhá bhliain air an saothar a thabhairt chun críche i 1960. Gan amhras ní raibh ainm údair san eagrán sin. Sa réamhrá mínítear go bhfuil an saothar bunaithe cuid mhaith ar Gramadach na Gaeilge; An Caighdeán Oifigiúil ach deirtear freisin: ‘An chuid sin den chomhréir atá taobh amuigh de chúram an leabhair sin tá sí bunaithe ar litríocht na Nua-Ghaeilge, agus go háirithe ar scríbhinní Pheadair Uí Laoghaire, Shéamuis Uí Ghrianna agus Mháirtín Uí Chadhain ’. In Gníomhartha na mBráithre (‘Gramadach na Gaeilge agus na Bráithre Críostaí’)molann Dónall P. Ó Baoill saothar gramadaí Ghearóid Uí Nualláin agus Chormaic Uí Chadhlaigh ach deir sé: ‘Is iontach an ní é gur ar na Bráithre a thit sé an ghramadach is cuimsithí dá bhfuil againn a chur le chéile ainneoin a bhfuil d’ollúna agus de lucht léinn ag plé leis an teanga le céad bliain anuas.’ Is cóir a rá go measann Ó Baoill, áfach, nach bhfuil i saothar Uí Anluain an cur síos cuimsitheach sin ar ghnéithe den teanga ba cheart a bheith in aon ghraiméar uileghabhálach Gaeilge. Scríobh Tomás Ó Floinn in Comhar, Nollaig 1960: ‘Ní thig liom dóthain mholta a dhéanamh ar an leabhar seo; ar an údar léannta a chuir le chéile é, ar a iomláine, a mhine, a chruinneas. Mar fhocal scoir luafaidh mé ní ab féidir ná tabharfaí faoi deara—an chomaoin atá curtha ar lucht na Gaeilge (agus ar an náisiún uilig) ag na Bráithre Críostaí a chuir leabhar chomh mór tábhachtach sin ar fáil ar bheagán costais don phobal. Cén dream eile, cén institiúid eile, a dhéanfadh é? Nílid ann.’ ‘Céad-eagarthóir 'Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí’ an cur síos atá ar an údar in eagrán 1999 agus deirtear sa réamhrá: ‘Tharla Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill ar an bhfód le tamall agus gan é féin agus Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí ag réiteach le chéile ar chorrphointe ba mhaith an deis é an t-eagrán úr seo le soiléiriú nó iomlánú a dhéanamh ar phointí áirithe, nó iad a shimpliú, i bhfianaise fhás na teanga agus ghnás na n-údar.’ Thug Niall Ó Dónaill cúnamh dó chun an t-eagrán nua sin a réiteach. Fiafraíonn Ó Catháin cá bhfuair Ó hAnluain an t-eolas go léir a bhí aige ar an nGaeilge agus tugann d’fhreagra gur ó na Bráithre ar scoil a fuair sé é agus i gColáiste Mhuire, Marino, óna bheith ar saoire sa Ghaeltacht i seacht gcinn de chontaetha agus ó sheanchainteoirí i agus i dTír Eoghain; bhí spéis ar leith aige i nGaeilge an Chabháin agus Mhuineacháin.

I 1960 toghadh é ina Ard-Rúnaí ar na Bráithre. Sa Róimh a chaithfeadh sé an chuid is mó dá raibh fágtha dá shaol i mbun dualgais an phoist sin. Nuair a tháinig deireadh lena thréimhse mar Ard-Rúnaí i 1972 ceapadh é ina eagarthóir ar The Educational Record, bliainiris na mBráithre, rud a d’fhág gurbh éigean dó fanacht sa Róimh. Níor fhill sé ar Éirinn go dtí 1986. Bhí galar Ménière air agus chaith sé na blianta deiridh i dteach banaltrais na mBráithre i mBaile Dúill. D’éag sé 16 Aibreán 1992.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú