I mBaile Átha Cliath a rugadh é ar 18 Eanáir 1938. Duine é de mhórchriticeoirí nualitríocht na Gaeilge. B’é an tríú mac de cheathrar é ag lánúin ó Uíbh Fhailí, William Hanlon (siúinéir a d'oibrigh mar asfaltóir sa chathair agus ar fud na tíre) agus a bhean Mary (née Kelly). Fuair sé bunscolaíocht i gClochar an Chreidimh Naofa, Sráid Dominic, Baile Átha Cliath, agus ansin trí mheán na Gaeilge i gColáiste Mhuire, Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath. Sa chearnóg sin a bhí cónaí ar an teaghlach go dtí gur aistrigh siad go Droichead na Dothra, Baile Átha Cliath, agus Eoghan 16 bliana d’aois. Mar iománaí is mó a bhí cáil air i measc a chomhscoláirí, é ina bhall d’fhoireann iománaíochta Eoghan Rua ó 1949 ar aghaidh. In ‘Sé horlaí os a chionn!’ in The Gaelic Athletic Association in Dublin 1884-2000 (2005), in eagar ag William Nolan, tá tuairisc spéisiúil ag Eoghan ar a óige i gceantar Chearnóg Parnell agus ar an saol i gcoitinne ann an tráth sin. Tuairiscíonn sé ann gur roghnaíodh é in Earrach 1955 ar fhoireann iomána Choláistí Laighean. Agus iad ag imirt i gcoinne na Mumhan, ba é Jimmy Doyle a bhí á fhaire aige. Bheadh imreoir sin Thiobraid Árann ar dhuine de mhórghaiscígh na hiomána ar ball. Bhí Eoghan ar fhoireann mhionúr Co. Bhaile Átha Cliath in 1955 agus in 1956. Is mar seo a chuir sé bailchríoch ar chuid na hiomána den alt sin in The Gaelic Athletic Association in Dublin:

Laethanta taitneamhacha, laethanta na hóige. Cárbh iontas an bhliain ina dhiaidh sin agus mé ag déanamh na hArdteistiméireachta, agus “cumadóireacht filíochta” mar chuid roghnach den pháipéar Gaeilge, gur scríobhas: “Ní fhacas riamh radharc ba ghile / Ná ceathrar óigfhear ag bualadh sliotair / A chamán féin i láimh gach duine / Fuaim a ngleo an ceol ba bhinne”.

Seans gur ghníomhréim iomána a bheadh roimhe amach murach gurbh éigean dó ar ball dul i muinín spéaclaí a chaitheamh.

Bhain sé céim amach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, mar a raibh sé ina reachtaire ar an gCumann Gaelach agus ina bhall gníomhach den Chomhchaidreamh. D’aithin Tomás de Bhaldraithe an mianach a bhí ann agus sheol i dtreo Chois Fharraige é le barr feabhais a chur ar a chuid Gaeilge. Rinne sé an tArd-Teastas san Oideachas agus ina dhiaidh sin tráchtas MA ar an bhfile Seon Ó hUaithnín a rugadh i Co. an Chláir tuairim 1688. Chaith Eoghan bliain ina mhúinteoir meánscoile in Eochaill, Co. Chorcaí, agus roinnt blianta i Scoil na mBráithre Críostaí, Sráid Synge, Baile Átha Cliath, nó gur thosaigh i lár na 1960idí ina léachtóir i Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath. Sa tréimhse seo a thosaigh a shaothar oibre le RTÉ, a leanfadh tamall maith dá shaol, é ina chomhairleoir, ina scríbhneoir scripte agus ina aoi ar shraitheanna teilifíse agus raidió, leithéidí Buntús cainte, Teilifís scoile, Duitse na húdair agus Féach, chomh maith le cláir liteartha agus faisnéise eile.

Ó 1966 go dtí 1970 bhí sé ina eagarthóir ar Comhar, áit ar fhoilsigh sé luathdhánta fhilí Innti. Ba é a mhol dóibh a n-iris féin a chur ar bun. Agus é ag dul i mbun na heagarthóireachta sin séard a rinne sé ná gach eagrán den iris siar go 1942 a léamh. Mhaígh Seán Ó Mórdha ag an aifreann éagnairce: ‘Ní féidir gan Eoghan a lua agus seachtó bliain Comhar á chomóradh i mbliana; ba é Eoghan Ó hAnluain an t-eagarthóir ab fhearr ar fad ag an iris.’ Ba é a thuairim freisin ná gurbh iad Denis Donoghue [1928–], John Jordan [1930–88] agus Eoghan an triúr den aos critice ab fhearr dár chothaigh Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath sna caoga bliain sin ó 1960idí na haoise seo caite amach. Ar an taitneamh a thug an fear cathrach seo do dhúichí glasa na hÉireann agus ar a fheabhas a bhí sé mar léitheoir dánta Gaeilge agus Béarla ag scoileanna samhraidh agus geimhridh Chumann Merriman, agus sin de bharr a shárthuisceana don fhilíocht agus don ghreann, a labhair Diarmuid Breathnach ag an aifreann sin. I gcomhrá le Liam Ó Muirthile in 1985 in ‘Agallamh na bhFilí,’ sraith raidió ag RTÉ, dúirt Eoghan gur fhéach sé ar an léamh filíochta ag Scoil Gheimhridh Merriman san Aonach in 1968 mar thús leis an mborradh nua san fhilíocht Ghaeilge mar gurbh é a thug misneach do scríbhneoirí óga na haimsire sin. Chuir an léamh sin, dar leis, chomh maith leis na léamha filíochta ag Éigse Pheadair Uí Dhoirnín i nDún Dealgan in 1970 agus ag Éigse Chorca Dhuibhne in 1971, tús le borradh nua san fhilíocht Ghaeilge. Bhí Eoghan ina chathaoirleach ar gach ceann de na hócáidí filíochta sin. Ba é a bhí taobh thiar d’fhoilsiú Faoistin bhacach le Pearse Hutchinson in 1968. An bhliain dár gcionn a thosaigh sé ag léachtóireacht i Roinn na Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, mar ar fhan sé go ndeachaigh sé ar scor in 2003. In 1973 is faoi a fágadh an chaibidil bhreise sin, ‘The Twentieth Century Prose and Verse’, a chur le leabhar Aodh de Blacam, Gaelic literature surveyed (1929). Bhí cáil ar bheocht agus ar leithne a chuid léachtaí – níor leasc leis tagairt don litríocht, don fhilíocht agus do chriticeoirí comhaimseartha idirnáisunta chomh maith le véarsa de dhán nó d’amhrán i nGaeilge nó i mBéarla a shníomh tríothu. In Comhar, Márta 2012, scríobhann eagarthóir na hirise, Ian Ó Caoimh:

Nuair a chuaigh Eoghan ar scor ón Roinn, scríobhadh i dtuarascáil Uachtarán an Choláiste don tréimhse 2002–2003: “Bhí cion as an gcoitiantacht ag na mic léinn riamh air de bharr na séimhe agus na cneastachta a thaispeánadh sé dóibh ina chuid teagaisc agus le linn iad a chur faoi scrúdú.”

Bhí dlúthbhaint aige ón tús le Cumann Merriman, a bunaíodh in 1967, é ina bhall dá choiste ó 1968 amach, ina rúnaí acu go luath agus ina chathaoirleach ar an gcumann ó1992 go 1997. Ba mhór a shuim in ‘Cúirt an Mheánoíche’ agus is insuime gurbh é a bhí i bpáirt an fhile sa diosca Cúirt an Mheon Oíche a d’fhoilsigh RTÉ Raidió na Gaeltachta nuair a bhí dhá chéad bliain an fhile á chomóradh i 2005. Stiúir sé Scoileanna Samhraidh chomh maith le ceithre cinn is fiche de Scoileanna Geimhridh an Chumainn. Bhíodh an-fhreastal ar a ranganna Gaeilge, ‘Renew Your Irish,’ i rith Scoileanna Samhraidh Merrriman. Chuir sé eagar ar sé cinn de ‘Leabhair na Bliana’ an Chumainn a d’fhoilsigh An Clóchomhar: An díthreabhach agus scéalta eile as Comhar (1977), An duine is dual: aistí ar Sheán Ó Ríordáin (1980), Léachtaí Uí Chadhain (1989) a raibh baint aige lena n-eagrú i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Leath na spéire (1992), Ón ulán ramhar siar (2003) agus Máirtín Ó Direáin - na dánta (2010). Leabhar bliana eile arbh é a mhol go bhfoilseofaí é is ea Ding agus scéalta eile (1983) le Seán Mac Mathúna. Ar na leabhair eile le hEoghan a d’fhoilsigh an Clóchomhar tá Seon Ó hUaithnín (1973) agus Máirtín Ó Direáin: dánta 1939-79 (1980). I measc a scríbhinní Béarla tá: ‘The Twentieth Century Prose and Verse,’ ar caibidil breise í sa dara heagrán (1973) de Gaelic Literature Surveyed, le hAodh de Blácam, agus ‘Irish Writing: Prose Fiction and Poetry 1880-1988’ sa Field Day anthology of Irish writing (1989). Ba liosta le lua na hailt ar litríocht na Gaeilge a bhí i gcló aige in irisí, i leabhair agus i bhféilscríbhinní, go háirithe in Comhar, Scríobh, The Irish Times, Ireland of The Welcomes agus Canadian Journal of Irish Studies. Faoi chomaoin aige bhí eagrais agus institiúidí mar Chumann Merriman, Coláiste na Tríonóide, Coláistí na hOllscoile, Corcaigh agus Gaillimh, Gael-Linn, RTÉ, Oireachtas na Gaeilge, Leabharlanna Poiblí Bhaile Átha Cliath agus iliomad foilsitheoirí leabhar agus irisí Gaeilge. Bhí sé pósta ar Bhernie Ní Chathasaigh a casadh air sa Chumann Gaelach, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Bhí Eoghan sa tríú bliain sa Choláiste ag an am sin agus Bernie sa chéad bhliain. Bhí triúr iníonacha agus beirt mhac acu agus is le Gaeilge a tógadh iad: Éilis, Máire, Clíodhna, Colm agus Billy. Sna 1960idí is i gConamara agus sna 1970idí in Inis Oírr a théadh an teaghlach ar saoire. Is í a iníon Éilis Ní Anluain údar an úrscéil Filleann Seoirse (2011). Bhí guth maith ceoil ag Eoghan agus is minic a d’iarrtaí air ag Scoileanna Merriman, agus lasmuigh díobh, an t-amhrán mór Déiseach ‘Na Conneries’ a rá. D’éag sé ar 1 Feabhra 2012. D'fhoilsigh Leabhair Comhar Eoghan Ó hAnluain: Creidim fós agus aistí eile (2013), cnuasach nua d’aistí liteartha in eagar ag Éilis Ní Anluain, duine d’iníonacha Eoghain. Ocht n-aiste dhéag le hEoghan atá sa chnuasach, ceann amháin acu ‘Creidim Fós’, i gcló don chéad uair sa leabhar. Foilsíodh na haistí eile don chéad uair in Comhar agus Scríobh agus mar chaibidil i leabhair.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

(Táthar buíoch de mhuintir Eoghain Uí Anluain a sholáthair bunús an eolais seo ar chúrsa a shaoil)

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

Leabhair

Ailt

Agallaimh

  • Ó hAnluain, E. (1985) Agallamh le Liam Ó Muirthile ar Agallamh na bhFilí, RTE.