Ó CADHAIN, Máirtín (1906–1970)

In Traidisiún liteartha na nGael (1979) deir J.E. Caerwyn Williams agus Máirín Ní Mhuiríosa: ‘Níl aon amhras ná gurb é Máirtín Ó Cadhain an scríbhneoir is tábhachtaí dár shaothraigh prós na nua-Ghaeilge le breis agus daichead bliain anuas: tá daoine ann a rachadh níos faide agus a déarfadh gurb é is tábhachtaí ó thosach na hAthbheochana’. Is é a deir Alan Titley: ‘Nuair a fuair sé bás ... ba chliché é a rá gur chaill Éire an scríbhneoir ab fhearr a bhí aici...’

Tá cuntas ar a bheatha in Máirtín Ó Cadhain: clár saothair (1975) le Titley agus in De ghlaschloich an oileáin: beatha agus saothar Mháirtín Uí Chadhain (1987) leis an tSr Bosco Costigan, i gcomhar le mac a dheirféar, Seán Ó Curraoin. Ina leabharsan chuir Costigan agus Ó Curraoin athchló ar chuid bheag dá léachtaí agus dá litreacha, chomh maith lena ráiteas féin ar a cháilíochtaí nuair a bhí sé ag cur isteach ar ollúnacht na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide. Tá a thuilleadh dá scéalta is aistriúcháin, dá léachtaí, dá chomhfhreagras, dá léirmheasanna agus de léirmheasanna a scríobhadh ar a shaothar cnuasaithe ag Seán Ó Laighin in Ó Cadhain i bhFeasta (1990). B’fhéidir a rá gur dírbheathaisnéis liteartha ‘Páipéir bhána agus páipéir bhreaca’ (1969). Léirmheas ar a shaothar is ea Cadhain aonair (1987) le Gearóid Denvir. Tá léachtaí a thug Breandán Ó hEithir, Alan Titley, Gearóid Ó Tuathaigh, Gearóid Denvir agus Louis de Paor ar ghnéithe dá shaothar, dá pholaitíocht agus dá mheon le fáil in Léachtaí Uí Chadhain (1989) in eagar ag Eoghan Ó hAnluain. Is é Roinn na Nua-Ghaeilge, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, a thionscnaigh Léacht Uí Chadhain in 1980 mar fhóram poiblí a bhéarfadh caoi athbhreithniú a dhéanamh ar ghnéithe de shaol is de shaothar an Chadhnaigh go háirithe is de litríocht na Nua-Ghaeilge go ginearálta. D’fhoilsigh Comhar mórchuid aistí faoi agus chuir móreagráin speisialta amach i Samhain 1970 agus i Nollaig 1980. Is léir ar Comhar: innéacs 50 bliain 1942–1991 (1992) le Máire de Grás nár fhoilsigh an iris sin an líon céanna alt faoi aon duine eile. Tá aistí le Proinsias Mac Aonghusa, Aindreas Ó Gallchóir, Rolf Baumgarten agus Seán Ó Ríordáin in Scríobh 3, 1978 in eagar ag Seán Ó Mórdha agus tá ann freisin an dá chaint a chraol sé 11 agus 18 Bealtaine 1952 faoi na teidil ‘Páipéir Bhreaca’ agus ‘Páipéir Bhána’. D’fhoilsigh Cumann Merriman leabhrán Bhreandáin Uí Eithir, Thar ghealchathair soir (1973) a bhaineann le caidreamh Uí Eithir ar an gCadhnach. D’fhoilsigh Comhar Teoranta aistí léirmheastóireachta Dhiarmuid Uí Ghráinne, An Dá Mháirtín (1990). Liostaíonn Titley na taifid fuaime agus na scannáin. Craoladh i nDeireadh Fómhair 1981 scannán Sheáin Uí Mhórdha, There goes Cré na cille. Foilsíodh Caiscín: altanna san Irish Times 1953/56 (1998), arna gcur in eagar ag Aindrias Ó Cathasaigh; Criostalú: aistí ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain (1998), in eagar ag Cathal Ó Háinle agus Faoi rothaí na gréine: amhráin as Conamara a bhailigh Máirtín Ó Cadhain (1999), in eagar ag Ríonach uí Ógáin. Tá gan amhras neart eolais nár foilsíodh cheana in Ag samhlú troda: Máirtín Ó Cadhain 1905-1970 (2002), le hAindrias Ó Cathasaigh. In Studies, Fómhar 2008, tá an t-alt ‘’Racism and Xenophobia in Máirtín Ó Cadhain’s Cré na Cille’ le Brian Ó Broin. In Bliainiris 9, 2009, tá aiste le Mícheál Briody: ‘Is fearr an tAighneas ná an tUaigneas: Máirtín Ó Cadhain agus bailiú an bhéaloidis’. ‘Saothar Mháirtín Uí Chadhain’ ba ábhar do Léachtaí Cholm Cille 2006 agus foilsíodh na léachtaí in Saothar Mháirtin Uí Chadhain: Léachtaí Cholm Cille xxxvii (2007), in eagar ag Máire Ní Annracháin. Rinne Alan Titley clár raidió i dtaobh a shaothair agus Eoghan Ó hAnluain agus Liam Mac Cóil ina n-aíonna ann agus cuireadh leagan de i gcló é in Scríbhneoirí faoi Chaibidil (2010), in eagar ag Titley.

An 13 Feabhra 1906 a lá breithe de réir a theastais breithe. Is dóigh gur thart faoin am sin a cláraíodh an bhreith ach gur in Eanáir 1906 a rugadh é. Deir Costigan agus Ó Curraoin gurbh in Eanáir 1905 a rugadh é de réir an taifid baiste ach go raibh lúb ar lár áit éigin: ‘I dTeach an Chustaim is é a lá breithe cláraithe an 13ú lá d'Fheabhra 1906, agus ar chúl clúdach As an nGéibheann tugtar an dáta 20 Eanáir 1906’. Is léir ón bhfianaise atá ag a mhuintir gurbh ar 4 Eanáir 1906 a rugadh é agus nárbh in 1905 mar a chreid a bheathaisnéisithe. Is é a deir muintir Uí Chadhain: (1) gur chreid Máirtín féin agus a dheartháireacha agus a dheirfiúracha gurbh in Eanáir 1906 a rugadh é agus gur cinnte gurbh acusan is fearr a bheadh an t-eolas (2) gur léir ar Leabhar na mBaistí sa Spidéal gurbh ar 4 Eanáir i mbliain 1906 a rugadh é (3) gur saolaíodh an chéad leanbh a bhí ag tuismitheoirí Mháirtín ar 25 Feabhra 1905 (Cáit a fuair bás go hóg), rud a fhágann soiléir nach in Eanáir 1905 a rugadh Máirtín (litir ó nia Mháirtín, Seán Ó Cadhain, thar ceann a mhuintire, 21 Samhain 2004).

Ba é Máirtín an duine ba shine dár mhair de thrí dhuine déag a rugadh do Sheán Ó Cadhain, talmhaí ar an gCnocán Glas taobh thiar den Spidéal, Co. na Gaillimhe, agus dá bhean Bríd Ní Chonaola. Um Meitheamh 1911 thosaigh sé ag freastal ar Scoil Náisiúnta an Spidéil. Bhuaigh sé scoláireacht an Rí in 1923 nuair a bhí sé ina mhonatóir ann ach, tharla é bheith ró-óg le dul isteach i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, d’fhan sé bliain eile gur bhuaigh arís é. Chaith sé an tréimhsí 1924–26 i nDroim Conrach. Tar éis tréimhsí gairide ag múineadh i scoileanna i nDaighinis agus i gcathair na Gaillimhe ceapadh ina phríomhoide i gCamas é agus bhí ann go 1932. Is lena linn a d’aistrigh sé Sally Kavanagh le C.J. Kickham faoin teideal Saile Ní Chaomhánaigh nó na huaigheanna folamha: scéal faoi Thiobriad Árann (1932) (d’ullmhaigh an Dr Tomás de Bhaldraithe eagrán 1986). Faoi 1926 bhí tosaithe aige ar ábhar a fhoilsiú in An Stoc. Bhí a chéad ghearrscéal aige i gcló san iris sin um Shamhain 1929. Má fhágaimid ailt, litreacha agus óráidí faoi staid na Gaeltachta as an áireamh, is ábhar béaloidis is mó a bhí á chur i gcló aige anuas go 1938; scéalaithe ba ea a athair, a mháthair, agus a uncail. Bhí baint aige, agus é i gCamas go fóill, leis an IRA, é ina chaptaen ar na hÓglaigh ann.

D’aistrigh sé go dtí scoil ar an gCarn Mór ar 22 Feabhra 1932. Bhí sé an-ghníomhach in obair Chumann na Gaeltachta (a bunaíodh 7 Iúil 1934) agus go háirithe san obair a bhain le talmhaithe a aistriú go dtí an Mhí. Chuir sé craobh de Chonradh na Gaeilge ar bun agus toghadh é ina bhall den Choiste Gnó in 1935. Tar éis go raibh sé ar dhuine de scata a ghabh an Garda Síochána i Meitheamh 1936 bhris a bhainisteoir, an Canónach P.S. Ó Móráin, as a phost é toisc baint a bheith aige leis an IRA.

I mBaile Átha Cliath dó bhíodh Tomás Bairéad ag tathant air bheith ag scríobh agus chrom sé ar Idir shúgradh agus dáiríre (1939) a chur ar fáil. Bhí sé ina oifigeach earcaíochta ag an IRA, é ina rúnaí ar Chomhairle an Airm tamall, ina thimire ag Conradh na Gaeilge tamall agus ansin ina ardrúnaí ag an bhFáinne. Bhíodh sé ag múineadh i ranganna Ard-Chraobh an Chonartha. Tuairim an ama seo d’fhoghlaim sé Breatnais ó John Ellis Caerwyn Williams, fear a dtugadh sé ceachtanna Gaeilge dó. Bheadh sé ina ilteangach ar ball agus na teangacha Ceilteacha, an Fhraincis, an Spáinnis, an lodáilis, an Gheanmáinis agus an Rúisis ar eolas aige.

Gabhadh é Meán Fómhair 1939 agus as sin go mí na Nollag bhí sé i ngéibheann i mBeairic Chnoc an Arbhair. Tar éis dó óráid a thabhairt os cionn uaigh Tony Darcy in Aibreán 1940 cuireadh i ngéibheann arís é, i gCampa an Churraigh an uair seo, agus níor scaoileadh saor é go 26 Iúil 1944. Fuair a athair agus a mháthair bás i rith an achair sin. Chuir sé an t-iomtheorannú chun tairbhe a chomhghéibheannach trí pháirt mhór a thógáil i gcúrsaí oideachais an Champa, go háirithe trí Ghaeilge a mhúineadh go maith do gach aon duine a d’fhreastail ar a rang. Léigh sé cuid mhór le linn dó bheith i ngéibheann agus deir Alan Titley: ‘Tá doimhniú agus leathnú agus siúráil i réimse, i scóp agus i láimhsiú a chuid scríbhneoireachta i ndiaidh an chogaidh seachas mar a bhí roimhe. Níl mé cinnte nach raibh baint ag an iomtheoran-nú leis an scéal’. Tá atmaisféar na haimsire agus meon an ghéibheannaigh le brath ar na litreacha a chuir sé chuig Tomás Bairéad (As an ngéibheann, 1973).

Bhí móin á stocthiomsú i bPáirc an Fhionnuisce toisc ghéarchéim an Chogaidh Mhóir agus fuair sé obair ansiúd nuair a scaoileadh saor é. Bhí scéim ag an Roinn Oideachais chun focail a bhailiú agus iarradh ar Mháirtín cúram a dhéanamh de Ghaeilge Chonamara. Thosaigh sé ag scríobh in Comhar agus is ar an gcuma sin a chuir sé aithne ar Sheán Ó hÉigeartaigh. Chuaigh sé isteach mar aistritheoir i Rannóg an Aistriúcháin, Teach Laighean, 12 Márta 1947. Phós sé Máirín Ní Rodaigh, oide scoile ó chontae an Chabháin, i bhFeabhra 1945. Bhí lámh is focal eatharthu le fada.

Bhuaigh Cré na cille duais Oireachtais ar úrscéal in 1947. Nuair nach raibh an Gúm sásta déileáil leis mura mbainfí rudaí áirithe as, ghlac comhlacht Uí Éigeartaigh, Sáirséal agus Dill, leis agus d’fhoilsigh é ar 10 Márta 1950. Cheana féin bhí clú ar Mháirtín mar gheall ar a chnuasach gearrscéal An braon broghach (1948) agus bhíothas ag cur ardspéise sna sleachta de Cré na cille a bhí á bhfoilsiú in Scéala Éireann idir 15 Feabhra agus 17 Meán Fómhair 1949. Ó thaobh a éifeachta ar phobal a linne b’fhéidir é a chur i gcóimheas lenar tharla i gcás Séadna i dtús na hathbheochana. D’fhág sé go raibh Ó Cadhain aitheanta anois mar dhuine de mhórscríbhneoirí na hÉireann. Agus cheana féin bhí cáil na troda agus na bríomhaireachta air i measc léitheoirí toisc léachtaí a thug sé ar an litríocht (‘Tuige nach bhfuil litríocht na Gaeilge ag fás?’ in Feasta, Samhain 1949) agus ar an mbéaloideas (in Feasta, Márta 1950).

Bhuaigh an t-úrscéal Athnuachan duais an Chlub Leabhar ag Oireachtas 1951. Ní raibh sé sásta go bhfoilseofaí é agus thug ar ais an duais. Bhí sliocht de i gcló in Feasta, Samhain 1951 agus sliocht eile in Oghma 5, 1993. Dar le nóta san iris sin go raibh ar intinn ag iontaobhaithe Uí Chadhain an t-úrscéal ina iomláine a fhoilsiú go luath.

Foilsíodh Cois Caoláire, an tríú cnuasach gearrscéal uaidh, in 1953. Bhí colún san Irish Times aige ó 1953 go 1956. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Ghael Linn in 1953 ach ba ghairid go raibh sé ag easaontú le pearsana agus le feidhmiú polasaithe na heagraíochta.

Thosaigh brú fola ag cur as dó in 1952. Ní raibh saol an státseirbhísigh ag réiteach leis. Chuir Seán Ó hÉigeartaigh coiste beag ar bun chun post ollscoile a chuardach agus thosaigh sé ar 2 Feabhra 1956 mar léachtóir i Roinn na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide. Nuair a d’aistrigh David Greene go hInstitiúid Ard-léinn Bhaile Átha Cliath in 1967 chuaigh sé i gceannas na roinne agus teideal ollaimh aige. Ceapadh ina Ollamh le Gaeilge é in 1969.

Cailleadh a bhean ar 20 Deireadh Fómhair 1965. Bhí sí ina hoide i Scoil Lorcáin, Baile na Manach, ó bunaíodh í. ‘I gcónaí bhí Máirín mar thaca cródha aige agus ní labhartar fúithi ach an focal molta is airde. Ina bandia a bhí sí ag na naíonáin i Scoil Lorcáin, agus ba fhonnmhar a ghlac siad leis an nGaeilge uaithi.... Bhí cáil na féile agus na flaithiúlachta uirthi, agus thuill sí meas an uile dhuine’ (Costigan agus Ó Curraoin). Ag 3 Gairdíní na Gréine, Dartraí, a bhí cónaí ar an lánúin.

In Scríobh 3 tá mionchuntas ag Proinsias Mac Aonghusa (‘Máirtín Ó Cadhain: fear cúise ar bhealaí conspóideacha’) ar an bpáirt a ghlac sé in agóidí agus feachtais agus ar an dúthracht a chaith sé ag iarraidh Fianna Fáil go háirithe a náiriú. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Misneach in 1963 agus bhí ina threoraí acu. An bhliain dár gcionn bhí sé go mór i gcoinne fheachtas na síniúchán (‘Let the Language Live’). Ba chuid de chur i gcéill na gluaiseachta oifigiúla é, dar leis. Sular cuireadh amach Páipéar Bán an rialtais i dtaobh athbheochan na Gaeilge d’éirigh leis cóip a fháil go neamhdhleathach agus cibé ócáid phoiblíochta a bhí beartaithe a lot. Bhí baint aige le hagóid Misneach i dtaobh cearta teanga i Ráth Chairn. Thacaigh sé le Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta agus rinne canbhasáil dá n-iarrthóir i dtoghchán na Gaillimhe Thiar i Meitheamh 1969. Ar 11 Aibreán na bliana céanna tharraing sé aird na hÉireann ar a mhéid ab fhuath leis féin agus a chairde polasaithe Fhianna Fáil i leith na teanga: chuir siad isteach go borb giorraisc ar óráid an Aire Pádraig Ó Fachtna ag Éigse Uí Dhoirnín in Óstán ‘Derryhale’, Dún Dealgan. Ar 23 Meán Fómhair na bliana dár gcionn, tamall gairid sula bhfuair sé bás, bhí sé páirteach san agóid a rinneadh in aghaidh dhúnadh Scoil Dhún Chaoin. Sna seacht mbliana deireanacha dá shaol scríobh sé paimfléid chonspóideacha: Irish above politics (1964) (ailt in The Gaelic Weekly i dtaobh an Choimisiúin um Athbheochan na Gaeilge); Mr Hill: Mr Tara (1964); An Aisling (1966)—dúshlán cheiliúradh Iubhaile Órga 1916 a spreag é lena scríobh; Gluaiseacht na Gaeilge: gluaiseacht ar strae (1970).

Ba mhinic i ngleic le daoine é sna colúin chomhfhreagrais. Sa scannán ‘There goes Cré na cille’ rinneadh an cur síos seo ar a mhodh argóna: ‘Ba dá nádúir an buille feille, mar mheas sé, a fhreagairt le criogbhuille. Níor dhéine ar an LFM [Language Freedom Movement] é ná ar an Gaeilgeoir a bhí ag loiceadh. Níor chosaint gaol, dáimh, muintreas ná caradas nuair a spadharfadh Máirtín Ó Cadhain’. Is mar seo a chuir Seán Ó Ríordáin síos air: ‘Ní cosaint na cúise a mhodh oibre ach ionsaí ar an namhaid’ (Irish Times 5 Samhain 1970). Agus dúirt Breandán Ó hEithir in Thar ghealchathair soir: ‘Is iomaí sin duine, mar shampla, a chuaigh i ngleic leis sna nuachtáin nár thógtha orthu a mheas go raibh seirbhís rúnda éigin ag obair sa tír ab éifeachtaí go mór fada ná an Brainse Speisialta’.

Bás nó Beatha (1963), aistriúchán ar leabhrán a scríobh Saunders Lewis ar an riocht ina raibh an Bhreatnais, an t-aon leabhar a tháinig uaidh i rith na mblianta 1954–66. Meastar gurbh í an obair i gColáiste na Tríonóide faoi deara sin. Os a choinne sin, ba throime fós an t-ualach a bhí le hiompar aige sna blianta deiridh dá shaol: riarachán na Roinne, an chuairt sheachtainiúil ar Choláiste na Ríona, Béal Feirste, mar aoi-léachtóir, cibé dualgais a bhain le bheith ina scrúdaitheoir seachtrach in Ollscoil na hÉireann. Mar sin féin is i rith na tréimhse sin a tháinig uaidh an dá chnuasach gearrscéal, An tsraith ar lár (1967), a bhuaigh Duais an Bhuitléaraigh dó, agus An tsraith dhá tógáil (1970). Agus géilltear gur saothar tábhachtach litríochta is ea ‘Páipéir bhána agus páipéir bhreaca’ (1969). Maidir leis an bplé a dhéanann Ó Cadhain sa leabhar sin (lgh 7-8) ar an turas a thug sé ar an Aontas Sóivéadach in 1962, is cosúil gur i gcuideachta Mhaighréad Nic Mhaicín a bhí sé: ‘Kirghizia is similar to Ireland in many ways. I was glad to have seen it, extremely glad also that Mairéad Nic Maicín (sic.) and myself could speak in an ancient language, in which we have written our impressions of factories, galleries, museums, schools, universities, hotels, ministers, from Leningrad to the borders of China, in places perhaps where no Irishman or woman ever penetrated before.’ (Páipéir Mháirtín Uí Chadhain, Cartlann Choláiste na Tríonóide, M/2/29, lch 37). Tuairimítear gurb é bás a mhná faoi deara an bhroid oibre seo go léir agus an fáth ar éirigh sé míchúramach i dtaobh a shláinte. D’éag sé ar 18 Deireadh Fómhair 1970 agus cuireadh é i reilig Mount Jerome. Scríobh Seán Ó Ríordáin go luath ina dhiaidh sin: ‘Creidim go bhfuil an scríbhneoir ba mhó in Éirinn lena linn imithe agus duine den triúr fear ba mhó.’

D’fhág sé gan foilsiú péire úrscéal, Athnuachan agus Barbed wire, agus ábhar ilchineálach. Foilsíodh an séú cnuasach gearrscéalta in 1977, An tsraith tógtha. D'fhoilsigh Coiscéim an t-úrscéal Athnuachan in 1995. Foilsíodh dhá shaothar eile leis in 2002: Barbed Wire, in eagar ag Cathal Ó Háinle agus An Ghaeilge Bheo—Destined to Pass, in eagar ag Seán Ó Laighin. Deirtear ar chlúdach Barbed Wire: ‘Dúirt an Cadhnach féin gurb é a bhí in Barbed Wire “aoir ar an saol comhaimseartha in Éirinn”. Saothar is ea é ina ndéanann sé magadh faoi phearsana is eagrais de chuid na linne sin agus ina nochtann sé cuid de na hábhair machnaimh ba spéis leis féin.’ Deir Seán Ó Laighin i mbrollach an dara leabhair: ‘Is é atá sa scríbhinn seo ná an chéad dréacht de thionscadal mór ar thug Máirtín Ó Cadhain faoi in 1962/63. Rianaigh sé an stair a bhain le meath na Gaeilge, chomh maith le staid na teanga agus na Gaeltachta mar a bhí siad le linn dó a bheith ag scríobh.’ I mBéarla atá trian den leabhar.

Duine dá dheartháireacha ba ea Seosamh Ó Cadhain. Ar 21 Aibrean 1914 a rugadh é. Thug scoláireacht go Coláiste Ollscoile na Gaillimhe é. Bhí ina ardrúnaí ag an bhFáinne ar feadh i bhfad sular ceapadh é ar fhoireann Rannóg Aistriúcháin Thithe an Oireachtais. Bhí sé tamall freisin ina eagarthóir cúnta ar fhoclóir Béarla-Gaeilge de Bhaldraithe. Bhíodh sé páirteach mar bhall painéil sa chlár raidió ‘Fadhbanna Gaeilge’. Bhí sé pósta ar Cháit Bhreathnach ón Droim i Leitir Móir agus bhí naonúr gasúr acu. Ní raibh aon choinne lena bhás 31 Márta 1966. Ag 42 Céide Annadála. Fionnradharc, Baile Átha Cliath, a bhí cónaí air ag an am. Scríobh Seán Ó Conghaile, Cnoc na hAille, cuntas ina thaobh in Ar Aghaidh, Bealtaine 1966. ‘Ba hé Joe Cadhan é ag muintir Chois Fhairrge. An fear lách, séimh, nádúrach, carthanach sin. Bhí ómós agus onóir le fáil aige i gcónaí ó mhuintir a cheantair fhéin chuile áit ó chathair na Gaillimhe go Tor Cheann Gólaim i Leitir Mealláin’.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú