Ó hAODHA, Eoghan (1908–1987)
Le caoinchead ó Úna Uí Chuinn

Sampla maith é den chomhairleoir contae a bhí díograiseach faoi fhorbairt eacnamaíocht na Gaeltachta ó 1950 amach, ina chontae féin go háirithe, agus faoi chur chun cinn na Gaeilge. I Lainn Chille, Achadh Ghobhair, Co. Mhaigh Eo, a rugadh é 9 Meán Fómhair 1908. Ochtar mac agus cúigear iníonacha a bhí ag a thuismitheoirí, Eoghan Ó hAodha, feirmeoir, agus Máire Nic Oireachtaigh ó Chill Mhíona, Co. Mhaigh Eo. Bhí a athair agus uncail leis i bpríosún in Wormwood Scrubs, in Wandsworth agus in Frongoch i ndiaidh 1916: tá Owen Hughes, Achadh Ghobhair, agus Charles [Cathal/Cormac] Hughes, Cathair na Mart, liostaithe ag Seán O Mahony in Frongoch: University of Revolution, 1987; toisc a óige a bhí sé is go dtí Barlinnie in Albain a cuireadh a uncail Pádraig. Bhí a uncail Cathal ina rúnaí ag Feis Chonnacht i 1908; faoi 1917 bhí sé ar dhuine díobh sin a bhí ag tacú le Pádraic Ó Conaire chun An Ridireacht Liteartha a bhunú d’fhonn cabhrú leis an scríbhneoireacht Ghaeilge (An Claidheamh Soluis 21 Aibreán 1917).

Níor thosaigh Eoghan ar an nGaeilge a fhoghlaim go raibh sé 13 bliain d’aois nuair a d’fhreastail sé ar rang oíche ar feadh sé mhí sula ndeachaigh sé go meánscoil na mBráithre Críostaí, Cathair na Mart i 1922; ní raibh aon Ghaeilge ag múinteoir Scoil Lainn Chille. Ghnóthaigh sé scoláireacht mhíosa i gColáiste Gaeilge Thuar Mhic Éadaigh i 1927 agus an bhliain chéanna sin chuaigh sé isteach i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, gur cháiligh mar bhunoide i 1929. I gColáiste Ollscoile na Gaillimhe ghnóthaigh sé BA le honóracha sa Ghaeilge agus sa stair 1929-31 agus sa scrúdú don dioplóma in oideachas bronnadh Bonn Óir Uí Fhaolacháin air faoina bheith ar an mbunoide ab fhearr i léann na Gaeilge; in agallamh a rinne sé le Seán Ó hÉalaí, Raidió na Gaeltachta, i 1980 dúirt sé gur chaith sé tréimhse i ngach Gaeltacht in Éirinn. I Scoil na mBráithre, Cathair na Mart, a bhí an chéad phost mar mhúinteoir aige agus ina dhiaidh sin chaith sé 43 bliain ina phríomhoide i gCnoc Rúscaí in aice le Cathair na Mart. Bhí staidéar á dhéanamh aige ar logainmneacha Mhaigh Eo faoi stiúir Thomáis Uí Mháille le haghaidh céim mháistir; b’fhéidir gurbh é bás Uí Mháille in Eanáir 1938 a chuir dá bhuille é agus, cé nár chríochnaigh sé a thráchtas, mhair a spéis i gcónaí sa dinnseanchas. I 1936 phós sé Cáit Ní Fhearchair ón Ráth, Co. Chorcaí, bean a raibh cáil na Gaeilge uirthi; bhí tamall caite aici ag múineadh na teanga i gColáiste Ullmhúcháin Thuar Mhic Éadaigh agus chaith sí an chuid eile dá saol mar bhunmhúinteoir sa tSraith ar chuid den bhreac-Ghaeltacht é. Rugadh seisear iníonacha dóibh agus beirt mhac, a bhfuair mac díobh bás ina naíonán. I rith éigeandáil 1939-45 bhí sé ina oifigeach ceannais ar Chathlán Mhaigh Eo Thiar den Fhórsa Cosanta Áitiúil.

Le Fianna Fáil a bhí a bhá ar dtús ach thug sé a thacaíocht do Chlann na Poblachta a luaithe a bunaíodh an páirtí sin i 1946 agus is thar a gceann a toghadh é ina chomhairleoir contae i 1950. Bhí sé ina bhall de choiste gnó an pháirtí go dtí gur scar sé leo i 1955; is mar chomhairleoir neamhspleách a bhí sé as sin go deireadh a chúrsa i 1979. I rith na tréimhse fada sin bhí sé ina chathaoirleach ar an gCoiste Talmhaíochta (bhí feirm bheag aige féin san Aill) agus ar an gCoiste Gairmoideachais; léirigh sé sna poist sin go raibh sé cumasach i gcúrsaí pleanála. Thacaigh sé le feachtas Mhuintir na Gaeltachta sna 1950idí agus go háirithe leis an bhfeachtas a bhí ar bun i Maigh Eo ag cisteoir na heagraíochta sin, Harry Ó Corrduibh; bhí sé ar an ardán i dTeach an Ard-Mhaoir i mBaile Átha Cliath 6 Deireadh Fómhair 1956 in éineacht le Máirtín Ó Cadhain, Dónall Ó Móráin, an tAthair Éamonn Ó Doibhlin, Tomás Ó Muircheartaigh agus Ó Corrduibh. Chuir sé rún láidir os comhair Comhairle Contae Mhaigh Eo 13 Aibreán 1957 ag éileamh go ligfí Ó Corrduibh saor as príosún. An bhliain chéanna sin chuir sé rún eile os comhair na Comhairle go n-ordófaí don bhainisteoir contae gur trí Ghaeilge a dhéanfaí gach gnó agus comhfhreagras feasta le muintir na gceantar Gaeltachta. I rith an ama seo agus anuas go 1965 bhí comhfhreagras seasta aige lena chara Máirtín Ó Cadhain; tá 32 de litreacha Mháirtín i dtaisce ag muintir Eoghain. Níorbh annamh Máirtín ina theach agus chuireadh sé comhairle ar Mháirtín agus ar Ghael Linn maidir le scéimeanna oideachais agus fostaíochta ab fhéidir a chur ar bun sa Ghaeltacht. Chabhraigh sé le heagrú Ghael Linn sa chontae. B’fhéidir gurbh é an rud ba mhó a d’éirigh leis a dhéanamh mar chomhairleoir contae ná tús a chur sna luathsheascaidí le plé náisiúnta i dtaobh cothrom na Féinne maidir le rátaí; bhí sé in ann a chruthú gurbh iad na contaetha ab airde rátaí na contaetha ba lú agus ba mheasa seirbhísí (Administration, 1961). In Western People 22 Aibreán 1987 tugann Liam Mac Lochlainn, a bhí ina bhainisteoir contae le linn ré Eoghain, tuairisc ar ar éirigh leis a chur i gcrích agus deir sé faoin gcás a rinne sé i dtaobh éagothroime na rátaí: ‘In other words, it could be said to have been the first step towards what eventually led to the removal of the rates from the land and on the homes of the people as a whole.’ Tugann Máirtín Ó Cadhain sliocht as an alt sin in An Ghaeilge Bheo — Destined to Pass, 2002 in eagar ag Seán Ó Laighin.

Is mar Ghaeilgeoir, ní foláir, a ceapadh é ina bhall den Choimisiún Teilifíse um Márta 1958 agus bhí sé i measc na mball a scríobh an tuairisc mhionlaigh. Bhí sé ina ionadaí thar ceann Chomhairle Chontae Mhaigh Eo ar Choiste Stiúrtha Choláiste Ollscoile na Gaillimhe 1965-79. Bhí baint mhór aige le tionsclaíocht Chathair na Mart agus bhí ina stiúrthóir ar chomhlachtaí éagsúla ann. I 1966 bhí sé ina chathaoirleach ar an gcoiste i gCathair na Mart a d’fhéach le hÉirí Amach 1916 a cheiliúradh go cuí. Bhí sé ina chathaoirleach freisin i 1983 ar an gcoiste a choimisiúnaigh busta den Cheannphort John McBride (1865–1916) le suíomh go hoiriúnach cois na habhann i gceartlár an bhaile inar rugadh é. Bhí cúpla alt scríofa ag Eoghan faoi Mhac Giolla Bríde in Cathair na Mart: Journal of the Westport Historical Society.

D’éag sé 7 Aibreán 1987 agus cuireadh é in Achadh Ghobhair. Ba é Seán McBride (1904-88) a labhair cois na huaighe. Dúirt sé: ‘The great impetus which characterised his personality and his actions resulted from his both natural and conscious emphasis on his rural background in the West of Ireland. Out of this simplicity grew a strength which formed the monument we knew as Owen Hughes. It gave him his belief and his self-respect and furnished him with the power to transform inherent conviction into political reality’ (Mayo News 5 Aibreán 1987).

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú