Tá sé le háireamh ar an mbeagán daoine arbh í iriseoireacht na Gaeilge a slí bheatha ar feadh na coda is mó dá saol. Tá cuntais iarbháis: ag Micheál Mac Aonghasa in Anois 19-20 Feabhra 1994; ag Proinsias Mac Aonghusa in Anois 26-27 Feabhra 1994 (i gcló freisin in Súil Tharam: aistí aimsir éigeandála, 2001). Tá an t-aitheasc a thug Proinsias roimh an gcréamadh 21 Feabhra 1994 i gcló in Feasta, Aibreán 1994. In Feasta, Bealtaine 1999 tá ‘Seosamh Ó Duibhginn 1914-1994’ le hiníon Sheosaimh, Niamh Barrett.

Mac feirmeora a athair Felix Deighan ach bhí gnó carraera aige nuair a rugadh Pádraig Seosamh 19 Aibreán 1914 (taifead beireatais) i nDoire Móir, Cloch Fhuaráin, i ndeisceart Ard Mhacha agus lámh leis an Iúr. Sa Sruthán agus i mBéal Leice a d’fhás sé suas. Bhí beirt deartháireacha aige, Brian agus Féilim. Fuair a mháthair, Bridget McParland, bás in aois naoi mbliana dó. Cé gur scríobh sé péire leabhar atá dírbheathaisnéisiúil go pointe áirithe (Ag Scaoileadh Sceoil, 1962 agus Tuairisc, 1982) níl aon eolas iontu i dtaobh a óige; ní cosúil gur cuireadh mórán den oideachas foirmeálta air. Dúirt sé le Risteárd Ó Glaisne (Inniu 3 Márta 1972) go raibh sé ag obair i siopa tar éis dó scoil a fhágáil. ‘Buachaill ab ea Seosamh a d’fhás suas leis an seachránachas agus seicteachas a bhain le bheith i do Chaitliceach i ndeisceart Ard Mhacha, agus is cosúil gur de bharr eachtraí a tharla ag an am sin go ndeachaigh sé isteach san IRA’ (Niamh Barrett). I 1934 cuireadh faoi ghlas é sa roinn shóisearach de Phríosún Bhóthar Chroimlinne i mBéal Feirste. Bhí sé i Learpholl sna 1930idí, é ina bhall de Chraobh Sheáin Uí Dhonnabháin de Chonradh na Gaeilge ann. Faoi 1938 bhí sé á oiliúint ag an IRA i mBaile Átha Cliath chun go mbeadh sé ar dhuine de na hoifigigh oibríochta a stiúródh feachtas buamála agus sabaitéireachta i Sasana an bhliain dár gcionn. Ba é a bhí i gceannas i Learpholl agus ar feadh tamaill i Manchain chomh maith. D’éirigh leis éalú go Baile Átha Cliath in Iúil 1939 sular tháinig an Prevention of Violence Act i bhfeidhm. Bhí tite i ngrá aige le Úna Bhreathnach (1916–2001) a rugadh is a tógadh i Learpholl.

Bhí Éireannaigh á ndíbirt as Sasana i dtús an chogaidh agus bhí Seosamh ag cabhrú leo chun lóistín a fháil i mBaile Átha Cliath ach gabhadh é ag cruinniú i gCearnóg Pharnell 17 Feabhra 1940. As sin go 16 Samhain 1943 bhí sé ina ghéibheannach i bPríosún Mountjoy agus ansin i gCampa Coinneála an Churraigh. Nuair a fuair a athair bás ní ligfí amach chun na sochraide é. Ach chuir sé an t-am chun tairbhe ag cur barr slachta i rang Mháirtín Uí Chadhain ar cibé Gaeilge a bhí foghlamtha aige. Nuair a scaoileadh amach é ní raibh pingin rua féin aige. Ar feadh bliana nó níos mó bhí jabanna beaga aige anois is arís: ag obair d’fheirmeoir; ag saothrú na móna; ag iompar blocanna coincréide do thógálaí .... I dtús 1944 chaith sé tamall de sheachtainí ag obair in oifig Aiséirí, gluaiseacht pholaitiúil Ghearóid Uí Chuinneagáin, a raibh sé tamall ina bhall de. Tá cuntas corraitheach ar a ainnise a bhí a shaol i rith an ama sin in Ag Scaoileadh Sceoil. Bhí an t-ádh air sa deireadh post sealadach mar fhear foirnéise a fháil i gColáiste Mobhí, coláiste ullmhúcháin d’ábhair múinteoirí Protastúnacha. Dhá bhliain a chaith sé ann agus is lena linn a thosaigh sé ag scríobh aistí Gaeilge d’irisí agus do nuachtáin. Thugadh an tAthair Eric Mac Fhinn, eagarthóir Ar Aghaidh, misneach dó agus chuireadh comhairle air. Phós sé Úna Bhreathnach agus rugadh mac dóibh ach bhí sé díomhaoin arís ar feadh gheimhreadh chrua 1946–47; bhíodh obair ghúnadóireachta á déanamh sa teach ag Úna agus b’éigean an t-inneall fuála a dhíol chun go mbeadh péire bróg ag Seosamh. Bhí tiomáint foghlamtha aige i Learpholl agus d’fhostaigh Payantake é mar fhear leoraí chun prátaí agus eile a iompar ón tuaith go Baile Átha Cliath. As sin amach bhí ag éirí go maith leis. I 1947 bhí sé ar dhuine de chairde Mháirtín Uí Chadhain a chabhraigh leis chun slacht a chur ar lámhscríbhinn Cré na Cille nuair a bhí an saothar sin á chur isteach i gcomórtais an Oireachtais (tá cuntas ar an mbroid oibre a bhain leis sin in De Ghlaschloich an Oileáin ..., 1987 leis an tSr Bosco Costigan agus Seán Ó Curraoin).

I 1948 bhunaigh Conradh na Gaeilge an míosachán Feasta agus d’fhostaigh siad Seosamh mar bhainisteoir. Ba é Conchubhar Ó Cuileanáin an t-eagarthóir agus nuair a d’éirigh seisean as an bpost i 1949 ceapadh Seosamh ina áit; bhí sé anois ina eagarthóir agus ina bhainisteoir. Tá cuntas aige in Tuairisc, 1982 ar an obair sin. Deir sé go raibh ‘an saol iontach beo, saol na Gaeilge, agus saol Feasta go háirithe’, go mba thráth fuinnimh agus díograise an tréimhse a chaith sé siúd i mbun na hirise, agus tugann cuntas ar na ‘briatharchathanna’, ar na scríbhneoirí spreagúla, agus ar na bagairtí dlí a rinneadh in aghaidh na hirise. Is i rith an ama sin a rinneadh an fhoilsitheoireacht a fhorbairt agus cheap Aire Oideachais 1951-54, Seán Ó Maoláin, é ina bhall de Bhord na Leabhar Gaeilge, ballraíocht a lean go ceann 14 bliain. I 1953 fuair sé sparántacht chun sé mhí a chaitheamh in Árainn (‘Ar an Nuacht’, Inniu 10 Iúil 1953). Timpeall an ama sin bhíothas ag beartú coicíosán a dhéanamh de Feasta (Inniu 13 Márta 1953). Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an Chlóchomhair, foilsitheoirí—is dóigh gurbh é an príomhbhunaitheoir é—agus ba é faoi deara Coiste na Leabhar a bhunú mar chuid den chomhlacht sin. Ach i 1962 bhí ag teip ar Feasta ó thaobh airgid de agus nuair nach dtabharfadh an Roinn Oideachais breis airgid mhol a chairde sa Chonradh dó post eile a lorg. Nuair a d’éirigh Breandán Ó hEithir as post Eagarthóir na Gaeilge in Scéala Éireann d’éirigh leis an post sin a fháil agus bhí ann go ndeachaigh sé ar pinsean 30 Márta 1979. Ba gheall le saoirse an obair sin i ndiaidh Feasta (‘Níor ghá dom anois an obair a thabhairt thart liom Domhnach agus dálach. Bhí daoine eile á n-íoc leis na nuachtáin a thabhairt amach in am’). Trí nuachtán a bhí i gceist: Scéala Éireann; Scéala an Tráthnóna agus Scéala an Domhnaigh. Tuairim 1972 thug sé faoi deara go raibh cúl á thabhairt leis an nGaeilge sa chomhlacht, mar a bhí in Éirinn i gcoitinne. Bhraith sé sa phost ó thosach formhór na n-iriseoirí sin nach raibh Gaeilge acu a bheith doicheallach roimhe. Ach b’fhéidir baint a bheith ag a phearsantacht leis sin. Dúirt sé féin: ‘Ní thig liom a rá gur mé an duine is cuideachtúla, caidriúla, ar bith. A mhalairt.’ Fear ciúin ar bheagán focal a bhí ann agus ba í an gharraíodóireacht agus an tsiúinéireacht na caithimh aimsire ab fhearr leis.

Sa Churrach a chuala sé ‘Dónall Óg’ á ghabháil den chéad uair agus chuir sé taighde cuimsitheach ar an amhrán i gcló in Dónall Óg, 1960. In Séamas Mac Giolla Choille circa 1759-1828, 1972 tá eagar curtha aige ar a maireann de dhánta an fhile sin. In eagar aige freisin tá bailiúchán de ghrianghrafanna Thomáis Uí Mhuircheartaigh in An Muircheartach: in ómós dó, 1970. Craoladh gearrscéalta leis ar Radio Éireann agus roghnaigh Tomás de Bhaldraithe ceann díobh, ‘An Crotach’, dá Nuascéalaíocht 1940-1950, 1952. Tuairiscíodh in Inniu 10 Iúil 1953 go raibh stair an chló in Éirinn á scríobh aige. Bhí beirt mhac agus beirt iníonacha aige. Bhí sé tinn ar feadh i bhfad sular éag sé 17 Feabhra 1994.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú