Fear ildánach é: an file ba mhó dá raibh ag saothrú ar feadh na tréimhse 1920–1939; an chéad rúnaí tuarastail ag Óglaigh na hÉireann (“céad státseirbhíseach Phoblacht na hÉireann a bhaistim orm féin”); foclóirí; seandálaí. Bhí agallamh leis i gcló ag Risteárd Ó Glaisne ar Inniu, 25 Meitheamh 1971. Scríobh Ciarán Ó Nualláin aiste fhada air i ndiaidh a bháis in Inniu, 14 Nollaig 1979, agus in Comhar, Márta 1987, tá cuntas ar a shaol agus a shaothar ag Fidelma Ní Ghallchobhair.

Rugadh é ar 24 Deireadh Fómhair 1891 ag 391, An Cuarbhóthar Thuaidh, Baile Átha Cliath. Déantóir milseán a raibh slabhra de shiopaí milseán aige a athair William J. Gogan. Ellen Hendrick ab ainm dá mháthair. Ball de Bhráithreachas na Poblachta William. Nuair a bunaíodh Craobh Bhriain Bhóraimhe de Chonradh na Gaeilge thug sé seomra dóibh ina theach féin. Ba í Sinéad Ní Fhlannagáin múinteoir na Craoibhe agus is uaithi mar sin a bhí Liam ag foghlaim Gaeilge ar dtús.

Bhí sé ar scoil ag Siúracha an Chreidimh Naofa agus ansin i Scoil Uí Chonaill. Rinne sé scrúdú na gCéad Ealaíon faoin sean-Ollscoil Ríoga agus chuaigh isteach i gColáiste Bhaile Átha Cliathd’Ollscoil na hÉireann in 1911. Sna scrúdaithe céime bhain sé an chéad áit amach sa Léann Ceilteach le céad onóracha in 1913. Ar an Sean-Ghaeilge ba mhó a dhírigh sé toisc gan ardmheas aige ar Dhubhghlas de hÍde ná ar Úna Ní Fhaircheallaigh mar scoláirí. Ba é an dara duine i stair an Choláiste é a raibh an tSean-Ghaeilge mar phríomhábhar aige. Sa Chumann Gaelach bhí sé ina rúnaí ar dtús agus ansin ina Reachtaire. Ba é a cheap an téarma “Reachtaire” ar “Auditor” agus ba é ba thúisce sa tír a bhain feidhm as an téarma “Poblacht” i bpáipéar dar teideal “Aiséirí na gCeilteach” a léigh sé in 1913. Agus ba é a chuir tús leis na díospóireachtaí idir-ollscoile i nGaeilge. In 1912 a thug sé a chéad chuairt ar an nGaeltacht nuair a chaith sé tamall sa Rinn.

An bhliain dár gcionn toghadh é ar choiste sealadach na nÓglach ar dtús agus ansin ceapadh é ina rúnaí cúnta ar thuarastal. Ba é Eoin Mac Néill a roghnaigh é féin agus Colm Ó Lochlainn mar mhic léinn chun freastal ar na réamhchruinnithe. Bhí sé ar bhall den toscaireacht sna Stáit ag iarraidh armlón a fháil, rud a theip orthu. D’éirigh sé as an rúnaíocht ar fhilleadh dó i samhradh 1915. Níor shaighdiúir riamh é. Galar a bhuail é le linn a óige d’fhág sé cos ghairid aige.

I 1914 fuair sé post leaschoimeádaí i Roinn na Sean-Seod den Ard-Mhúsaem. I ndiaidh Cháisc 1916 gabhadh é agus chaith sé seal in Frongoch. Ar theacht amach dó bhí sé gan phost nuair nach raibh sé sásta mionn dílseachta a thabhairt. Go dtí 1922 níor éirigh leis dul ar ais sa phost sin.

Chaith sé saoire in 1916 ag muintir Thuama sa Tuairín Dubh i mBéal Átha an Ghaorthaidh agus is ann a casadh air Máire Nic Fhirbhisigh as Corcaigh. Faoi cheann trí lá bhí lámh agus focal eatarthu. Fuair sé post múinteora taistil i dTiobraid Árann thuaidh an bhliain dár gcionn. Nuair a phós sé Máire i Samhain 1919 d’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath agus thug a athair siopa milseán dó. Ach níor thaitin an tsiopadóireacht leis agus thosaigh sé ar staidéar ar leigheas i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. D’éirigh sé as nuair a tugadh a sheanphost sa Mhúsaem ar ais dó.

Ó thús luigh sé isteach ar chúraim a phoist a dhéanamh i nGaeilge. Bhí Fraincis, Iodáilis, Spáinnis agus Gearmáinis aige. Chaith sé tamall san Eoraip ar cuairt chuig músaeim. In 1936 ceapadh ina Choimeádaí é sa Rannóg Ealaíon agus Tionscail – bhí sé ina Leas-Choimeádaí ó 1930 – agus bhí an post sin aige go ndeachaigh sé ar pinsean in 1956. Deirtear gurbh é a thug an dul chun cinn sa teicneolaíocht isteach in obair an Ard-Mhúsaeim. Ba é, oiriúnach go leor, a chóirigh an taispeántas faoi 1916.

Maidir leis an bhfoclóireacht, is le cnuasach de théarmaí ailtireachta a ghnóthaigh sé M.A. in 1922. Foilsíodh ina chodanna é (Foclóir Ardsaoirse) in Misneach, Waterford News, An Glór. Ó 1923 amach ar feadh ceithre mbliana bhí sé ag cabhrú leis an Duinníneach chun eagrán nua dá fhoclóir a chur amach. Ba mhian leis an bhfoclóirí go mbeadh ainm Liam in éineacht lena ainm féin leis an eagrán seo ach ní raibh Cumann na Scríbheann Gaeilge sásta go ndéanfaí sin. Ghabh Comhairle an Chumainn buíochas leis i nóta i bhfíorthosach an fhoclóra agus sa réamhrá mhol an Duinníneach a chuid oibre go hard na spéire. In 1953 d’iarr an Cumann ar Liam forlíonadh a chur leis an bhfoclóir. Chuir sé beagnach 50,000 iontráil le chéile ach is cosúil nár lig an ganntanas airgid don Chumann é a fhoilsiú. “Bhí sé in aghaidh focail iasachta a thógáil isteach sa teanga, nó focail a chumadh ar dhul na bhfocal iasachta”, deir Fidelma Ní Ghallchobhair. Mholadh sé gur chóir tarraingt as an Sean-Ghaeilge. B’fhéidir gur síleadh gur saoithínteacht nó seanaimsearacht an dearcadh sin ar chúrsaí téarmaíochta. Is deimhnitheach gur measadh gur locht ar a phrós agus a fhilíocht an claonadh chun na hársaíochta a bhí ag eascar as a mhórspéis san fhoclóireacht. “Liam S. Gógan applied his lexicography to well-wrought but pedantic verse”, deir Eoghan Ó hAnluain sa bhforlíonadh a chuir sé le Gaelic literature surveyedde Blacam. Fuair an tAthair Brian Gógan CSSp, mac le Liam, an 40,000 duillín foclóireachta mar oidhreacht. Tá an foclóir seo ar shuíomh idirlín anois. Sheol an tOllamh Alan Titley an suíomh www.gogan.ie i gColáiste na Carraige Duibhe ar 26 Deireadh Fómhair 2012.

Bhí sé ag gabháil don fhilíocht ar feadh beagnach 70 bliain agus foilsíodh naoi gcnuasach leis idir 1919 agus 1966: Nuadhánta (1919); Dánta agus duanóga (1929); Dánta an lae inniu (1936); Dánta eile (1946); Dánta agus duanta (1952); Duanaire a sé (1966). Bhí an seachtú cnuasach déanta aige ach níor foilsíodh go fóill é. Ba san Irish Nation, iris a bhunaigh sé i gcomhpháirtíocht le Micheál S. Mac Breithiúin (M. J. Judge), fear de bhunaitheoirí na nÓglach, a foilsíodh an chéad sraith fhada dá dhánta. Stiofán Mac Enna a shocraigh le Maunsell go bhfoilseofaí an chéad chnuasach. Ghnóthaigh Dánta agus duanóga bonn óir Aonach Tailteann dó. “Na Coisithe” agus “Liobharn stáit” an péire dán is mó ar a bhfuil eolas ag an bpobal toisc go raibh siad sna léitheoirí scoile. Maidir lena phrós Gaeilge baineann an chuid is mó de na haistí le saothrú na Gaeilge, leis an réamhstair agus an seandálaíocht. Tá siad ar fud irisí agus páipéar na linne. Tá go leor dá aistí i mBéarla sna hirisí léinn. In 1932 foilsíodh a leabhar The Ardagh Chalice. D’aistrigh sé Celtic pioneers of Christianity le Dom Louis Gougaud faoin teideal Cinnirí Gaelacha na Críostuíochta in 1939. Dúirt sé le Risteárd Ó Glaisne in 1971 go raibh leabhar aige ar fhilí na hEorpa ag an nGúm.

Nuair a bunaíodh an Comhar Drámaíochta in 1923 bhí Liam ar an gcoiste. An bhliain dár gcionn scríobh sé dráma dóibh, An saoghal eile (léiríodh sa Mhainistir 16 Feabhra 1925) agus d’aistrigh sé dráma le Maeterlinck faoin teideal Dallán.

Bhí seisear clainne aige féin agus Máire Nic Fhirbhisigh. D’éag sise in 1940 agus in 1955 phós sé Nóra Marie Ní Aodha. Cailleadh é féin ar 4 Nollaig 1979. I gcuntas iarbháis san Irish Times bhí an méid seo: “With his well-bred voice and fine looks, his monocle and his bow tie, he did not seem somehow a typical supporter of the language movement. But his loyalty to the language was the passion of his life”.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú