Ag 2 Seaview Terrace, Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath, a rugadh Lambert Andrew Joseph McKenna ar 16 Iúil 1870. Cuntasóir ba ea Andrew Joseph McKenna, a athair, agus ba í Mary Agatha Lambert a mháthair. Tar éis dó bheith ar scoil i gColáiste Bhelvedere cheangail sé le Cumann Íosa in 1886. Chaith sé tamall i nóibhíseacht Dhroim Mór i gContae an Dúin sula ndeachaigh sé go dtí an Tulaigh Bheag. Bhain sé B.A. amach sa Ghaeilge agus na clasacaigh in 1893 agus M.A. dhá bhliain ina dhiaidh sin. Bronnadh M. Litt. Celt. air i 1914 agus dochtúireacht oinigh, D.Litt.Celt, i 1947.

Tar éis tamaill ar an Mór-Roinn ag gabháil don fhealsúnacht scolaíoch agus tar éis dó cúrsa diagachta a dhéanamh i bPáirc Bhaile an Mhuilinn oirníodh é i 1905.

Ba le linn dó bheith ag teagasc i mBelvedere agus i Mungarait a thosaigh sé ar staidéar arís ar an nGaeilge. Bhí baint aige le bunú Choláiste na Mumhan. Thosaigh sé ar fhoclóir a chur le chéile trí gach focal a chastaí air a bhreacadh síos ar bhlúire páipéir. Foilsíodh English-Irish Phrase Dictionary leis i 1911.

Cuireadh cúram Timthire an Croidhe Naomhtha air i 1915. Thosaigh sé ar na dánta diaga a chur i gcló ann chomh maith le haistí ar chúrsaí spioradálta. Ba í Oifig an Timire Ghaelaigh a d’fhoilsigh a Seanmóin ar Phádraig (1911) agus a Beart Geatairí (1912). Ó 1916 go 1918 bhíodh dánta díreacha in eagar aige san iris, obair ar lean sé di san Irish Monthly ó 1919 agus in Studies ó 1927 amach. Ba é eagarthóir Irish Monthly é sa tréimhse 1922–31.

Bhí an-bhaint aige le Pádraig Mac Piarais agus le Scoil Éanna faid a bhí sé i gCaisleán Ráth Fearnáin. Léadh sé Aifreann sa scoil.

Chuir sé Iomarbháigh na bhFileadh (1918–20) in eagar, obair a bhí tosaithe ag Tomás Ó Nualláin. Tháinig a eagrán de Dánta do chum Aonghus Fionn Ó Dálaigh amach i 1919, Dán Dé: the poems of Donncha Mór Ó Dálaigh and the religous poems in the Duanaire of the Yellow Book of Lecan i 1922, agus a eagrán de Philip Bocht Ó hUiginn i 1931. Leabhair eile leis is ea: Life and work of Rev. James Aloysius Cullen S.J., 1924; Dioghluim dána, 1938 (athchló i 1969); Aithdioghluim dána, 1939; Bardic syntactical tracts, 1944; The Book of Magauran (Leabhar Meig Shamhradhain), 1947; The Book of O’Hara (Leabhar Eadhra), 1951.

Bhí cáil air mar oibrí sóisialta agus scríobh sé paimfléid, ina measc The Social principles of James Connolly. Ceapadh é ina chathaoirleach ar an Dara Comhdháil Náisiúnta (1925–6) a chuir an tAire Oideachais ar bun chun oiriúnacht an chláir náisiúnta teagaisc sna scoileanna a mheas. Ghlac an tAire, John Marcus O’Sullivan, leis na moltaí uile. Is de thoradh moltaí na comhdhála sin a rinneadh ábhar riachtanach den Ghaeilge in aon mheánscoil a bhí ag fáil deontais ón stát, agus gurbh fhéidir deontas a mhéadú de réir an mhéid ama a thabharfaí do mhúineadh na teanga agus do mhúineadh ábhar eile trína meán.

Is mar gheall ar an bhfoclóir Béarla-Gaeilge a foilsíodh i 1935 is mó atá a ainm i mbéal an phobail. Dúirt fear dá chúntóirí, Niall Ó Dónaill, in agallamh a foilsíodh in Comhar, Bealtaine 1989 gur chuir de Valera brú ar an Roinn Oideachais an foclóir a fhoilsiú gan a thuilleadh moille agus gur tugadh amach é sula raibh sé críochnaithe i gceart. Fuarthas locht bunúsach air mar fhoclóir. Ag scríobh dó ar an modh tiomsaithe a bhí ag O’Neill Lane agus Mac Cionnaith (“an t-ábhar sa dara teanga a thiomsú ar dtús, agus ansin féachaint le ceannfhocail a aimsiú sa chéad teanga”) deir an tOllamh Tomás de Bhaldraithe go ndeachaigh siad “ar seachrán ó phríomhchuspóir an fhoclóra, i.e., focail chomhchiallacha Gaeilge a thabhairt don Bhéarlóir ar a ghnáthstór focal féin” (The Maynooth Review, Bealtaine 1980, Vol 6, no. 1). Is é fonn a bhí ar na foclóirithe a d’úsáid an modh sin a léiriú gur mór idir saoithiúlacht na Gaeilge agus saoithiúlacht an Bhéarla. Deir de Bhaldraithe: “Is é an tAthair Mac Cionnaith is críochnúla a lean den mhodh oibre sin. Thiomsaigh sé stór mór luachmhar d’fhocail is de leaganacha dúchasacha, ach theip ar a shaothar mar ghnáthfhoclóir don Bhéarlóir ...”

D’éag sé ar 26 Nollaig 1956. Dúradh i gcuntas iarbháis san Irish Times: “He combined an exact knowledge of Irish idiom and poetic diction with an eagerness to see as many Irish texts as possible published and annotated with critical notes”.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú