‘Beidh cuimhne ar Liam mar Rúnaí na Roinne Poist agus Telegrafa ach tá cuimhne agamsa air mar chomharsa caoin agus mar dhuine den dream a chuir dlús le hiriseoireacht agus le foilsitheoireacht na Gaeilge leathchéad bliain ó shin’, a scríobh Aodh Ó Canainn i bhfeartlaoi in Foinse 26 Feabhra 2006. Tá cuntas ar imeachtaí a shaoil ar leathanach na marbh san Irish Times 18 Feabhra 2006. In Inniu 27 Iúil 1973 rinne Liam comhrá le Risteárd Ó Glaisne agus is ann is mó atá eolas ar a óige agus ar a shaothar ar son na teanga.

In Janesville, baile beag in Wisconsin, a rugadh é ar 3 Aibreán 1917. John Regan ó Charraigín Rua, Co. Ros Comáin, agus Mary Sheehan ó Phort Láirge a thuismitheoirí; thall a casadh ar a chéile iad agus a phós siad. Bhí Éireannaigh ó theorainneacha Liatroma, Shligigh agus Ros Comáin ag cur fúthu in Janesville ó lonnaigh fear de mhuintir Shioradáin ón dúiche sin ann i bhfad rompu. Thug John Regan tamall ina shiúinéir, tamall ina fhear múchta tine agus tamall ag díol biotáille. Bhí Liam ar scoil i gClochar na Trócaire sa bhaile sin. ‘Scoil an-deas a bhí ann, agus na siúracha go dícheallach ag iarraidh Meiriceánaigh a dhéanamh as páistí ilchiníocha.’

Bhí sé seacht mbliana go leith, dar lena mhuintir, nuair a chuir an teaghlach fúthu in Éirinn. Is amhlaidh a tháinig John in oidhreacht na feirme i gCarraigín Rua. I ndiaidh freastail ar an scoil áitiúil cuireadh é chuig Coláiste Deoiseach Chnoc an tSamhraidh, Sligeach. I ndiaidh trí bliana ansiúd thosaigh sé ag obair in oifig an phoist i Sligeach agus ina dhiaidh sin i gCara Droma Rúisc. Náisiúnachas a mhuintire a thiomáin i dtreo na Gaeilge é; luann sé go háirithe a Uncail Máirtín. I gcraobh den Chonradh i Sligeach a d’éirigh sé líofa sa Ghaeilge agus bhí sé orthu sin a bhunaigh craobh i gCara Droma Rúisc. Bhí borradh nua ag teacht faoi ghluaiseacht na teanga faoin am ar aistríodh é go Baile Átha Cliath: an tOireachtas athbhunaithe i 1939, Craobh na hAiséirí den Chonradh, bunú Ghlúin na Bua agus Inniu, bunú Comhar.... Cuirtear béim san agallamh sin in Inniu ar a chuid oibre ar son an Chomhchaidrimh: ‘Ghlac Liam páirt ghníomhach in obair an Chomhchaidrimh, go háirithe i dtosach, mar stiúrthóir, eagarthóir agus iriseoir ar iris an Chomhchaidrimh, Comhar, tar éis dó teacht ar an obair sin ar chuireadh ó Sheán Ó hÉigeartaigh.’ Tá aistí, léirmheasanna, gearrscéalta agus dán i gcló aige san iris sna blianta luatha sin agus níl aon amhras ach go raibh baint aige leis an eagarthóireacht. Chaith sé tamall ar chúrsa dioplóma i gColáiste na Trionóide, rud a mhíneodh an bhaint a bhí aige leis an gComhchaidreamh. Luann Seán Mac Réamoinn é in An Comhchaidreamh: crann a chraobhaigh, 1985: ‘Cuimhní níos taitneamhaí ar théarma eagarthóireachta Shéamuis Uí Néill... agus oícheanta ag cur an ábhair le chéile sa teach aige ar an gCarraig Dhubh, in éindí le Máire Mhac an tSaoi, Tomás de Bhaldraithe agus Liam Ó Réagáin. Áiteamh go maidin, agus Caitlín Bean Shéamuis i mbun tae agus tuairimíochta.’ Cé gur fianaise éigin ar phost an eagarthóra a bheith aige is ea alt Uí Ghlaisne, tá sé deacair aon deimhniú a fháil air. Níl amhras ach go raibh aistí agus tuairiscí aige in Inniu ach b’fhéidir gur shíl sé, mar státseirbhíseach sinsearach, gurbh fhearr ainmneacha pinn a tharraingt chuige féin de réir mar ba ghá. Deir Ó Canainn: ‘Bhíodh bac ar ardstátseirbhísigh a gcuid tuairimí a chur os ard, rud a cuireadh i gcuimhne dó agus é ina chomheagarthóir [le Proinsias Mac Aonghusa B8] ar shraith leabhar, The Best of Connolly (1967), The Best of Pearse (1972) agus The Best of Tone (1976).

Gairid tar éis dó teacht go Baile Átha Cliath bhí sé ag múineadh Gaeilge i gCraobh na gCúig Cúigí. Bhí sé ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge i 1947 agus, i 1961, ina chathaoirleach ar Chraobh an Athar Micheál Ó hIceadha, craobh a bhí eisiatach go maith, más aon fhianaise air sin an bhallraíocht a luaitear in Ar Son na Gaeilge..., 1993 le Proinsias Mac Aonghusa. Ní léir go raibh dlúthbhaint den saghas céanna aige riamh le Glúin na Bua.

Is dóigh gurbh i ngeall ar an muinín a bhí as a bhreithiúnas i gcúrsaí scríbhneoireachta go raibh mórbhaint aige leis an gClub Leabhar ó thosach i 1948, é ina stiúrthóir in éineacht le Niall Ó Dónaill, Liam Ó Briain agus Máirín Ní Mhuiríosa agus ina chathaoirleach ó 1966. Thagadh moll mór scríbhinní isteach chucu le léamh, cuid acu doléite (Inniu). Shíl sé i ndeireadh báire nár éirigh leis an gClub a chuid aidhmeanna a bhaint amach: an litríocht a chothú agus daoine a chur ag léamh Gaeilge. Bhí súil go mbeadh leabhar in aghaidh na míosa acu ach bhí an pobal léitheoireachta agus an pobal scríbhneoireachta róbheag. Bhí sé bródúil as gníomh amháin a rinne siad. ‘Is cuimhin liom an uair a thug mé féin agus Niall Ó Dónaill cuairt air [Liam Ó Flaithearta B8] chun iarraidh air leabhar a thabhairt dúinn. Bhí sé thar a bheith sásta, agus ar ndóigh b’in mar a tosaíodh ar Dúil.’ Maidir lena bhreithiúnas léirmheastóireachta, luaitear go háirithe an léirmheas a rinne sé ar Páipéir bhána agus páipéir bhreaca le Máirtín Ó Cadhain in Comhar, Eanáir 1970.

Dúirt sé leis an nGlaisneach gur mhian leis leabhar a scríobh ar ghnéithe den taisteal agus den sléibhteoireacht. Bhí sé orthu sin a bhunaigh Cumann Sléibhteoireachta na hÉireann i 1948 agus rinne dreapadóireacht i Sasana, sa Spáinn, san Eilbhéis agus san Iodáil agus gan amhras in Éirinn. Nuair a chuaigh sé in aois go mór chaill sé radharc na súl. Bhí sé pósta ar Aileen O’Hanrahan agus bhí iníon agus beirt mhac acu. D’éag sé ar 9 Feabhra 2006 agus tugadh a chorp go Mount Jerome lena chréamadh.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú