Nuair a d’éirigh sí aosta b’fhéidir a rá gurbh í an nasc deireanach í le laochra thús na hathbheochana. Agus ba í an duine deireanach í de na mná Protastúnacha ceannasacha oirirce úd a bhí thuas i rith na tréimhse tosaigh sin agus a chaith a ndúthracht leis an teanga a chur chun cinn. Risteárd Ó Glaisne is mó a bhailigh eolas uirthi: tá ar bhailigh sé ina leabhar De Bhunadh Protastúnach: nó Rian Chonradh na Gaeilge, 2000 agus sna hagallaimh a rinne sé léi in Feasta, Aibreán, Meitheamh, Samhain agus Nollaig 1989. Tá cuntas freisin in Inniu 24 Iúil 1953 (‘Comhaimsirigh’) agus ag Eibhlín Ní Chathailriabhaigh in Inniu 16 Márta 1984. Chuir Proinsias Mac Aonghusa agallamh uirthi sa tsraith teilifíse An Fear agus a Scéal a craoladh i mBealtaine 1962; chuir sé agallamh arís uirthi i gclár de chuid Féach i 1979. I mBéal Feirste ar 9 Deireadh Fómhair 1891 a rugadh í do Shéamus Mac Donnchadha, oifigeach Custaim agus Máil, agus Georgina Ffolliott L’Amie. Ba í Lil, nó Lilian, an duine ab óige sa chlann, ceathrar iníonacha (a bhfuair duine díobh, Kitty, bás go han-óg) agus mac amháin. Le linn do Shéamus a bheith ag obair i mBéal Feirste bhí cónaí ar an teaghlach in Ard Mhic Nasca, Co. an Dúin. Tar éis tamaill de bhlianta cuireadh go Cúil Raithin é. Bhí ríspéis aige sa Ghaeilge agus bhí ranganna á múineadh aige sa bhaile sin. Deir Lil gurbh é a spreag a spéis sa teanga: ‘Bhí mé ceithre bliana d’aois, mé i mo leaba—bruitíneach orm. Lá amháin um thráthnóna, nuair a tháinig m’athair ar chuairt chugam, chuir sé leabhar beag im lámha, gramadach Ghaeilge a chuir Cumann Buan-Choimeádta na Gaeilge amach. Dá óige mé bhí mé in ann léamh.’ Cuireadh oideachas uirthi i scoil chiondargairdín ar dtús, ansin i scoil Phreispitéireach i gCúil Raithin, agus ina dhiaidh sin théadh sí ar an traein go scoil i mBaile Monaidh. Nuair a bhí sí tuairim dhá bhliain déag thosaigh a hathair ag múineadh Gaeilge di dáiríre, as leabhar le Norma Borthwick ar dtús agus ar ball as scéalta Shéamuis Uí Dhubhghaill (‘Beirt Fhear’) agus Phádraig Uí Shéaghdha (‘Conán Maol’). D’aistrigh siad go Baile Átha Cliath i 1907 agus bhí cónaí orthu i Ráth Garbh. Chláraigh an t-athair agus Lil mar bhaill i gCraobh na gCúig gCúigí. Deir Ní Chathailriabhaigh: ‘Dúirt sí liom gur chuma cén rud eile a bheadh ar siúl aici gur in imeachtaí Chonradh na Gaeilge is mó a chuir sí suim as sin amach.’ Bhí sí ag freastal ar Choláiste Alexandra mar a raibh rang Gaeilge ag Máire Ní Chinnéide. Chuaigh sí go Coláiste na Tríonóide i 1910 agus ba dhuine í den chéad deichniúr ban ann. Roghnaigh sí an Léann Ceilteach, an Fhraincis agus an Ghearmáinis. Ón Scrúdú Idirmheánach Sóisearach ar aghaidh, idir scoláireachtaí agus dhuaiseanna, bhí sí in ann íoc as a hoideachas féin, agus fuair sí sadhsóireacht chun freastal ar an ollscoil. ‘Dise a tugadh an Burke Memorial Prize as na marcanna ab airde in Éirinn a fháil ar na hábhair go léir a thógáil le céile bliain amháin’ (De Bhunadh Protastúnach). Bhuaigh sí an Bonn Mór Óir agus onóracha den chéad ghrád sna scrúduithe céime sa choláiste i 1914. Ghlacadh sí páirt ghníomhach i gcumann na mban sa choláiste, The Elizabethan Society.

Bhí sí ag múineadh ar feadh leathbhliana in Mercer’s, meánscoil do chailíní i gCaisleán Cnucha. Ansin fuair sí post i Scoil Alexandra a lean go dtí 1933. Ceapadh í an bhliain sin mar chúntóir ag George Ruth i gColáiste Moibhí, coláiste ullmhúcháin Protastúnach d’ábhair múinteoirí. Bhí sí ina Príomhoide ann ó 1934 go dtí gur éirigh sí as an bpost i 1951. Is amhlaidh a tairgeadh post di a luaithe a bunaíodh an coláiste sin ach nár ghlac sí leis le heagla go mbeadh uirthi móid dílseachta don stát a thabhairt. Deir Ó Glaisne: ‘Riamh is choíche, is leis na Poblachtaigh a bhí croí Lil, ach mar sin féin chreid sí riamh go fuineadh a saoil gur thábhachtaí bua a bhaint amach don Ghaeilge ná bua polaitíochta ná bua míleata dá fheabhas.’ ‘Tá clú agus meas ar Lil Nic Dhonnchadha as an obair a rinne sí ar son na Gaeilge sa choláiste sin, agus is iomaí Protastúnach óg Éireannach a labhrann Gaeilge agus a chleachtann a chreideamh inti de bharr na hoibre sin’ (Inniu 24 Iúil 1953). ‘An Mháthair Ab’ a thugtaí uirthi sa choláiste. Ó 1958 ar feadh trí bliana, tar éis bhás Sheáin Beaumont, bhí post sealadach aici mar léachtóir le Gaeilge i gColáiste na Tríonóide.

Ba bhall fíorghníomhach i gConradh na Gaeilge í: bhí sí tamall ar choiste Chraobh na gCúig gCúigí, tamall freisin ar Choiste Ceantair Bhaile Átha Cliath, agus ar feadh ocht mbliana ó 1916, tréimhse dhuaisiúil i stair an Chonartha, bhí sí ina ball den Choiste Gnó. Bhí sí ag Ardfheis an Chonartha i nDún Dealgan i 1915 agus, cé go raibh sí cairdiúil le Dubhghlas de hÍde, thaitin léi gur ag náisiúnaithe láidre a bhí an lámh uachtair sa Chonradh as sin amach. Chaith sí tamall ar choiste de chuid Roinn Oideachais na Chéad Dála (Ní Chathailriabhaigh). D’eagraíodh sí céilithe agus drámaí, agus bhailíodh airgead. Réitigh sí Taispeántas Ealaíne an Oireachtais bliain amháin. Sna 1950idí bhunaigh sí féin agus Caitlín Ní Dhomhnaill an Caidreamh Protastúnach, club sóisialta do Ghaeilgeoirí Protastúnacha. Bhí sí ina ball de Choiste an Oireachtais agus i 1955 ina hUachtarán ar an bhféile. Ba bhuanbhall de chuid Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge í. Bhí spéis aici sa cheol Gaelach agus baint aici le coiste a bhí ag iarraidh go mbunófaí acadamh le haghaidh an cheoil sin agus go mbeadh Carl Hardebec ina stiúrthóir air. Bhí sí ina ball de chomhairle chomhairleach Radio Éireann agus de Chomhar Cultúra Éireann. Bronnadh Gradam Sheachtain na Gaeilge uirthi i 1979.

Ó 1936 bhí sí ina ball gníomhach de Chumann Gaelach na hEaglaise agus bhí ina rúnaí 1963-66. Bhí baint aici le foilsiú An Leabhar Urnaí Nua; bhí sí ar dhuine de na haistritheoirí sa bhfiontar sin ó 1946 agus is uirthi a thit cúraimí clóscríbhneoireachta agus caighdeánaithe. Ba í a lorg tacaíocht rialtais don obair. Ba í freisin a rinne an chuid is mó den obair a bhain leis an Leabhar Iomann Nua, 1962; chum sí ceann de na hiomainn (‘Moladh liomsa Rí na Glóire’) agus d’aistrigh sí dosaen eile. Bhí sí páirteach freisin in ullmhú Leabhar na hUrnaí Coitinne, 1965. Bhain dua freisin le hullmhú eagrán 1970 de Tiomna Nua ár dTiarna agus ár Slánaitheora Íosa Críost (aistriúchán Choslett Uí Chuinn) don chlódóir. Bhí sí ina ball de bhord Ardeaglais Chríost agus ina ball de Sheanad na Deoise. Is in ómós di a d’fhoilsigh Cumann Gaelach na hEaglaise, i gcomhar le Bord na Gaeilge, Ceol Diaga do Chóracha, 1993 in eagar ag Róisín Uí Chuill (‘I ndilchuimhne Lil Nic Dhonnchadha, scoláire, múinteoir agus ceoltóir, a bhí riamh dílis don Eaglais agus don Ghaeilge, agus a bhí páirteach i mbunú Chumann Gaelach na hEaglaise sa bhliain 1914’). Bhí scéal aici in Béaloideas, 1928. Chuir sí eagar ar thráchtas ar fhiabhrais in Revue Celtique, 1932 agus ar scéal as Leabhar Fhear Muighe, ‘Altram Tige da Medar,’ a foilsíodh in Ériu, 1932. Nuair a shíl sí insint Austin Clarke ar an scéal, The Moment next to nothing, a bheith graosta, réitigh sí leagan Nua-Ghaeilge don raidió; craoladh é i mí Iúil 1956 (agus foilsíodh é in Feasta, Bealtaine 1957 et seq.) D’fhoilsigh Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath a heagrán de Aided Muirchertaig Meic Erca, 1964. Chuir sí eagar ar dhá fhascúl de chlár na lámhscríbhinní in Acadamh Ríoga na hÉireann. Ó 1979 amach bhí sí i dTeach Naomh Muire i bPáirc Pembroke, teach banaltrais a bhí ag mná rialta Anglacánacha. D’éag sí 9 Márta 1984 agus tá sí curtha i mBinn Éadair.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú