Ó CONAIRE, Mícheál (1919–2010)

Bhí Micil ar dhuine den ghlúin a bhunaigh Gaeltacht Ráth Chairn, Co. na Mí. Fear Gaeltachta é nach raibh cáil air riamh mar sheanchaí, mar scéalaí ná mar amhránaí. Ach, agus é imithe in aois, rinne Conchúr Ó Giollagáin, scoláire teangeolaíochta, a chuimhní cinn a a chur ar phár agus d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta iad in 1999 faoin teideal Stairsheanchas Mhicil Chonraí: ón Máimín go Ráth Chairn, in eagar ag Ó Giollagáin. Tá sé éagsúil le beathaisnéisí Gaeltachta eile sa mhéid nach í an ghnátheagarthóireacht a rinneadh air agus dá bharr gurb é guth dílis Mhicil a chloisimid ó thosach deireadh nach mór (is é a dheartháir John atá ag labhairt tamall sa trian tosaigh den leabhar). In Béaloideas (2001) scríobh Gearóid Denvir: ‘Is é atá ann i ndáiríre tuairisc íogair, mhacánta ó bhonn aníos ar aistear saoil an duine bhig nach mbactar lena leithéid sna leabhair mhóra staire ná sna cáipéisí oifigiúla stáit.’ Leabhar eisceachtúil é ar bhealach eile, go bhfuil suas is anuas le seachtó leathanach d’aguisíní ann ag Ó Giollagáin faoi na teidil ‘Modh eagarthóireachta,’ ‘Aguisín foclóra’ agus ‘Aguisín na dtéipeanna,’ chomh maith le leathanach is fiche de réamhrá. Sa léirmheas in The Irish Times ar 22 Iúil 2000 scríobh Liam Mac Cóil: ‘Although eminently straightforward, this is not a simple book; its genesis and subsequent editing are almost as interesting as the content, and have many implications for the future of the genre.’ Faoin teideal Une vie Irlandaise: du Connemara à Ráth Chairn; histoire de la vie de Micil Chonraí (2010) a d’aistrigh Jean Le Dû go Fraincis é.

Sa Mháimín i gceantar na nOileán, Conamara, a rugadh Micil ar 20 Lúnasa 1919 (ar an lá roimhe sin, dar lena iníon). Ba dhuine é den cheathrar buachaillí agus beirt deirfiúracha ag Maidhcilín Chonraí agus Áine Ní Lupáin. Is inspéise an cur síos ann ar an teach inar tógadh iad: gan ann ach an dá sheomra agus an chlann ina gcodladh istoíche i seomra díobh agus cuirtín idir na buachaillí agus na cailíní (a dtugann Micil iron curtain air!). D’oibríodh a n-athair an-chrua ag baint feamainne, ag déanamh an earraigh, ag búistéireacht, ag obair ar an bportach, ag iascaireacht agus idir chléibh agus chiseoga á ndéanamh aige. Bhí caoirigh aige agus bhíodh cardáil olla ar siúl ag an máthair. ‘B’é an television a bhí againn an ceol a bhíodh ag an tuirne nuair a bhíodh muid ag goil a chodladh san oíche.’ Ní rómhaith a réitigh Scoil Thír an Fhia leis. ‘Cheithre bliana déag’ de spídiúlacht’ a deir sé a bhí sa tréimhse sin dá óige. Ach is iomaí sin gné de ghnáthshaol an cheantair a dtráchtann sé orthu: cleamhnais agus pósadh, poitín, a dhonacht a bhí cuid de na sagairt agus tórraimh.

Sa bhliain 1935 bhí Micil 16 bliana d’aois nuair a aistríodh an teaghlach go Ráth Chairn, Co. na Mí. An cur síos aige ar an eachtra mhór sin, tá sé idir mhion, mhacánta agus inspéise. Thuigfeá gurbh údar mór uaignis ar fud an cheantair é. ‘Bhí sé chomh maith agus dhá mbeidís ag goil go Meiriocá ná goil go Sasana…Mar a bheadh teach tórraimh ann, bhíodar ag teacht isteach agus ag croitheadh lámha.’ Tá cur síos aige ar na difríochtaí saoil go léir arbh éigean aghaidh a thabhairt orthu i gContae na Mí. Gan amhras níorbh í an fháilte a bhí ag cuid de mhuintir na Mí rompu.

As sin amach is tuairisc ar a shaol féin is mó atá sa leabhar. ‘The account gains depth and poignancy when Micil goes on to tell us about his own career, thereby casting interesting light on some major aspects of Irish life as lived in the middle of the 20th century’ (Liam Mac Cóil, The Irish Times 22 Iúil 2000). Tar éis dó tamall a chaitheamh ag cairéalú agus tamall ag sclábhaíocht do thiarna talún agus d’fheirmeoirí láidre chaith sé tréimhse na hÉigeandála ina shaighdiúir in Arm na hÉireann (ó 1939 go 1947), é sá Chéad Chath sa Rinn Mhór i nGaillimh cuid mhaith den am. Tá cur síos insuime aige ar an gcathair i rith na tréimhse sin. Nuair a phós sé Bríd Ní Eidhin in 1940 bhí de cheart aige liúntas pósta a fháil. Bhí sin faighte ag cuid dá chomrádaithe. Nuair a tugadh éisteacht na cluaise bodhaire dó cad a rinne sé ar deireadh ach éalú leis abhaile. Tréigtheoir airm ba ea é agus rugadh air ach aithníodh ar ball go ndearnadh éagóir air maidir leis an liúntas pósta sin.

Ar feadh ceithre bliana i ndiaidh 1949 bhí an eitinn air agus chaith sé tamall fada i Sanatóir Peamount. Cuntas breá atá aige ar an eispéireas sin. A bhfuil le rá aige i dtaobh teagmhálacha gnéis idir othair agus banaltraí óga, chuirfeadh sé i gcuimhne don léitheoir na sleachta as dialanna Sheáin Uí Ríordáin in Seán Ó Ríordáin: beatha agus saothar (1982) le Seán Ó Coileáin. Mar seo a chuireann Gréagóir Ó Dúill síos ar an eispéireas sin: ‘Ní lú is spéisiúil cuntas Mhicil… ar a shaol mar othar faoin eitinn a chuireann lenár dtuiscint ar fhilíocht an Ríordánaigh.’ (Foinse, 6 Lúnasa 2000). Chuir sé an tamall i bPeamount chun tairbhe dó féin ar bhealach tábhachtach amháin. In ainneoin na mblianta sin den scolaíocht i dTír an Fhia is ar éigean a bhí sé in ann litreacha a scríobh abhaile ón sanatóir chuig a bhean Bríd. Tharla múinteoir as Loch Garman ann mar othar agus bhí seisean sásta scríbhneoireacht ní b’fhearr a chur ar a chumas. Ba mhór an chabhair sin dó ar ball chun post maith seasta mar fheighlí a fháil i dTeach an Chontae (Ospidéal Sheosaimh Naofa, Baile Átha Troim). Chaith sé an tréimhse ó 1953 go 1983 ann. Má bhí drochmheas aige ar shagairt a óige agus ar shagairt a raibh teagmhálacha aige leo sa Mhí, ní ró-ard a mheas anois ar chuid de na mná rialta ar theagmhaigh sé leo ansiúd. Is fianaise thábhachtach inléite an cuntas a thugann sé dúinn ar an mbrúidiúlacht agus an neamhthrócaireacht a chleachtaítí in institiúidí dá leithéid. I gcás na mban óg ar rugadh páistí dóibh taobh amuigh den phósadh ba gheall le príosúin dóibh é i ndáiríre. Bhí mórchuid de na seaninstitiúidí sin ann go fóill sa Mhí féin le linn Mhicil. Tríocha bliain a chaith sé ag obair i dTeach sin an Chontae. Bhí néaltrú (‘an donacht’ an téarma atá ag Micil) ar a bhean, Bríd, ar feadh sé bliana go dtí a bás i mí Aibreáin 1998 agus is mór a d’fhulaing sé i rith an ama sin. Bhí triúr mac agus iníon acu agus seachtar garchlainne; ba shin-seanathair é ar naonúr.

Meaití Joe Shéamuis Ó Fátharta, Raidió na Gaeltachta, a spreag é an chéad lá chun a chuimhní cinn a thaifeadadh ar chlostéipeanna. Chuir Micil tús leis sin in 1990 agus is in 1993 a lonnaigh an scoláire teangeolaíochta Conchúr Ó Giollagáin i Ráth Chairn. Mar eagarthóir, chabhraigh seisean le Micil chomh fada is a bhain le leanúnachas a scéil. Ach bhí mínithe aige dó gur cuid lárnach dá scéal a urlabhra dílis féin – ‘go mbainfí d’fhírinne agus d’fhiúntas an tsaothair dá mbrúfaí stíl duine eile anuas ar an ábhar.’ Fágann sin nach bhfuil ról an eagarthóra le tabhairt faoi deara. D’éag Micil ar 12 Márta 2010.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

Leabhair