Tá cuntas ar an teangeolaí seo ag David O’Donoghue in Hitler’s Irish voices; the Story of German Radio’s wartime Irish Service, 1998; in Zeitschrift für celtische Philologie, 2002 tá cuntas iarbháis i nGearmáinis ag Arndt Wigger. In Rüstringen, gar do Oldenburg i dtuaisceart na Gearmáine, a rugadh é 18 Samhain 1909. Ní raibh mórán de mhaoin an tsaoil ag a mhuintir. Cuireadh meánscolaíocht air sa Mariengymnasium in Jever. Rinne sé staidéar in Marburg ó 1928 agus i mBeirlín ó 1930 ar an teangeolaíocht agus bhí ar ball ar dhuine de theangeolaithe tábhachtacha na Gearmáine; chuir sé suim ar leith i gcúrsaí cultúir agus creidimh. Cuireadh brú air chun go rachadh sé isteach sa pháirtí Naitsíoch. ‘The reason was that my studies had been paid for by the Studienstifung [fundúireacht scoláireachtaí na mac léinn] whose members were told that since the Reich had done so much to promote their studies they should show some gratitude and that the least they could, and should, do was to enter the party. That I did in order to be left undisturbed further on’ (Hitler’s Irish voices). I 1936 bhain sé céim amach in Ollscoil Bheirlín,an Ghearmáin le tráchtas a bhaineann le gné den aidiacht sa Rúisis. Ní raibh sé sa Rúis riamh; bhí an teanga foghlamtha aige ó inimirceach.

Fuair sé deontas ón roinn oideachais sa Ghearmáin chun teacht go hÉirinn in Aibreán 1937 agus staidéar a dhéanamh ar an mbéaloideas agus ar an nGaeilge. Bhí sé ag obair faoi Adolf Mahr in Ard-Mhúsaem na hÉireann ar dtús ach d’aistrigh go Coimisiún an Bhéaloideasa mar a raibh sé ag obair faoi Shéamus Ó Duilearga agus i gcomhar le Máire MacNeill agus Seán Ó Súilleabháin, fear a bheadh ina chara mór aige. Chuir Ó Súilleabháin agus é féin ceistneoir le chéile le cur chuig ceantair Ghaeltachta. Chaith sé tamall i dteach Phádraig Mhic an Iomaire i gCarna, Co. na Gaillimhe, ag foghlaim Gaeilge agus chaith sé tamaill i dTeileann agus sa Bhun Beag. Deir O’Donoghue: ‘In the 1930s Hartmann was at his happiest wandering the remote boreens of Connemara and Donegal. In those Gaeltacht areas he tried to get to grips with the dialectical maze of a language which had, at that time, few written guidelines for students.’ Bhunaigh Hartmann a thráchtas ar eolas a bhailigh sé agus foilsíodh i 1942 é faoin teideal Über Krankheit, Tod und Jenseitsvorstellungen in Irland [Tinneas, an bás agus coincheapa i dtaobh na síoraíochta in Éirinn]. Do Dhubhglas de hÍde a thiomnaigh sé é; bhí iarrta aige ar Eduard Hempel, an taidhleoir Gearmánach, an Craoibhín a cheadú faoin tiomnú. Ní raibh cead ag mic léinn ón iasacht ach bliain a chaitheamh in Éirinn ach chabhraigh Ó Duilearga leis cead a fháil fanacht dhá bhliain go leith eile. Bhí baint aige leis an gCumann Gearmánach i mBaile Átha Cliath. D’fhill sé ar an nGearmáin i nDeireadh Fómhair 1939. Deir O’Donoghue go gcoinníodh G2, rannóg eolais Arm na hÉireann, súil ghéar air i rith na tréimhse sin; compánaigh óil aige ba ea Helmut Clissmann agus Mahr, fir a bhí ag feidhmiú thar ceann na Gearmáine.

Bhí Ludwig Mühlhausen ag craoladh i nGaeilge ar an stáisiún Irland-Redaktion sa Ghearmáin ó Nollaig 1939. Go luath i 1940 d’iarr sé ar a mhac léinn Hartmann caint Ghaeilge a chraoladh gach seachtain. Deir O’Donoghue: ‘With the war on, Hartmann could hardly refuse the request, especially as he was depending on Mühlhausen to supervise his doctorate from which he hoped to get a teaching job at the university (he did that, just two years later).’ Deir sé gurbh í an aidhm a bhí aige go príomha an Ghaeilge agus cultúr na Gaeilge a chur chun cinn. Roimh Nollaig 1941 cheap Adolf Mahr é ina cheannaire ar Irland-Redaktion. Sna craoltaí seo thugadh sé giotaí as dialann Theobald Wolfe Tone mar a bhí siad aistrithe ag Pádraig Ó Siochfhradha: ‘It was a useful way of filling Irish language talks and was thoroughly in keeping with the Irland-Redaktion technique, devised by Mahr, of focusing on the past and, in particular on Ireland’s fight against the British’ (O’Donoghue). I litir in Irish Times 11 Meán Fómhair 2002 deir an t-údar sin: ‘In fact, secret messages were broadcast later in the war, from January 1942, to pro-German elements in Ireland, mainly using a code hidden in Dr Hartmann’s on-air extracts from an Irish translation of Wolfe Tone’s diaries.’ Deirtear gur mó a bhítí ag éisteacht le craoltaí Mühlhausen agus Hartmann i nDún na nGall ná i gceantair eile Ghaeltachta. Faoi 1942 bhí críoch á cur aige in Ollscoil Bheirlín, an Ghearmáin lena thráchtas agus fuair sé post léachtóra ann. I Lúnasa 1943 aistríodh Irland-Redaktion go Luxembourg agus lean Hartmann air ag craoladh ansiúd. I 1944 d’aistríodh an tseirbhís go Apen in aice le Oldenberg. Nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh chaith sé 1945-48 in Westerstede, gar do Apen. Níor cuireadh isteach air ansin agus níor gabhadh é; sna Briotanaigh úd a bhí ag cabhrú leis an nGearmáin, agus iontusan amháin, a bhí spéis na n-oifigeach Briotanacha a chuir agallamh air.

Bhí sé pósta ar Helen Neugebauer, duine de chlóscríobhaithe leagáideacht na Gearmáine i mBaile Átha Cliath. Bhí mac amháin acu ar a laghad. ‘I lived from the outset as a free man in the British zone where the living conditions at the beginning were hard in the extreme, causing many anxieties and fear which I communicated to my friends abroad. But I managed, with the aid of my wife, to make a living by doing translations, working in a nearby bog to obtain fuel for heating and cooking, and by securing most valuable help from friends in Ireland’ (Hitler’s Irish voices). Thug Seán Ó Súilleabháin cabhair airgid dó agus tháinig Hartmann go hÉirinn ina dhiaidh sin chun buíochas a ghabháil leis. Murab ionann agus Mühlhausen ní raibh meas Naitsí ar Hartmann ag a chairde in Éirinn, Ó Súilleabháin agus Seán Ó hEochaidh ina measc. Eisceacht ba ea Binchy. ‘At a social function in Dublin in the 1960s, someone introduced the German scholar to Professor Dan Binchy with the words, “Have you met Dr Hartmann?” Turning on his heel, Binchy replied; “No, but I heard his voice”’ (O’Donoghue). B’fhéidir gur cheann de dhualgais an Bhínsigh, a bhí ag obair i seirbhís eolais na Breataine, a bheith ag éisteacht go haireach le cainteanna raidió Hartmann.

Fuair sé post léachtóra sa Teangeolaíocht Cheilteach in Ollscoil Göttingen i 1948 agus i 1953 ceapadh é ina ollamh le Teangeolaíocht Chomparáideach in Ollscoil Hamburg. Scoir sé den ollúnacht i 1974 ach lean air ag obair. D’fhill sé ar Éirinn sna 1960idí agus chruinnigh ábhar i gConamara, i gCiarraí agus i gCo. Dhún na nGall. Deir O’Donoghue: ‘Hartmann was also assisted in this research work by UCD’s Professor of Irish, Tomás de Bhaldraithe. Many language students have since made the trip to Hamburg to analyse and help catalogue Hartmann’s huge collection of sound recordings in Irish.’ Bhí sé ar dhuine d’eagarthóirí Zeitschrift für celtische Philologie i rith 1970-79. D’fhoilsigh sé Der Totenkult in Irland: Ein Beitrag zur Religion der Indogermanen, 1952; Das Passiv. Eine Studie zur Geistesgeschichte der Kelten, Italiker und Arier, 1954. Foilsíodh Airneán. Eine Sammlung von Texten aus Carna, Co. na Gaillimhe, 1996 le Hartmann, de Bhaldraithe agus Ruairí Ó hUiginn; ábhar a bailíodh i gCarna atá ann agus tá Wigger ag obair ar an bhfuíollach de nócha faoin gcéad den bhailiúchán iomlán nó tuairim is céad uair an chloig de chomhráití. Bhí cónaí ar Hartmann in Köln. D’éag sé 11 Nollaig 2000.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú