Tá cuntas ar an scoláire Gearmánach seo ag David O’Donoghue in Hitler’s Irish voices; the story of German radio’s wartime Irish service, 1998. ‘Goebbels’ Gaelic Lord Haw Haw’ a thugann an t-údar sin air. Rugadh é in Kassel, An Ghearmáin. Fuair sé dochtúireacht ó Ollscoil Leipzig. Rinne sé roinnt spíodóireachta i ndeisceart na Beilge i rith Chogadh Domhanda 1914-18. Bhí sé féin agus a bhean Else bainteach le dreamanna aintoisctheacha den eite dheis le fada sular cheangail sé leis an bpáirtí Naitsíoch i 1932. Chuidigh an páirtí sin leis dul chun cinn sa saol acadúil: tugadh bóthar don Dr Rosenbaum, Stiúrthóir Leabharlann Tráchtála Hamburg, toisc gur Ghiúdach é agus chun go mbeadh an post ag Mühlhausen; i 1935 briseadh Julius Pokorny as cathaoir na Ceiltise in Ollscoil Bheirlín, an Ghearmáin toisc fuil Ghiúdach a bheith ann agus, b’fhéidir, chun gurbh ag Mülhausen a bheadh an post. Bhí sé ina bhall den SA (Sturmabteilung nó mílíste polaitiúil an pháirtí) sna 1930idí agus den SS (Schutz-Staffel nó póilíní speisialta) ina dhiaidh sin.

Ba é a bhunaigh roinn an Léinn Cheiltigh in Ollscoil Hamburg i 1928. Ceapadh é ina ollamh le Léann Ceilteach in Ollscoil Bheirlín, an Ghearmáin i 1937. Mhúin beirt de scoláirí óga Choláiste Ollscoile Chorcaí, Joe Healy agus Séamus Caomhánach, Gaeilge dó sa Ghearmáin féin; thug sé sraith léachtaí i gCorcaigh i samhradh 1929. Bhí tamaill caite aige sa Ghaeltacht (an Blascaod, Cor na Móna, Teileann) i rith 1929-38 agus staidéar déanta aige ar an teanga labhartha agus ar an mbéaloideas. Deir Leon Ó Broin (Just like yesterday, 1985): ‘I had been to Donegal in 1938 to learn something about the local Irish dialect, and found myself sharing a room in a cottage with a German, a Professor Ludwig Mülhausen. He, too, I understood, was a student of Irish language dialects, and had worked his way up to Teelin from the Kerry coastal Gaeltacht. He was studying other things besides. He photographed untiringly, and local people observed that, when returning to Dublin, on his way back to Germany, he never ventured through the British-controlled area in the North. He would take the longer journey round by Sligo. When we woke the first morning we were together he took out his Nazi song book and sang a verse or two: I responded by kneeling down and provocatively blessing myself. He then put on his dressing gown, walked with me to the pier head nearby and dived into the bleak sea. Not to be outdone I did the same; and nearly died of the cold. I gave this morning exercise up; the Nazi, a man of tougher breed, did not. We ate our meals together in the kitchen. I, conscious of the demands of Irish hospitality, began by passing things to him, but I gave that up too, because he never passed anything to me, so that meals would end with an accumulation of dishes at his side of the table, and little or nothing at mine. When the war came he spoke from Germany in Irish by radio to remind us who were our friends and who were our enemies. The latter he reminded us had sent us the Black and Tans’.

Craoladh a chéad chaint ar an stáisiún Irland-Redaktion ar 10 Nollaig 1939 agus lean an clár ag an am céanna gach seachtain. Cé gur measadh nach raibh ar siúl aige ach bolscaireacht thur ar son Hitler, cuireadh lena lucht éisteachta in Éirinn toisc gur i ndiaidh Lord Haw-Haw a chraoladh sé. Deir O’Donoghue gur chuir an Dr Hempel, ceann leagáideacht na Gearmáine in Éirinn, in iúl dá uachtaráin go raibh riméad ar rialtas na hÉireann i dtaobh an aitheantais idirnáisiúnta seo a bhí tugtha don Ghaeilge. Roimh Nollaig chuir Mühlhausen beannachtaí na féile chuig Seán Ó hEochaidh, bailitheoir béaloidis. Bhí aithne aige ar Sheán ó bhí sé i dTeileann. ‘The Garda surveillance on Ó hEochaidh was only lifted when Professor Delargy [Ó Duilearga] intervened to explain to the Department of Justice the innocent relationship between Mulhausen and the Donegal man’ (O’Donoghue). D’fhág Mühlhausen Irland-Redaktion i 1941 agus chaith tamall ag obair ar son an SS mar dhara leifteanant sa Bhriotáin; bhí Briotáinis ar a thoil aige freisin, chomh maith le Breatnais, Pléimeannais, Ollannais, agus teangacha eile. Ghabh na Meiriceánaigh é san Ostair i 1945. Chaith sé beagnach trí bliana i gcampaí géibhinn. Deir O’Donoghue gur sheachain lucht an léinn Cheiltigh é ina dhiaidh sin agus is beag má rinne sé aon obair scolártha eile. Is é a dúirt iníon leis gur drochshláinte agus drochmhisneach i ndiaidh na gcampaí ba chúis leis. D’éag sé 15 Aibreán 1956. Is é a thabharfadh duine leis ó liosta na gcuntas iarbháis in Bibliography of Irish Linguistics and Literature 1942-71, 1986 le Rolf Baumgarten nárbh fhiú le haon duine dá chomhscoláirí tuairisc a thabhairt air sna hirisí léannta.

In Zeitschrift für celtische Philologie, 1927 tá cuid de ‘Eachtra an Amadáin Mhóir’ aistrithe go Gearmáinis aige. Foilsíodh Zehn irische Volkserzählungen aus Süd-Donegal, 1939 ina bhfuil scéalta Gaeilge agus leaganacha Gearmáinise díobh. I 1956 foilsíodh Diarmuid mit dem roten Bart. Irische Zaubermarchen. Ó Shéamus Ó Casaide, Teilionn [B5, lch 290] a bhailigh sé cuid de na scéalta. I Maigh Eo, i gCiarraí, i gContae na Gaillimhe agus i gCléire a bailíodh cuid eile díobh. Dúramar san iontráil ar Thadhg Ó Donnchadha go ndearna an scoláire sin staidéar faoi Mhülhausen in Heidelberg ach tá sé deacair bonn a chur leis an ráiteas sin. In Taighde agus Teagasc 3, 2003 tá ‘Julius Pokorny, Ludwig Mülhausen agus an Naitsíochas: An Idé-eolaíocht agus an Léann Ceilteach in Ollscoil Bheirlín 1933-1945’ le Pól Ó Dochartaigh.

Scoláire Ceiltise eile a chraoladh Gaeilge ón nGearmáin, agus a bhfuil cuntas air sa chomhthéacs sin ag O’Donoghue, is ea Hans Hartmann (1909-). Is léir nach raibh sé ina Naitsí chomh dícheallach le Mühlhausen, má bhí sé ina Naitsí, agus go raibh cion air ag a chairde in Éirinn. Bhí sé beo go fóill i 1997. Tá a ailt sna hirisí léannta liostaithe ag Baumgarten.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú