Tá eolas ina thaobh in: Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995, 1995 le Seán Ó Cearnaigh; Irish Times 18 Nollaig, 2004. In Imileá i bparóiste Bhaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí, a rugadh é ar 21 Feabhra 1917; ba dhuine é den seisear clainne a bhí ag Séamus Ó Súilleabháin agus Máire Feiritéar. Deirfiúr leis an scríbhneoir Siobhán Ní Shúilleabháin. Tar éis meánscolaíochta i gColáiste Bhréanainn agus i gColáiste Cholmáin, Mainistir Fhear Maí, thug scoláireacht é chuig Coláiste Ollscoile na Gaillimhe. Sa Laidin agus sa Ghaeilge a ghnóthaigh sé an B.A. D’éirigh leis an Ard-Dioplóma san Oideachas a fháil freisin. Ar feadh éigeandail 1939-45 bhí sé ina oifigeach airm.

Sa Cheardscoil sa Mhuileann gCearr a thosaigh sé ag múinteoireacht. Ó 1950 go ceann sé bliana bhí sé ina phríomhoide i gCeardscoil Bhéal Átha na Sluaighe. Ceapadh é ansin ina chigire ceardscoileanna agus bhí sé ina phríomhchigire cúnta nuair a chuaigh sé ar pinsean i 1982. Bhí dlúthbhaint aige le bunú na scoileanna pobail, na scoileanna cuimsitheacha agus na gcoláistí réigiúnda teicneolaíochta.

Léirigh Taibhdhearc na Gaillimhe a dhráma Ach ní castar na cnoic 17-20 Márta 1955 (Stair dhrámaíocht na Gaeilge 1900-1970, 1993 le Pádraig Ó Siadhail) agus bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais ar ghearrscéalta agus ar dhrámaí. Bhuaigh a chéad úrscéal An fear aduaidh, 1978 Duais Speisialta Cuimhneacháin Sheáin Uí Éigeartaigh ag Oireachtas 1975. Is iad Créamaraí, 1984 agus Peacaí na nAithreacha, 1992 an dá úrscéal eile dá thríológ. I gCluain Tarbh, Baile Átha Cliath, a bhí cónaí air féin agus a bhean Eibhlín Ní Bhriain. Bhí mac agus beirt iníonacha acu. Bhí galar Pharkinson air le tamall sula bhfuair sé bás ar 4 Nollaig 2004.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú