NÍ SHÚILLEABHÁIN, Siobhán (1928–2013)

Agus í ag trácht ar an gcéad chnuasach filíochta a d’fhoilsigh Siobhán Ní Shúilleabháin, Cnuasach trá (2000), dúirt Máire Mhac an tSaoi:

She has established herself, to my mind, as the authentic voice of the unjustly maligned forties and fifties in this island; certainly the voice of those who enthusiastically espoused the cause of the Irish language; even more certainly of those of us who were women.

In Imileá, Baile an Fheirtéaraigh, Corca Dhuibhne, a rugadh Siobhán Ní Shúilleabháin ar 31 Lúnasa 1928. Feirmeoirí ba ea a muintir agus bhí seisear clainne acu. Ba í Siobhán an dara duine ab óige. D’fhreastail sí ar Choláiste Íde sa Daingean, Co. Chiarraí, agus ar an choláiste oiliúna i nDún Carúin, Baile Átha Cliath. Maidir leis na coláistí ullmhúcháin, coláistí iad seo ina mbíodh daltaí á n-ullmhú le cúrsa múinteoireachta a dhéanamh i gceann de na coláistí oiliúna. Agus í ag cuimhneamh ar Choláiste Íde, níorbh eol di aon mheánscoil eile sa tír a bhí lán-Ghaelach ar a nós:

Gach pioc de shaol na scoile, idir obair, caitheamh aimsire agus cluichí, trí Ghaeilge amháin a deintí é, agus ní deintí aon eisceacht i gcúrsaí Teagasc Críostaí ach oiread. Geall le peaca marfach focal Béarla a labhairt ann. Agus ní nach ionadh, cailíní ón nGalltacht ná bíodh an tarna focal Gaelainne acu ag teacht ann dóibh, ní bhídís i bhfad ag teacht isteach uirthi agus í mórthimpeall orthu (Comhar, Aibreán 1960).

Ba ar Choláiste Íde a aithníodh an bua ealaíne a bhí aici nuair a bhain sí an bonn óir don ealaín i scrúdú na Meánteistiméireachta. Bhronn sí féin dealbh de Mhuire agus an leanbh Íosa ar Choláiste Íde blianta ina dhiaidh sin, agus tá sí le feiceáil go fóill taobh amuigh de shéipéal an choláiste.

Ó 1948 go 1952 bhí sí ag múineadh sa scoil náisiúnta sa Chabrach, Baile Átha Cliath. Chaith sí trí bliana ansin ag obair ar an fhoclóir Béarla-Gaeilge faoi eagarthóireacht Thomáis de Bhaldraithe. Phós sí P.L. (Leo) Henry in 1955 agus chónaigh sí i mBaile Átha Cliath go dtí 1960; i mBéal Feirste idir 1960 agus 1965; i gConamara ó 1965 go 1966; agus ar feadh corradh le 46 bliana i nGaillimh gur bhásaigh sí ar 21 Bealtaine 2013. Bhí seisear clainne aici féin agus a fear céile Leo. Bhí tionchar ag Donncha Ó Céileachair (1918–1960) agus Máire Mhac an tSaoi uirthi nuair a bhí sí ag obair leo ar an fhoclóir, ach bhí sí faoi anáil scríbhneoirí Chorca Dhuibhne riamh anall, agus thug sí suntas do shaothar a dearthár, Mícheál Ó Súilleabháin, (1917–2004) a scríobh An fear aduaidh (1978) agus eile.

Scríbhneoir bisiúil a bhí inti a chleacht mórán cineálacha scríbhneoireachta, orthu sin, an drámaíocht, an úrscéalaíocht, an ghearrscéalaíocht, an fhilíocht agus ficsean do dhaoine óga. Ba léir an chomaoin a d’fhág a ceantar dúchais uirthi sa chanúint shaibhir Ghaelainne a bhreac sí ina saothar pinn. Thug sí léargas ar an tuiscint a bhí aici ar an oidhreacht Dhuibhneach sin in alt dar teideal ‘Baintear leas as fómhar na fairrge thart ar Corca Dhuibhne’ (Comhar, Aibreán 1954):

Daoine iad go bhfuil meas riamh acu ar léann. Nach anso timpeall is fearr a dhíol timire na Comhdhála leabhra Gaelainne agus é ar a shiúlta? Nach iomdha sin leabhar do fuineadh agus do fáisceadh as an ndúthaigh féin ó An tOileánach go dtí Art Ó Gríofa? Labhartar ann ar an bhfear fadó sa tseanashaol a dhíol bó chun leabhar a cheannach. Deirtear leis gur mó tigh sa cheantar go bhfuil seanaleabhra agus lámhscríbhinní go cúramach i dtaisce ann.

San am a scríobhadh an t-alt sin bhí sí ina rúnaí ar Choiste Bhaile Átha Cliath de Mhuintir na Gaeltachta agus is léir óna cuid tuairimí gur dhona léi drochbhail eacnamaíoch na Gaeltachta. Ba chúis mhór imní aici fosta an bhagairt a bhí ar Ghaeltacht Chorca Dhuibhne ó leathadh an Bhéarla, go háirithe i measc daoine a bhí ag filleadh ar a n-áit dúchais ó thíortha iasachta. Ní deontais a bhí de dhíth ar mhuintir Chorca Dhuibhne, dar léi, ach ‘cóir agus slí mhaireachtaint aige baile dá gclann…níl uathu a bheith mar chóilíneacht Inniach Dearg ina dtír féin – teastaíonn uathu bheith chomh maith leis an bhfear thall.’ Luaitear roinnt sonraí beathaisnéise roimh an alt:

An-shuim aici i gcúrsaí péintéireachta: d’fhreastail sí ar chúrsa sa Scoil Ealaíon. Bhuaigh sí duais san Oireachtas anuraidh [1953] le haghaidh scéil do pháistí, ‘Cois Coille is Cuain’. Craoladh dhá dhráma dá cuid. Le déanaí toghadh í mar rúnaí ar Choiste Átha Cliath de Mhuintir na Gaeltachta.

Tá a hainm luaite, in éineacht le hainm Dhonncha Uí Chéileachair mar údar ar dhá théacsleabhar scoile a d’fhoilsigh Folens in 1955 agus 1956 faoi seach, mar atá, Nua-chúrsa Fraincise Cuid 1 agus Cuid 2.

Léiríodh trí dhráma dá cuid ar Thelefís Éireann agus ocht ndráma ar Radio Éireann. Craoladh an scéal Méinín ar Raidió na Gaeltachta go seachtainiúil i rith 1972–1979. Scríobh sí ocht ndráma do chumainn amaitéaracha in Áras an Chomhlachais i gCamas, Conamara. Bhuaigh sí Duais Drámaíochta Irish Life in 1974. Bhuaigh sí duaiseanna Oireachtais do dhrámaí teilifíse, raidió, stáitse, d’úrscéal, do ghearrscéal agus leabhar do dhéagóirí. Bronnadh duaiseanna uirthi do ghearrscéalta in Comhar, An tUltach, agus Duais Sheachtain na Scríbhneoirí i Lios Tuathail.

Le cois a bheith ina drámadóir aitheanta, ba liosta le háireamh iad na leabhair phróis a scríobh sí, idir shaothar do dhaoine fásta agus shaothar do pháistí. Leabhair a scríobh sí do dhéagóirí is ea Triúr againn (1955); Cúrsaí Randolf (1957); Dúinne an samhradh (1957); Mé féin agus Síle (1978); Mise mé féin, (1987); Eoghan (1992); Rósanna sa gháirdín (1994); Máirtín (1995). Maidir le leabhair do dhaoine fásta, scríobh sí Cití (1975), dráma; Ospidéal (1980), úrscéal; Í siúd (1999), cnuasach gearrscéalta; Cnuasach trá (2000), filíocht; Píosa pósadh, prátaí rósta (2001), úrscéal; Marach an phóg san (2002), úrscéal; Ar nós na bhfáinleog (2004), úrscéal.

Ar mhéad a bróid agus a diongbháilteachta as canúint Chorca Dhuibhne, ní go réidh a ghéilleadh sí d’aon eagarthóireacht a dhéantaí ar a saothar agus é á ullmhú don chló. Thug Máire Mhac an tSaoi an-suntas don acmhainn teanga a bhí ag Ní Shúilleabháin ina léirmheas siúd ar Cnuasach trá (2000): ‘Siobhan’s Irish is not simplistic; it is rich, sometimes dialectal; almost – so personal is it – idiolectal’ (2000:93). Dar le Mhac an tSaoi go raibh Ní Shúilleabháin ina hoidhre ar thraidisiún bhanfhilí Ghaeltacht na Mumhan, Eibhlín Ní Mhurchú agus Cáit, Bean Shéamuis Feiritéir, go háirithe. Lena chois sin, d’aithin Mhac an tSaoi rithim agus éirim chaint Ghaeltacht Chiarraí, idir bhéim agus amas, ar liricí Ní Shúilleabháin agus b’eagal léi go n-imeodh an glór dúchasach sin in éag nuair a bheadh glúin Ní Shúilleabháin imithe ar shlí na fírinne.

Ba thréith aitheanta i saothar Ní Shúilleabháin í peirspictíocht na mban a bheith in uachtar, rud ar thug Mhac an tSaoi suntas dó ina léirmheas ar Cnuasach trá (2000). Ba é an dála céanna ag Mairéad Ní Chinnéide é a dúirt faoin chnuasach gearrscéalta, Í siúd (1999) go raibh ‘sárchumas ag an údar seo chun cur síos ealaíonta a dhéanamh ar chúrsaí ban ar bhealach nach dtiocfadh le fear a dhéanamh’ (1999:24). Tá an-mheas ar an úrscéal Aistriú (2004) a phléann cás daoine as Corca Dhuibhne a d’aistrigh go Baile Ghib sna 1930idí. Bhí an méid seo le rá ag Pól Ó Muirí faoi in The Irish Times: ‘Aistriú is a work of great compassion and poignancy and Ní Shúilleabháin tells the story fluently. Her use of dialogue is particularly impressive, giving the reader the immediate sense of what is said but, magically, also conveying a second meaning behind the spoken one. It is the sound of speech and the whisper of a sigh that adds so much to a wonderful novel.’

Fionntán de Brún

Leabhair

Ailt