HENRY, P.L. (1918–2011)

Is doiligh réim scolártha P.L. Henry a chur i mbeagán focal ar mhéid agus ar leithead a réimse saothair. Bhí sé ina Ollamh le Sean- agus Meán-Bhéarla i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh, ar feadh beagnach fiche bliain agus roimhe sin ina léitheoir leis an Léann Ceilteach in Ollscoil na Ríona, Béal Feirste. Dála an Ollaimh Heinrich Wagner, fuair Henry oiliúint in Ollscoil Zürich mar a raibh clú ar ranna na Foghraíochta agus na Gearmáinise de bharr a gceannródaíochta i ngort na canúineolaíochta go háirithe. Bhí sé pósta ar an scríbhneoir Siobhán Ní Shúilleabháin agus thóg siad a seisear clainne le Gaeilge.

I mBéal Átha Ragad, Co. Chill Chainnigh, a tháinig Patrick Leo Henry ar an saol in 1918. Ba iad Lawrence Henry, ball den R.I.C., agus Elizabeth Henry a thuismitheoirí agus bhí clann líonmhar orthu, ina measc siúd May Henry a scríobh cúpla úrscéal. Ba é a sheanchuimhne é, dar lena iníon Aideen, ‘asal a chomáint isteach go Sligeach is é timpeall cúig nó sé bliana d’aois.’ Is cosúil gur aistrigh an teaghlach ó Chill Chainnigh go Oakfield, Co. Ros Comáin, ach ba i Sligeach a fuair Leo Henry oideachas bunscoile agus meánscoile. Bhí sé ina lúthchleasaí cumasach – bhain sé bonn uile-Éireann faoi 16 sa léim fhada agus bhí sé ar fhoireann Bhaile Átha Cliath a bhain craobh na sinsear sa pheil in 1942.

Bhain sé B.A. agus Ard-Teastas san Oideachas amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, in 1943 agus chaith roinnt blianta ag teagasc bunscoile san ardchathair. Agus é i mbun taighde dochtúireachta ar Bhéarla na hÉireann in Ollscoil Zürich, rinne sé cúrsaí éagsúla san Ind-Eorpais. Lena chois sin, chaith sé seal in Ollscoil na hÍoslainne in Réicivíc, áit ar chrom sé ar staidéar na hÍoslainnise agus na Sean-Lochlainnise. Bronnnadh an chéim dochtúireachta air in 1950 agus bhí sé ina léachtóir le Béarla sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, idir 1953 agus 1959. Phós sé Siobhán Ní Shúilleabháin as Imileá, Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí, sa bhliain 1958. Go Béal Feirste leis in 1960 mar a raibh sé ina léitheoir i Roinn an Léinn Cheiltigh, Ollscoil na Ríona, nuair a tugadh ollúnacht sa Sean-Bhéarla agus sa Mheán-Bhéarla dó i gColáiste na hOllscoile, Gallimh, in 1966. B’ann a d’fhan sé go ndeachaigh sé ar pinsean i lár na 1980idí, cé nach raibh aon mhaolú ar a fhlosc oibre, rud is léir ó na leabhair agus ailt a d’fhoilsigh sé sna blianta ina dhiaidh sin.

As a thráchtas dochtúireachta a tháinig a leabhar An Anglo-Irish dialect of North Roscommon: phonology, accidence, syntax (1957), ar scríobh R.A. Breatnach faoi ina léirmheas siúd: ‘as a description of the pronunciation and grammar of living speech there is nothing quite like it in Irish or Anglo-Irish dialectology.’ An bhliain dár gcionn, d’fhoilsigh Henry ‘A linguistic survey of Ireland: preliminary report’ sa chéad eagrán de Lochlann: a Review of Celtic Studies (1958). In dhá alt a foilsíodh ar The Irish Times sa bhliain chéanna thug sé iarraidh a chuid taighde ar Bhéarla na hÉireann a chur i láthair léitheoirí an nuachtáin, agus ba léir ansin a dháimh leis an chaint bheo:

It is clear that certain views on language that we have inherited from the grammarians will have to be abandoned. In language it is usage that counts, and not origins; and even original “misappprehensions”, as Standard speakers may call them, may dissolve into patterns of power and beauty.

Ní i gcúrsaí canúna ná teanga amháin a luigh a spéis, áfach, agus is léir go raibh aird ar leith aige ar an luathfhilíocht, ábhar a ndearna sé scagadh air ina staidéar comparáideach The early English and Celtic lyric (1966). Ar chuireadh na Roinne Oideachais a scríobh Henry an leabhar ceannródaíoch Saoithiúlacht na Sean-Ghaeilge: bunú an traidisiúin (1978) mar a bhfuil léiriú ar shaintréithe agus ar bhunús na luathlitríochta. Mar a mhaígh Liam Mac Mathúna i léirmheas in Studia Hibernica 19 (1979), níor bheag an t-iontas an leabhar a bheith i nGaeilge as siocair an Béarla bheith ina lingua franca ag scoláirí na Sean-Ghaeilge. Lena chois sin, d’fháiltigh Mac Mathúna roimh an chur chuige forásach a chleacht údar Saoithiúlacht na Sean-Ghaeilge: ‘is amhlaidh a thuigeann Henry an gá atá le plé le cultúr na Sean-Ghaeilge mar chultúr ann féin agus ní mar mhúsaem a chaomhnaíonn iarsmaí de chultúr na hInd-Eorpaise.’ I léirmheas a foilsíodh in Comhar, thug Tomás Ó Cathasaigh suntas fosta do mhéid na samplaí den luathlitríocht a tugadh i saothar seo Henry: ‘B'fhiú an leabhar seo a cheannach ar a shon san amháin: níl aon díoghlaim le fáil (i dteanga ar bith) go bhfuil an oiread san den litríocht ársa le fáil ann.’ Le cois na leaganacha líonmhara a sholáthair sé den luathlitríocht, ní raibh moill air leaganacha Nua-Ghaeilge agus Béarla a chur ar fáil d’ábhar a chuimsigh gach ré a d’fhág fianaise againn de chumadóireacht na Gaeilge, mar shampla, Dánta ban: poems of Irish women, early and modern (1991). Tugann focail tosaigh a réamhrá siúd dúshlán na tuisceana coitinne:

The common assumption that in the early Irish heroic or warrior society men were automatically the dominant sex runs counter to a good deal of the evidence. For one thing, the love experience mirrored in early Irish literature reveals a characteristic pattern of courtship in which the woman plays the leading role.

San fheartlaoi a scríobh an tOllamh Séamus Mac Mathúna dó in Ulidia 3 (2013) tugtar aitheantas ar leith do Amra Cholum Chille (2006) mar shampla de ghrinneas scolártha Henry agus den bhua a bhí aige tabhairt faoi dhúshlán nár bheag. Is díol suntais an méid a dúirt Henry féin faoin dúshlán sin i réamhrá an leabhair:

Mheas scoláirí na sean-Ghaeilge [ar dtús] go mba é atá sa Ghaeilge ársa ná Sean-Ghaeilge ar strae agus go rachaidís féin amú sa tír aineoil sin. Ghabh eagla iad, mar is geis don ollamh bheith aineolach nó faoi dhearmad. Sin é faoi deara na mallghluaiseachta i dtaighde na Gaeilge ársa ar feadh i bhfad.

Le cois na leabhar a luadh thuas, scríobh sé Language, culture and the nation: the cultivation of Irish (1974) agus úrscéal staire faoi Sheán an Díomais (c.1530–67), Ulster is mine (2002). Fuair sé bás ar 23 Nollaig 2011.

Fionntán de Brún

Ailt

  • Mac Mathúna, S. (2013) ‘In Memoriam Professor Patrick Leo Henry’ in Mac Mathúna, S. & Toner, G. [eagí] Ulidia 3: proceedings of the Third International Conference on the Ulster Cycle of Tales, University of Ulster, Coleraine 22–25 June, 2009.

Léirmheasanna

  • Breatnach, R.A. (1960) ‘An Anglo-Irish dialect of North Roscommon: phonology, accidence, syntax by P. L. Henry’ University review 2 (2), 67–69.
  • Mac Mathúna, L. (1979) ‘Saoithiúlacht na Sean-Ghaeilge le P.L. Henry’ Studia Hibernica 19, 187–191.
  • Ó Cathasaigh, T. (1979) ‘Léirmheasanna: P.L. Henry – Saoithiúlacht na Sean-Ghaeilge’ Comhar 38 (8), 20.