Rinne Risteárd Ó Foghludha taighde ar bheatha an fhile seo le haghaidh Tadhg Gaedhlach: ath-eagar ar a Dhuanta Diadha agus ar a chuid Amhrán maille re mórán nuadh-eolais ar a bheatha, 1929. I Míntín Eoghain, baile fearainn i bparóiste Chill Íde agus láimh le Tuar na Fola, Co. Luimnigh, a rugadh é agus is ó Risteárd de Bhulbh (d’éag Bealtaine 1910), fear a bhí gaolmhar le Tadhg, a fuair Ó Foghludha an t-eolas sin. Toisc é a bheith ‘mísciamhach mímhaiseach’ a tugadh Tadhg Gaelach air, más fíor.

Ba dhóigh le Pádraig Ó Fiannachta go bhfuair sé oideachas cléiriciúil agus go raibh sé ag dul le sagartacht (Léas eile ar ár Litríocht, 1982). Ag pointe ama éigin roimh 1740 d’fhág sé Míntín Eoghain agus thaistil go paróiste Chill Bollán ar dtús agus ansin go dtí oirthear Chorcaí mar ar chaith sé 30 bliain; bíonn Carraig na bhFear, Cluain Molt, an Cóbh, Caisleán Ó Liatháin, Ráth Chormaic, Mainistir na Corann agus cathair Chorcaí féin á lua aige ina dhánta. Bhí aithne aige ar an Easpag Seán Ó Briain (d’éag 1769), a scríobh an foclóir Gaeilge a cuireadh i gcló i bPáras i 1768. Chaith Tadhg tamall i bparóiste Chluain Príost agus tuairimíonn Ó Foghludha gur ann a casadh Donncha Rua Mac Conmara air den chéad uair. I gceann dá dhánta, ‘Cé dealbh dubhach’, molann sé Domhnall Ó Faoláin ó Ardach, Co. Luimnigh, a shaor ón bpríosún i gCorcaigh é mar ar cuireadh é tar éis dó sláinte na Stíobhartach a ól. Bhí aithne aige ar Liam Inglis OSA, file, le linn dó a bheith cois Laoi.

Anuas go dtí tuairim 1767 bhí sé ag caitheamh a shaoil go haerach. Scríobh Tomás Ó Míocháin dán timpeall an ama sin: ‘Ar Thadhg Gaedhlach Ó Súilleabháin. Iar dtréigean baoise an tsaoil agus iar iompú go dea-bheathach ina oilithreach dó.’ Tuairim an ama chéanna a d’aistrigh sé go Dún Garbhán agus as sin amach is dánta cráifeacha amháin a chum sé. Ag obair sa pharóiste sin ag an am bhí an tAthair Piaras de Paor; seacht mbliana tar éis bhás an fhile mhol seisean, agus é anois ag obair i gCluain Meala, go gcuirfí dánta diaga Thaidhg i gcló. Nuair a bhí an file an-aosta d’aistrigh sé go cathair Phort Láirge agus d’éag sé ar 22 Aibreán 1795 agus é ag paidreoireacht sa phríomheaglais ann. Cuireadh é i mBaile Uí Fhlaithnín, leathshlí idir Coill Mhic Thomáisín agus Bun Machan. Deirtear gurbh é Donncha Rua a scríobh na ceithre líne dhéag Laidine a greanadh ar chloch na huaighe um Nollaig 1910.

Tomás Ó Gormáin a chéadchuir na dánta cráifeacha i gcló in 1802 (Timothy O’Sullivan’s Irish Pious Miscellany; to which is added A Poem on the Passion of Our Saviour, by the Rev. Dr Coyle, Roman Catholic Bishop of Raphoe. Clonmel, 1802) agus d’fhoilsítí go minic ina dhiaidh sin iad. Níor cuireadh na dánta eile leis i gcló gur chuir Pádraig Ó Duinnín eagar ar chuid díobh i 1903. Cuireann Ó Fiannachta síos ar dhánta a ndearna Ó Foghludha cinsireacht orthu agus tá ceann díobh, ‘Peadar na Péice’, i gcló aige. Foilsíodh An Cantaire Siúlach: Tadhg Gaelach, 2001 le Úna Nic Éinrí agus Tadhg Gaelach Ó Súilleabhain: file agus diagaire c.1715-1798, 2005 le Máire B. De Paor.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú